|
6.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 107/78 |
CINNEADH (AE) 2022/549 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Márta 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara cuid den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a mhéid a bhaineann le Cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (an “Coinbhinsiún”) i gcrích le Cinneadh (AE) 2017/939 (1) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2017. |
|
(2) |
De bhun Chinneadh MC-1/1 maidir le Rialacha Nós Imeachta, arna ghlacadh ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún (“COP”) ag an gcéad chruinniú a bhí aici, ba cheart do na Páirtithe sa Choinbhinsiún (“na Páirtithe”) gach iarracht a dhéanamh teacht, de chomhthoil, ar chomhaontú maidir le gach ábhar substainteach. |
|
(3) |
De bhun Airteagail 4(8) agus 5(10) den Choinbhinsiún, ba cheart do COP athbhreithniú a dhéanamh, faoin 16 Lúnasa 2022, ar Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, agus féadfaidh sé a mharana a dhéanamh ar na leasuithe atá molta ar na hIarscríbhinní sin, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh: na tograí a thíolaic na Páirtithe de bhun Airteagail 4(7) agus 5(9) den Choinbhinsiún, an fhaisnéis arna soláthar ag Rúnaíocht an Choinbhinsiúin de bhun Airteagail 4(4) agus 5(4) den Choinbhinsiún, agus an fháil atá ag na Páirtithe ar roghanna eile saor ó mhearcair atá ar fáil go teicniúil agus go heacnamaíoch, agus na rioscaí agus na tairbhí don chomhshaol agus do shláinte an duine á meas ag an am céanna. |
|
(4) |
An 30 Aibreáin 2021, thíolaic an tAontas togra do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú i gcomhréir le hAirteagail 4(7) agus 5(9) den Choinbhinsiún sin (2). Is é is aidhm do thogra an Aontais chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú raon feidhme an Choinbhinsiúin a leathnú chuig táirgí breise ar cuireadh mearcair leo agus lena ngabhann dátaí céimnithe amach gaolmhara nó bearta rialaithe mearcair gaolmhara. Is é is aidhm do thogra an Aontais chun Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú dáta céimnithe amach a thabhairt isteach le haghaidh táirgeadh polúireatáin ina n-úsáidtear catalaíoch ina bhfuil mearcair. |
|
(5) |
Thíolaic Réigiún na hAfraice, mar aon le Ceanada agus an Eilvéis go comhpháirteach, tograí chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú i gcomhréir le hAirteagal 4(7) den Choinbhinsiún. |
|
(6) |
Níor cheart do COP ach breithniú a dhéanamh, ag an dara cuid dá cheathrú cruinniú, ar na haighneachtaí maidir le leasuithe atá beartaithe ar Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún arna ndéanamh ag na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 4(7) agus 5(9) den Choinbhinsiún. |
|
(7) |
Ba cheart don Aontas tacú le leasuithe ar Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a mhéid a bheidís comhsheasmhach le haighneacht an Aontais nó le acquis an Aontais. |
|
(8) |
Ba cheart don Aontas tacú freisin le leasuithe ar Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún i dtaca le táirgí ar cuireadh mearcair leo sa mhéid go mbaineann siad le céimniú amach táirgí ar cuireadh mearcair leo nach rialaítear faoi dhlí an Aontais ná nach monaraítear san Aontas. Sa mhéid go dtagraítear dóibh san aighneacht ó Réigiún na hAfraice, ba cheart don Aontas tacú freisin le leasuithe ar Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a mhéid a chumhdaítear leo dlúthshoilse fluaraiseacha, lampaí fluaraiseacha líneacha fosfair trí bhanda, lampaí fluaraiseacha catóide fuaire agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí a úsáidtear i dtrealamh leictreach agus i dtrealamh leictreonach, ar diúltaíodh do na hiarratais ar athnuachan díolúintí maidir le húsáid mearcair ina leith, i gcomhréir le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(9) |
Ag an dara cuid den cheathrú cruinniú COP, a bheidh ar siúl ón 21 go dtí an 25 Márta 2022, déanfaidh na Páirtithe a marana maidir le Cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú. |
|
(10) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, ag an dara cuid den cheathrú cruinniú COP, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gCinneadh atá beartaithe, má ghlactar é, ó tharla go mbeidh ar na Páirtithe bearta a ghlacadh chun é a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach, nó ar an dá leibhéal, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, ag an dara cuid den cheathrú cruinniú COP sa Choinbhinsiún tacú le Cinneadh a ghlacadh lena leasaítear Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, ar cinneadh é:
|
— |
atá comhsheasmhach leis an togra ón Aontas a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht an Choinbhinsiúin an 30 Aibreán 2021 i gcomhréir le hAirteagal 4(7) agus Airteagal 5(9) den Choinbhinsiún; nó |
|
— |
atá comhsheasmhach le acquis an Aontais; nó |
|
— |
a bhaineann le céimniú amach táirgí ar cuireadh mearcair leo nach rialaítear faoi dhlí an Aontais ná nach monaraítear san Aontas; nó |
|
— |
a bhaineann leis na catagóirí de lampaí ina bhfuil mearcair dár thagair Réigiún na hAfraice san aighneacht uaidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4(7) den Choinbhinsiún, agus dár diúltaíodh dá iarratais ar athnuachan ar na díolúintí ar úsáid mearcair, i gcomhréir le Treoir 2011/65/AE. |
Airteagal 2
Féadfar mionchoigeartú ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chomhaontú, i bhfianaise forbairtí ag an dara cuid den cheathrú cruinniú COP, idir ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair, gan aon chinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Márta 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
B. POMPILI
(1) Cinneadh (AE) 2017/939 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 maidir le Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a thabhairt i gcrích (IO L 142, 2.6.2017, lch. 4).
(2) Cinneadh (AE) 2021/727 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tograí a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, a bhaineann le táirgí ar cuireadh mearcair leo agus próisis mhonaraithe ina n-úsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair, a leasú (IO L 155, 5.5.2021, lch. 23).
(3) Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88).