|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/967 |
21.5.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/967 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2025
maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise sa tionscadal PESCO ‘Cónaidhmeanna Cibear-Raonta’
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 46(6) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát (1) rannpháirteach, agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1639 ón gComhairle an 5 Samhain 2020 lena mbunaítear na coinníollacha ginearálta faoina bhféadfaí cuireadh eisceachtúil a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach i dtionscadail aonair PESCO (2), agus go háirithe Airteagal 2(4) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 9(2) de Chinneadh (CBES) 2017/2315 go bhfuil an Chomhairle chun a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 46(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann tríú Stát, ar Stát é ar mian leis na Ballstáit rannpháirteacha atá páirteach i dtionscadal buanchomhar struchtúrtha (PESCO) cuireadh a thabhairt dó páirt a ghlacadh sa tionscadal sin, na ceanglais atá le bunú ag an gComhairle. |
|
(2) |
An 6 Márta 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/340 (3), lenar bunaíodh liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO. Foráiltear le hAirteagal 1 den Chinneadh sin do thionscadal dar teideal ‘Cónaidhmeanna Cibear-Raonta’, a bhfuil ocht gcomhalta tionscadail aige, lena n-áirítear an Eastóin atá ina comhordaitheoir tionscadail. |
|
(3) |
An 5 Samhain 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1639 lenar bunaíodh na coinníollacha ginearálta faoina bhféadfaí cuireadh eisceachtúil a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach i dtionscadail aonair PESCO. Foráiltear le hAirteagal 2(4) den Chinneadh sin go bhfuil an Chomhairle le cinneadh a dhéanamh, bunaithe ar fhógra ó chomhordaitheoir nó ó chomhordaitheoirí tionscadail PESCO agus tar éis don Choiste Polaitiúil agus Slándála tuairim a thabhairt uaidh, i gcomhréir le hAirteagal 46(6) CAE agus le hAirteagal 9(2) de Chinneadh (CBES) 2017/2315, cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann rannpháirtíocht an tríú Stát sa tionscadal sin na coinníollacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639. |
|
(4) |
An 3 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Eilvéis a hiarraidh ar rannpháirtíocht sa tionscadal PESCO ‘Cónaidhmeanna Cibear-Raonta’ chuig comhordaitheoir an tionscadail sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Rinne comhaltaí an tionscadail measúnú ansin, ar bhonn na faisnéise a chuir an Eilvéis ar fáil, an gcomhlíonann sí na coinníollacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de. |
|
(5) |
An 14 Feabhra 2025, thug comhordaitheoir an tionscadail PESCO ‘Cónaidhmeanna Cibear-Raonta’ fógra don Chomhairle agus d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Chinneadh (CBES) 2020/1639, gur chomhaontaigh comhaltaí tionscadail an tionscadail sin de chuid PESCO d’aon toil an méid seo a leanas: gur mian leo cuireadh a thabhairt don Eilvéis a bheith rannpháirteach sa tionscadal sin; maidir le raon feidhme, foirm agus céimeanna iomchuí rannpháirtíocht na hEilvéise sa tionscadal sin; agus go gcomhlíonann an Eilvéis na coinníollacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639. |
|
(6) |
An 15 Aibreán 2025, d’aontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála tuairim faoin bhfógra ó chomhordaitheoir an tionscadail PESCO ‘Cónaidhmeanna Cibear-Raonta’ maidir leis an iarraidh ón Eilvéis a bheith rannpháirteach sa tionscadal sin (‘an fógra’). Go háirithe, thug an Coiste Polaitiúil agus Slándála dá aire an tuairisc ar an tionscadal PESCO ‘Cónaidhmeanna Cibear-Raonta’ mar a fhoráiltear san fhógra, lena n-áirítear na cuspóirí, an t-eagrúchán agus an chinnteoireacht a bhaineann leis chomh maith le réimsí fócais na hoibre. Thug sé dá aire freisin nach gcomhroinntear aon fhaisnéis rúnaicmithe ná íogair de chuid an Aontais laistigh den tionscadal agus nach gcuirtear an tionscadal chun feidhme le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) de réir bhrí Airteagal 3, pointe (g), de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Thairis sin, thug sé dá aire nach bhfuil soláthar armála, taighde agus forbairt cumais, ná úsáid agus onnmhairiú arm, cumas agus teicneolaíochta i gceist leis an tionscadal PESCO ‘Cónaidhmeanna Cibear-Raonta’. Thug sé dá aire freisin nach bhfuil baint aige le heintitis, infheistíochtaí, cistiú ó Bhallstáit atá rannpháirteach in PESCO ná le hiarrataí ar chistiú ón Aontas le haghaidh gníomhaíochtaí tionscadail. |
|
(7) |
D’aontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála le raon feidhme molta, foirm mholta agus méid molta rannpháirtíocht na hEilvéise sa tionscadal PESCO ‘Cónaidhmeanna Cibear-Raonta’ mar a thuairiscítear san fhógra iad. D’admhaigh sé gur chuir an Eilvéis in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán le raon feidhme an tionscadail sin mar a shainítear san fhógra é. |
|
(8) |
Sa tuairim chéanna, dhearbhaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an tuairim arna comhaontú d’aon toil ag comhaltaí an tionscadail go gcomhlíonann an Eilvéis na coinníollacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639, mar seo a leanas:
|
|
(9) |
Sa tuairim uaidh, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go ndéanfadh an Chomhairle cinneadh dearfach i dtaobh an gcomhlíonann rannpháirtíocht na hEilvéise sa tionscadal PESCO ‘Cónaidhmeanna Cibear-Raonta’ na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639. |
|
(10) |
Ba cheart don Chomhairle, dá bhrí sin, cinneadh a dhéanamh go gcomhlíonann rannpháirtíocht na hEilvéise sa tionscadal PESCO ‘Cónaidhmeanna Cibear-Raonta’ na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Glacfaidh an Eilvéis páirt sa tionscadal sin ar an dáta a shonrófar sa socrú riaracháin atá le comhlíonadh ag an Eilvéis agus ag comhaltaí an tionscadail, i gcomhréir le hAirteagal 2(7) de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Déanfaidh an Chomhairle a maoirseacht i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2020/1639 agus féadfaidh sí cinntí breise a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus (3) de, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Comhlíonann rannpháirtíocht na hEilvéise sa tionscadal PESCO ‘Cónaidhmeanna Cibear-Raonta’ na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 331, 14.12.2017, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/2315/oj.
(2) IO L 371, 6.11.2020, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1639/oj.
(3) Cinneadh (CBES) 2018/340 ón gComhairle an 6 Márta 2018 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 65, 8.3.2018, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/340/oj).
(4) Comhaontú idir Cónaidhm na hEilvéise agus an tAontas Eorpach maidir leis na nósanna imeachta slándála um malartú faisnéise rúnaicmithe (IO L 181, 10.7.2008, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2008/568/oj).
(5) Cinneadh (CBES) 2018/909 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena mbunaítear tacar coiteann rialacha rialachais do thionscadail PESCO (IO L 161, 26 6.2018, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/909/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/967/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)