|
18.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 430/10 |
CINNEADH (AE) 2020/2134 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Nollaig 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh den Chomhchoiste arna bhunú faoin gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú sin maidir le comhordú scéimeanna slándála sóisialta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 48, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2002/309/CE, Euratom ón gComhairle, agus ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an gComhaontú maidir le Comhar Eolaíoch agus Teicneolaíoch, an 4 Aibreán 2002 i ndáil le tabhairt i gcrích seacht gComhaontú le Cónaidhm na hEilvéise (1), agus go háirithe Airteagal 2 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine (2) (“an Comhaontú”) i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2002. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 18 den Chomhaontú, is féidir leis an gComhchoiste a chinneadh Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú a leasú. |
|
(3) |
Scoirfidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 23 den Chomhaontú, ní dhéanfar difear do chearta a gheobhaidh daoine príobháideacha aonair i gcás ina bhfoirceannfar an Comhaontú, agus socróidh na Páirtithe Conarthacha trí chomhaontú frithpháirteach cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh i leith cearta atá á bhfáil. |
|
(5) |
Is gá, dá bhrí sin, cosaint chómhalartach ceart slándála sóisialta a sholáthar do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí, atá nó a bhí, faoi dheireadh na hidirthréimhse, de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 126 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3), ag maireachtáil i staid trasteorann lena mbaineann ceann amháin nó níos mó de na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú agus an Ríocht Aontaithe an tráth céanna, trí Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú a leasú. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais laistigh den Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste i dtaca leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine agus comhordú scéimeanna slándála sóisialta, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste (4).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) IO L 114, 30.4.2002, lch. 1.
(2) Ní hann do théacs an Chomhaontaithe seo sa Ghaeilge (IO L 114, 30.4.2002, lch. 6.)
(3) IO L 29, 31.1.2020. lch. 7.
(4) Féach doiciméad ST 12965/20 ar http://register.consilium.europa.eu