5.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/326


CINNEADH (AE) 2022/1772 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 4 Bealtaine 2022

ar dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) don bhliain airgeadais 2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

—

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2020,

—

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

—

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0089/2022),

—

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

—

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lenar bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (4), agus go háirithe Airteagal 19 de,

—

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

—

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0100/2022),

 

1.

ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2020;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

 

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Klaus WELLE


(1)   IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697

(2)   IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 208, 5.8.2002, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.