|
20.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 361/32 |
P9_TA(2022)0085
Comhaontú Stádais idir an tAontas agus an Mholdóiv maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla Frontex ***
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive (07202/2022 – C9-0120/2022 – 2022/0087(NLE))
(Toiliú)
(2022/C 361/07)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07202/2022), |
|
— |
ag féachaint don dréachtchomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive (07204/2022), |
|
— |
ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(b) agus (d), le hAirteagal 79(2)(c) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0120/2022), |
|
— |
ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), Riail 114(7) agus Riail 163 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
1. |
ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Moldóive. |