19.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 256/99


CINNEADH (AE) 2021/1181 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Choiste Trádála arna bhunú leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam a mhéid a bhaineann leis na Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh don Choiste Trádála

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 91(1) agus 100(2) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam (“an Comhaontú”) i gcrích le Cinneadh (AE) 2020/753 (1) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2020.

(2)

De bhun phointe (f) de mhír 4 d’Airteagal 17.1 den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste Trádála arna bhunú leis an gComhaontú (“an Coiste Trádála”) a chuid Rialacha Nós Imeachta féin a ghlacadh.

(3)

Is iad a chuid Rialacha Nós Imeachta féin a ghlacfaidh an Coiste Trádála, faoi mar a fhoráiltear sa Chomhaontú, le linn a chéad chruinnithe.

(4)

Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Trádála a bhunú maidir leis na Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh don Choiste Trádála d’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Comhaontú chun feidhme go héifeachtach.

(5)

Ba cheart seasamh an Aontais sa Coiste Trádála a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Trádála,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa chéad chruinniú den Choiste Trádála arna bhunú leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam, a mhéid a bhaineann leis na Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh don Choiste Trádála, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Trádála (2).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. ŠIRCELJ


(1)  Cinneadh (AE) 2020/753 ón gComhairle an 30 Márta 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam (IO L 186, 12.6.2020, lch. 1).

(2)  Féach doiciméad ST 10040/21 ar http://register.consilium.europa.eu