European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1966

2.9.2026

CINNEADH (AE) 2026/1966 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Lúnasa 2026

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcéad chruinniú de Choiste na Stát is Páirtithe maidir le Cur Chun Feidhme na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (2005)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(5), i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) (‘RSI (2005)’) i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2007. Tháinig na leasuithe ar RSI (2005) a ghlac an Comhthionól Domhanda Sláinte an 1 Meitheamh 2024 i bhfeidhm an 19 Meán Fómhair 2025, seachas i gcás na Stát is Páirtithe a dhiúltaigh do na leasuithe sin.

(2)

Níl an tAontas ina pháirtí in RSI (2005), toisc nach féidir ach le Stáit a bheith ina bPáirtithe iontu. Tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe in RSI (2005).

(3)

Le Cinneadh (AE) 2025/1129 ón gComhairle (1), iarrtar ar na Ballstáit, chun leas an Aontais, glacadh gan forchoimeádais, leis na leasuithe ar RSI (2005) a glacadh an 1 Meitheamh 2024, a mhéid a ghlac an tAontas comhrialacha maidir leis na hábhair a dtugtar aghaidh orthu sna leasuithe sin.

(4)

Mar thoradh ar na leasuithe sin, inter alia, bunaíodh Coiste na Stát is Páirtithe maidir le Cur Chun Feidhme na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (2005) (‘Coiste na Stát is Páirtithe’), agus é mar chuspóir aige cur chun feidhme éifeachtach RSI (2005) a éascú.

(5)

Tá sé beartaithe go nglacfaidh Coiste na Stát is Páirtithe, ag an gcéad cruinniú a bheidh aige dar tús an 31 Lúnasa 2026, a théarmaí tagartha agus na téarmaí tagartha dá Fhochoiste.

(6)

Má ghlactar na gníomhartha atá beartaithe ag Coiste na Stát is Páirtithe, beidh éifeachtaí dlíthiúla acu don Aontas, toisc go gcinnfidh siad an gceadófar d’eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíoch amhail an tAontas páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí i gCoiste na Stát is Páirtithe agus ina Fhochoiste. Ina theannta sin, beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na gníomhartha atá beartaithe, má ghlactar iad, tríd an gcaoi a ndéanfar cinntí amach anseo a chinneadh, is é sin cinntí Choiste na Stát is Páirtithe agus a Fhochoiste. Cinntí agus moltaí ó Choiste na Stát is Páirtithe agus óna Fhochoiste a bhaineann le cur i bhfeidhm agus léirmhíniú RSI (2005), go háirithe na forálacha leasaithe a údaraíodh de bhun Chinneadh (AE) 2025/1129, d’fhéadfaidís tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar rialacha de chuid an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), lena soláthraítear an creat agus na sásraí ar leibhéal an Aontais chun cosc, ullmhacht agus freagairt ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte de thionscnamh bitheolaíoch, ceimiceach, comhshaoil agus anaithnid a chomhordú agus a neartú.

(7)

Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcéad chruinniú de Choiste na Stát is Páirtithe a bhunú i ndáil leis na téarmaí tagartha don Choiste sin agus dá Fhochoiste.

(8)

I réimse na n-inniúlachtaí comhroinnte, coinníonn na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéid nach ndéanann RSI (2005) difear do rialacha comhchoiteanna dhlí an Aontais ná nach n-athraítear siad a raon feidhme.

(9)

Tá seasamh an Aontais le cur in iúl ag na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht acu ar Choiste na Stát is Páirtithe, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, chun leas an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcéad chruinniú de Choiste na Stát is Páirtithe maidir le Cur Chun Feidhme na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (2005) (‘Coiste na Stát is Páirtithe’) tacú le glacadh na dtéarmaí tagartha don Choiste sin agus dá Fhochoiste ar choinníoll go gcomhlíonann na téacsanna críochnaitheacha na coinníollacha seo a leanas:

(a)

leis na téarmaí tagartha, déantar foráil maidir le feidhmiú agus eagrú éifeachtúil costéifeachtach trédhearcach ordúil na gcruinnithe den Choiste sin agus dá Fhochoiste,

(b)

leis na téarmaí tagartha, ceadaítear rannpháirtíocht an Aontais sa Choiste sin agus ina Fhochoiste mar bhreathnóir.

Airteagal 2

Is iad na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht acu ar Choiste na Stát is Páirtithe, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, chun leas an Aontais, a chuirfidh an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1 in iúl.

Airteagal 3

Féadfar mionathruithe teicniúla ar an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1 a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Lúnasa 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. BYRNE


(1)  Cinneadh (AE) 2025/1129 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2025 lena n-iarrtar ar na Ballstáit, chun leas an Aontais Eorpaigh, glacadh leis na leasuithe ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Rún WHA77.17 agus a glacadh an 1 Meitheamh 2024 (IO L, 2025/1129, 4.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1129/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2371/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1966/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)