European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/845

6.5.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/845 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Bealtaine 2025

lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach iarann eiliminteach mar shubstaint ghníomhach ísealriosca i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Meitheamh 2018, fuair an Ostair, mar Bhallstát is rapóirtéir, iarratas de bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó ADAMA Agriculture B.V. ar fhormheas na substainte gníomhaí iarann eiliminteach.

(2)

An 9 Lúnasa 2018, i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, thug an Ballstát is rapóirtéir fógra don iarratasóir, do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) faoi inghlacthacht an iarratais.

(3)

An 2 Iúil 2021, chuir an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú faoi bhráid an Choimisiúin agus cóip di faoi bhráid an Údaráis, le féachaint an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh iarann eiliminteach na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(4)

An dréacht-tuarascáil maidir le measúnú a fuarthas ón mBallstát is rapóirtéir, rinne an tÚdarás í a scaipeadh ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit eile, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 12(3) den Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’iarr an tÚdarás ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar do na Ballstáit, don Choimisiún agus don Údarás. An measúnú ar an bhfaisnéis bhreise a rinne an Ballstát is rapóirtéir, cuireadh faoi bhráid an Údaráis é an 25 Aibreán 2022 i bhfoirm dréacht-tuarascála maidir le measúnú nuashonraithe.

(6)

An chonclúid i dtaobh an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh (2) an tsubstaint ghníomhach iarann eiliminteach na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, chuir an tÚdarás í in iúl don iarratasóir, do na Ballstáit agus don Choimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2024. Chuir an tÚdarás a chonclúid ar fáil don phobal.

(7)

An 4 Nollaig 2024, chuir an Coimisiún tuarascáil maidir le hathbhreithniú maidir le hiarann eiliminteach faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, agus chuir sé dréacht-rialachán faoina bhráid an 11 Márta 2025.

(8)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha féin a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis agus, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i leith na tuarascála maidir le hathbhreithniú. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(9)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach, agus go háirithe na húsáidí a scrúdaíodh agus a mionsonraíodh sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú, suíodh go gcomhlíontar na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(10)

Thairis sin, measann an Coimisiún gur substaint ghníomhach ísealriosca atá in iarann eiliminteach de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Ní substaint ar ábhar imní é iarann eiliminteach agus comhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(11)

Dá bhrí sin, is iomchuí iarann eiliminteach a fhormheas mar shubstaint ghníomhach íseal-riosca.

(12)

I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i gcomhar le hAirteagal 22(2) de, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3) a leasú dá réir.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí

Déantar an tsubstaint ghníomhach iarann eiliminteach, a shonraítear in Iarscríbhinn I, a fhormheas faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Bealtaine 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach iarann eiliminteach, Iris EFSA 2024; 22: e9056, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9056.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Iarann eiliminteach

Uimh. CAS: 7439-89-6

Uimh. CIPAC: -

Iarann

≥ 989 g/kg d’iarann iomlán

Is ábhar imní ó thaobh na tocsaineolaíochta iad na heisíontais seo a leanas agus ní rachaidh siad thar an méid seo a leanas san ábhar teicniúil ann:

Arsanaic: Uasmhéid 0,003 g/kg

Mearcair: Uasmhéid 0,001 g/kg

Luaidhe: Uasmhéid 0,01 g/kg

26.5.2025

26.5.2040

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála maidir le hathbhreithniú ar iarann eiliminteach, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.


(1)  Sa tuarascáil athbhreithniúcháin soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


IARSCRÍBHINN II

I gCuid D den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Uimhir

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

‘52

Iarann eiliminteach

Uimh. CAS: 7439-89-6

Uimh. CIPAC: -

Iarann

≥ 989 g/kg d’iarann iomlán

Is ábhar imní ó thaobh na tocsaineolaíochta iad na heisíontais seo a leanas agus ní rachaidh siad thar an méid seo a leanas san ábhar teicniúil ann:

Arsanaic: Uasmhéid 0,003 g/kg

Mearcair: Uasmhéid 0,001 g/kg

Luaidhe: Uasmhéid 0,01 g/kg

26.5.2025

26.5.2040

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin ar an iarann eiliminteach, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.


(1)  Sa tuarascáil athbhreithniúcháin soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/845/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)