20.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 372/20


CINNEADH (AE) 2021/1837 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Deireadh Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar an gcinneadh lena mbunaítear liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí ar phainéal eadrána faoin gComhaontú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tugadh i gcrích an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(2)

De bhun Airteagal 171(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus faoi dheireadh na hidirthréimhse a leagtar amach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, bhunaigh an Comhchoiste liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí ar phainéal eadrána. Tá an Comhchoiste chun a áirithiú go ndéanfaidh an liosta na ceanglais a chomhlíonadh tráth ar bith.

(3)

De bhun Airteagal 171(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, níl daoine atá ina gcomhaltaí, ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de rialtas Ballstáit nó de rialtas na Ríochta Aontaithe le bheith ar an liosta sin.

(4)

Duine de na daoine ar an liosta a mhol an tAontas, ceapadh é ina Abhcóide Ginearálta sa Chúirt Bhreithiúnais agus dá bhrí sin ní chomhlíonann sé a thuilleadh na ceanglais maidir le bheith ina eadránaí faoin gComhaontú um Tharraingt Siar.

(5)

Dá bhrí sin, is gá an duine sin a ionadú le hiarrthóir ó liosta ionadaithe na n-iarrthóirí atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de phainéal eadrána de chuid an Aontais faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, faoi mar atá in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (AE) 2020/2232 ón gComhairle (2).

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar an gcinneadh lena mbunaítear an liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ina gcomhaltaí ar phainéal eadrána faoin gComhaontú um Tharraingt Siar i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Foilseofar Cinneadh an Chomhchoiste in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 15 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. CIGLER KRALJ


(1)  Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).

(2)  Cinneadh (AE) 2020/2232 ón gComhairle an 22 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena mbunaítear liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ina gcomhaltaí ar phainéal eadrána faoin gComhaontú agus ar liosta ionadaithe de dhaoine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar chomhaltaí de chuid an Aontais de phainéal eadrána faoin gComhaontú (IO L 437, 28.12.2020, lch. 182).


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. […]/2021 ÓN gCOMHCHOISTE ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an ...

lena leasaítear Cinneadh Uimh. 7/2020 lena mbunaítear liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de phainéal eadrána faoin gComhaontú

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1), agus go háirithe Airteagal 171(1) agus (2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 171(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), bhunaigh an Comhchoiste liosta de 25 dhuine a bheidh toilteanach agus inniúil ar bheith ina ngnáthchomhaltaí ar phainéal eadrána, faoi dheireadh na hidirthréimhse a leagtar amach faoin gComhaontú sin. Tá an Comhchoiste chun a áirithiú go ndéanfaidh an liosta na ceanglais a chomhlíonadh tráth ar bith.

(2)

De bhun Airteagal 171(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, níl daoine atá ina gcomhaltaí, ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de rialtas Ballstáit ná de rialtas na Ríochta Aontaithe le bheith ar an liosta sin.

(3)

Duine de na daoine atá ar an liosta a mhol an tAontas, ceapadh é ina chomhalta d’institiúid de chuid an Aontais agus dá bhrí sin ní chomhlíonann sé a thuilleadh na ceanglais maidir le bheith ina eadránaí faoin gComhaontú um Tharraingt Siar.

(4)

Is gá, dá bhrí sin, duine eile a chur in ionad an duine sin ar liosta na ndaoine a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 7/2020 ón gComhchoiste (2),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An liosta 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina n-eadránaithe faoin gComhaontú um Tharraingt Siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 7/2020 ón gComhchoiste, leasaítear mar a leanas é:

Cuirtear Ezio PERILLO in ionad Tamara ĆAPETA.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh i/in/sa...,

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh


(1)   IO L 29, 31.1.2020, p. 7.

(2)   IO L 443, 30.12.2020, lch. 22.