An Bhruiséil,4.2.2026

COM(2026) 60 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú an tarmligin a thugtar don Choimisiún de bhun Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2015/2283 maidir le bianna núíosacha


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú an tarmligin a thugtar don Choimisiún de bhun Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2015/2283 maidir le bianna núíosacha

 

1.Réamhrá

Comhlíonann an tuarascáil seo an oibleagáid a leagtar síos don Choimisiún le hAirteagal 32(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha 1 (‘an Rialachán maidir le Bianna Núíosacha’). Bunaítear leis an Rialachán maidir le Bianna Núíosacha na prionsabail, na ceanglais agus na freagrachtaí ginearálta lena rialaítear údarú bianna núíosacha ar mhargadh an Aontais, nithe lena n-áirithítear feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do leasanna tomhaltóirí á sholáthar an tráth céanna.

Le hAirteagal 31 den Rialachán maidir le Bianna Núíosacha, cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an sainmhíniú ar na nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 3(2) a choigeartú agus a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó do na sainmhínithe a bheidh comhaontaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta.

2.Bunús dlí

De réir Airteagal 32(3) den Rialachán maidir le Bianna Núíosacha, tugadh an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi Airteagal 31 ar feadh tréimhse tosaigh 5 bliana ón 31 Nollaig 2015. Cuireadh de chúram ar an gCoimisiún tuarascáil a chur isteach maidir le feidhmiú an tarmligin cumhachta a thugtar leis an Rialachán maidir le Bianna Núíosacha tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana. Bhí síneadh le cur leis an tarmligean cumhachta go hintuigthe ar feadh tréimhsí 5 bliana, ach amháin má chuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.An tarmligean a fheidhmiú

Agus an tarmligean a thugtar le hAirteagal 31 den Rialachán maidir le Bianna Núíosach á fheidhmiú ag an gCoimisiún, tá bearta déanta aige chun gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an sainmhíniú ar nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu a choigeartú agus a oiriúnú.

I bpointe (f) d’Airteagal 3(2) den Rialachán maidir le Bia Núíosach, sainmhínítear ‘nana-ábhar a ndearnadh innealtóireacht air’ mar

‘aon ábhar a tháirgtear d’aon ghnó ag a bhfuil toise amháin nó níos mó de 100 nm nó níos lú, nó ar ábhar é atá comhdhéanta de chodanna feidhmiúla scoite, bíodh siad sa mhianach ann nó ar an dromchla, ar codanna go leor acu ag a bhfuil toise amháin nó níos mó de 100 nm nó níos lú, lena n-áirítear struchtúir, ceirtleáin nó tathaguithe, a bhféadfaidh méid níos mó de 100 nm a bheith acu ach a bhfuil airíonna fós acu ar saintréithe den nanascála iad.

Ar na hairíonna ar saintréithe den nanascála iad, áirítear na nithe seo a leanas:

(i) na hairíonna sin a bhaineann le hachar dromchla sonrach mór na n-ábhar sin; agus/nó

(ii) airíonna fisiciceimiceacha sonracha atá éagsúil ó airíonna neamh-nanafhoirmeacha an ábhair chéanna.’

Chuir an sainmhíniú sin le Moladh ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2011 2 lenar tugadh isteach sainmhíniú ar nana-ábhar.

Ina dhiaidh sin, an 10 Meitheamh 2022, glacadh Moladh nua ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar nana-ábhair (‘an Moladh ón gCoimisiún’) ar bhonn forbairtí teicniúla agus eolaíocha úrscothacha 3 . Ba thoradh é an Moladh ón gCoimisiún ar athbhreithniú críochnúil 4 agus ar chomhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara 5 6 .

Agus an sainmhíniú athbhreithnithe a tugadh isteach leis an Moladh ón gCoimisiún á chur san áireamh, maille lena iarraidh an reachtaíocht atá ann cheana a ailíniú dá réir sin, ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2022 ann thug Grúpa Saineolaithe de chuid an Choimisiúin 7 atá comhdhéanta de shaineolaithe náisiúnta cúnamh don Choimisiún gníomh tarmligthe a ullmhú chun an sainmhíniú ar nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu a choigeartú agus a oiriúnú do riachtanais an Rialacháin maidir le Bianna Núíosacha. Le linn na hoibre sin, chuir EFSA san áireamh an ‘Treoraíocht maidir le measúnú riosca ar nana-ábhair atá le cur i bhfeidhm sa slabhra bia agus beatha’ 8 , a glacadh an 30 Meitheamh 2021 agus a foilsíodh an 3 Lúnasa 2021. Bhí sé ríthábhachtach freisin leas a bhaint as taithí na bpáirtithe leasmhara chun saincheisteanna praiticiúla a bhaineann leis an sainmhíniú ar nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu a shainaithint, agus féachadh le haiseolas a fháil uathu go háirithe in éineacht leis an gcomhairliúchán a rinneadh idir an 30 Samhain 2023 agus an 12 Eanáir 2024 9 .

Ghlac an Coimisiún rialachán tarmligthe lena leasaítear an Rialachán maidir le Bia Núíosach a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar ‘nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu’ (‘an Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún’) an 14 Márta 2024 10 . Bhí sé d’aidhm aige comhleanúnachas an tsainmhínithe ar nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu a áirithiú i gcreat rialála an Aontais, agus aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a sainaithníodh i gcur chun feidhme an tsainmhínithe ar ‘nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu’ sa Rialachán maidir le Bia Núíosach chun cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach. Chun é sin a dhéanamh, sa rialachán tarmligthe ón gCoimisiún, ionchorpraíodh príomheilimintí teicniúla an tsainmhínithe ghinearálta ar nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu a bunaíodh sa Mholadh ón gCoimisiún, lena n-áirítear forbairtí teicniúla agus eolaíocha úrscothacha. Go háirithe, cuimsíodh sa sainmhíniú leasaithe an teorainn méide (< 100 nm), eisiamh ón sainmhíniú ábhair ag a bhfuil cóimheas dromchla le toirt faoi bhun luach áirithe, na sainmhínithe ar ‘cáithnín’, ‘tathagú’ agus ‘ceirtleán’, agus an luach tairsí réamhshocraithe de 50 % de cháithníní a bheith ar an nanascála chun ábhar a mheas mar nana-ábhar.

I gcomhréir leis an nós imeachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, cuireadh an rialachán tarmligthe ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle le haghaidh grinnscrúdú. An 24 Aibreán 2024, rinne Parlaimint na hEorpa agóid i gcoinne an rialacháin tarmligthe sin ón gCoimisiún 11 . Ina hagóid, d’áitigh Parlaimint na hEorpa nach raibh an rialachán tarmligthe ón gCoimisiún comhoiriúnach le haidhm agus le hábhar an Rialacháin maidir le Bianna Núíosacha agus gur sháraigh sé na cumhachtaí tarmligthe a thugtar le hAirteagal 31 den Rialachán sin. An 29 Lúnasa 2024, thug an Coimisiún freagra oifigiúil ar agóid Pharlaimint na hEorpa 12 . I bhfianaise na hagóide sin, níor tháinig an rialachán tarmligthe ón gCoimisiún i bhfeidhm. Dá bhrí sin, níl aon athrú go fóill ar an sainmhíniú ar ‘nana-ábhar a ndearnadh innealtóireacht air’ i bpointe (f) d’Airteagal 3(2) den Rialachán maidir le Bianna Núíosacha.

4.Conclúid

Le blianta beaga anuas, tá bearta déanta ag an gCoimisiún chun na cumhachtaí tarmligthe a thugtar dó faoi Airteagal 31 den Rialachán maidir le Bianna Núíosacha a fheidhmiú. Measann an Coimisiún gur gá síneadh a chur leis an gcumhachtú toisc go bhfuil sé fíor-riachtanach a áirithiú go ndéantar an sainmhíniú ar na nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 3(2) den Rialachán maidir le Bianna Núíosacha a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó do na sainmhínithe a bheidh comhaontaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta. Tá an t-ailíniú teicniúil sin ríthábhachtach chun cothrom iomaíochta a ráthú ar an margadh inmheánach agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do leasanna tomhaltóirí á sholáthar an tráth céanna, arb iad cuspóirí an Rialacháin maidir le Bianna Núíosacha iad. Má leantar den status quo, na hábhair ar cheart iad a shainmhíniú mar ‘nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu’, fágfar iad gan a bheith sainmhínithe amhlaidh, rud a cheilfidh ar thomhaltóirí an fhaisnéis is gá a fháil faoina láithreacht i dtáirgí.

Leis an tuarascáil seo, comhlíonann an Coimisiún an ceanglas tuairiscithe faoi Airteagal 32(3) den Rialachán maidir le Bianna Núíosacha agus iarann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n-aire.

(1)

Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún. IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)

Moladh ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis an sainmhíniú ar nana-ábhar (2011/696/AE). IO L 275, 20.10.2011, lch. 38.

(3)

Moladh ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2022 maidir leis an sainmhíniú ar nana-ábhar (C/2022/3689). IO C 229, 14.6.2022, lch. 1.

(4)

Tuarascálacha ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin maidir leis an Eolaíocht le haghaidh Beartais:

- ‘I dtreo athbhreithniú ar Mholadh CE maidir leis an sainmhíniú ar “nana-ábhar” - Cuid 1: Tiomsú faisnéise maidir leis an taithí a fuarthas leis an sainmhíniú’. EUR 26567 EN; doi:10.2788/36237 (2014).

- ‘I dtreo athbhreithniú ar Mholadh CE maidir leis an sainmhíniú ar “nana-ábhar” - Cuid 2: Measúnú ar fhaisnéise thiomsaithe maidir leis an taithí a fuarthas leis an sainmhíniú’. EUR 26744 EN; doi: 10.2787/97286 (2014).

- ‘I dtreo athbhreithniú ar Mholadh CE maidir leis an sainmhíniú ar “nana-ábhar” - Cuid 3: Meastóireacht eolaíoch-theicniúil ar roghanna chun an sainmhíniú a shoiléiriú agus chun a chur chun feidhme a éascú’. EUR 27240 EN; doi:10.2788/678452 (2015).

Tuarascálacha ón Airmheán Comhpháirteach Taighde:

- ‘Forléargas ar na coincheapa agus na téarmaí a úsáidtear i sainmhíniú an Choimisiúin Eorpaigh ar nana-ábhar’. EUR 29647 EN; doi:10.2760/459136 (2019).

- ‘Nana-ábhair a shainaithint trí thomhais’. EUR 29942 EN; doi:10.2760/053982 (2019).

(5)

Bhí an comhairliúchán spriocdhírithe leis na páirtithe leasmhara ar siúl idir an 6 Bealtaine 2021 agus an 30 Meitheamh 2021.

(6)

Mínítear torthaí an athbhreithnithe agus an chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin (SWD(2022)150) a ghabhann leis an Moladh ón gCoimisiún.

(7)

https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?lang=ga&do=groupDetail.groupDetail&groupID=3560&Lang=GA  

(8)

  https://www.efsa.europa.eu/en/efsajournal/pub/6768  

(9)

  https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/14049-Nana-abhar-monaraithe-i-mbia-sainmhiniu-athbhreithnithe_ga  

(10)

Rialachán tarmligthe (AE).../... ón gCoimisiún an 14.3.2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar ‘nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu’. C(2024) 1612 final.

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=PI_COM:C(2024)1612  

(11)

Agóid i gcoinne gníomh tarmligthe: Bianna núíosacha - an sainmhíniú ar ‘nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu’. Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 maidir leis an rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 14 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar ‘nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu’. C(2024)01612 – 2024/2691(DEA).

https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2024-0316_GA.pdf  

(12)

 Doiciméad SP(2024)399. Obair leantach ar an rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 14 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar ‘nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu’.

https://oeil.secure.europarl.europa.eu/oeil/ga/procedure-file?reference=2024/2691(DEA)