European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1539

25.7.2025

TREOIR (AE) 2025/1539 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2025

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL a bhaineann le daoine inchánach a éascaíonn ciandíolacháin earraí allmhairithe agus cur i bhfeidhm na scéime speisialta le haghaidh ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha agus socruithe speisialta maidir le CBL ar allmhairí a dhearbhú agus a íoc

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Léiríodh go n-éascaíonn agus go ráthaítear le húsáid scéim an ionaid ilfhreastail allmhairiúcháin (IOSS) comhlíontacht mhéadaithe CBL i ndáil le hallmhairí agus ar an gcaoi sin áirithítear nach ndéanfar aon saobhadh iomaíochta chun dochair do sholáthairtí an Aontais trí bhailiú cánach nach bhfuil chomh héifeachtach céanna ar allmhairí coinsíneachtaí ar luach íseal ó thríú tíortha chuig tomhaltóirí san Aontas. I gcomhthéacs allmhairí atá ag méadú as cuimse, is gá úsáid scéim IOSS a dhreasú a thuilleadh. Dá bhrí sin, chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart, mar riail, soláthróirí nó soláthróirí measta nach bhfuil cláraithe i scéim IOSS, ach a bhfuil soláthairtí á ndéanamh acu laistigh de raon feidhme scéim IOSS, a chur faoi dhliteanas i leith CBL ar allmhairí agus CBL ar chiandíolacháin earraí allmhairithe i mBallstáit is ceann scríbe deiridh na n-earraí, rud a d’éileodh clárú i ngach ceann de na Ballstáit sin.

(2)

Chun ioncam cánach na mBallstát a chosaint, ba cheart oibleagáid a bheith ar sholáthróirí nó soláthróirí measta nach bhfuil bunaithe san Aontas agus nach mbaineann leas as úsáid scéim IOSS ionadaí cánach a cheapadh a ghlacfadh leis na hoibleagáidí CBL uile a bhaineann leis na coinsíneachtaí allmhairiúcháin incháilithe uile. Níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin, áfach, má tá an soláthróir nó soláthróir measta bunaithe i dtír a liostaítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/942 ón gCoimisiún (3) nó i dtír lena bhfuil comhaontú maidir le cúnamh frithpháirteach tugtha i gcrích ag an mBallstát allmhairiúcháin. Chun forfheidhmiú a fheabhsú, is beart iomchuí comhréireach í an oibleagáid ionadaí cánach a úsáid do sholáthróirí nó do sholáthróirí measta nach bhfuil bunaithe san Aontas agus nach mbaineann úsáid as scéim IOSS.

(3)

Ba cheart na coinníollacha maidir le hionadaí cánach den sórt sin a cheapadh le haghaidh íocaíocht CBL a ailíniú leis na coinníollacha lena rialaítear an oibleagáid atá ar sholáthróirí nó soláthróirí measta nach bhfuil bunaithe san Aontas idirghabhálaí a cheapadh chun scéim IOSS a úsáid, chun cothrom iomaíochta a áirithiú maidir le CBL a bhailiú ar chiandíolacháin incháilithe earraí allmhairithe. Dá réir sin, bheadh oibleagáid ar sholáthróirí nó soláthróirí measta áirithe nach bhfuil bunaithe san Aontas ionadaí cánach a bheith acu le haghaidh CBL ar allmhairí agus CBL ar chiandíolacháin earraí allmhairithe i ngach Ballstát ina ndéantar soláthairtí den sórt sin. Mar sin féin, ós rud é gurb é an Ballstát céanna a bheidh sa Bhallstát allmhairiúcháin agus i gcás ciandíolacháin earraí allmhairithe nuair nach n-úsáidfear scéim IOSS, d’fhéadfadh sé nach mbeadh aon ghá beirt ionadaithe cánach éagsúla a cheapadh sa Bhallstát áirithe sin.

(4)

I gcás nach n-úsáidtear scéim IOSS, bailíonn Ballstát is ceann scríbe deiridh na n-earraí an CBL ar allmhairí ar choinsíneachtaí incháilithe go díreach, arb é an Ballstát ina dtarlaíonn an t-allmhairiú. Os a choinne sin, i gcásanna ina n-úsáidtear scéim IOSS, tá an t-allmhairiú díolmhaithe ó CBL ar allmhairí, agus is é an soláthróir nó an soláthróir measta a bhailíonn an CBL ar chiandíolacháin earraí allmhairithe, agus a íocann é leis an mBallstát aitheantais, a aistríonn an CBL chuig na Ballstáit tomhaltais ábhartha. Agus na coinníollacha á mbunú chun ionadaí cánach a cheapadh nuair nach n-úsáidtear scéim IOSS, ba cheart an cás sin a chur san áireamh dá bhrí sin. Agus na coinníollacha á mbunú chun idirghabhálaí a cheapadh nuair a úsáidtear scéim IOSS, ceadaítear do na Ballstáit ráthaíochtaí a éileamh atá leordhóthanach agus comhréireach leis na rioscaí a bhaineann le daoine agus idirbhearta a ndéantar idirghabháil orthu.

(5)

Tá ról suntasach ag ionadaithe indíreacha custaim sna nósanna imeachta le haghaidh coinsíneachtaí a allmhairiú. Cé go gcuimsítear rialacha custaim go príomha lena gcúram, is féidir ról gníomhach a bheith acu chun a áirithiú go mbailítear CBL ar allmhairí. Faoi láthair, tá sé sin indéanta sa chás ina n-ainmnítear an t-ionadaí indíreach custaim mar an duine atá faoi dhliteanas CBL ar allmhairí a íoc. Mar sin féin, faoi na bearta chun úsáid scéim IOSS arna thabhairt isteach leis an Treoir seo a dhreasú, d’fhéadfaí an t-ionadaí indíreach custaim a chur faoi dhliteanas CBL ar allmhairí a íoc i gcás ina bhfuil an t-ionadaí indíreach custaim ag gníomhú mar ionadaí cánach an duine atá faoi dhliteanas CBL ar allmhairí a íoc. Ós rud é gur rogha don ionadaí indíreach custaim é gníomhú mar ionadaí cánach, ach nach oibleagáid é, is iomchuí a chur ar chumas na mBallstát ionadaithe indíreacha custaim nach ngníomhaíonn mar ionadaí cánach a chur faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith CBL ar allmhairí, chun íocaíocht CBL ar allmhairí a áirithiú. Ina theannta sin, ba cheart a chur ar chumas na mBallstát daoine eile, mar shampla daoine atá faoi dhliteanas an fiach custaim a íoc i gcás neamhrialtachtaí custaim, a chur faoi dhliteanas an fiach custaim a íoc go comhpháirteach agus go leithleach i leith CBL ar allmhairí.

(6)

Faoi na bearta chun úsáid scéim IOSS arna thabhairt isteach leis an Treoir seo a dhreasú, cuirtear an soláthróir nó an soláthróir measta faoi dhliteanas go córasach i leith CBL ar allmhairí. Dá bhrí sin, an soláthróir, an soláthróir measta, agus, i gcás inarb infheidhme, an t-ionadaí cánach arna cheapadh acu nó an duine is féidir a chur faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith CBL ar allmhairí, nuair nach gcomhlíonann siad na hoibleagáidí CBL maidir le hearraí allmhairithe áirithe, ní scaoilfear na hearraí atá i gceist i saorchúrsaíocht. Ionas nach mbeidh ar an gcustaiméir aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí diúltacha a bhaineann le neamhchomhlíonadh na ndaoine atá faoi dhliteanas i leith CBL ar allmhairí a íoc, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheadú go n-íocfaidh an custaiméir, tar éis don chustaiméir comhaontú leis, an CBL ar allmhairí atá dlite ag an soláthróir nó ag an soláthróir measta, i gcás nach gcomhlíonann an soláthróir nó an soláthróir measta na hoibleagáidí clárúcháin agus íocaíochta, agus i gcás nach eol don duine a chomhdaíonn an dearbhú custaim an soláthróir nó an soláthróir measta tráth an allmhairithe. Mar sin féin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit na coinníollacha agus na nósanna imeachta iomchuí a bhunú chun an fhéidearthacht sin a chur i bhfeidhm, ionas nach lagódh íocaíocht CBL ar allmhairí ón gcustaiméir éifeachtacht na mbeart chun úsáid scéim IOSS arna thabhairt isteach leis an Treoir seo a dhreasú. Ba cheart an íocaíocht sin a bheith gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gcustaiméir CBL ar allmhairí a fháil ar ais ón soláthróir nó ón soláthróir measta faoin dlí sibhialta ábhartha. Ós rud é go bhfuil sé beartaithe leis an bhféidearthacht sin na deacrachtaí a shárú a eascraíonn as an aistriú ó dhliteanas an chustaiméara chuig dliteanas an tsoláthróra nó an tsoláthróra measta maidir leis na coinsíneachtaí allmhairiúcháin, ba cheart don Choimisiún a mheas an bhfuil údar cuí leis na rialacha sin a choinneáil tar éis an t-athchóiriú custaim a thabhairt chun críche.

(7)

I gcomhréir leis na socruithe speisialta a leagtar amach i dTeideal XII, Caibidil 7, de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (4), is é an custaiméir an duine atá faoi dhliteanas CBL ar allmhairí a íoc a bhaineann le ciandíolacháin incháilithe earraí allmhairithe. Tá sé sin contrártha don chuspóir an dliteanas a aistriú ón gcustaiméir chuig an soláthróir nó chuig an soláthróir measta, agus iad a chur faoi dhliteanas córasach i leith CBL ar allmhairí a bhaineann leis na hearraí sin. Fiú sna cásanna sin ina n-íocann an custaiméir an CBL ar allmhairí, leanann an soláthróir nó an soláthróir measta de bheith faoi dhliteanas i bprionsabal. Dá bhrí sin, níor cheart na socruithe speisialta a chur i bhfeidhm a thuilleadh agus ba cheart iad a scriosadh.

(8)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (5), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí leis na doiciméid sin a tharchur.

(9)

Is é is cuspóir don Treoir seo an coincheap maidir le clárú aonair CBL a chur chun cinn agus, ós rud é nach féidir an cuspóir sin a ghnóthú ach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(10)

Ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Iúil 2028

Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 201:

‘Airteagal 201

1.   Beidh CBL iníoctha tráth an allmhairithe ag duine nó daoine ar bith atá ainmnithe nó aitheanta a bheith faoi dhliteanas ag an mBallstát allmhairiúcháin.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, is é an soláthróir nó, i gcás inarb infheidhme, an soláthróir measta i gcomhréir le hAirteagal 14a(1), a dhéanann ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha a bheadh incháilithe don scéim speisialta a leagtar amach i dTeideal XII, Caibidil 6, Roinn 4, an duine atá faoi dhliteanas an CBL ar allmhairí a íoc.

3.   I gcás nach bhfuil an soláthróir nó an soláthróir measta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo bunaithe sa Chomhphobal ach i dtríú tír nach bhfuil comhaontú maidir le cúnamh frithpháirteach tugtha i gcrích ag an Aontas ná ag an mBallstát allmhairiúcháin léi atá comhchosúil ó thaobh raon feidhme de le Treoir 2010/24/AE (*1) ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, ceapfaidh an soláthróir sin nó an soláthróir measta sin ionadaí cánach sa Bhallstát allmhairiúcháin mar an duine atá faoi dhliteanas i leith CBL ar allmhairí a íoc.

4.   I gcás ina ndíolmhaítear earraí a allmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 143(1), pointe (ca), ní bheidh feidhm ag mír 3 den Airteagal seo.

(*1)  Treoir 2010/24/AE ón gComhairle an 16 Márta 2010 maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a ghnóthú (IO L 84, 31.3.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/24/oj).’;"

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 201a

Gan dochar d’Airteagal 201(2) agus (3), agus i gcás nach gcomhlíonann na daoine atá faoi dhliteanas CBL ar allmhairí a íoc a n-oibleagáidí cánach faoi na míreanna sin, féadfaidh na Ballstáit a cheadú don chustaiméir, de réir na gcoinníollacha agus na nósanna imeachta atá le leagan síos acu, an CBL ar allmhairí atá dlite ag na daoine sin a íoc.’

;

(3)

leasaítear Airteagal 204, mír 1, mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Thairis sin, i gcás gur duine inchánach a dhéanann an t-idirbheart inchánach agus nach bhfuil an duine sin bunaithe sa Bhallstát ina mbíonn an CBL dlite agus nach ann d’aon ionstraim dhlíthiúil leis an tír ina bhfuil an duine inchánach sin bunaithe nó ina bhfuil sé suite, i ndáil le cúnamh frithpháirteach atá comhchosúil ó thaobh raon feidhme de leis an raon feidhme dá bhforáiltear i dTreoir 2010/24/AE agus i Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun foráil a dhéanamh go mbeidh an duine faoi dhliteanas i leith CBL a íoc ina ionadaí cánach arna cheapadh ag an duine inchánach neamhbhunaithe.’

;

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír den mhír seo, i gcás ina gceanglaítear ar dhuine inchánach ionadaí cánach a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 201(3), ceapfaidh an duine inchánach sin ionadaí cánach mar an duine atá faoi dhliteanas i leith CBL a íoc ar chiandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha a bheadh incháilithe don scéim speisialta a leagtar amach i dTeidil XII, Caibidil 6, Roinn 4.’

;

(4)

in Airteagal 205, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘Ina theannta sin, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 201(2) agus (3), féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh duine seachas an custaiméir agus an duine atá faoi dhliteanas CBL a íoc faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith CBL ar allmhairí a íoc.’

;

(5)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 205a

Faoin 31 Márta 2032, cuirfidh an Coimisiún, bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid na Comhairle maidir le feidhmiú Airteagal 201(2), (3) agus (4), Airteagal 201a, Airteagal 204(1), an ceathrú fomhír, agus Airteagal 205, an dara fomhír, lena n-áirítear a dtionchar ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus déanfaidh sé measúnú ar an ngá atá le hAirteagal 201a agus Airteagal 205, an dara fomhír, a choinneáil ar bun agus, má mheastar gur gá, togra reachtach iomchuí a dhéanamh.’

;

(6)

scriostar Teideal XII, Caibidil 7.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Faoin 30 Meitheamh 2028, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha reachtaíochta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2028.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)  Tuairim an 8 Iúil 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)   IO C, C/2024/1579, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1579/oj.

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/942 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2006/112/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunú liosta na dtríú tíortha a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas leo maidir le cúnamh frithpháirteach atá comhchosúil ó thaobh raon feidhme de le Treoir 2010/24/AE ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (IO L 205, 11.6.2021, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/942/oj).

(4)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj).

(5)   IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/1539/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)