European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1761

22.3.2024

P9_TA(2023)0321

Caidreamh leis an mBealarúis

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2023 Maidir leis an gcaidreamh leis an mBealarúis (2023/2041(INI))

(C/2024/1761)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint do rúin uaithi roimhe seo maidir leis an mBealarúis,

—

ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 agus an 21 agus an 22 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an mBealarúis,

—

ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach ó Chruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir an 15 Nollaig 2021, sa Bhruiséil,

—

ag féachaint do ráiteas Airí Gnóthaí Eachtracha G7 an 4 Samhain 2022 maidir leis an mBealarúis,

—

ag féachaint don ráiteas ón Ardionadaí Josep Borrell an 3 Márta 2023 maidir le pianbhreith Ales Bialiatski agus Cosantóirí eile um Chearta an Duine, agus don ráiteas ón Ardionadaí Josep Borrell an 17 Eanáir 2023 maidir leis na trialacha i gcoinne ceannairí an fhreasúra agus iriseoirí sa Bhealarúis,

—

ag féachaint do na tuarascálacha an 4 Bealtaine 2022 agus an 20 Iúil 2022 ó Anaïs Marin, Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe ar Staid Chearta an Duine sa Bhealarúis, a díríodh chuig Comhairle na NA um Chearta an Duine, don nglao ó shaineolaithe na NA an 10 Deireadh Fómhair 2022 ar bhuaiteoir Duais Síochana Nobel Ales Bialiatski agus cosantóirí cearta eile atá in bpríosún sa Bhealarúis a scaoileadh láithreach agus don tuairim ó Ravina Shamdasani, urlabhraí na NA ar Chearta an Duinec, an 3 Márta 2023 maidir leis an bpianbhreith a cuireadh ar chosantóirí chearta an duine sa Bhealarúis,

—

ag féachaint do dhearbhú neamhspleáchais na Bealarúise ón Aontas Sóivéadach an 25 Lúnasa 1991,

—

ag féachaint do Dhearbhú Cheannasacht Stáit Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise an 27 Iúil 1990,

—

ag féachaint do Chomhaontuithe Belavezha a dhaingnigh Ardchomhairle na Bealarúise an 10 Nollaig 1991, a d’fhógair go raibh deireadh leis an Aontas Sóivéadach,

—

ag féachaint do Bhunreacht Phoblacht na Bealarúise, a glacadh an 15 Márta 1994,

—

ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, do Chairt na Náisiún Aontaithe, don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, don Choinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, agus do gach coinbhinsiún eile maidir le cearta an duine a bhfuil an Bhealarúis ina páirtí iontu,

—

ag féachaint do Dhearbhú Vín agus do Chlár Gníomhaíochta Vín an 25 Meitheamh 1993,

—

ag féachaint don Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach,

—

ag féachaint do Mheabhrán Bhúdaipeist maidir le Dearbhuithe Slándála,

—

ag féachaint do Tuarascáil Dhomhanda Faire Chearta an Duine 2022 maidir leis an mBealarúis,

—

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta,

—

ag féachaint don dara tuarascáil mheastóireachta ó Ghrúpa Saineolaithe Chomhairle na hEorpa um Ghníomhaíocht i gcoinne na Gáinneála ar Dhaoine, a glacadh an 28 Meitheamh 2022, maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Gníomhaíocht in aghaidh Gáinneáil ar Dhaoine ag an mBealarúis,

—

ag féachaint do na tuarascálacha ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 4 Márta 2022 agus an 3 Feabhra 2023 maidir le staid chearta an duine sa Bhealarúis sa tréimhse roimh thoghchán uachtaránachta 2020 agus ina dhiaidh sin,

—

ag féachaint don tuarascáil ó Shásra Moscó na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) an 11 Bealtaine 2023 maidir leis an mbagairt thromchúiseach ar ghné dhaonna ESCE sa Bhealarúis ón 5 Samhain 2020,

—

ag féachaint don tuarascáil ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le himscrúdú aimsithe fíoras ó mhí Iúil 2022 dar teideal ‘Eachtra a bhain le heitilt Ryanair FR4978 in aerspás na Bealarúise an 23 Bealtaine 2021 ’,

—

ag féachaint do Rún 2495 (2023) ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa an 27 Aibreán 2023 dar teideal ‘ Deportations and forcible transfers of Ukrainian children and other civilians to the Russian Federation or to temporarily occupied Ukrainian territories: create conditions for their safe return, stop these crimes and punish the perpetrators’, [Leanaí Úcránacha agus sibhialtaigh eile a díbríodh nó a aistríodh le forneart chuig Cónaidhm na Rúise nó chuig críocha na hÚcráine atá áitithe go sealadach: dálaí a chruthú lena bhfilleadh go sábháilte, stop a chur leis na coireanna sin agus pionós a ghearradh ar dhéantóirí na coire],

—

ag féachaint do Chinneadh GB.347/INS/14(Rev.1) ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) an 20 Márta 2023 agus dá rún an 12 Meitheamh 2023 maidir leis na bearta a mhol an Comhlacht Rialaithe faoi Airteagal 33 de Bhunreacht EIS i ndáil leis an mBealarúis,

—

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0258/2023),

A.

de bhrí, trí bliana tar éis thoghcháin uachtaránachta chalaoiseacha an 9 Lúnasa 2020, go bhfuil réimeas neamhdhlisteanach Aliaksandr Lukashenka ag géarú a chur faoi chois córasach i gcoinne mhuintir na Bealarúise, a chlúdaíonn gach cuid den tsochaí, lena n-áirítear daoine aonair leochaileacha agus imeallaithe; de bhrí gur ghearr na cúirteanna pionóis éagsúla ar níos mó ná 3 000 duine ar chúisimh pholaitiúla agus go bhfuil níos mó ná 1 500 duine fós i bpríosún ar fhorais pholaitiúla, agus go ndéantar céasadh ar na mílte duine eile ionas nach n-admhaíonn siad go bhfuil stádas den sórt sin acu agus go bhfuil cónaí orthu faoi bhrú leanúnach an imeaglaithe, na mbagairtí agus na gabhála féideartha agus na gcúiseamh bréagach; de bhrí go bhfuil na céadta ciontú polaitiúil déanta ag réimeas Lukashenka ar chúisimh choiriúla, lena n-áirítear a gceadúnais a bhaint ó beagnach 100 dlíodóir ón mBealarúis, na céadta eagraíochtaí meán a dhúnadh agus níos mó ná 1 000 eagraíocht neamhrialtasach (ENRanna) a dhíchlárú; de bhrí gur cuireadh iallach ar go leor fiontraithe meán agus iriseoirí teitheadh ón mBealarúis agus a ngníomhaíochtaí a athsheoladh ar deoraíocht, go príomha sa Liotuáin agus sa Pholainn; de bhrí go bhfuil os cionn 30 iriseoir agus oibrí sna meáin fós i bpríosún ar chúisimh choiriúla bhréagacha; de bhrí go bhfuil ceithre mhórcheardchumann neamhspleách agus Comhdháil na gCeardchumann Daonlathach sa Bhealarúis dúnta agus go bhfuil 14 dhuine ar a laghad dá gceannairí agus dá gcomhaltaí curtha i bpríosún; de bhrí go ndéantar idirdhealú mór ar phríosúnaigh pholaitiúla a scaoileadh saor, agus go gcuireann an réimeas toirmeasc ar shaorghluaiseacht agus cosc orthu rochtain a fháil ar an margadh saothair, ar a gcuntais bhainc agus ar shócmhainní airgeadais eile; de bhrí gur bhásaigh príosúnaigh pholaitiúla, lena n-áirítear Vitold Ashurak, Dzmitry Dudoits, Aliaksandr Vikhor, Mikalai Klimovicz, Dzmitry Sarokin agus Ales Pushkin mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an réimis agus diúltú cúram leighis a chur orthu agus cúnamh dlíthiúil a thabhairt dóibh; de bhrí gur theith thart ar 300 000 Bealarúiseach as an tír le blianta beaga anuas ar eagla go mbeadh a leithéid de chinniúint acu féin;

B.

de bhrí go ndearnadh, i dtuarascálacha Ard-Choimisinéir na NA um Chearta an Duine ar an staid sa Bhealarúis, an chos ar bolg a rinne réimeas Lukashenka a chur i gcomparáid le coireanna in aghaidh an chine dhaonna;

C.

de bhrí gur gabhadh Siarhei Tsikhanouski agus Viktar Babaryka i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2023 faoi seach ar chúiseanna a raibh údar polaitiúil leo nuair a thugadar iarraidh ar uachtaránacht na Bealarúise; de bhrí gur chinn Palina Sharenda-Panasiuk, príosúnach polaitiúil agus gníomhaí ó fheachtas sibhialta na Bealarúise Eorpaí, a saoránacht Bhealarúiseach a thréigean mar agóid i gcoinne na gcoinníollacha príosúnachta dochraideacha agus tar éis di iarratas foirmiúil a líonadh isteach, go ndearnadh í a tionlacan chun dul faoi scrúdú síciatrach agus ní fios cá ndeachaigh sí riamh ó shin;

D.

de bhrí go bhfuil 1 300 leanbh faoi mhíchumas ar a laghad sa Bhealarúis á gcoinneáil in institiúidí a bhfuil fadhbanna acu le diagnóisiú cuí, oideachas nó athimeascadh sóisialta agus nach bhfuil cuntasacht ná trédhearcacht phoiblí acu;

E.

de bhrí nár aithin an comhphobal idirnáisiúnta, lena n-áirítear AE agus a Bhallstáit, torthaí na dtoghchán uachtaránachta calaoiseach agus nach n-aithníonn siad Aliaksandr Lukashenka mar uachtarán na Bealarúise; de bhrí gur theip ar údaráis na Bealarúise imscrúduithe éifeachtacha a dhéanamh ar líomhaintí forleathana céastóireachta agus drochíde eile a thug oifigigh forfheidhmithe dlí d’agóideoirí síochánta i mí Lúnasa 2020 tar éis an vóta uachtaránachta chalaoisigh;

F.

de bhrí go bhfuil deireadh á chur leis an méid deireanach den iolrachas polaitiúil sa tír leis an réimeas, lena n-áirítear trí athchlárú na bpáirtithe polaitiúla, mar a thugtar air, ar dócha go gcuirfear deireadh leis na páirtithe go léir ach iad siúd a thacaíonn leis an réimeas; de bhrí go gcruthaítear le bunreacht nua mhí Feabhra 2022 institiúidí nua neamhdhaonlathacha nach bhfónann ach don chuspóir greim an réimis ar chumhacht a dhaingniú agus a fhágann nach bhfuil fiú cosúlacht an ghutha dheiridh ag an bParlaimint ar an bpróiseas polaitiúil;

G.

de bhrí gur tháinig leasuithe ar chód coiriúil na Bealarúise i bhfeidhm i mí Eanáir 2022, lenar tugadh isteach arís dliteanas coiriúil as rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí eagraíochtaí neamhchláraithe; de bhrí nach bhfuil aon eagraíochtaí um chearta an duine ag feidhmiú go dleathach sa tír faoi láthair; de bhrí gur tháinig tuilleadh leasuithe ar an gcód coiriúil i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2022, trínar leathnaigh na húdaráis cur i bhfeidhm phionós an bháis mar gheall ar iarracht gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanamh, cúiseamh a úsáideadh roimhe sin i dtrialacha gníomhaithe polaitiúla; de bhrí gur shínigh Lukashenka, i mí Iúil 2022, reachtaíocht dlí lena gceadaítear imscrúduithe agus trialacha in absentia faoi 48 airteagal den chód coiriúil; de bhrí, i mí Eanáir 2023, go ndearna réimeas Lukashenka dlí a achtú lena mbainfear an tsaoránacht ó na daoine ar deoraíocht a bhfuil coireanna a bhaineann leis an antoisceachas mar a thugtar orthu curtha ina leith acu — liosta ina n-áirítear anois níos mó ná 2 000 duine;

H.

de bhrí go bhfuil réimeas Lukashenka ag baint an bhoinn de cheannasacht na Bealarúise go contúirteach trí stát satailíte de chuid na Rúise a dhéanamh de agus trína ligean don Rúis an Bhealarúis a ionsú ina stát Aontais mar a thugtar air, rud a fhágann go bhfuil baol na forghabhála dírí thar a bheith ard, i gcoinne thoil shoiléir thromlach na Bealarúise; de bhrí gur mhol Lukashenka comhaontú maidir le aontas stát idir an Bhealarúis, an Rúis agus an Chasacstáin chun airm núicléacha a roinnt;

I.

de bhrí go bhfuil léiriú ar fhéiniúlacht náisiúnta na Bealarúise á scriosadh tuilleadh ag réimeas Lukashenka, lena n-áirítear teanga agus cultúr na tíre; de bhrí go bhfuil beartas ionsaitheach maidir le rúisiú á shaothrú aige trí choinneáil threallach agus go háirithe caitheamh brúidiúil le pearsana cultúrtha, lena n-áirítear scríbhneoirí, ealaíontóirí agus ceoltóirí, agus daoine a labhraíonn an Bhealarúisis go poiblí, chomh maith le cosc a chur ar shiombailí náisiúnta agus stairiúla na Bealarúise, amhail an bhratach bán-dearg-bán agus armas Pahonia, agus tithe foilsitheoireachta, scoileanna príobháideacha agus cúrsaí teanga Bealarúisis a dhúnadh;

J.

de bhrí go leanann réimeas Lukashenka de mhionlaigh eitneacha, reiligiúnacha agus gnéis a imeallú, go háirithe pobail eitneacha na Liotuáine agus na Polainne, trí ghéarleanúint a dhéanamh ar a gceannairí, amhail Andrzej Poczobut, institiúidí oideachais na Liotuáine agus na Polainne a dhúnadh, deireadh a chur leis an oideachas ina dteangacha eitneacha agus reiligí cuimhneacháin na Polainne a scriosadh; de bhrí go leanann sé de phobail reiligiúnacha agus de dhaoine aonair a chur faoi chois, de shárú ar an gceart chun saoirse reiligiúin agus creidimh; de bhrí go ndearnadh cineálacha éagsúla géarleanúna ar líon mór sagairt agus pastóirí Caitliceacha Rómhánacha, Protastúnach, Cheartchreidmheacha agus Gréagacha, ó fhíneálacha go príosúnacht fhada; de bhrí go bhfónann Eaglais Cheartchreidmheach na Bealarúise in go leor cásanna do leasanna an réimis, lena n-áirítear tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí gur cuireadh ar scor Ardeaspag Hrodna, Artemy Kishchanka, nach maireann, arbh é an t-aon ordlathas é ar eaglais Cheartchreidmheach na Bealarúise faoi smacht Mhoscó — an t-eacsarcach Bealarúiseach — a rinne an foréigean a d’úsáid réimeas Lukashenka i gcoinne agóideoirí síochánta in 2020 a cháineadh, agus go ndearnadh ciapadh air lena linn a raibh tionchar aige ar a shláinte agus a rinne a bhás a ghéarú;

K.

de bhrí go mbíonn ar dhaoine LADTI sa Bhealarúis aghaidh a thabhairt ar idirdhealú agus foréigean sistéamach breise; de bhrí go bhféadfadh an Bhealarúis reachtaíocht ‘bolscaireacht’ LADTI a thabhairt isteach atá cosúil leis an reachtaíocht sa Rúis; de bhrí go bhfuil Bealarúisigh atá ag maireachtáil, ag obair nó ag lorg tearmainn sa Rúis i measc na ndaoine is leochailí ó thaobh brú faoi chois trasnáisiúnta ag údaráis na Bealarúise;

L.

de bhrí gur minic a théann údaráis na Bealarúise i muinín faireachais, cinsireachta ar líne agus bréagaisnéise, agus go n-úsáidtear teicneolaíochtaí chun an daonra a rialú; de bhrí gurb ionann cleachtas diansmachtúil den sórt sin agus céim eile i dtreo an údarásaíochais dhigitigh agus i dtreo chearta digiteacha daoine sa Bhealarúis a chur faoi chois, rud a fhágann go bhfuil imeaglú saoránach ag dul i méid agus go bhfuil laghdú á dhéanamh ar an spás sibhialta;

M.

de bhrí, i mí Dheireadh Fómhair 2022, gur tharraing an Bhealarúis siar ón gCéad Phrótacal Roghnach a ghabhann leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla amhail ón 8 Feabhra 2023, rud a chuir bac ar shainordú Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine gearáin maidir le cearta an duine a fháil agus a athbhreithniú ó dhaoine aonair sa Bhealarúis; de bhrí gur fhág sé sin nach raibh cosaint idirnáisiúnta ag na Bealarúisigh, agus nach raibh Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine ná an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine in ann gearáin ó Bhealarúisigh a bhreithniú;

N.

de bhrí go bhfuil réimeas neamhdhlisteanach Lukashenka ag tacú go gníomhach le cogadh ionsaithe agus coireanna cogaidh in aghaidh na hÚcráine nach bhfuil údar leis agus go bhfuil sé go hiomlán comhpháirteach sa chogadh sin; de bhrí go bhfuil an réimeas ag cumasú agus ag tacú go díreach le hionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus leis an úsáid a bhaineann an Rúis as modhanna sceimhlitheoireachta, mar a léiríodh le hathródú eitilt Ryanair FR4978 i mí na Bealtaine 2021 agus leis an bhfógra ina gcuirtear fáilte roimh eagraíocht sceimhlitheoireachta státurraithe na Rúise, Grúpa Wagner; de bhrí go bhfuil formhór na Bealarúise i gcoinne rannpháirtíocht a dtíre sa chogadh sin agus gur léirigh siad é trí agóidí síochánta a eagrú a raibh mar thoradh orthu gabhálacha, ionchúiseamh agus mí-iompar póilíneachta, trí sabaitéireacht a dhéanamh ar iompar trealaimh mhíleata de chuid na Rúise agus trí dul isteach i reisimintí na Bealarúise atá ag troid in éineacht le fórsaí armtha na hÚcráine nó a thacaíonn leo; de bhrí, mar an t-aon tír san Eoraip agus san Áise Láir chun pionós an bháis a fhorfheidhmiú, go bhfuil aon fhrithbheartaíocht i gcoinne rannpháirtíocht na Bealarúise i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine á dhíspreagadh trí phionós an bháis a úsáid; de bhrí go bhfuil comhpháirteachas réimeas Lukashenka i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine cáinte go géar ag AE agus ECAT agus gur cúis é le cur chuige coiteann idir na heagraíochtaí atá bunaithe ar mheasúnuithe comhchosúla nó fiú measúnuithe comhpháirteacha, agus gur gá comhar AE-ECAT a neartú dá réir sin;

O.

de bhrí gur cháin Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa d’aon toil, an 27 Aibreán 2023, díbirt, athoideachas agus rúisiú leanaí Úcránacha, ar cuireadh cuid acu chuig campa Dubrava, atá faoi úinéireacht Bealruskali; de bhrí go bhféadfadh cinedhíothú a bheith sna coireanna sin ina bhfuil réimeas Lukashenka comhpháirteach;

P.

de bhrí go bhfuil réimeas Lukashenka ina bhagairt dhíreach ar shlándáil AE agus ar shlándáil a shaoránach; de bhrí go bhfuil fianaise de seo ann ón gcaoi gur glacadh le hairm núicléacha oirbheartaíochta na Rúise a imscaradh ar a chríoch, gur dhiúltaigh sé ceanglais sábháilteachta núicléiche a chur chun feidhme ag Gléasra Cumhachta Núicléiche na Bealarúise (NPP) in Astravyets, gur eagraigh sé fuadach na heitilte sibhialta, Ryanair FR4978, ionstraimiú leanúnach na himirce agus na gáinneála ar dhaoine, a reitric ionsaitheach cogaidh ó mhí Lúnasa 2020 i leith agus láithreacht mhíleata mhéadaithe na Rúise sa Bhealarúis a chur chun cinn trí inlíochtaí comhpháirteacha buana;

Q.

de bhrí go leanann réimeas Lukashenka ar aghaidh ag cur brú ar imircigh ó thíortha neamh-AE thar a theorainneacha leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn; de bhrí go mbíonn ar imircigh sa Bhealarúis dul i ngleic le céastóireacht agus drochíde eile ag gardaí teorann agus oifigigh eile, bacainní ar thearmann a éileamh, agus refoulement;

R.

de bhrí go bhfuil struchtúr seanbhunaithe ag fórsaí daonlathacha na Bealarúise faoi stiúir Sviatlana Tsikhanouskaya atá ag tacú go leanúnach le haitheantas idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Chomh-aireacht Idirthréimhseach Aontaithe, an Chomhairle Comhordúcháin athnuaite agus Misean na Bealarúise Daonlathach sa Bhruiséil a bhunú le déanaí; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gComh-aireacht Idirthréimhseach Aontaithe, ag comhaltaí diaspóra pháirtithe éagsúla an fhreasúra dhaonlathaigh agus ag daoine eile de chuid na Bealarúise maidir le leanúint de thacaíocht ghníomhach a chur ar fáil do phríosúnaigh pholaitiúla, dá dteaghlaigh agus dá ngníomhaithe atá fós sa Bhealarúis;

S.

de bhrí gur dhearbhaigh Sviatlana Tsikhanouskaya agus ceannairí páirtithe polaitiúla daonlathacha go poiblí mianta Eorpacha na Bealarúise;

T.

de bhrí, mar fhreagairt ar an gcos ar bolg leanúnach, go bhfuil roinnt beart sriantach glactha ag AE agus a Bhallstáit i gcoinne réimeas Lukashenka, lena n-áirítear smachtbhannaí i gcoinne 195 duine aonair agus 34 eintiteas atá ciontach as rannpháirtíocht dhíreach i sáruithe ar chearta an duine agus as cabhrú leis an réimeas; de bhrí go bhfuil os cionn EUR 100 milliún leithdháilte ag AE agus a Bhallstáit chun tacú le muintir na Bealarúise agus lena mianta daonlathacha;

U.

de bhrí go bhfuil réimeas Lukashenka ag cur srian le héifeacht smachtbhannaí an Iarthair ar an mBealarúis trí chúnamh arna sholáthar ag an Rúis a úsáid, amhail úsáid bhonneagar iompair agus calafoirt na Rúise chun earraí Bealarúiseacha a onnmhairiú, rochtain fhabhrach ar mhargadh na Rúise agus íocaíochtaí fiachais leis an Rúis a chur siar, chomh maith le dul timpeall ar na smachtbhannaí;

V.

de bhrí, mar thoradh ar smachtbhannaí an Iarthair, gur tháinig laghdú 4,7 % ar OTI na Bealarúise in 2022, laghdú nach raibh ach leath chomh mór agus a rabhthas ag súil leis; de bhrí gur tháinig laghdú níos mó ná a leath ar allmhairí AE ón mBealarúis in 2022 i gcomparáid leis na blianta roimhe sin, ó EUR 6,54 billiún in 2021 go EUR 3,19 billiún; de bhrí gur tháinig méadú os cionn 40 % ar onnmhairí na Bealarúise chuig an Rúis ó USD 16,3 billiún in 2021 go USD 23 bhilliún in 2022; de bhrí gur tháinig méadú faoi dhó nach mór ar onnmhairí na Bealarúise chuig an tSín in 2022;

W.

de bhrí go bhfuil samhail eacnamaíoch ré na Sóivéide, atá pleanáilte go lárnach, á hathbhunú ag réimeas Lukashenka, go háirithe trí phraghsanna miondíola a rialáil, táirgeadh tionsclaíoch cuideachtaí faoi úinéireacht stáit a choinneáil ar leibhéal ard fiú mura bhfuil éileamh agus cniogbheartaíocht ar ghnólachtaí príobháideacha, lena n-áirítear cosc a chur ar infheisteoirí eachtracha a ngeallta a dhíol i gcuideachtaí sa Bhealarúis agus rialacháin a fhorchur lena gceadaítear maoin phríobháideach a choigistiú; de bhrí gur theip ar an mBealarúis cloí le príomhthorthaí Choimisiún Fiosrúcháin EIS 2004 agus go bhfuil géarleanúint á déanamh fós ag réimeas Lukashenka ar cheardchumannaithe;

X.

de bhrí, mar thoradh ar thacaíocht AE, go bhfuil scoláireachtaí á bhfáil faoi láthair ag na céadta Bealarúiseach agus go bhfuil go leor eile ag glacadh páirt in oiliúint ar líne chun a scileanna gairmiúla a neartú agus go mbeidh siad rannpháirteach i malartuithe gairmiúla;

Cos ar bolg leanúnach ag réimeas Lukashenka agus tacaíocht ón Aontas do dhaoine atá faoi chois

1.

ag cáineadh go láidir an chos ar bolg gan srian agus na sáruithe córasacha agus forleathana ar chearta an duine arna ndéanamh go leanúnach ag réimeas Lukashenka, lena n-áirítear cásanna iomadúla de dhrochíde agus de chéasadh, chomh maith le coinneáil incommunicado agus cúnamh leighis neamhleor a chuirtear ar fáil do phríosúnaigh pholaitiúla agus do dhaoine eile a ionchúisítear ar fhorais atá spreagtha go polaitiúil, amhail iriseoirí, cosantóirí chearta an duine, gníomhaithe ceardchumainn neamhspleácha agus daoine eile; ag cáineadh freisin go bhfuil brú á chur orthu siúd a ionchúisítear trí ghaolta a ghabháil agus pianbhreith a chur orthu d’aon turas agus trí cheadúnais a ndlíodóirí a chúlghairm; ag leanúint de bheith ag seasamh i ndlúthpháirtíocht le muintir chróga na Bealarúise agus le baill d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a sheasann suas do Bhealarúis cheannasach, shaor agus dhaonlathach ina bhfuil ceartas, síocháin agus cearta an duine i réim, agus a saoirse agus a saol á gcur i mbaol acu;

2.

á éileamh go gcuirfidh réimeas Lukashenka deireadh leis an bhforéigean, leis an gcéasadh, leis an gcos ar bolg agus an bholscaireacht atá ag imeacht ó smacht i gcoinne guthanna easaontacha agus lucht cáinte a mheastar a bheith ann, go scaoilfeadh sé saor láithreach agus gan choinníoll gach príosúnach polaitiúil, gach duine dá dteaghlach agus gach duine a choinnítear go treallach, go ndearbhóidh sé pardún uilíoch dóibh siúd go léir a gabhadh ar fhorais pholaitiúla ó 2020 i leith agus go n-éascóidh sé aistriú síochánta cumhachta tar éis toghcháin shaora agus chóra a eagrú;

3.

á iarraidh go ndéanfadh údaráis na Bealarúise deireadh a chur láithreach leis an gcoinneáil réamhthrialach agus na coinníollacha príosúnachta atá cruálach, mídhaonna agus táireach do phríosúnaigh pholaitiúla, lena n-áirítear cóir leighis, táirgí sláinteachais bunúsacha agus rochtain ar dhlíodóirí agus ar bhaill teaghlaigh a dhiúltú dóibh; ag cáineadh chleachtas na ‘gabhálacha slabhra’, nó síntí gan údar ar choinneáil réamhthrialach i gcás mionchionta nó i gcás cúisimh ‘antoisceachais’ áibhéalacha; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur aistríodh ceannairí daonlathacha an fhreasúra, Viktar Babaryka agus Maria Kalesnikava, go rúnda chuig ospidéal gan aon fhaisnéis a bheith curtha ar fáil maidir lena riocht sláinte; á chur in iúl gur cúis imní di freisin an easpa faisnéise atá ann le fada faoi staid pholaiteoirí an fhreasúra Siarhei Tsikhanouski, Mikalai Statkevich agus Maksim Znak, na hiriseoirí Ihar Losik, Katsiaryna Bakhvalava (ainm cleite: Andreyeva) agus Andrzej Poczobut, a bhfuil an ceann deireanach acu ar dhuine de cheannairí mhionlach na Polainne sa Bhealarúis, agus an gníomhaí ó fheachtas cathartha na Bealarúise Eorpaí, Palina Sharenda-Panasiuk;

4.

á iarraidh go ndéanfadh réimeas Lukashenka an chóir leighis is gá a chur ar fáil láithreach chun maoirseacht leighis chuí a ráthú do gach príosúnach polaitiúil a bhfuil galair thromchúiseacha agus saincheisteanna sláinte acu, lena n-áirítear Maria Kalesnikava, Viktar Babaryka, Ales Bialiatski, Ryhor Kastusiou, Iryna Melkher, Halina Dzerbysh, Henadz Fiadynich, Marfa Rabkova, Vasil Berasneu, Viachaslau Areshka, Uladzimir Hundar, Uladzimir Matskevich, Mikalai Statkevich, Alena Hnauk, Andrei Voinich, Aliaksandr Fiaduta, Mikita Zalatarou, Dzmitry Zalomski, Aliaksei Hubich, Vadzim Hurman, Antanina Kanavalava, Andrei Skurko, Darya Afanasieva, Arsenii Maiseichyk, Ihar Mints, Pavel Hancharyk, Siarhei Batura, Viachaslau Dashkevich, Daniil Kastsiukevich, Mikhail Khamitsevich, Palina Sharenda-Panasiuk, Andrzej Poczobut, Kseniya Lutskina, Maryna Markevich, Yauhen Liulkovich, Volha Tsybulskaya, Volha Zalatar, Artsiom Bayarski, Pavel Kuchynski, Uladzimir Malakhouski, Ruslan Slutski, Alena Maushuk, Larysa Kuzmenka, Kiryl Palcheuski, Yury Prakharenka, Siarhei Verashchahin, Viachaslau Rahashchuk, Aliaksandr Kapshul, Raman Karanevich, Vital Melnik, Aksana Zaretskaya agus Viktoryia Kulsha;

5.

á iarraidh go dtabharfadh údaráis na Bealarúise cead do thaidhleoirí agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear fondúireachtaí leighis neamhspleácha, go háirithe Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge (ICRC), cuairt a thabhairt ar phríosúnaigh pholaitiúla ionas gur féidir leo a riocht a mheas agus cabhair a sholáthar; á iarraidh go leanfadh an Coimisiún, Ballstáit AE agus institiúidí idirnáisiúnta amhail ICRC agus UNICEF de thacaíocht chórasach agus chuimsitheach a chur ar fáil do phríosúnaigh pholaitiúla na Bealarúise agus do bhaill dá dteaghlaigh atá i staid leochaileach airgeadais, agus do phríosúnaigh pholaitiúla a bhfuil a bpianbhreitheanna curtha isteach acu, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais agus cúnamh le hathshlánú leighis agus síceolaíoch;

6.

á éileamh go ndéanfaí imscrúdú neamhspleách agus tuarascáil shaineolach ar bhásanna príosúnach polaitiúil atá i gcoimeád an réimis agus ar bhás an ghníomhaí Raman Bandarenka i mí na Samhna 2020, arbh é bualadh brúidiúil ba chúis leis, a líomhnaítear a bheith déanta ag póilíní nó a n-ionadaithe;

7.

á iarraidh go ndéanfadh réimeas Lukashenka staonadh ó aon chineál ciaptha, lena n-áirítear ó iarphríosúnaigh pholaitiúla a scaoileadh saor anois; ag tathant ar an réimeas ligean do na hiarphríosúnaigh sin a saol a chaitheamh faoi shaoirse agus rochtain iomlán a thabhairt dóibh ar mhargadh an tsaothair agus ar an saol sóisialta, chomh maith lena gcuntais bhainc agus a sócmhainní; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an úsáid líomhnaithe a bhaintear as saothar éigeantais príosúnach i gcoilíneachtaí pionóis na Bealarúise, go háirithe ag soláthraithe do mhórchuideachtaí atá bunaithe in AE; á iarraidh ar gach cuideachta atá bunaithe san Aontas deireadh a chur leis an gcaidreamh le soláthraithe na Bealarúise a úsáideann saothar éigeantais ina slabhraí soláthair, fiú iad siúd nach bhfuil faoi réir bearta sriantacha go fóill, agus á iarraidh go ndéanfadh an Comhairle smachtbhannaí a fhorchur ar aon chuideachta sa Bhealarúis a úsáideann saothar éigeantais ina slabhraí soláthair; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh rún EIS le déanaí maidir leis na bearta a mhol an Comhlacht Rialaithe faoi Airteagal 33 de Bhunreacht EIS maidir le sárú córasach saoirse comhlachais ag an mBealarúis, gluaiseacht na gceardchumann daonlathach a chur faoi chois agus géarleanúint leanúnach a dhéanamh ar cheannairí agus gníomhaithe neamhspleácha ceardchumainn, agus á iarraidh go ngníomhódh ballstáit EIS dá réir sin;

8.

á athdhearbhú nach bhfuil aon dlisteanacht ag tarraingt siar aontaobhach réimeas Lukashenka ó bheartas Chomhpháirtíocht an Oirthir, a fógraíodh an 28 Eanáir 2021, toisc nach léirítear leis fíorthoil mhuintir na Bealarúise ná a mianta maidir le stát saor agus daonlathach;

9.

á athdhearbhú go gcáineann sí an cinneadh ó réimeas Lukashenka an Bhealarúis a tharraingt siar ó Choinbhinsiún Aarhus, comhaontú idirnáisiúnta lena gcuirtear chun feidhme ceart an duine chun comhshaol glan, sláintiúil agus inbhuanaithe;

10.

á iarraidh go bhféachfadh institiúidí AE agus na Ballstáit an bhféadfaí cead a thabhairt d’ionadaithe fhórsaí daonlathacha na Bealarúise, go háirithe Sviatlana Tsikhanouskaya, ionadaí dlisteanach mhuintir na Bealarúise, agus na sochaí sibhialta na suíocháin fholmha a bhí ag ionadaithe údaráis na Bealarúise roimhe sin a ghlacadh i bhfóraim dhéthaobhacha agus iltaobhacha, go háirithe faoi chuimsiú bheartas Chomhpháirtíocht an Oirthir; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún saineolaithe neamhspleácha, neamh-chleamhnaithe ón mBealarúis a áireamh mar ionadaithe náisiúnta don Bhealarúis i gcláir chomhair amhail EU4Climate, EU4Environment agus tionscnaimh eile; á mholadh go ndéanfadh Comhairle Gnóthaí Eachtracha buaniarratas a shíneadh chuig Sviatlana Tsikhanouskaya, mar cheannaire ar Chomh-aireacht Idirthréimhseach Aontaithe na Bealarúise, chun freastal ar aon cheann dá cruinnithe a bhaineann leis an mBealarúis; á iarraidh go ndéanfadh ceannairí na mBallstát, chomh maith le ceannairí polaitiúla stáit rannpháirteacha eile an Chomhphobail Pholaitiúil Eorpaigh, fórsaí daonlathacha na Bealarúise a áireamh sa Chomhphobal Polaitiúil Eorpach, mar shampla trí stádas breathnóra a thabhairt dóibh;

11.

ag cáineadh ‘seóthrialacha’ atá spreagtha go polaitiúil agus cúisimh áibhéalacha atá dírithe ar eagla a chothú in ionadaithe agus lucht tacaíochta na bhfórsaí daonlathacha, na sochaí sibhialta, eagraíochtaí neamhspleácha meán, ceardchumainn shaora, cosantóirí chearta an duine, agus mionlaigh náisiúnta, reiligiúnacha agus gnéis; ag cáineadh an chinnidh a rinne údaráis na Bealarúise an 23 Lúnasa 2023 a fhógairt gur ‘eagraíocht antoisceach’ é Lárionad aitheanta Viasna um Chearta an Duine, agus a bhrainsí uile, agus á iarraidh go scaoilfí saor láithreach Cathaoirleach an Lárionaid agus a bhunaitheoir, buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána agus Dhuais Sakharov, Ales Bialiatski, agus a chomhghleacaithe Valiantsin Stefanovich, Uladzimir Labkovich, Marfa Rabkova agus Andrei Chapiuk; ag cáineadh tuilleadh, go háirithe, gur gearradh téarma fada príosúin ar Henadz Fiadynich, Vasil Berasneu, Viachaslau Areshka, Maryna Zolatava and Liudmila Chekina, chomh maith le pianbhreith a chur ar phríomhphearsana na bhfórsaí daonlathacha in absentia, amhail Sviatlana Tsikhanouskaya, Pavel Latushka, Maryia Maroz, Volha Kavalkova, Siarhei Dyleuski, Valery Tsapkala, Stsiapan Putsila and Yan Rudzik, ar mhuirir gan aon bhunús ‘comhcheilg chun cumhacht a urghabháil’ nó ‘eagraíochtaí antoisceacha a fhoirmiú’; á cháineadh go bhfuil ceannairí daonlathacha an fhreasúra, Pavel Sevyarynets agus Mikalai Statkevich i bpríosún i gcónaí; ag cáineadh ghníomhartha diansmachta trasnáisiúnta réimeas Lukashenka i gcoinne na Bealarúisigh thar lear, chomh maith le héascú agus comhar gníomhach na Rúise sa chos ar bolg sin; ag tathant ar an réimeas deireadh a chur láithreach le leanaí a bhaint de choimeád a dtuismitheoirí agus a bheith ag bagairt iad a bhaint de choimeád a dtuismitheoirí mar bhealach chun pionós a chur ar na tuismitheoirí as agóid a dhéanamh nó as a bheith gníomhach ó thaobh na polaitíochta de; ag spreagadh na Comhairle agus an Choimisiúin chun bealaí nua a shainaithint chun oibriú i dtreo gach príosúnach polaitiúil sa Bhealarúis a scaoileadh saor;

12.

ag tathant ar údaráis na Bealarúise gach pianbhreith bháis a laghdú láithreach agus moratóir láithreach a bhunú maidir le húsáid phionós an bháis, mar an chéad chéim i dtreo díothú iomlán agus buan;

13.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit leanúint de chosantóirí chearta an duine, dlíodóirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chumasú chun seirbhísí a sholáthar do phríosúnaigh pholaitiúla agus dá dteaghlaigh, go háirithe cúnamh sóisialta, cúram sláinte agus cosaint phoiblí; á iarraidh go ndéanfadh AE agus a Bhallstát, in ainneoin na ndeacrachtaí atá ann, teagmháil le hionadaithe na sochaí sibhialta, le cosantóirí chearta an duine, le heagraíochtaí neamhspleácha meán, le grúpaí atá ar son an daonlathais agus le teaghlaigh príosúnach polaitiúil sa Bhealarúis agus tacú leo;

14.

á iarraidh go gcomhoibreodh an Coimisiún, na Ballstáit agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí le comhpháirtithe idirnáisiúnta, amhail Sásra ESCE Moscó agus Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, chomh maith le cosantóirí chearta an duine agus ionadaithe na sochaí sibhialta ar an láthair, maidir le faireachán, doiciméadacht agus tuairisciú a dhéanamh ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar choireanna i gcoinne an chine dhaonna atá ar siúl sa Bhealarúis, chun cuntasacht agus ceartas ina dhiaidh sin a áirithiú do na híospartaigh; á thabhairt chun suntais obair luachmhar ENRanna laistigh agus lasmuigh den Bhealarúis a dhéanann cásanna céastóireachta a dhoiciméadú agus, ar an gcaoi sin, bunobair thábhachtach a leagan síos chun coireanna a dhéanann réimeas Lukashenka a ionchúiseamh amach anseo; á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an Ardán Cuntasachta Idirnáisiúnta don Bhealarúis;

15.

ag athdhearbhú a hiarrata ar Bhallstáit AE an foras a ullmhú d’ionchúiseamh coiriúil oifigeach ón mBealarúis atá freagrach as calaois toghcháin, sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna nó atá comhpháirteach iontu, faoi phrionsabail na dlínse seach-chríochaí agus uilechoitinne a bhfuil glacadh leo; ag athdhearbhú na hiarrata ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine go ndéanfadh gach Ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe machnamh ar an obair i dtreo na cuntasachta ar an mbealach sin; ag tacú le tuilleadh plé maidir le binse idirnáisiúnta um sháruithe ar chearta an duine sa Bhealarúis a bhunú sa Háig;

Rannpháirtíocht réimeas Lukashenka i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine

16.

ag cáineadh, sna téarmaí is láidre is féidir, rannpháirtíocht réimeas Lukashenka i gcogadh foghach gan údar, neamhdhleathach agus gan chúis na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus i gcur chun cinn na fuathchainte, na bréagaisnéise agus na bolscaireachta a léiríonn reitric bhréige Mhoscó; ag cáineadh, i ndáil leis sin, soláthar ollmhór armlón agus crua-earraí míleata an réimis d’ionsaitheoirí na Rúise, go háirithe monarú comhpháirteanna d’arm na Rúise, chomh maith le trúpaí na Rúise suite sa Bhealarúis agus a n-oiliúint ag teagascóirí ón mBealarúis, gur fáiltíodh roimh eagraíocht sceimhlitheoireachta neamhdhleathach státurraithe na Rúise, Grúpa Wagner, an bhagairt a bheith páirteach san ionsaí, mar aon le trúpaí a lonnú in aice leis an teorainn idir an Bhealarúis agus an Úcráin, a cheanglaíonn trúpaí na hÚcráine ansin, agus úsáid chríoch na Bealarúise, an aerspáis agus an bhonneagair mar fhoras céimnithe chun an ionradh a sheoladh, agus d’ionsaithe leanúnacha diúracán ar spriocanna míleata agus sibhialta san Úcráin; á thabhairt dá haire go n-easaontaíonn formhór mór na Bealarúise leis an rannpháirtíocht ilghnéitheach sin i gcogadh foghach na Rúise; á chur in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán le gníomhaithe na Bealarúise atá ag cur i gcoinne na n-ionsaitheoirí laistigh den Bhealarúis trí chur isteach ar iarnróid agus ar línte soláthair eile a úsáideann arm na Rúise, le cibearpháirtithe na Bealarúise agus leis na saorálaithe, go háirithe Kastuś Kalinouski agus iar-reisimintí Pahonia, atá ag troid go cróga in éineacht le fórsaí armtha na hÚcráine chun na hionsaitheoirí a ruaigeadh; ag tacú go hiomlán le cúnamh a sholáthar do na daoine sin atá ag cur ina choinne;

17.

ag cáineadh aistriú neamhdhleathach níos mó ná 2 150 leanbh, lena n-áirítear dílleachtaí, ó limistéir atá faoi fhorghabháil Rúiseach san Úcráin chuig campaí áineasa, mar a thugtar orthu, sa Bhealarúis, áit a bhfuil siad faoi réir rúisiú agus síolteagaisc; ag cáineadh go láidir rannpháirtíocht Chrois Dhearg na Bealarúise i ndíbirt neamhdhleathach leanaí ón Úcráin; ag tacú le himscrúdú ionchúisitheoirí na hÚcráine ar ról na Bealarúise san aistriú éigeantach agus á mheas go bhféadfadh sé gurb ionann gníomhaíochtaí Lukashenka féin agus a réimeas agus coir in aghaidh na daonnachta de ‘díbirt nó aistriú daonra le forneart’ faoi Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC); á mheas go bhfuil Lukashenka chomh freagrach céanna agus atá Vladimir Putin agus Maria Lvova-Belova as na coireanna cogaidh sin agus, dá bhrí sin, á iarraidh go ndéanfadh ICC breithniú ar bharántas idirnáisiúnta comhchosúil a eisiúint do ghabháil Lukashenka; á iarraidh go ndéanfadh an Comhairle liosta na ndaoine aonair a bhfuil smachtbhannaí AE dírithe orthu a leathnú chun na daoine sin a bhfuil baint acu le díbirt éigeantach leanaí ón Úcráin chuig an mBealarúis a áireamh;

18.

á iarraidh go mbeadh sineirgí agus comhleanúnachas níos fearr ann idir Compás Straitéiseach AE agus Coincheap Straitéiseach ECAT, go háirithe maidir lena gcur chun feidhme, d’fhonn ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus comhpháirteachas réimeas Lukashenka sa choinbhleacht sin a chomhrac; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dlús a chur leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT chun déileáil leis na gnéithe ábhartha uile de rannpháirtíocht na Bealarúise i gcogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á mheas gur gá straitéis chomhchoiteann a fhorbairt chun neamhspleáchas na Bealarúise a chaomhnú, lena n-áirítear tacaíocht idirnáisiúnta chun na críche sin agus d’aistriú na tíre chuig an daonlathas, le rannpháirtíocht AE agus institiúidí idirnáisiúnta amhail ESCE, Comhairle na hEorpa agus G7;

19.

á mheas, trí chogadh foghach gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chumasú, go bhfuil réimeas Lukashenka tagtha chun bheith ina chomhchoirí sna coireanna a rinne an Rúis, rud a thugann le tuiscint go bhfuil freagracht orthu as an scrios agus an damáiste a rinneadh don Úcráin; á mheas, thairis sin, nach mór dlínse a bheith ag an mbinse idirnáisiúnta speisialta maidir le coir ionsaithe a rinne an Rúis i gcoinne na hÚcráine chun imscrúdú a dhéanamh ní hamháin ar Putin agus ar cheannaireacht pholaitiúil agus mhíleata na Rúise, ach ar cheannaireacht na Bealarúise freisin; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh institiúidí AE agus na Ballstáit na gníomhaíochtaí uile is gá chun ionchúiseamh coiriúil oifigeach ón mBealarúis atá comhpháirteach i gcoir ionsaithe, coireanna cogaidh, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cinedhíothaithe a dhéantar i gcoinne na hÚcráine a chumasú; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, na céimeanna a glacadh chun oifig tíre ICC a bhunú san Úcráin; á iarraidh go ndéanfadh AE agus a Bhallstáit conairí dlíthiúla a aimsiú chun sócmhainní cheannaireacht na Bealarúise agus eintitis ghaolmhara na Bealarúise a bhfuil baint acu le hiarrachtaí cogaidh na Rúise a urghabháil agus, más féidir, iad a úsáid chun tacú le hatógáil na hÚcráine;

20.

á iarraidh go ndéanfadh AE agus a Bhallstáit raon feidhme a smachtbhannaí (bearta sriantacha) a leathnú agus a neartú agus sraith nua smachtbhannaí a ghlacadh i gcoinne na Bealarúise agus na Rúise agus i gcoinne na ndaoine aonair agus na n-eintiteas dlíthiúil atá freagrach as na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Bhealarúis nó atá comhpháirteach iontu, faoi réimis smachtbhannaí na Rúise agus na Bealarúise agus faoi Shásra Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (Gníomh Magnitsky AE), lena n-áirítear smachtbhannaí a fhorchur ar bhreithiúna, ionchúisitheoirí, oifigigh forfheidhmithe dlí, oifigigh phríosúin agus choilíneachta pionóis, bolscairí agus gníomhairí KGB míchlúiteach agus an Phríomh-Stiúrthóireacht um Choireacht Eagraithe agus Éilliú a Chomhrac (GUBOPiK/HUZBAiK);

21.

á iarraidh go ndéanfaí aithris ar na smachtbhannaí atá ann cheana i gcoinne na Rúise i gcoinne na Bealarúise; á iarraidh go ndéanfaí aithris ar na smachtbhannaí atá ann cheana i gcoinne na Rúise i gcoinne na Bealarúise; á áitiú gur cheart potais na Bealarúise, arb í an phríomhfhoinse d’ioncam an réimis í, fanacht ar liosta na smachtbhannaí agus nár cheart é a iompar trí chríoch AE, go háirithe ós rud é go bhfuil baint dhíreach ag príomhtháirgeoir potais na Bealarúise, Belaruskali, le haistriú neamhdhleathach, le rúisiú agus le síolteagasc leanaí na hÚcráine; á iarraidh go ndéanfadh AE agus a Bhallstáit a n-acmhainneacht a mhéadú go práinneach chun measúnú a dhéanamh ar fhíoréifeacht smachtbhannaí agus damáiste comhthaobhachta a d’fhéadfadh a bheith ann, chun cur chun feidhme iomlán na mbeart sriantach uile a bhaineann leis an mBealarúis agus le daoine aonair na Bealarúise a áirithiú agus chun deireadh a chur le haon scéimeanna imchéimnithe, chomh maith le tacaíocht leormhaith a chur ar fáil d’obair Thoscaire Speisialta AE maidir le Cur Chun Feidhme Smachtbhannaí AE maidir le haghaidh a thabhairt ar gach lúb ar lár agus cur chun feidhme éifeachtach na smachtbhannaí uile a fheabhsú;

22.

á iarraidh go gcuirfí an Rúis agus an Bhealarúis ar liosta tríú tíortha ardriosca AE maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac; á iarraidh go ndéanfaí liosta a tharraingt suas de ghaolta díreacha na ndaoine sin atá nasctha le réimeas coiriúil Lukashenka atá ag baint tairbhe as fáilteachas thíortha AE; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú láithreach ar a víosaí iontrála agus ar a stádas cónaithe; ag tathant ar an gCoiste Idirnáisiúnta Oilimpeach agus ar chónaidhmeanna idirnáisiúnta spóirt eile gan ligean do lúthchleasaithe ón mBealarúis agus ón Rúis, a bhfuil go leor acu ag tacú le nó a ghlac páirt fiú i gcogadh foghach gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, dul san iomaíocht i gCluichí Oilimpeacha Pháras 2024 nó in aon imeachtaí idirnáisiúnta spóirt eile;

23.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil roinnt Ballstát ag brústocaireacht ar na smachtbhannaí i gcoinne tháirgeoirí potais na Bealarúise, lena n-áirítear Belaruskali, agus á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit cineálacha cur chuige coiteanna a shainaithint maidir leis na dúshláin a bhaineann leis na smachtbhannaí; ag cáineadh na dtríú tíortha sin atá ag cabhrú leis an Rúis agus leis an mBealarúis teacht timpeall ar na smachtbhannaí atá i bhfeidhm agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit breithniú ar smachtbhannaí tánaisteacha i gcoinne na dtríú tíortha sin; á chur in iúl gur saoth léi an chuairt oifigiúil a thug Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hUngáire ar Mhionsc i mí Feabhra 2023, rud atá ag teacht salach ar bheartas AE maidir leis an mBealarúis, leis an Rúis agus leis an gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine; á iarraidh go bhféachfadh an Chomhairle agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ar bhearta breise seachas smachtbhannaí agus cur chuige fadtéarmach comhleanúnach agus cuimsitheach a fhorbairt i leith na Bealarúise, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe AE;

Ceannasacht na Bealarúise agus cosaint a teanga agus a cultúr náisiúnta

24.

ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, fo-ordú polaitiúil, eacnamaíoch, míleata agus cultúrtha na Bealarúise i dtreo Mhoscó; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an Bhealarúis ina stát satailíte de chuid na Rúise anois agus ag cáineadh ghníomhaíochtaí an dá réimeas, a bhféadfadh ionsú agus ionghabháil na Bealarúise ag an Rúis a bheith mar thoradh orthu; ag cáineadh athbhreithnitheacht stairiúil réimeas Lukashenka agus a iarrachtaí údar a thabhairt lena choireanna, go háirithe cos ar bolg ar mhuintir na Bealarúise agus an cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine; ag cáineadh imscaradh arm núicléach oirbheartaíochta na Rúise faoi cheannas na Rúise ar chríoch na Bealarúise, i sárú follasach ar stádas saor ó núicléach na Bealarúise, a cúlghaireadh tar éis reifreann bunreachtúil calaoiseach an 27 Feabhra 2022; á athdhearbhú go gcáineann sí an t-imscaradh sin, ar sárú é ar an gConradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach agus a d’fhéadfadh tuilleadh ath-imscarthaí núicléacha a spreagadh sa réigiún; á iarraidh go ndéanfadh AE, a Bhallstáit agus ECAT gach beart is féidir chun déileáil leis an imscaradh sin; á chur in iúl gur saoth léi reitric bhagarthach Lukashenka maidir le húsáid fhéideartha arm núicléach; á iarraidh go n-oibreodh AE i gcomhar leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach agus le Grúpa Rialtóirí na hEorpa um Shábháilteacht Núicléach chun sábháilteacht núicléach a áirithiú ag NPP na Bealarúise in Astravyets agus á chur in iúl gur oth léi gur seoladh an dara himoibreoir ag NPP na Bealarúise gan aghaidh a bheith tugtha go cuí ar na hábhair imní maidir le sábháilteacht núicléach a d’ardaigh an pobal idirnáisiúnta; á iarraidh nach ndéanfadh institiúidí AE agus na Ballstáit aitheantas a thabhairt d’aon chomhaontuithe a shínigh réimeas Lukashenka leis an Rúis, ar comhaontuithe iad lena ndéantar ceannasacht na Bealarúise a ghéilleadh i gcoinne thoil an phobail;

25.

á iarraidh go ndéanfadh AE agus na Ballstáit aontacht a choinneáil chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí ilghnéitheacha a bhaineann le réimeas Aliaksandr Lukashenka ar AE, go háirithe ionstraimiú stát-eagraithe leanúnach agus méadaitheach na himirce, arb é is cúis d’aon ghnó le fulaingt an duine ag teorainneacha na Bealarúise leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn agus níos faide i gcéin; ag cáineadh go láidir úsáid na himirce chun críocha polaitiúla ag údaráis na Bealarúise agus á mheas gur díoltas é sin atá eagraithe d’aon ghnó ag réimeas Lukashenka i gcoinne Bhallstáit AE mar gheall ar a dtacaíocht d’fhórsaí daonlathacha na Bealarúise, agus é mar aidhm na Ballstáit sin a dhíchobhsú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an staid dhaonnúil feadh theorainneacha na Bealarúise le Ballstáit AE; á iarraidh go gcloífeadh na Ballstáit AE atá i gceist le dlí AE, ós rud é go bhfuil sé i gcroílár an tionscadail dhaonlathaigh Eorpaigh, ina bhfuil AE ag iarraidh go nglacfadh an Bhealarúis páirt freisin, cloí le noirm bhunúsacha Eorpacha, leis an dlí idirnáisiúnta agus le meas ar dhínit gach duine, go háirithe i bhfianaise dúshláin; á chur i bhfáth gur gá an ceart chun tearmainn a ráthú, agus dálaí glactha daonnachtúla agus díniteacha á gcur ar fáil d’imircigh agus d’iarrthóirí tearmainn atá sáinnithe ag an teorainn;

26.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcruthaíonn teacht chuideachta míleata príobháidí Rúiseach Grúpa Wagner, rioscaí slándála féideartha don Úcráin, do chomharsana AE na Bealarúise agus do AE ina iomláine; athdhearbhaíonn sí a iarraidh ar an gComhairle Grúpa Wagner a chur ar liosta sceimhlitheoireachta an AE agus iarrann sí ar an AE agus ar na Ballstáit leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Ghrúpa Wagner, agus cosaint theorainneacha an Aontais a threisiú chun cosc a chur ar aon bhriogadh ag an nGrupa Wagner nó aon iarrachtaí ag amhais de chuid an Ghrúpa Wagner trasnú isteach san Aontas, chomh maith le leanúint den chomhrac i gcoinne na smuigleála earraí ón mBealarúis atá ag dul i méid;

27.

ag tabhairt dá haire spleáchas eacnamaíoch méadaitheach na Bealarúise ar an Rúis agus ar thíortha neamhdhaonlathacha eile, lena n-áirítear an tSín; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil an Bhealarúis ag filleadh ar an tsamhail eacnamaíoch atá pleanáilte go lárnach do ré na Sóivéide, lena ndéanfar an tír a leithlisiú tuilleadh ón margadh domhanda agus a mbeidh moill ar an nuálaíocht agus ar an nuachóiriú agus ar imirce leanúnach daoine oilte mar thoradh air, rud atá contrártha do leasanna mhuintir na Bealarúise, a léirigh tionscnamh fiontraíochta méadaithe le blianta beaga anuas;

28.

á mheabhrú do ghnólachtaí uile AE atá ag feidhmiú sa Bhealarúis gur iarr sí roimhe seo dícheall ar leith a fheidhmiú agus seasamh lena bhfreagracht cearta an duine a urramú, i gcomhréir le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine; á iarraidh go ndéanfadh gnólachtaí den sórt sin staonadh ó aon infheistíocht nua sa tír agus agóid phoiblí a dhéanamh chuig údaráis na Bealarúise i gcoinne chur faoi chois leanúnach oibrithe agus saoránach i gcoitinne;

29.

á iarraidh go leanfadh an Coimisiún agus Ballstáit AE de thacaíocht a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide sa Bhealarúis, ós rud é go raibh ról tábhachtach acu maidir le tacaíocht a thabhairt don ghluaiseacht atá ar son an daonlathais sa Bhealarúis, le linn thoghcháin uachtaránachta 2020 agus ó shin;

30.

á chur in iúl go bhfuil dlúthpháirtíocht ann leis na Bealarúisigh atá ag iarraidh a bhféiniúlacht náisiúnta a chosaint agus a chothú, go háirithe trí iarrachtaí chun úsáid teanga na Bealarúise a scaipeadh á chur in iúl gur saoth léi gur gearradh pianbhreith, le déanaí, ar an mbainisteoir ealaíne Pavel Belavus go 13 bliana i bpríosún as a chuid iarrachtaí teanga agus cultúr na Bealarúise a chur chun cinn; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta dá cumarsáid sa Bhealarúisis a mhéadú, go háirithe trína tuarascálacha agus a rúin maidir le beartais na Bealarúise agus Chomhpháirtíocht an Oirthir a aistriú go Bealarúisis, agus á iarraidh go ndéanfadh institiúidí eile AE an rud céanna;

31.

ag tathant ar réimeas na Bealarúise deireadh a chur lena idirdhealú agus lena fhoréigean i gcoinne na mionlach uile, go háirithe mionlaigh eitneacha, reiligiúnacha agus gnéis; ag cáineadh údaráis na Bealarúise as díriú ar phobail eitneacha na Liotuáine agus na Polainne sa tír, go háirithe trí na cinntí a rinneadh le déanaí atá dírithe ar scoileanna sa Liotuáinis agus sa Pholainnis a leachtú agus deireadh a chur leis an oideachas sa Liotuáinis agus sa Pholainnis; á iarraidh go ndéanfadh údaráis na Bealarúise urraim a thabhairt do chearta mhionlaigh na Liotuáine agus na Polainne, lena n-áirítear an ceart chun oideachais sa Liotuáinis agus sa Pholainnis; ag cáineadh ghabháil Andżelika Borys, Andrzej Poczobut agus ball eile de phobal na Polainne; á mheas go bhfuil na cúisimh maidir le ‘fuath a spreagadh’ agus ‘athshlánú an Naitsíochais’ a tugadh i gcoinne Andżelika Borys polaitiúil agus gan fiúntas ná luach dlíthiúil ar bith, agus á thabhairt dá haire gur glanadh a hainm maidir leis na muirir sin;

32.

ag cáineadh go láidir an ghéarleanúint ar phobail reiligiúnacha sa Bhealarúis, lena n-áirítear an ghéarleanúint ar chléir agus ar thuataí araon a dhiúltaíonn, ina ngníomhaíochtaí reiligiúnacha, tacú le seasamh réimeas Lukashenka, agus a chuireann in iúl a n-easaontas lena bheartais; ag cáineadh, ina leith sin, pianbhreith an tsagart Cheartchreidmhigh Siarhei Rezanovich, a bhean chéile agus a mhic go 16 bliana i bpríosún, an brú a cuireadh ar Ardeaspag Cheartchreidmheach, Artemy Kishchanka nach maireann, chomh maith le gabháil rialta chomhaltaí na cléire, lena n-áirítear príosúnacht na sagart Caitliceach Viachaslau Adamovich, Andrei Kulik agus Aliaksandr Shautsou agus an caiticeasmóir Uladzislau Beladzed i mí na Bealtaine 2023; ag cáineadh freisin coigistiú eaglaisí ó Chaitlicigh i Mionsc agus toirmeasc ar aon ghníomhaíocht pholaitiúil faoi chuimsiú an soiscéalachais Phrotastúnach;

33.

ag tathant ar réimeas Lukashenka deireadh a chur láithreach leis an ngéarleanúint agus leis an idirdhealú agus leis an bhforéigean i gcoinne daoine LGBTI agus cosaint agus cuimsiú iomlán na ndaoine sin sa tsochaí a áirithiú; ag tacú le hiarrachtaí eagraíochtaí LGBTI sa Bhealarúis chun athchóirithe dlíthiúla a mholadh lena n-áiritheofar cearta agus cosaint chomhionann do gach duine aonair;

34.

á chur in iúl gur saoth léi an easpa reachtaíochta frith-idirdhealaithe maidir le daoine faoi mhíchumas sa Bhealarúis, chomh maith le dúnadh éigeantach phríomheagraíocht chearta an mhíchumais sa tír in 2021, an Oifig um Chearta Daoine faoi Mhíchumas; á chur in iúl gur saoth léi na fadhbanna atá os comhair leanaí faoi mhíchumas sa Bhealarúis maidir le diagnóisí cuí, oideachas agus athimeascadh sóisialta agus easpa cuntasachta poiblí agus trédhearcachta na n-institiúidí ina gcoimeádtar na leanaí sin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le dí-institiúidiú agus le haisghairm Dhlí Uimh. 183-Z ó Phoblacht na Bealarúise an 30 Meitheamh 2022 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus a lánpháirtiú sóisialta, lena ndéantar idirdhealú i gcoinne leanaí agus daoine fásta faoi mhíchumas, lena gcuirtear teorainn lena rochtain ar oideachas bunscoile, meánscoile agus ardoideachais ag brath ar a leibhéal míchumais; á chur in iúl gur cúis uafáis di go leanann údaráis na Bealarúise de dhaoine faoi mhíchumas éagsúla a chur sna saoráidí céanna agus nach gcuireann siad cúram speisialaithe ar fáil d’aon ghrúpa, go mbainfear a gcearta dlíthiúla de bhreis agus 10 000 duine faoi mhíchumas a bhfuil cónaí orthu in institiúidí ‘síceolaíche’, agus go bhfuil stiúrthóirí na n-institiúidí sin ainmnithe mar chaomhnóirí dlíthiúla ag cúirteanna; á chur i bhfios go láidir gur gá forálacha a aisghairm lena gceadaítear cailleadh ainneonach saoirse;

Tacaíocht don daonlathas agus do mhianta Eorpacha

35.

á thabhairt chun suntais go bhfuil naisc stairiúla ag an mBealarúis leis an gcuid eile den Eoraip agus go gcomhroinneann sí oidhreacht chultúr agus fhéiniúlacht na hEorpa, agus, bunaithe ar ardmhianta mhuintir na Bealarúise, gur cheart di fanacht mar chuid de spás polaitiúil, cultúrtha agus eacnamaíoch na hEorpa; ag aithint agus ag tacú go mór leis na dearbhuithe a rinne Sviatlana Tsikhanouskaya agus ceannairí pháirtithe polaitiúla daonlathacha na Bealarúise maidir le mianta Eorpacha na Bealarúise; á iarraidh go ndéanfadh institiúidí AE agus na Ballstáit straitéis níos uaillmhianaí agus níos cuimsithí a fhorbairt, mar aon le plean eacnamaíoch leathan, lena dtabharfaí tacaíocht d’fhórsaí daonlathacha na Bealarúise, lena n-áirítear páirtithe polaitiúla an fhreasúra, gníomhaithe na sochaí sibhialta, cosantóirí chearta an duine, ealaíontóirí neamhspleácha, ceardchumainn neamhspleácha agus eagraíochtaí meán saora laistigh agus lasmuigh den Bhealarúis, d’fhonn aistriú daonlathach a chothú sa tír agus neamhspleáchas agus ceannasacht na Bealarúise a chaomhnú; á iarraidh go mbeadh cláir chuimsitheacha forbartha acmhainní ann, oiliúint maidir le saineolas dlíthiúil chun reachtaíocht a dhréachtú agus maidir le slándáil dhigiteach agus phearsanta, tionscnaimh mheantóireachta, cúrsaí oiliúna agus deiseanna oideachais eile chun na gníomhaithe sin a chumhachtú agus a n-acmhainneacht a chothú;

36.

á iarraidh go gcuirfí feabhas ar chumarsáid AE leis na daoine sa Bhealarúis chun faisnéis a chur ar fáil dóibh agus chun cur i gcoinne na bréagaisnéise agus na bolscaireachta ó na meáin atá faoi rialú an stáit; ag tathant ar Bhallstáit AE teagmhálacha a chothú idir a bpobail féin agus muintir na Bealarúise, agus a ngníomhaíochtaí a chomhordú chun na deacrachtaí a bhíonn ag fórsaí daonlathacha agus páirtithe polaitiúla freasúra, gníomhaithe na sochaí sibhialta agus saoránaigh eile na Bealarúise ar deoraíocht a mhaolú, mar shampla sa phróiseas chun ceadanna cónaithe a fháil agus cuntais bhainc a oscailt agus i gcomhthéacs nósanna imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosaí sa Bhealarúis agus i dtríú tíortha, lena n-áirítear mar thoradh ar chur i bhfeidhm mícheart an chórais smachtbhannaí; á chur i bhfáth nár cheart muintir na Bealarúise a ionannú le réimeas Lukashenka agus nár cheart idirdhealú a dhéanamh ar mhuintir na Bealarúise a bhfuil cónaí orthu ar deoraíocht ar bhonn rannpháirtíocht an réimis sa chogadh i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur saoth léi an díbirt nó an neamh-athnuachan a rinne réimeas Lukashenka ar chreidiúnú taidhleoirí ó AE, óna Bhallstáit agus ó thíortha eile, chun teorainn a chur lena dtacaíocht do Bhealarúisigh atá faoi ghéarleanúint agus dá gcumas víosaí a eisiúint; ag aithint obair eagraíochtaí sochaí sibhialta AE chun tacú lena gcomhpháirtithe sa Bhealarúis agus chun cabhrú le Bealarúisigh le linn phróiseas an athlonnaithe, agus á iarraidh go ndéanfadh AE agus a Bhallstáit a gcuid oibre a chumasú tuilleadh;

37.

ag spreagadh na mBallstát na nósanna imeachta chun víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil a shimpliú tuilleadh dóibh siúd atá ag teitheadh ón mBealarúis ar chúiseanna polaitiúla nó dóibh siúd a bhfuil cóireáil leighis de dhíth orthu mar thoradh ar fhoréigean a dhéantar ina gcoinne; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit rialacha agus nósanna imeachta a ullmhú chun déileáil le cásanna ina mbaintear a saoránacht de chosantóirí chearta an duine agus de ghníomhaithe eile na sochaí sibhialta sa Bhealarúis, chomh maith le tacaíocht a chur ar fáil do na Bealarúisigh sin atá ina gcónaí in AE a bhfuil a ndoiciméid aitheantais ar tí dul in éag agus nach bhfuil aon bhealach acu iad a athnuachan, ós rud é nach féidir leo filleadh ar an mBealarúis;

38.

á iarraidh go ndéanfadh an Comhairle a conclúidí maidir leis an mBealarúis a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta trí dhíriú ar réamhghabháil agus srianadh na rioscaí slándála a bhaineann le réimeas Lukashenka, ar bheartas poiblí éifeachtach AE agus ar rannpháirtíocht le muintir na Bealarúise, lena n-áirítear iad siúd atá ar deoraíocht, comhar struchtúrtha le fórsaí daonlathacha na Bealarúise agus leis an tsochaí shibhialta agus tacaíocht d’íospartaigh réimeas Lukashenka;

39.

á chur in iúl gur geal léi gur osclaíodh Misean oifigiúil na Bealarúise Daonlathaí sa Bhruiséil an 1 Márta 2023; á chur in iúl gur geal léi freisin gur cruthaíodh an Chomh-aireacht Idirthréimhseach Aontaithe mar chomhlacht lárnach feidhmiúcháin na gluaiseachta daonlathaí, ar comhlacht é, in éineacht leis an gComhairle Comhordaithe, comhlacht ionadaíoch aontaithe de chuid shochaí dhaonlathach na Bealarúise, ar cheart don chomhphobal idirnáisiúnta déileáil leis mar ionadaithe daonlathacha na ndaoine na Bealarúise; á iarraidh go síneofaí comhaontú chun comhar idir Parlaimint na hEorpa agus fórsaí daonlathacha na Bealarúise agus an tsochaí shibhialta a chur ar bhonn foirmiúil agus a chórasú, lena n-áirítear an Chomh-aireacht Idirthréimhseach Aontaithe agus an Chomhairle Comhordúcháin; á chur i bhfáth gur gá don Chomhairle agus don Choimisiún aird idirnáisiúnta agus tacaíocht idirnáisiúnta a choinneáil ar ghluaiseacht atá ar son an daonlathais sa Bhealarúis, atá tar éis athrú tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á iarraidh go mbeadh an Coimisiún agus an Chomhairle ullamh do chásanna éagsúla, amhail ionadú (éigeantach) Lukashenka nó forghabháil de facto na Rúise ar an mBealarúis, agus dul i gcomhairle leis an gComh-aireacht Idirthréimhseach Aontaithe maidir leis na cásanna sin;

40.

á chur in iúl gur geal léi gur fhormheas an Coimisiún an clár tacaíochta ‘EU4Belarus: ag tacú le hathléimneacht shochaíoch agus forbairt caipitil dhaonna’, arb é is aidhm dó tacú le hardmhianta daonlathacha na Bealarúise; á mheas go bhfuil tacaíocht den sórt sin bunriachtanach chun na hathruithe i sochaí na Bealarúise a d’eascair as an ngluaiseacht shíochánta ar son an daonlathais le linn thoghcháin uachtaránachta 2020 a chaomhnú; á áitiú go ndéanfaí cistí EU4Belarus a dhíriú go straitéiseach ar ghníomhaíochtaí chun tacú le mianta Eorpacha mhuintir na Bealarúise;

41.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint den tacaíocht do ghníomhaíochtaí cultúrtha agus oideachais shochaí shibhialta agus institiúidí acadúla na Bealarúise agus iad a leathnú, lena n-áirítear iad siúd atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do theanga na Bealarúise agus do na meáin neamhspleácha; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tacú leis an digitiú agus le spásanna a chruthú do rannpháirtíocht shibhialta agus pholaitiúil na Bealarúise ar son an daonlathais; á iarraidh go leanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit de thacaíocht a thabhairt do mheáin neamhspleácha na Bealarúise, a ndearnadh meath orthu tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020 agus a raibh orthu a ngníomhaíochtaí a athlonnú agus a atógáil; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit, i ndáil leis sin, acmhainneacht eagraíochtaí meán teanga na Bealarúise a neartú, lena n-áirítear Charter 97, Radio Racyja, Euroradio, Belsat TV, Naša Niva agus Novy Čas, agus aird ar leith a thabhairt ar asraonta nua amhail NEXTA, Malanka agus Zerkalo (TUT.BY roimhe seo); á chur in iúl gur geal léi athlonnú Radio Free Europe/Radio Liberty agus oscailt a hoifige sa Liotuáin, lena gcuirtear clúdach inchreidte sna meáin ar fáil don lucht féachana sa Bhealarúis;

42.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé naisc agus comhar idir an Bhealarúis, ar thaobh amháin, agus daoine óga agus an pobal acadúil in AE, ar an taobh eile, a neartú go leanúnach; á chur in iúl gur geal léi leithdháileadh acmhainní airgeadais AE chun deiseanna oideachais a chur ar fáil do mhic léinn agus do ghairmithe na Bealarúise, go háirithe trí thionscadal EU4Belarus MOST+ (‘scéim soghluaisteachta le haghaidh teagmhálacha spriocdhírithe duine le duine’); ag dréim leis go leanfar den tacaíocht sin agus go n-áireofar Bealarúisigh go mór i gcláir AE, amhail Erasmus+ agus Fís Eorpach; á iarraidh, thairis sin, go dtabharfaí tacaíocht leanúnach d’institiúidí acadúla neamhspleácha na Bealarúise, lena n-áirítear Ollscoil na nDaonnachtaí Eorpacha in Vilnias;

43.

á áitiú gur cheart leanúint de sciar suntasach de thacaíocht airgeadais AE a dhíriú trí shásraí AE atá solúbtha agus neamhchlaonta, amhail an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais (EED), lena n-áiritheofaí spriocdhíriú agus cuntasacht mhaith d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, d’eagraíochtaí neamhspleácha meán agus do ghrúpaí atá ar son an daonlathais; á iarraidh go ndéanfaí cistiú níos ísle ar an tairseach d’eagraíochtaí neamhrialtasacha laistigh agus lasmuigh den Bhealarúis; ag moladh gur cheart do EED a fhócas ar an mBealarúis a neartú, agus gur cheart do na Ballstáit níos mó acmhainní a chur ar fáil do EED chun tacú le fórsaí daonlathacha na Bealarúise;

44.

ag tacú leis na hullmhúcháin do chomhdháil idirnáisiúnta deontóirí faoi stiúir AE chun cabhrú le fórsaí daonlathacha na Bealarúise; á iarraidh go ndéanfadh AE teagmháil ar leibhéal oibríochtúil le hionadaithe fhórsaí daonlathacha na Bealarúise chun an obair ar ghlacadh treochláir a thabhairt i gcrích chun an pacáiste eacnamaíoch agus infheistíochta EUR 3 bhilliún atá beartaithe cheana féin ag an gCoimisiún a chur chun feidhme mar bhealach chun mianta daonlathacha mhuintir na Bealarúise a ghlacadh; á iarraidh go mbeadh idirphlé polaitiúil ann idir AE agus fórsaí daonlathacha na Bealarúise chun fís chomhpháirteach a bhaint amach maidir leis an bplean tacaíochta thuasluaite; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le plé substainteach poiblí chun tacaíocht phoiblí a fhorbairt do rannpháirtíocht shuntasach AE;

45.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di trédhearcacht, saoirse agus cothroime thoghcháin pharlaiminteacha agus áitiúla 2024 sa Bhealarúis, go háirithe i bhfianaise srianta dlíthiúla nua ar pháirtithe polaitiúla agus ráitis ón gCoimisiún Lárnach Toghcháin ina ceistítear tábhacht na breathnóireachta toghchán idirnáisiúnta agus ról Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine; ag cáineadh go bhfuil dálaí dofhulaingthe ann do ghníomhaíochtaí pháirtithe daonlathacha an fhreasúra sa Bhealarúis agus go bhfuil srianta orthu; ag cáineadh, go háirithe, an dlí nua maidir le páirtithe polaitiúla a glacadh i mí Feabhra 2023, arb é is aidhm dó go soiléir bac a chur ar ghníomhaíochtaí fórsaí daonlathacha agus iad a dhíspreagadh trí shrianta breise agus an oibleagáid clárú leis an Aireacht Dlí agus Cirt a fhorchur; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go ndéanann an dlí sin iarracht d’aon turas páirtithe daonlathacha a leachtú go foirmiúil agus cosc a chur orthu páirt a ghlacadh i dtoghcháin pharlaiminteacha 2024 agus go mbeidh toirmeasc de facto ar aon pháirtí polaitiúil i gcoinne an réimis mar thoradh air ar deireadh; á iarraidh go ndéanfadh páirtithe polaitiúla náisiúnta na mBallstát agus ar pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a gcomhar le páirtithe polaitiúla daonlathacha sa Bhealarúis agus tacaíocht dóibh a fhorbairt tuilleadh;

46.

á iarraidh go ndéanfadh ceannaireacht fhórsaí daonlathacha na Bealarúise aontacht a choinneáil agus leanúint de mhodhanna nuálacha a úsáid chun pobal na Bealarúise a chur ar an eolas agus dul i dteagmháil leo, go háirithe laistigh den tír, chun a muinín agus a gcreideamh as athrú daonlathach a choinneáil agus iad a shlógadh sna toghcháin atá ar na bacáin;

o

o o

47.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, chuig Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, chuig an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, chuig ionadaithe fhórsaí daonlathacha na Bealarúise, an Chrois Dhearg Idirnáisiúnta, an Coiste Idirnáisiúnta Oilimpeach, Aontas Chumainn Sacair na hEorpa, Cumann Fédération Internationale de Football, Cónaidhm Idirnáisiúnta Haca Oighir, Cónaidhm Idirnáisiúnta na Leadóige, Cumann Gairmithe Leadóige na mBan, Cumann Leadóige na mBan agus údaráis de facto Phoblacht na Bealarúise.

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1761/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)