29.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 108/1


CINNEADH (AE) 2021/536 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Márta 2021

lena leasaítear Cinneadh 2008/971/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis ábhair atáirgthe foraoise a tháirgtear sa Ríocht Aontaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá feidhm ag Treoir 1999/105/CE ón gComhairle (3) maidir le margú ábhair atáirgthe foraoise laistigh den Aontas. Baineann an Treoir sin le hábhar atáirgthe na speiceas crann agus na hibridí saorga de a bhfuil tábhacht ag baint leo chun críoch foraoiseachta ar fud an Aontais nó i gcuid de.

(2)

Le Cinneadh 2008/971/CE ón gComhairle (4), bunaítear rialacha maidir le coibhéis ábhair atáirgthe foraoise a tháirgtear i dtríú tíortha.

(3)

Tá Treoir 1999/105/CE, mar aon leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun na Treorach sin, trasuite agus curtha chun feidhme go héifeachtach ag an Ríocht Aontaithe.

(4)

Bhí feidhm ag dlí an Aontais, lena n-áirítear Treoir 1999/105/CE agus Cinneadh 2008/971/CE, maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i rith na hidirthréimhse ar tháinig deireadh léi an 31 Nollaig 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (5) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus go háirithe le hAirteagal 126 agus le hAirteagal 127(1) de.

(5)

I bhfianaise dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, chuir an Ríocht Aontaithe iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin aitheantas a thabhairt, ón 1 Eanáir 2021, go bhfuil an t-ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear sa tír sin coibhéiseach le hábhar den sórt sin a tháirgtear san Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

(6)

Chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas nach n-athrófar a reachtaíocht lena ndearnadh Treoir 1999/105/CE a thrasuí agus go leanfadh sí d’fheidhm a bheith aici ón 1 Eanáir 2021.

(7)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar reachtaíocht ábhartha na Ríochta Aontaithe. Chinn sé go bhfuil ábhar atáirgthe foraoise, agus go háirithe ábhar den sórt sin laistigh de na catagóirí “sainaitheanta de réir foinse”, “roghnaithe” agus “cáilithe”, a tháirgtear sa Ríocht Aontaithe coibhéiseach le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear san Aontas agus go gcomhlíontar leis Treoir 1999/105/CE agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/971/CE, ós rud é go dtugtar le dlí na Ríochta Aontaithe na ráthaíochtaí céanna leis na cinn a thugtar le dlí an Aontais a mhéid a bhaineann le bunábhar a fhormheas agus leis na bearta a ghlactar chun ábhar atáirgthe foraoise atá beartaithe lena mhargú a tháirgeadh ina dhiaidh sin.

(8)

Dá bhrí sin, is iomchuí a aithint go bhfuil ábhar atáirgthe foraoise den sórt sin a tháirgtear sa Ríocht Aontaithe coibhéiseach le hábhar comhfhreagrach a tháirgtear san Aontas.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Ríocht Aontaithe a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2008/971/CE, gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe ná sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2008/971/CE a leasú dá réir sin.

(11)

Ós rud é gur tháinig deireadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020, agus chun leanúnachas a áirithiú, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinneadh 2008/971/CE

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2008/971/CE mar a leanas:

(1)

sa tábla, cuirtear an tsraith seo a leanas isteach idir na sraitheanna “CH” agus “NO”:

“GB ((**))

Department for Environment, Food & Rural Affairs (DEFRA)

Eastbrook

Shaftesbury Road

Cambridge

CB2 8DU

(2)

i bhfonóta (*), cuirtear an méid seo a leanas isteach idir “CH – an Eilvéis”, agus “NO – an Iorua,”:

“GB – An Ríocht Aontaithe,”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.P. ZACARIAS


(1)  Tuairim an 27 Eanáir 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)] agus cinneadh ón gComhairle an 17 Márta 2021.

(3)  Treoir 1999/105/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1999 maidir le hábhar atáirgthe foraoise a mhargú (IO L 11, 15.1.2000, lch. 17).

(4)  Cinneadh 2008/971/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le coibhéis ábhair atáirgthe foraoise a tháirgtear i dtríú tíortha (IO L 345, 23.12.2008, lch. 83).

(5)   IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.