13.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 115/85


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/622 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Aibreán 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe don chomhoiriúnacht leictreamaighnéadach maidir le trealamh méadraithe leictreachais agus scoradáin chiorcaid d’úsáidí tí agus úsáidí comhchosúla

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), maidir le trealamh leictreach atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, nó codanna díobh, a bhfoilsítear na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, ceanglais a chumhdaítear faoi na caighdeáin sin nó faoi codanna díobh.

(2)

Trí Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 7641 (3), chuir an Coimisiún iarraidh isteach chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) agus chuig Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh na comhoiriúnachta leictreamaighnéadaí a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2014/30/AE.

(3)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 7641, rinne CEN agus Cenelec an caighdeán comhchuibhithe EN IEC 62053-24:2021 agus an leasú air, EN IEC 62053-24:2021/A11:2021, a dhréachtú maidir le méadair statacha le haghaidh fuinneamh freasaitheach comhpháirteanna bunúsacha (aicmí 0,5S, 1S, 1, 2 agus 3).

(4)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 7641, rinne CEN agus Cenelec na caighdeáin comhchuibhithe seo a leanas a athbhreithniú, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht ón gCoimisiún (IO C 173, 13.5.2016) (4): EN 62053-21:2003, EN 62053-22:2003, EN 62053-23:2003 agus EN 61009-1:2012.

(5)

Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas agus na leasuithe orthu, faoi seach: EN IEC 62053-21:2021 agus EN IEC 62053-21:2021/A11:2021 maidir le méadair statacha le haghaidh fuinneamh gníomhach AC (aicmí 0,5, 1 agus 2); EN IEC 62053-22:2021 agus EN IEC 62053-22:2021/A11:2021 maidir le méadair statacha le haghaidh fuinneamh gníomhach AC (aicmí 0,1S, 0,2S agus 0,5S); EN IEC 62053-23:2021 agus EN IEC 62053-23:2021/A11:2021 maidir le méadair statacha le haghaidh fuinneamh freasaitheach (aicmí 2 agus 3); EN 61009-1:2012 agus EN 61009-1:2012/A13:2021 maidir le scoradáin chiorcaid a oibríonn trí shruth iarmharach ag a bhfuil cosaint forshrutha chomhtháite d’úsáidí tí agus úsáidí comhchosúla.

(6)

Caighdeáin chomhchuibhithe EN IEC 62053-24:2021, arna leasú le EN IEC 62053-24:2021/A11:2021, EN IEC 62053-21:2021, arna leasú le EN IEC 62053-21:2021/A11:2021, EN IEC 62053-22:2021, arna leasú le EN IEC 62053-22:2021/A11:2021, EN IEC 62053-23:2021, arna leasú le EN IEC 62053-23:2021/A11:2021 agus EN 61009-1:2012, arna leasú le EN 61009-1:2012/A13:2021, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhar le CEN agus Cenelec, chun féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 7641.

(7)

Caighdeáin chomhchuibhithe EN IEC 62053-24:2021, arna leasú le EN IEC 62053-24:2021/A11:2021, EN IEC 62053-21:2021, arna leasú le EN IEC 62053-21:2021/A11:2021, EN IEC 62053-22:2021, arna leasú le EN IEC 62053-22:2021/A11:2021, EN IEC 62053-23:2021, arna leasú le EN IEC 62053-23:2021/A11:2021 agus EN 61009-1:2012, arna leasú le EN 61009-1:2012/A13:2021, comhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha a bhfuil sé d’aidhm acu a chumhdach agus a leagtar amach i dTreoir 2014/30/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin, mar aon leis na caighdeáin leasaitheacha ábhartha a bhaineann leo, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 ón gCoimisiún (5), liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar le fios go nglactar leis go bhfuil siad i gcomhréir le Treoir 2014/30/AE. Chun a áirithiú gur in aon ghníomh amháin a liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/30/AE, ba cheart na tagairtí sin, mar aon leis na tagairtí do na caighdeáin leasaitheacha ábhartha a bhaineann leo, a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(9)

Dá bhrí sin, na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas a foilsíodh i dTeachtaireacht (IO C 173, 13.5.2016), is gá iad a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh: EN 62053-21:2003, EN 62053-22:2003, EN 62053-23:2003 agus EN 61009-1:2012.

(10)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/30/AE, tagairtí a tarraingíodh siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí sin a chur leis an Iarscríbhinn sin.

(11)

Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí ullmhú do chur i bhfeidhm chaighdeáin chomhchuibhithe EN IEC 62053-21:2021, arna leasú le EN IEC 62053-21:2021/A11:2021, EN IEC 62053-22:2021, arna leasú le EN IEC 62053-22:2021/A11:2021, EN IEC 62053-23:2021, arna leasú le EN IEC 62053-23:2021/A11:2021, agus EN 61009-1:2012, arna leasú le EN 61009-1:2012/A13:2021, is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas a chur siar: EN 62053-21:2003, EN 62053-22:2003, EN 62053-23:2003 agus EN 61009-1:2012.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 a leasú dá réir.

(13)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréireacht ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 7641 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2016 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú a chur isteach chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil agus chuig Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe chun tacú le Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach.

(4)   Commission communication in the framework of the implementation of Directive 2014/30/EU of the European Parliament and of the Council on the harmonisation of the laws of the Member States relating to electromagnetic compatibility (Publication of titles and references of harmonised standards under Union harmonisation legislation) [Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (Foilsiú teideal caighdeán comhchuibhithe agus tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais)] (IO C 246, 13.7.2018, lch. 1).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 206, 6.8.2019, lch. 27).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“16.

EN IEC 62053-21:2021

Trealamh méadraithe leictreachais — Ceanglais shainiúla — Cuid 21: Méadair statacha le haghaidh fuinneamh gníomhach SA (aicmí 0,5, 1 agus 2)

EN IEC 62053-21:2021/A11:2021

17.

EN IEC 62053-22:2021

Trealamh méadraithe leictreachais — Ceanglais shainiúla — Cuid 22: Méadair statacha le haghaidh fuinneamh gníomhach SA (aicmí 0,1S, 0,2S agus 0,5S)

EN IEC 62053-22:2022/A11:2021

18.

EN IEC 62053-23:2021

Trealamh méadraithe leictreachais — Ceanglais shainiúla — Cuid 23: Méadair statacha le haghaidh fuinneamh freasaitheach (aicmí 2 agus 3)

EN IEC 62053-23:2022/A11:2021

19.

EN IEC 62053-24:2021

Trealamh méadraithe leictreachais — Ceanglais shainiúla — Cuid 24: Méadair statacha le haghaidh fuinneamh freasaitheach comhpháirteanna bunúsacha (aicmí 0,5S, 1S, 1, 2 agus 3)

EN IEC 62053-24:2022/A11:2021

20.

EN 61009-1:2012

Scoradáin chiorcaid a oibríonn trí shruth, lena ngabhann cosaint forshrutha chomhtháite, d’úsáidí tí agus úsáidí comhchosúla (RCBOnna) — Cuid 1: Rialacha ginearálta.

EN 61009-1:2012/A13:2021”.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

“14.

EN 62053-21:2003

Trealamh méadraithe leictreachais (s.a.) — Ceanglais shainiúla —

Cuid 21: Méadair statacha le haghaidh fuinneamh gníomhach (aicmí 1 agus 2)

13 Deireadh Fómhair 2023

15.

EN 62053-22:2003

Trealamh méadraithe leictreachais (s.a.) — Ceanglais shainiúla —

Cuid 22: Méadair statacha le haghaidh fuinneamh gníomhach (aicmí 0,2 S agus 0,5 S)

13 Deireadh Fómhair 2023

16.

EN 62053-23:2003

Trealamh méadraithe leictreachais (s.a.) — Ceanglais shainiúla —

Cuid 23: Méadair statacha le haghaidh fuinneamh freasaitheach (aicmí 2 agus 3)

13 Deireadh Fómhair 2023

17.

EN 61009-1:2012

Scoradáin chiorcaid a oibríonn trí shruth, lena ngabhann cosaint forshrutha chomhtháite, d’úsáidí tí agus úsáidí comhchosúla (RCBOnna) —

Cuid 1: Rialacha ginearálta.

13 Deireadh Fómhair 2023”.