6.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 342/274


P9_TA(2022)0017

Iarraidh ar dhíolúine Mario Borghezio a tharscaoileadh

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2022 ar an iarraidh ar chosaint phribhléidí agus dhíolúintí Mario Borghezio (2021/2159(IMM))

(2022/C 342/25)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don iarraidh ó Mario Borghezio an 13 Samhain 2018, a cuireadh in iúl sa seisiún iomlánach an 25 Márta 2019, a d’athdhearbhaigh Mario Borghezio an 27 Bealtaine 2021 agus a aistríodh chuig an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla an 7 Iúil 2021, chun a phribhléidí agus a dhíolúintí a chosaint in imeachtaí coiriúla Uimh. 4975/16 RGNR os comhair Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí in Imperia na hIodáile,

—

tar éis éisteacht le Mario Borghezio, i gcomhréir le hAirteagal 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

—

ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019 (1),

—

ag féachaint do Riail 5(2) agus Riail 7(9) dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0015/2022),

A.

de bhrí gur iarr Mario Borghezio, Feisire de Pharlaimint na hEorpa go dtí an 2 Iúil 2019, go ndéanfaí a dhíolúine pharlaiminteach a chosaint in imeachtaí coiriúla os comhair Chúirt Choiriúil Imperia;

B.

de bhrí go líomhnaítear gur tharla achrann idir Mario Borghezio agus fostaí de chuid cuideachta iarnróid a dhiúltaigh dó taisteal ar thraein toisc nach raibh ticéad taistil bailí aige;

C.

de bhrí nár luaigh Mario Borghezio, ina éisteacht sa Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, aon rud a bhféadfadh tátal a bhaint as go raibh baint ag an achrann atá i gceist le tuairim pholaitiúil an Iar-Fheisire;

D.

de bhrí, dá bhrí sin, nach mbaineann an cion líomhnaithe le tuairimí a nochtadh nó vótaí a caitheadh le linn don Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a bheith i mbun a chuid dualgas chun críocha Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

E.

de bhrí nach bhfuil feidhm ag Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh ach amháin maidir le “Feisirí” Pharlaimint na hEorpa; de bhrí go raibh Mario Borghezio ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa go dtí an 2 Iúil 2019; de bhrí go bhfuil baint ag cailliúint stádais Feisire de Pharlaimint na hEorpa le cailleadh na díolúine gaolmhaire, a bhfuil a ré teoranta, faoi Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7, don sainordú sin (2);

F.

de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir (3);

1.

tar éis a chinneadh gan pribhléidí agus díolúintí Mario Borghezio a chosaint;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla na hIodáile agus chuig Mario Borghezio.

(1)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C 200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102. Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C 163/10, ECLI:EU:C:2011:543; Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.

(2)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta, T-284/17, mír 28.

(3)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v an Pharlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266.