|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2604 |
8.10.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2604 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Meitheamh 2024
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin agus Ríocht na hIorua maidir le Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021–Aibreáin 2028, an Chomhaontaithe idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021–Aibreáin 2028, an Phrótacail Bhreise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua agus an Phrótacail Bhreise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá gá fós ann chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a mhaolú, agus ba cheart sásra nua le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais Stáit CSTE LEE agus sásra airgeadais nua na hIorua a bhunú dá bhrí sin. |
|
(2) |
An 20 Bealtaine 2021, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin agus Ríocht na hIorua maidir le comhaontú ar ranníocaíochtaí airgeadais Stáit CSTE LEE amach anseo le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Rinne an Coimisiún idirbheartaíocht, thar ceann an Aontais, ar Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin agus Ríocht na hIorua maidir le Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse ó mhí na Bealtaine 2021 go mí Aibreáin 2028. Beidh sé sin i bhfoirm Phrótacal 38d a ghabhann le Comhaontú LEE. Rinne an Coimisiún idirbheartaíocht freisin, thar ceann an Aontais, ar Chomhaontú idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse ó mhí na Bealtaine 2021 go mí Aibreáin 2028. |
|
(3) |
Le Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse ó mhí na Bealtaine 2021 go mí Aibreáin 2028 (‘Sásra Airgeadais LEE’) agus Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse ó mhí na Bealtaine 2021 go mí Aibreáin 2028 (‘Sásra Airgeadais na hIorua’) rannchuideofar le héagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a laghdú agus le caidreamh idir Ballstáit CSTE LEE agus na Stáit is tairbhithe a neartú. |
|
(4) |
Le Sásra Airgeadais LEE, léirítear na tairbhí a bhaineann Stáit CSTE LEE as a rannpháirtíocht sa mhargadh inmheánach agus cuirtear san áireamh ann an aidhm neartú leanúnach cothrom an chaidrimh trádála agus eacnamaíoch idir na Páirtithe Conarthacha uile i gComhaontú LEE a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 115 de Chomhaontú LEE. |
|
(5) |
Le Sásra Airgeadais LEE agus Sásra Airgeadais na hIorua bunaítear nósanna imeachta speisialta a mhéadaíonn éifeachtúlacht chur chun feidhme agus comhairliúchán na Stát is Tairbhithe. Go háirithe, le Sásra Airgeadais LEE agus Sásra Airgeadais na hIorua araon déantar foráil maidir le dul i gcomhairle leis an gCoimisiún ar leibhéal straitéiseach le linn na caibidlíochta maidir leis na Meabhráin Tuisceana idir na Stáit is Deontóirí agus na Stáit is Tairbhithe. Áirítear leo freisin socruithe don Choimisiún chun cúnamh a thabhairt do na Stáit is Tairbhithe sna comhairliúcháin maidir leis na forálacha chun na sásraí a chur chun feidhme. Rannchuideoidh na coimircí sin le cur chun feidhme éifeachtúil agus tráthúil na sásraí, agus riachtanais na Stát is Tairbhithe á gcur san áireamh go hiomlán mar aon le deacrachtaí suntasacha a d’fhéadfadh a bheith acu i gcur chun feidhme na sásraí airgeadais, lena n-áirítear i ndáil le luachanna coiteanna agus prionsabail an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine. I ndáil leis sin, ba cheart aird a thabhairt ar cheart Stáit is Tairbhí éisteacht a fháil i gcás ina bhfuil bearta amhail íocaíochtaí a chur ar fionraí agus cistí a aisghabháil i gceist. |
|
(6) |
Ós rud é go gcuirfear Sásra Airgeadais LEE isteach mar phrótacal breise a ghabhann le Comhaontú LEE, is féidir leis an Aontas, i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha faoi na Conarthaí, díospóidí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an phrótacail bhreise a thabhairt os comhair an Chomhchoiste, de bhun Airteagal 111 de Chomhaontú LEE. I gcomhréir le hAirteagal 89 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhairle LEE aon saincheist is cúis le deacracht a mheas. |
|
(7) |
Na forálacha speisialta maidir le hallmhairí éisc agus táirgí iascaigh áirithe isteach san Aontas de thionscnamh na hÍoslainne agus na hIorua, a leagtar amach sna Prótacail Bhreise a ghabhann lena gComhaontuithe Saorthrádála faoi seach le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (1), chuaigh na forálacha sin in éag an 30 Aibreán 2021 agus ba cheart iad a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 1 de na Prótacail Bhreise sin. I dteannta na caibidlíochta maidir le ranníocaíocht airgeadais amach anseo agus mar chuid de phacáiste cuimsitheach, d’údaraigh an Chomhairle, an 20 Bealtaine 2021, an Coimisiún, dá bhrí sin, tús a chur le caibidlíocht maidir le comhaontú i ndáil le rochtain ar an margadh d’iasc agus táirgí iascaigh de thionscnamh na hÍoslainne agus na hIorua. |
|
(8) |
Maidir le sásraí nua a chur in ionad na sásraí airgeadais atá ann cheana, lena bhforáiltear do nósanna imeachta speisialta, ar sásraí iad a bhaineann le tréimhsí ama éagsúla, méideanna éagsúla cistí, agus forálacha cur chun feidhme éagsúla, chomh maith le hathnuachan agus síneadh na lamháltas a bhaineann le hiasc agus táirgí iascaigh áirithe, lamháltais a bhí mar chuid den phacáiste cuimsitheach caibidlíochta, is forbairt thábhachtach é, ina iomláine, ar an gcomhlachas le Stáit CSTE LEE, rud a thugann údar le dul ar iontaoibh Airteagal 217 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
|
(9) |
Déantar foráil le gach ceann de na Comhaontuithe agus Prótacail Bhreise dá dtagraítear thuas maidir lena gcur i bhfeidhm sealadach sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. |
|
(10) |
Ba cheart gach ceann de na Comhaontuithe agus Prótacail Bhreise a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir na Comhaontuithe agus na Prótacail sin a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí, agus iad a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach. |
|
(11) |
I gcomhréir leis na Conarthaí, ba cheart don Choimisiún síniú na gComhaontuithe agus na bPrótacal Breise a áirithiú, faoi réir a dtabhairt i gcrích, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear, thar ceann an Aontais, síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin agus Ríocht na hIorua maidir le Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse ó mhí na Bealtaine 2021 go mí Aibreáin 2028, an Chomhaontaithe idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse ó mhí na Bealtaine 2021 go mí Aibreáin 2028, an Phrótacail Bhreise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua agus an Phrótacail Bhreise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn thar ceann an Aontais, faoi réir na Comhaontuithe agus na Prótacail Bhreise sin (2) a thabhairt i gcrích.
Airteagal 2
Áiritheoidh an Coimisiún síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin agus Ríocht na hIorua maidir le Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse ó mhí na Bealtaine 2021 go mí Aibreáin 2028, an Comhaontú idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse ó mhí na Bealtaine 2021 go mí Aibreáin 2028, an Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua agus an Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn, faoi réir a dtabhairt i gcrích.
Airteagal 3
Faoi réir a dtabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí agus go dtí go gcuirfear i gcrích na nósanna imeachta is gá lena dteacht i bhfeidhm, cuirfear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin agus Ríocht na hIorua maidir le Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse ó mhí na Bealtaine 2021 go mí Aibreáin 2028 agus an Comhaontú idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse ó mhí na Bealtaine 2021 go mí Aibreáin 2028 i bhfeidhm go sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 3, an tríú mír, agus Airteagal 10(3) de na Comhaontuithe faoi seach, ón gcéad lá den chéad mhí tar éis thaisceadh an fhógra deiridh dá réir sin (3).
Faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí agus go dtí go gcuirfear i gcrích na nósanna imeachta is gá lena theacht i bhfeidhm, cuirfear an Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua i bhfeidhm go sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Phrótacal Breise, ón gcéad lá den tríú mí tar éis thaisceadh an fhógra deiridh dá réir sin (4).
Faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí agus go dtí go gcuirfear i gcrích na nósanna imeachta is gá lena theacht i bhfeidhm, cuirfear an Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn i bhfeidhm go sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Phrótacal Breise, ón gcéad lá den tríú mí tar éis thaisceadh an fhógra dá réir sin (5).
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh in Lucsamburg, an 25 Meitheamh 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) IO L 141, 28.5.2016, lgh. 18 agus 22.
(2) Foilsítear téacs na gComhaontuithe agus na bPrótacal Breise in IO L, 2024/2600, 8.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2024/2600/oj, IO L, 2024/2601, 8.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2024/2601/oj, IO L, 2024/2602, 8.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/2602/oj, IO L, 2024/2603, 8.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/2603/oj.
(3) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta óna gcuirfear na Comhaontuithe i bhfeidhm go sealadach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(4) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta óna gcuirfear an Prótacal Breise i bhfeidhm go sealadach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(5) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta óna gcuirfear an Prótacal Breise i bhfeidhm go sealadach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2604/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)