European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/777

31.3.2026

CINNEADH (CBES) 2026/777 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Márta 2026

lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Samhain 2008, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES (1), lenar bunaíodh oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA). An 16 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/3186 (2), lenar leasaíodh Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES agus cuireadh síneadh le EUNAVFOR ATALANTA go dtí an 28 Feabhra 2027.

(2)

An 24 Meitheamh 2025, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart sainordú EUNAVFOR ATALANTA a ailíniú le sainordú oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar scáthchabhlaigh.

(3)

I gcomhthéacs Athbhreithniú Straitéiseach 2026 ar EUNAVFOR ASPIDES agus i gcomhthéacs Mheasúnú Straitéiseach 2025 ar EUNAVFOR ATALANTA, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go gcuirfí deireadh leis an gcúram neamhfheidhmiúcháin maidir le faireachán a dhéanamh ar an trádáil aindleathach fioghuail.

(4)

Ina theannta sin, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála, sa bhreis ar na cúraimí neamhfheidhmiúcháin atá air faoi láthair lena n-áirithítear feasacht staide muirí, go gcuirfí de chúram ar EUNAVFOR ATALANTA faisnéis maidir le gníomhaíochtaí amhrasacha a bhaineann le Bonneagair Fhomhuirí Chriticiúla a bhailiú agus a chomhroinnt, de réir acmhainne agus cumais.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I nGníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Ina theannta sin, déanfaidh EUNAVFOR ATALANTA faireachán, mar chúram neamhfheidhmiúcháin tánaisteach, ar gháinneáil ar airm, ar iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) agus gáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha an 20 Nollaig 1988.’

;

(2)

i mír 7, cuirtear an abairt seo a leanas léi:

‘Déanfaidh EUNAVFOR ATALANTA faisnéis maidir le gníomhaíochtaí amhrasacha a bhaineann le Bonneagair Fhomhuirí Chriticiúla (CSI) a bhailiú agus a chomhroinnt freisin, de réir acmhainne agus cumais.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. PANAYIOTOU


(1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) (IO L 301, 12.11.2008, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/joint_action/2008/851/oj).

(2)  Cinneadh (CBES) 2024/3186 ón gComhairle an 16 Nollaig 2024 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) (IO L, 2024/3186, 17.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3186/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/777/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)