AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,6.9.2023
COM(2023) 512 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann le
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas
{SEC(2023) 305 final} - {SWD(2023) 289 final} - {SWD(2023) 290 final} - {SWD(2023) 291 final}
IARSCRÍBHINN I
FORMÁID AN CHÁRTA MÍCHUMAIS EORPAIGH
Téacs an ÉADAIN Cárta Míchumais Eorpach i mBéarla
CÚL Faisnéis náisiúnta sa teanga náisiúnta nó sna teangacha náisiúnta atá le cinneadh ag an mBallstát eisiúna.
1.Beidh méid an Chárta Míchumais Eorpaigh i gcomhréir le ISO 7810.
2.Beidh sé i bhFormáid ID-1 agus beidh na Toisí 85.6 x 53.98 mm.
3.Beidh an méid seo a leanas ar an gcárta:
·pictiúr den sealbhóir cárta;
·sloinne agus céadainm an tsealbhóra cárta;
·dáta breithe an tsealbhóra cárta;
·sraithuimhir an chárta.
4.Beidh dath an chárta idir ghorm níos éadroime agus ghorm dorcha, mar atá leagtha síos sa phictiúr agus le tagairtí:
·Gorm dorcha: CMYK 100, 90, 10, 0
RGB 0, 68, 148
·Níos éadroime: CMYK 94, 63, 7, 1
RGB 0, 110, 183
5.Léireofar an dáta éaga ar an gcárta.
6.Beidh cód tíre ar an gcárta agus beidh an ciorcal gorm thart air.
7.Beidh litreacha i gcló ARIAL Rialta.
8.Taispeánfar na focail Cárta Míchumais Eorpach agus úsáid á baint as cló Arial agus in Braille agus úsáid á baint as toisí an chóid Marburg.
9.Is féidir an litir roghnach ‘A’ (+comhartha braille) a chur ar an gcárta nuair a thugann sé ceart don sealbhóir cárta ar chúntóir pearsanta a bheith in éineacht leis.
10.Gné dhigiteach/gnéithe digiteacha lena n‑úsáidtear modhanna leictreonacha lena dtugtar aghaidh ar chosc ar chalaois atá le cur isteach nuair a ghlacfar na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1).
IARSCRÍBHINN II
FORMÁID AN CHÁRTA PÁIRCEÁLA EORPAIGH DO DHAOINE FAOI MHÍCHUMAS
ÉADAN
CÚL
1.Is mar a leanas a bheidh méid an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas:
·airde: 106 mm
·leithead: 148 mm
2.Beidh dath an chárta idir ghorm dorcha agus bhuí, mar atá leagtha síos sa phictiúr thuas agus le tagairtí:
·Gorm dorcha: CMYK 100, 90, 10, 0
RGB 0, 68, 148
·Buí: CMYK 0, 0, 100, 0
RGB 255, 237, 0
3.Déanfar an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a roinnt go hingearach ina dhá chuid ar an éadan agus ar an gcúl araon.
(a) Beidh na nithe seo a leanas ar thaobh na láimhe clé den éadan:
·an tsiombail d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí i ndath gorm dorcha ar chúlra buí;
·an dáta ar a rachaidh an cárta páirceála in éag;
·sraithuimhir an chárta páirceála;
·ainm agus stampa an údaráis/na heagraíochta eisiúna;
·i gcás go mbainfidh an cárta le feithicil, beidh a huimhirphláta le feiceáil.
(b) Beidh na nithe seo a leanas ar thaobh na láimhe deise den éadan:
·i gceannlitreacha, na focail ‘Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas’ i dteanga nó i dteangacha an Bhallstáit a bhfuil an cárta á eisiúint aige; i ndiaidh spás oiriúnach, beidh na focail le feiceáil i gcló beag i dteangacha eile an Aontais Eorpaigh;
·mar chúlra, cód idirdhealaitheach an Bhallstáit a mbeidh an cárta páirceála á eisiúint aige timpeallaithe ag fáinne na réaltaí atá ina shiombail den Aontas Eorpach.
(c) Beidh na nithe seo a leanas ar thaobh na láimhe clé den chúl:
·sloinne an tsealbhóra cárta;
·céadainm(neacha) an tsealbhóra cárta;
·dáta breithe an tsealbhóra cárta;
·dáta éaga an chárta;
·grianghraf den sealbhóir cárta;
·sraithuimhir an chárta páirceála;
·síniú an tsealbhóra cárta nó marc údaraithe eile, má cheadaítear é faoin reachtaíocht náisiúnta.
(d) Beidh na nithe seo a leanas ar thaobh na láimhe deise den chúl:
·an ráiteas: ‘Leis an gcárta seo, tá an sealbhóir i dteideal coinníollacha agus saoráidí páirceála áitiúla a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas atá ar fáil sa Bhallstát lena mbaineann’;
·an ráiteas: ‘Nuair a bheidh sé á úsáid, ní mór an cárta a thaispeáint ag tosach na feithicle sa dóigh is go mbeidh éadan an chárta le feiceáil go soiléir chun críocha seiceála’.
4.Cé is moite den taobh deas den éadan, taispeánfar iontrálacha i dteanga nó i dteangacha an Bhallstáit a mbeidh an cárta páirceála á eisiúint aige. Más mian le Ballstát na hiontrálacha a dhéanamh i dteanga náisiúnta seachas ceann díobh seo a leanas: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis, an Ungáiris, déanfaidh sé leagan dátheangach den chárta a tharraingt suas ar a mbeidh ceann amháin de na teangacha thuasluaite, gan dochar d’fhorálacha eile na hIarscríbhinne seo. Más mian le Ballstát iontrálacha a dhéanamh sa Bhulgáiris nó sa Ghréigis, tarraingeoidh sé suas leagan dátheangach den chárta agus úsáid á baint as ceann de na teangacha thuasluaite a úsáideann carachtair Laidine.
5.Gné dhigiteach/gnéithe digiteacha lena n‑úsáidtear modhanna leictreonacha lena dtugtar aghaidh ar chosc ar chalaois atá le cur isteach nuair a ghlacfar na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1).