|
23.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 100/11 |
CINNEADH (AE) 2021/486 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Márta 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann maidir le haisíocaíocht phríomhshuim na hiasachta a chur siar go sealadach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá feidhm san Aontas ag na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil, lena n-áirítear an Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (“Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí”) atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú, de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 28 den Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí, díríter moltaí maidir le Líne Choiteann chuig Rúnaíocht na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta. |
|
(3) |
Tá tionscal na heitlíochta sibhialta buailte go trom mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar an ngéarchor eacnamaíoch a d’eascair aisti, ar tionscal é a bhfuil a ghnó faoi bhagairt ag na fadhbanna leachtachta gearrthéarmacha atá ag oibreoirí aerárthaí agus ceannaitheoirí aerárthaí agus inneall nua. I bhfianaise an choir chun donais eacnamaíoch atá ann faoi láthair agus atá ag géarú agus d'fhonn tromchúis an tionchair atá aige a laghdú, ba cheart don Aontas Line Choiteann a mholadh maidir le haisíocaíocht phríomhshuim na hiasachta a chur síar go sealadach i gcás ceannaitheoirí aerárthaí agus inneall nua (“an Líne Choiteann mholta”). |
|
(4) |
I gcomhréir le Cuid 4, Roinn 3 den Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí, tá Rannpháirtithe na Tuisceana Earnála maidir le hAerárthaí le cinneadh a dhéanamh, trí nós imeachta i scríbhinn, maidir leis an Líne Choiteann mholta. |
|
(5) |
Leis an Líne Choiteann mholta, cheadófaí do cheannaitheoirí aerárthaí nua mar a shainmhínítear in Airteagal 8 a) 1) den Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí, agus do cheannaitheoirí innill spártha agus páirteanna spártha mar a shainmhínítear in Airteagal 20 a), b) agus c) de, aisíocaíocht phríomhshuim na hiasachta a chur siar ar feadh 12 mhí tar éis sheachadadh na n-earraí ceannaithe, nó, má chomhlíontar coinníollacha áirithe, ar feadh 18 mí tar éis sheachadh na n-earraí ceannaithe. |
|
(6) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann mholta sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe na Tuisceana Earnála maidir le hAerárthaí, a bhunú, mar go mbeidh an Líne Choiteann mholta, tráth a mbeidh sí comhaontaithe, ina ceangal i leith an Aontais agus beidh sí in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann maidir le haisíocaíocht phríomhshuim na hiasachta a chur siar go sealadach, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Líne Choiteann mholta (*1).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Márta 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).
(*1) Féach doiciméad ST 5390/21 ar http://register.consilium.europa.eu.