|
25.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 146/132 |
MOLADH (AE) 2022/822 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Bealtaine 2022
maidir le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus maidir le Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta a éascú
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá fuinneamh in-athnuaite i gcroílár an aistrithe chuig fuinneamh glan, ar rud é atá riachtanach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, chun go mbeidh fuinneamh inacmhainne agus chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise agus allmhairí fuinnimh a laghdú. |
|
(2) |
Tá tairbhí éagsúla do shaoránaigh an Aontais ag baint le fuinneamh in-athnuaite: rannchuidítear leis na hiarrachtaí dul i ngleic leis an athrú aeráide, cuidítear lenár gcomhshaol a chosaint, cruthaítear fás agus poist, agus rannchuidítear le ceannaireacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch an Aontais agus le geilleagar an Aontais a dhéanamh níos athléimní. |
|
(3) |
Is í earnáil an fhuinnimh is cúis le breis agus 75 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána an Aontais. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach dlús a chur le táirgeadh fuinnimh trí shuiteálacha fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus a chur in úsáid, chun go mbeidh an tAontas in ann a sprioc 2030 maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach agus chun rannchuidiú le sprioc 2030 maidir le 55 % de laghduithe ar astaíochtaí GCT a bhaint amach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). |
|
(4) |
Tá sé ríthábhachtach an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite a mhéadú go pras chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb maidir le praghsanna arda fuinnimh. I bhfianaise na gcostas seasta laghdaithe agus na gcostas inathraitheach atá gar do nialas, ar costais iad a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite, léirítear go bhfuil na costais a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite níos cobhsaí agus níos ísle ná na costais a bhaineann le breoslaí iontaise. Trí dhlús a chur le húsáid athnuaiteán, ní bheidh an tAontas ag brath chomh mór sin ar bhreoslaí iontaise, ar breoslaí iad a allmhairítear go príomha. |
|
(5) |
Mar a aithnítear sa Teachtaireacht dar teideal ‘REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe’ (‘Teachtaireacht REPowerEU’) (2), tá sé ríthábhachtach dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus chun deireadh a chur de réir a chéile le tomhaltas gháis na Rúise. Tá bearta i bplean REPowerEU arb é is aidhm dóibh an méid sin a bhaint amach, agus tá bearta sa Seimeastar Eorpach ina leith sin freisin, lena ndéantar moltaí tír-shonracha maidir le ceadú atá saincheaptha d’imthosca na mBallstát aonair. |
|
(6) |
Le Teachtaireacht REPowerEU, tugadh isteach tionscnamh luasaire hidrigine freisin, ar rud é a rinne cuspóirí 2030 maidir le hidrigin in-athnuaite a mhéadú faoi dhó, chun spleáchas seachtrach an Aontais ar allmhairiú breosla iontaise a laghdú. Chun 10 Mt hidrigin in-athnuaite a tháirgeadh, beidh acmhainneacht bhreise fuinnimh in-athnuaite 80 GW ag teastáil ón Aontas faoi 2030. |
|
(7) |
I bprionsabal is gá údarú a fháil le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite chun go mbeidh siad in ann an ghníomhaíocht atá beartaithe dóibh a dhéanamh. Cuidíonn nósanna imeachta um dheonú ceadanna lena áirithiú go bhfuil na tionscadail sábháilte agus slán. Mar sin féin, i ngeall ar chastacht, éagsúlacht agus fad iomarcach na nósanna imeachta sin, is bacainn mhór iad ar úsáid phras riachtanach fuinnimh in-athnuaite agus ar chóras fuinnimh de chuid an Aontais atá níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe a bhaint amach. |
|
(8) |
Le moilleanna ar údaruithe tionscadal a phróiseáil, cuirtear baint amach tráthúil na spriocanna fuinnimh agus aeráide i mbaol agus méadaítear na costais a bhaineann leis na tionscadail is gá chun an méid sin a bhaint amach. D’fhéadfadh sé go suiteálfaí suiteálacha fuinnimh in-athnuaite nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna i ngeall ar mhoilleanna freisin. |
|
(9) |
Aithníodh na bacainní sin cheana féin i dTreoir 2001/77/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lenar ceanglaíodh ar na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar na nósanna imeachta um dheonú ceadanna chun na bacainní rialála agus neamhrialála ar tháirgeadh leictreachais in-athnuaite a laghdú. Le Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) tugadh isteach ceanglais chun na nósanna imeachta riaracháin le haghaidh forbróirí fuinnimh in-athnuaite a shimpliú. Le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) neartaítear na ceanglais sin. Is ábhar tosaíochta agus práinne é traschur iomlán agus pras na gceanglas sin ag na Ballstáit uile, rud a chuidíonn go mór le nósanna imeachta riaracháin a ghiorrú. |
|
(10) |
Tugann an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (6), lena gcuirtear saineolas teicniúil saincheaptha ar fáil chun athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear na hathchóirithe sin lena ndéantar an creat maidir le húdarú agus próisis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite a chuíchóiriú agus lena gcuirtear chun cinn úsáid comhaontuithe ceannaigh chorparáidigh cumhachta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite. Maidir leis an tacaíocht theicniúil, mar shampla, baineann sé leis an acmhainneacht riaracháin a neartú, na creataí reachtacha a chomhchuibhiú agus dea-chleachtais ábhartha a chomhroinnt. |
|
(11) |
Beidh feidhm ag sprioc-amanna an phróisis deonaithe ceadanna a bhunaítear i dTreoir (AE) 2018/2001 gan dochar d’oibleagáidí faoi dhlí comhshaoil is infheidhme an Aontais, d’achomhairc, leigheasanna agus imeachtaí eile breithiúnacha os comhair cúirte nó binse agus d’achomhairc agus leigheasanna neamhbhreithiúnacha agus do shásraí réitigh díospóide malartacha, lena n-áirítear nósanna imeachta gearáin, achomhairc agus leigheasanna neamhbhreithiúnacha, agus féadfar iad a shíneadh a fhad is a bheidh na nósanna imeachta sin ar siúl. |
|
(12) |
I roinnt mhaith Ballstát is bacainn eile ar chur chun feidhme na dtionscadal fuinnimh in-athnuaite é an easpa glactha ag an bpobal leo. Chun aghaidh a thabhairt ar an méid sin, ba cheart riachtanais agus dearcthaí na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara sochaíocha a chur san áireamh ag gach céim d’fhorbairt na dtionscadal fuinnimh in-athnuaite – ó fhorbairt beartas go pleanáil spásúlachta agus forbairt tionscadal – agus ba cheart dea-chleachtais a spreagadh maidir le dáileadh cothrom thionchair na suiteálacha i measc an phobail áitiúil a áirithiú. |
|
(13) |
Bhain formhór na mbacainní le deonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in- athnuaite agus sainaithníodh an bonneagar eangaí a bhaineann leo, mar aon le dea-chleachtais chun na bacainní sin a shárú ar leibhéal na mBallstát. |
|
(14) |
D’éirigh na bacainní riaracháin níos ábhartha i ngeall ar na feabhsuithe maidir le bacainní eile, amhail costais teicneolaíochta, a bhfuil laghdú mór tagtha orthu le 10 mbliana anuas, nó saincheisteanna a bhaineann le maoiniú, rud a mhaolaítear leis na laghduithe costas agus leis an méadú atá tagtha ar an líon comhaontuithe ceannaigh chorparáidigh cumhachta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite. |
|
(15) |
Leis an Moladh seo tugtar aghaidh ar na hábhair imní sin, agus iarrtar leis go dtiocfar ar réitigh laistigh den chreat dlíthiúil atá ann cheana. Tá an Moladh seo gan dochar do dhlí an Aontais, go háirithe i réimse an fhuinnimh agus an chomhshaoil agus do na hoibleagáidí a eascraíonn as sin. Tá sé gan dochar freisin do rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht, go háirithe Airteagail 101, 102 agus 106 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus do chleachtas cinnteoireachta an Choimisiúin i bhforfheidhmiú rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht. |
|
(16) |
In éineacht leis an Moladh seo glacadh togra reachtach chun forálacha Threoir (AE) 2018/2001 a bhaineann le nósanna imeachta riaracháin a leasú agus a neartú. Ós rud é go bhfuil sé práinneach dlús a chur le húsáid tionscnamh fuinnimh in-athnuaite, ba cheart do na Ballstáit tús a chur le limistéir oiriúnacha talún agus farraige a shainaithint agus pleananna a ullmhú le haghaidh limistéir atá an-oiriúnach (‘sprioclimistéir athnuaiteán’), a luaithe agus is féidir, i gcomhréir le hAirteagal 15b den togra i dtaca le leasú ar Threoir (AE) 2018/2001 maidir le ceadú. |
|
(17) |
Is príomhuirlis é an Phleanáil Spásúil Mhuirí chun limistéir a úsáidfear amach anseo chun fuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid a shainaithint mar aon le húsáidí iomadúla a éascú maidir leis an spás muirí, lena n-áirítear caomhnú agus cosaint an chomhshaoil mhuirí. Leis an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí (7), ceanglaítear ar na Ballstáit a gcuid pleananna náisiúnta spásúla muirí a ghlacadh faoin 31 Márta 2021. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit nach bhfuil Treoir MSP curtha chun feidhme ina hiomláine acu go fóill a bplean náisiúnta (8) a bhunú agus a ghlacadh. |
|
(18) |
D’fhéadfadh sé go ndéanfadh bacainní a eascraíonn as nósanna imeachta um cheadanna difear don úsáid a bhainfear as teicneolaíochtaí nuálacha dícharbónaithe amach anseo, ar teicneolaíochtaí iad a bhfuil gá leo maidir le haeráidneodracht. Maidir le boscaí gainimh rialála a bhunú, is é sin an tástáil, i dtimpeallacht fíorshaoil, ar theicneolaíochtaí, táirgí, seirbhísí nó cuir chuige nuálacha, nach bhfuil i gcomhréir go hiomlán leis an gcreat dlíthiúil agus rialála atá ann cheana, d’fhéadfadh an méid sin tacú leis an nuálaíocht agus oiriúnú na timpeallachta rialála ina dhiaidh sin le freastal ar na teicneolaíochtaí, táirgí, seirbhísí nó cuir chuige sin a éascú. |
|
(19) |
Trí thionscadail fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt a mhaoineofar go hiomlán nó i bpáirt le comhaontuithe ceannaigh chorparáidigh, cuideofar le dlús a chur le glacadh an fhuinnimh in-athnuaite. Le comhaontuithe ceannaigh chorparáidigh cuirtear tairbhí díreacha ar fáil do na tomhaltóirí deiridh, lena n-áirítear trí phraghas fuinnimh atá iomaíoch agus intuartha a sholáthar agus trí rannchuidiú le clár oibre na gcuideachtaí san Aontas maidir le freagracht shóisialta chorparáideach. |
|
(20) |
D’ainneoin go bhfuil méadú tagtha ar chomhaontuithe ceannaigh chorparáidigh bliain ar bhliain le 5 bliana anuas, níl i gcéatadán na dtionscadal fuinnimh in-athnuaite a mhaoinítear go díreach ag ceannaitheoirí corparáideacha ach 15-20 % den mhargadh bliantúil. Tá glacadh na gcomhaontuithe ceannaigh chorparáidigh teoranta go príomha do Bhallstáit áirithe, do leictreachas mar iompróir fuinnimh, agus do chuideachtaí móra ilnáisiúnta atá dírithe ar thomhaltóirí. |
|
(21) |
In éineacht leis an Moladh seo, tá an Coimisiún ag cur tacair sonraí atá comhdhlúite go digiteach ar fáil maidir le réimse leathan gnéithe ábhartha fuinnimh agus comhshaoil tríd an tSaotharlann Tíreolaíochta Fuinnimh agus Tionscail (9) (EIGL), chun cuidiú leis na Ballstáit ‘sprioclimistéir’ athnuaiteán a shainaithint chun tionscadail nua fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid go pras. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún forbairt bhreise a dhéanamh ar an uirlis mhapála sin trí thacair sonraí agus naisc bhreise a ionchorprú le huirlisí digiteacha pleanála spásúlachta na mBallstát. |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
SAINMHÍNIÚ
|
1. |
Chun críocha an Mholta seo agus na treorach a ghabhann leis, glactar leis go gcuimseofar leis na tionscadail fuinnimh in-athnuaite gléasraí táirgthe chun fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint mar a shainmhínítear sa Treoir maidir le Fuinneamh in-athnuaite (lena n-áirítear i bhfoirm hidrigin in-athnuaite), mar aon leis na sócmhainní is gá maidir lena nasctha leis an eangach agus maidir le stóráil an fhuinnimh a thairgtear. |
NÓSANNA IMEACHTA ATÁ NÍOS TAPÚLA AGUS NÍOS GIORRA
|
2. |
I gcás pleanáil, tógáil agus oibriú gléasraí chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite, i gcás nascadh na ngléasraí leis an eangach leictreachais, ghás agus teasa agus an eangach ghaolmhar féin agus sócmhainní stórála, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go meastar go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint leo agus gur chun leas na sábháilteachta poiblí atá siad agus go bhfuil siad incháilithe le haghaidh an nós imeachta is fabhraí atá ar fáil dá nósanna imeachta pleanála agus nósanna imeachta um dheonú ceadanna, i bhfianaise an togra reachtaigh lena leasaítear agus lena neartaítear forálacha Threoir (AE) 2018/2001 a bhaineann le nósanna imeachta riaracháin agus gan dochar do dhlí an Aontais. |
|
3. |
Ba cheart do na Ballstáit sprioc-amanna atá sainithe go soiléir, a bhfuil dlús leo agus atá chomh gearr agus is féidir a bhunú le haghaidh na gcéimeanna uile is gá maidir le ceadanna a dheonú chun tionscadail fuinnimh in-athnuaite a thógáil agus a oibriú, agus ba cheart dóibh na cásanna inar féidir síneadh a chur leis na sprioc-amanna sin agus na coinníollacha a bhaineann leis sin a shonrú. Ba cheart do na Ballstáit sprioc-amanna ceangailteacha a bhunú maidir le gach céim ábhartha den nós imeachta um mheasúnú tionchair ar an gcomhshaol. Ba cheart fad na nósanna imeachta um dheonú ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil i struchtúir shaorga a theorannú d’uasmhéid 3 mhí. |
|
4. |
Ba cheart do na Ballstáit tráthchláir a bhunú agus rialacha sonracha nós imeachta a leagan síos d’fhonn éifeachtúlacht na n-imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le rochtain ar cheartas do thionscadail fuinnimh in-athnuaite a áirithiú. |
|
5. |
Ba cheart do na Ballstáit próiseas aonair aontaithe iarratais a chruthú le haghaidh an phróisis iomláin riaracháin maidir le hiarratas a dhéanamh ar chead agus cead a dheonú. Ba cheart tosaíocht a thabhairt d’iarratais chomhuaineacha thar iarratais sheicheamhacha má tá gá le húdaruithe éagsúla, lena n-áirítear le haghaidh tionscadail ghaolmhara eangaí. |
|
6. |
Ba cheart do na Ballstáit a cheadú d’iarratasóirí sonraíochtaí teicneolaíochta a dtionscadal a thabhairt cothrom le dáta san am idir an t-iarratas ar chead a dhéanamh agus na tionscadail a thógáil chun glacadh teicneolaíochtaí nuálacha a éascú. |
|
7. |
Agus na moltaí sin á gcur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i gCaibidil I, Roinn 2 den treoir atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo. |
RANNPHÁIRTÍOCHT NA SAORÁNACH AGUS AN PHOBAIL A ÉASCÚ
|
8. |
Ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht na saoránach a spreagadh, lena n-áirítear ó theaghlaigh atá ar ioncam íseal agus ar mheánioncam, mar aon le rannpháirtíocht na bpobal fuinnimh i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite, agus ba cheart dóibh bearta a dhéanamh chun cur ar aghaidh thairbhí an aistrithe fuinnimh chuig na pobail áitiúla a spreagadh, agus ar an gcaoi sin glacadh agus rannpháirtíocht an phobail a fheabhsú. |
|
9. |
Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta simplithe um dheonú ceadanna le haghaidh pobail fuinnimh in-athnuaite a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le nascadh gléasraí faoi úinéireacht an phobail leis an eangach agus ba cheart dóibh nósanna imeachta agus ceanglais maidir le ceadúnú táirgthe a laghdú a mhéid is féidir, lena n-áirítear le haghaidh táirgeoirí is tomhaltóirí athnuaiteán. |
|
10. |
Agus na moltaí sin á gcur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i gCaibidil I, Roinn 5(c) agus Roinn 6(a) den treoir atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo. |
FEABHAS A CHUR AR AN gCOMHORDÚ INMHEÁNACH
|
11. |
Ba cheart do na Ballstáit cuíchóiriú agus comhordú éifeachtach a áirithiú idir na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus chathracha maidir le róil agus freagrachtaí na n-údarás inniúil, mar aon leis an reachtaíocht, na rialacháin agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a údarú. |
|
12. |
Ba cheart do na Ballstáit ionad ilfhreastail a dhearadh maidir le ceadanna a dheonú le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite a cheanglaítear le Treoir (AE) 2018/2001 sa chaoi is go ndéanfar líon na n-údarás lena mbaineann a theorannú don mhéid is gá agus go ndéanfar an éifeachtúlacht a uasmhéadú, agus acmhainní poiblí agus na tairbhí a bhaineann le saineolas teicneolaíoch, comhshaoil agus dlíthiúil a chruinniú á gcur san áireamh. |
|
13. |
Ba cheart do na Ballstáit rialacha a thabhairt isteach sa chaoi go mbeidh glacadh iarrata áirithe ag céim ábhartha den nós imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail in-athnuaite mar thoradh ar easpa freagra ón údarás inniúil nó ó na húdaráis inniúla, laistigh de na sprioc-amanna a leagadh amach (dá ngairtear ‘nós imeachta dearfach an tosta’), seachas i gcás ina gceanglaíonn an tAontas orthu freagra a thabhairt nó ina gceanglaítear an méid sin leis an reachtaíocht náisiúnta. |
|
14. |
Agus na moltaí sin á gcur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i gCaibidil I, Roinn 3 den treoir atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo. |
NÓSANNA IMEACHTA SOILÉIRE AGUS DIGITEACHA
|
15. |
Ba cheart do na Ballstáit faisnéis shoiléir iomlán thrédhearcach maidir leis na ceanglais agus na céimeanna nós imeachta uile a chur in iúl do na hiarratasóirí, lena n-áirítear nósanna imeachta gearáin, ag tús an nós imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite. |
|
16. |
Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta lándigiteacha um dheonú ceadanna agus cumarsáid leictreonach a thabhairt isteach in ionad úsáid páipéir. Ba cheart faisnéis ábhartha a chur ar fáil go lárnach d’fhorbróirí tionscadal mar chuid de lámhleabhar nósanna imeachta ar líne, lena n-áirítear teimpléid le haghaidh iarratas, staidéir chomhshaoil agus sonraí, mar aon le faisnéis maidir le roghanna le haghaidh rannpháirtíocht phoiblí agus muirir riaracháin. |
|
17. |
Agus na moltaí sin á gcur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i gCaibidil I, Roinn 3 den treoir atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo. |
ACMHAINNÍ DAONNA AGUS SCILEANNA LEORDHÓTHANACHA
|
18. |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach pearsanra mhaith acu, a bhfuil na scileanna agus cáilíochtaí ábhartha acu, le haghaidh a gcomhlachtaí deonaithe ceadanna agus a n-údarás measúnuithe chomhshaoil. |
|
19. |
Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na deiseanna cistiúcháin de chuid an Aontais agus náisiúnta atá ar fáil don uasoiliúint agus don athoiliúint, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, agus ba cheart dóibh machnamh a dhéanamh ar Chomhghuaillíocht a bhunú le haghaidh an chomhair earnálaigh maidir le scileanna chun an bhearna scileanna atá ag baill foirne a bhíonn ag obair ar nósanna imeachta um dheonú ceadanna agus ar mheasúnuithe comhshaoil a líonadh. |
|
20. |
Agus na moltaí sin á gcur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i gCaibidil I, Roinn 4 den treoir atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo. |
SUÍOMHANNA NA dTIONSCADAL A SHAINAITHINT AGUS A PHLEANÁIL AR BHEALACH NÍOS FEARR
|
21. |
Ba cheart do na Ballstáit limistéir oiriúnacha talún agus farraige le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite a shainaithint go pras, i gcomhréir lena bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus lena rannchuidiú le sprioc athbhreithnithe 2030 maidir le fuinneamh in-athnuaite. Mar chuid den phróiseas mapála sin, ba cheart limistéir theoranta atá sainithe go soiléir a ainmniú mar limistéir atá an-oiriúnach le haghaidh forbairt fuinnimh in-athnuaite (sprioclimistéir athnuaiteán), agus an tráth céanna limistéir atá luachmhar ó thaobh an chomhshaoil de a sheachaint a mhéid is féidir agus tosaíocht a thabhairt inter alia do thalamh díghrádaithe nach féidir a úsáid don talmhaíocht. Chun na gcríoch sin, spreagtar na Ballstáit chun úsáid a bhaint as na tacair sonraí nuashonraithe atá le fáil sa tSaotharlann Tíreolaíochta Fuinnimh agus Tionscail (10) (‘EIGL’). |
|
22. |
Ba cheart do na Ballstáit ‘limistéir eisiata’, ar limistéir iad nach féidir fuinneamh in-athnuaite a fhorbairt iontu, a theorannú don íosmhéid is gá. Ba cheart dóibh faisnéis shoiléir thrédhearcach a sholáthar mar aon le bunús réasúnaithe maidir le srianta a bhaineann le gaireacht go tithíocht agus go limistéir mhíleata agus limistéir eitlíochta sibhialta. Ba cheart na srianta sin a bhunú ar fhianaise agus a dhearadh ar bhealach lena gcomhlíontar an cuspóir atá beartaithe dóibh agus an tráth céanna an infhaighteacht spáis maidir le forbairt tionscadal a uasmhéadú, mar aon le srianta maidir le pleanáil spásúlachta a chur san áireamh. |
|
23. |
Ba cheart do na Ballstáit na ceanglais maidir le measúnú tionchair ar an gcomhshaol a chuíchóiriú a mhéid is féidir ó thaobh an dlí de, agus treoir theicniúil atá ar fáil maidir le húsáid fuinnimh in-athnuaite a réiteach le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a chur i bhfeidhm, agus an measúnú tionchair ar an gcomhshaol a chomhtháthú le measúnuithe comhshaoil infheidhme eile i nós imeachta comhpháirteach. Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as scóipiú (11) ar bhealach córasach nó é a dhéanamh sainordaitheach chun feabhas a chur ar cháilíocht an phróisis measúnaithe tionchair ar an gcomhshaol. |
|
24. |
Maidir le corraí agus marú eiseamal aonair d’éin fhiáine agus speiceas faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE (12) ón gComhairle, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bac é an méid sin ar fhorbairt tionscadal fuinnimh in-athnuaite, trína gceangal ar na tionscadail sin, de réir mar is iomchuí, bearta maolaithe a chomhtháthú chun marú agus corraí a chosc go héifeachtach a mhéid is féidir, trí fhaireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart sin agus, i bhfianaise na faisnéise arna fáil ón bhfaireachán, bearta breise a dhéanamh de réir mar is gá chun a áirithiú nach mbeidh aon tionchar mór diúltach ann do dhaonra na speiceas lena mbaineann. Má dhéantar an méid sin, níor cheart a mheas go ndearnadh d’aon ghnó marú nó corraí teagmhasach na n-eiseamal aonair agus dá bhrí sin, níor cheart don mharú nó corraí sin teacht faoi Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE ná faoi Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). |
|
25. |
Ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht luath an phobail a spreagadh chun pleananna spásúlachta a shainiú, úsáidí iomadúla láithreán a chur chun cinn agus trédhearcacht a áirithiú maidir leis an áit agus maidir leis an gcaoi a d’fhéadfaí tionscadail fuinnimh in-athnuaite a thógáil nó a shuiteáil, lena n-áirítear suiteálacha ar mionscála ar an leibhéal cathrach. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le pleanáil chomhordaithe a dhéanamh ar gach leibhéal maidir leis na heangacha agus na hacmhainneachtaí i ndáil le giniúint fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear i gcomhthéacs an chomhair réigiúnaigh. |
|
26. |
Agus na moltaí sin á gcur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i gCaibidil I, Roinn 5 den treoir atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo. |
NASCADH LEIS AN EANGACH AR BHEALACH NÍOS SIMPLÍ
|
27. |
Ba cheart do na Ballstáit pleanáil agus infheistíocht fhadtéarmach maidir leis an eangach a chur chun feidhme atá i gcomhréir leis an leathnú atá beartaithe ar acmhainneachtaí táirgthe fuinnimh in-athnuaite, agus an t-éileamh a bheidh ann amach anseo agus an cuspóir maidir le haeráidneodracht á gcur san áireamh. |
|
28. |
Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta simplithe a bhunú chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana a athchumhachtú, lena n-áirítear nósanna imeachta cuíchóirithe um mheasúnuithe comhshaoil, agus ba cheart dóibh nós imeachta simplí um fhógairt a ghlacadh maidir lena naisc leis an eangach i gcás nach bhfuil coinne le haon tionchar mór diúltach comhshaoil nó sóisialta. |
|
29. |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na hoibreoirí córas an méid seo a leanas (i) nós imeachta trédhearcach agus digiteach a chur i bhfeidhm maidir le hiarratais ar nascadh leis an eangach; (ii) faisnéis a sholáthar maidir le hacmhainneachtaí na n-eangach; agus (iii) úsáid acmhainneacht na n-eangach a bharrfheabhsú trína gceadú do ghléasraí cumhachta a úsáideann meascán de theicneolaíochtaí comhlántacha éagsúla úsáid a bhaint as an eangach. |
|
30. |
Ba cheart do na Ballstáit deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar maidir leis na píblínte gáis nádúrtha a athúsáid le haghaidh hidrigine trína gcur in iúl go soiléir cé na húdaruithe a mbeidh gá leo agus trí mharthanú na n-údaruithe atá acu cheana a cheadú. |
|
31. |
Agus na moltaí sin á gcur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i gCaibidil I, Roinn 6 den treoir atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo. |
TIONSCADAIL NUÁLACHA
|
32. |
Spreagtar na Ballstáit chun boscaí gainimh rialála a chur i bhfeidhm chun díolúintí spriocdhírithe a dheonú ón gcreat reachtach nó rialála náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil le haghaidh teicneolaíochtaí, táirgí, seirbhísí nó cuir chuige nuálacha, chun deonú ceadanna a éascú chun tacú le cur in úsáid agus comhtháthú córas fuinnimh in-athnuaite, stóráil, agus teicneolaíochtaí eile dícharbónaithe, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais. |
COMHAONTUITHE CEANNAIGH CUMHACHTA A ÉASCÚ
|
33. |
Ba cheart do na Ballstáit deireadh a chur go pras le haon bhacainn riaracháin nó mhargaidh gan údar ar chomhaontuithe ceannaigh chorparáidigh maidir le fuinneamh in-athnuaite, go háirithe chun dlús a chur le glacadh na gcomhaontuithe ceannaigh chorparáidigh maidir le fuinneamh in-athnuaite ag fiontair bheaga agus mheánmhéide. |
|
34. |
Ba cheart do na Ballstáit scéimeanna tacaíochta a dhearadh, a sceidealú agus a chur chun feidhme – mar aon le ráthaíochtaí tionscnaimh – ar bhealach go mbeidh siad comhoiriúnach agus comhlántach le comhaontuithe ceannaigh chorparáidigh maidir le fuinneamh in-athnuaite agus go ndéanfaidh siad na comhaontuithe sin a chumasú. |
|
35. |
Agus na moltaí sin á gcur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i gCaibidil II den treoir atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo. |
FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS ATHBHREITHNIÚ
|
36. |
Ba cheart do na Ballstáit pointe teagmhála a bhunú a mbeidh sé de chúram air faireachán tráthrialta a dhéanamh ar na príomhbhaic sa phróiseas deonaithe ceadanna agus aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a bhíonn ag forbróirí tionscadal fuinnimh in-athnuaite. |
|
37. |
Maidir leis an bhfaisnéis mhionsonraithe ar chur chun feidhme an Mholta seo, ba cheart do na Ballstáit í a chur in iúl don Choimisiún, gach 2 bhliain ó mhí an Mhárta 2023 ar aghaidh, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn atá le cur isteach de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle (14). |
|
38. |
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Mholta seo 2 bhliain tar éis a ghlactha agus déanfaidh sé measúnú ar cé acu is gá le bearta breise nó nach gá, agus faisnéis a chuirfidh na Ballstáit isteach á cur san áireamh. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Kadri SIMSON
Comhalta den Choimisiún
(1) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘an Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(2) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe, COM(2022)108 final.
(3) Treoir 2001/77/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 maidir le leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn sa mhargadh inmheánach leictreachais (IO L 283, 27.10.2001, lch. 33).
(4) Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 2001/77/CE agus 2003/30/CE (IO L 140, 5.6.2009, lch. 16).
(5) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(6) Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).
(7) Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat don phleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lgh. 135).
(8) Cf. Tuarascáil ón gCoimisiún ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Threoir MSP, COM(2022)185 an 3 Bealtaine 2022.
(9) https://energy-industry-geolab.jrc.ec.europa.eu/
(10) https://ec.europa.eu/energy-industry-geography-lab
(11) Ciallaíonn scóipiú tuairim a thabhairt maidir le raon feidhme agus leibhéal sonraí na faisnéise comhshaoil a bheidh le cur isteach i bhfoirm tuarascáil mheasúnaithe tionchair ar an gcomhshaol.
(12) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(13) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(14) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).