European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6136

9.10.2024

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2655 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine

(C/2024/6136)

Dírítear aird na ndaoine, na n-eintitis nó na gcomhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2655 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle (3), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine, ar an bhfaisnéis seo a leanas:

Ceanglaítear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/2147 nach mór do na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí tuairisc a thabhairt laistigh de 6 seachtaine tar éis dháta an liostaithe in Iarscríbhinn I faoi na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Bhallstáit ar leo iad nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin suite. Ní mór dóibh oibriú i gcomhar leis an údarás inniúil maidir le fíorú na faisnéise sin. Aon mhainneachtain na hoibleagáidí sin a urramú, measfar gurb éard atá inti imchéimniú na mbeart maidir le reo sócmhainní agus acmhainní eacnamaíocha.

Ní mór an fhaisnéis atá le tuairisciú a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha, trína shuíomh gréasáin mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147.


(1)   IO L, 2023/2135, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2135/oj.

(2)   IO L, 2024/2655, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2655/oj.

(3)   IO L, 2023/2147, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2147/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6136/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)