European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/664

28.1.2025

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/155 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis

(C/2025/664)

Dírítear aird na ndaoine a luaitear san Iarscríbhinn, a ghabhann le Cinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/155 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle (3), ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Tar éis do Chomhairle an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ndaoine ainmnithe, tá cinneadh déanta aici gur cheart na daoine a ndéantar trácht orthu sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh i gcónaí ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/72/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 101/2011.

Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ábhartha, mar a léirítear sin sna suíomhanna gréasáin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011, chun údarú a fháil cistí reoite a úsáid chun bunriachtanais nó íocaíochtaí sonracha a chumhdach (cf. Airteagal 4 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 2 Meán Fómhair 2025 , in éineacht le doiciméadacht tacaíochta, gur cheart breathnú arís ar an gcinneadh chun iad a chur ar an liosta thuasluaite, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Ardrúnaíocht na Comhairle

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch an chéad athbhreithnithe eile a dhéanfaidh an Chomhairle, de bhun Airteagal 5 de Chinneadh 2011/72/CBES agus Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) Uimh. 101/2011, ar liosta na ndaoine ainmnithe.


(1)   IO L 28, 2.2.2011, lch. 62.

(2)   IO L, 2025/155, 28.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/155/oj.

(3)   IO L 31, 5.2.2011, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/664/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)