|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/2401 |
5.11.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/2401 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Deireadh Fómhair 2026
lena leagtar amach an liosta d’athróga agus tuairisc orthu agus a sonraíochtaí teicniúla, a n-aicmithe staidrimh, miondealuithe agus a spriocanna beachtais maidir leis an topaic ‘struchtúr na gcostas saothair’ de bhun Rialachán (AE) 2025/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2025 maidir le staidreamh margaidh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 450/2003 agus (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart staidreamh maidir le haonaid chríochacha agus earnálacha eacnamaíocha a bheith inchomparáide go hidirnáisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus d’institiúidí an Aontais aicmithe staidrimh a úsáid atá comhoiriúnach le haicmithe NUTS (2) agus NACE (3). |
|
(2) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Liosta na n-athróg agus tuairisc orthu agus ar a sonraíochtaí teicniúla
1. Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I iad a bheidh an liosta d’athróga agus tuairisc orthu, agus a sonraíochtaí teicniúla, a bheidh le tarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) maidir leis an topaic ‘struchtúr na gcostas saothair’ chomh maith leis na haicmithe staidrimh a bheidh le húsáid.
2. Ní dhéanfaidh ach na Ballstáit inar mó iad ná 1 % de líon iomlán na bhfostaithe athróga a bhaineann le printísigh a tharchur. Déanfar cion na bprintíseach i líon iomlán na bhfostaithe a mheasúnú ar bhonn athróg B28 ‘Cineál conartha fostaíochta’, mar a thuairiscítear trí na sonraí is déanaí faoin topaic ‘struchtúr tuillimh’ le haghaidh na n-aonad áitiúil uile a bhaineann le fiontar ina bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó (4).
Airteagal 2
Spriocanna beachtais
Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a bheidh na spriocanna beachtais le haghaidh suirbhéanna staidrimh.
Airteagal 3
Formáidí chun faisnéis a tharchur
1. Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) tacair sonraí i bhfoirm leictreonach in éineacht le faisnéis atá seiceáilte agus curtha in eagar ina hiomláine a chomhlíonfaidh na rialacha maidir le bailíochtú i gcomhréir le sonraíocht na n-athróg a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Déanfar na sonraí a tharchur i dtacair sonraí iomlána a chumhdaíonn gach athróg, beag beann ar líon na mbarúlacha athbhreithnithe agus na n-athróg athbhreithnithe.
2. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí a cheanglaítear faoin Rialachán seo a chur ar fáil don Choimisiún (Eurostat) trí úsáid a bhaint as na caighdeáin maidir le malartú sonraí staidrimh arna sonrú ag an gCoimisiún (Eurostat) agus as an bpointe iontrála aonair do shonraí.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2025/941, 20.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/941/oj.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1059/oj).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an t-aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1893/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1526 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2025 lena leagtar amach an liosta d’athróga agus tuairisc orthu agus a sonraíochtaí teicniúla, a n-aicmithe staidrimh agus a spriocanna beachtais maidir leis an topaic ‘struchtúr tuillimh’ de bhun Rialachán (AE) 2025/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/1526, 30.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1526/oj).
IARSCRÍBHINN I
1. AN LIOSTA D’ATHRÓGA AGUS TUAIRISC ORTHU
Déanfar trí thacar sonraí a tharchur.
|
— |
Tacar sonraí A: le sonraí náisiúnta (taifead amháin le haghaidh gach gníomhaíochta eacnamaíche de chuid an aonaid áitiúil ag leibhéil roinne agus rannáin aicmiú NACE). Soláthrófar na comhiomláin NACE seo a leanas freisin: Ranna NACE B go T, B go T seachas P, B go O, B go F, G go O, agus P go T. |
|
— |
Tacar sonraí B: le sonraí náisiúnta de réir aicme méide an fhiontair (taifead amháin le haghaidh gach gníomhaíochta eacnamaíche de chuid an aonaid áitiúil ag leibhéil roinne agus rannáin aicmiú NACE, le haghaidh gach ceann de na haicmí méide fiontair lena mbaineann an t-aonad áitiúil). |
|
— |
Tacar sonraí C: le sonraí réigiúnacha ar leibhéal NUTS 1 (taifead amháin le haghaidh gach gníomhaíochta eacnamaíche den aonad áitiúil ag leibhéil roinne agus rannáin aicmiú NACE, le haghaidh gach réigiúin). |
Ní gá tacar sonraí C i gcás na dtíortha sin ina gcomhfhreagraíonn NUTS 1 don leibhéal náisiúnta.
Maidir leis na hathróga a liostaítear thíos, ní mór tacar sonraí A amháin nó gach ceann de na trí thacar sonraí a sholáthar. Léirítear seachadadh sainordaitheach le ‘M’ agus léirítear seachadadh roghnach le ‘O’.
Áireofar i ngach athróg printísigh chomh maith le hoiliúnaithe agus intéirnigh íoctha.
Léiríonn ‘M1 %’ na hathróga maidir le printísigh nach mór do na tíortha a sholáthar mar a shonraítear in Airteagal 1(2).
|
Topaic mhionsonraithe |
Aitheantóir na hathróige |
Ainm na hathróige |
Tacar sonraí A |
Tacair sonraí B agus C (1) |
|
Fostaithe |
A1 |
Líon iomlán na bhfostaithe |
M |
M |
|
A11 |
Fostaithe lánaimseartha |
M |
M |
|
|
A12 |
Fostaithe páirtaimseartha |
M |
M |
|
|
A121 |
Fostaithe páirtaimseartha arna dtiontú ina gcoibhéisí lánaimseartha |
M |
M |
|
|
A1A |
Printísigh |
M1 % |
M1 % |
|
|
A1A1 |
Printísigh pháirtaimseartha arna dtiontú ina gcoibhéisí lánaimseartha |
M1 % |
M1 % |
|
|
Líon na n-uaireanta a oibríodh |
B1 |
Líon iomlán bliantúil na n-uaireanta arna n-oibriú iarbhír |
M |
M |
|
B11 |
Uaireanta bliantúla arna n-oibriú iarbhír ag fostaithe lánaimseartha |
M |
M |
|
|
B12 |
Uaireanta bliantúla arna n-oibriú iarbhír ag fostaithe páirtaimseartha |
M |
M |
|
|
B1A |
Uaireanta bliantúla arna n-oibriú iarbhír ag printísigh |
M1 % |
M1 % |
|
|
Uaireanta an chloig a íocadh |
C1 |
Líon iomlán bliantúil na n-uaireanta íoctha |
M |
|
|
C11 |
Uaireanta bliantúla íoctha ag fostaithe lánaimseartha |
M |
|
|
|
C12 |
Uaireanta bliantúla íoctha ag fostaithe páirtaimseartha |
M |
|
|
|
C1A |
Uaireanta bliantúla íoctha ag printísigh |
M1 % |
|
|
|
Costais saothair |
D1 |
Cúiteamh fostaithe |
M |
M |
|
D11 |
Pá agus tuarastail |
M |
M |
|
|
D111 |
Luach saothair díreach, bónais agus liúntais |
M |
M |
|
|
D1111 |
Luach saothair díreach, bónais agus liúntais a íoctar i ngach tréimhse phá |
M |
|
|
|
D1112 |
Luach saothair díreach, bónais agus liúntais nach n-íoctar i ngach tréimhse phá (2) |
M |
|
|
|
D112 |
Íocaíochtaí le scéimeanna coigiltis fostaithe |
M |
M |
|
|
D113 |
Íocaíochtaí i leith laethanta nár oibríodh |
M |
M |
|
|
D114 |
Pá comhchineáil agus tuarastail chomhchineáil |
M |
M |
|
|
D1141 |
Táirgí cuideachta |
O |
|
|
|
D1142 |
Tithíocht foirne (3) |
O |
|
|
|
D1143 |
Gluaisteáin chuideachta |
O |
|
|
|
D1144 |
Scair-roghanna agus scéimeanna ceannaigh scaireanna |
O |
|
|
|
D1145 |
Eile |
O |
|
|
|
D11A |
Pá agus tuarastail printíseach |
M1 % |
M1 % |
|
|
D12 |
Ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí |
M |
M |
|
|
D121 |
Ranníocaíochtaí sóisialta iarbhír fostóirí |
M |
M |
|
|
D1211 |
Ranníocaíochtaí slándála sóisialta reachtúla |
M |
|
|
|
D1212 |
Ranníocaíochtaí slándála sóisialta deonacha agus conarthacha arna gcomhaontú go comhpháirteach agus atá iníoctha ag an bhfostóir |
M |
|
|
|
D122 |
Ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha fostóirí |
M |
M |
|
|
D1221 |
Luach saothair ráthaithe i gcás breoiteachta |
O |
|
|
|
D1222 |
Ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha fostóirí le haghaidh pinsean agus cúram sláinte |
O |
|
|
|
D1223 |
Íocaíochtaí le fostaithe a fhágann an fiontar |
O |
|
|
|
D1224 |
Ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha eile an fhostóra |
O |
|
|
|
D12A |
Ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí do phrintísigh |
M1 % |
M1 % |
|
|
D2 |
Costais ghairmoiliúna arna n-íoc ag an bhfostóir |
M |
M |
|
|
D3 |
Caiteachas eile arna íoc ag an bhfostóir |
M |
M |
|
|
D4 |
Cánacha ar shaothar arna n-íoc ag an bhfostóir |
M |
M |
|
|
D5 |
Fóirdheontais saothair arna bhfáil ag an bhfostóir |
M |
M |
|
|
D5A |
Fóirdheontais saothair arna bhfáil ag an bhfostóir i ndáil le printísigh a fhostú |
M1 % |
M1 % |
|
|
Aonaid áitiúla |
E1 |
Líon na n-aonad áitiúil sa chruinne |
M |
M |
|
E2 |
Líon na n-aonad áitiúil sa tacar sonraí deiridh |
M |
M |
|
|
(1) Níl tacar sonraí C ábhartha ach amháin maidir le tíortha ina bhfuil réigiúin NUTS 1. (2) Seachas íocaíochtaí le scéimeanna coigiltis fostaithe. (3) Seachas liúntais aistrithe. |
||||
2. SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA I.B
A. Fostaithe
Is éard is fostaithe ann gach duine – gan beann ar náisiúntacht, cónaí nó an t-am atá caite ag an duine sin ag obair i mBallstát – a bhfuil caidreamh fostaíochta díreach aige nó aici le fostóir, arna bhunú le conradh foirmiúil nó le comhaontú neamhfhoirmiúil, agus a fhaigheann luach saothair, gan beann ar an gcineál oibre a dhéantar, ar an líon uaireanta an chloig a oibrítear (lánaimseartha nó páirtaimseartha) nó ar fhad an chonartha nó an chomhaontaithe (seasta nó éiginnte, séasúrach san áireamh). Is féidir pá agus tuarastail, lena n-áirítear bónais, pá as tascobair agus sealobair, liúntais, táillí, coimisiún agus luach saothair comhchineáil, a bheith i gceist le luach saothair fostaithe.
Le coincheap na bhfostaithe, cumhdaítear oibrithe láimhe agus oibrithe intleachta agus pearsanra bainistíochta san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí.
Tugtar samplaí léiritheacha sa liosta seo a leanas de chatagóirí fostaithe atá san áireamh:
|
— |
|
— |
ionadaithe díolacháin, ar choinníoll go bhfuil siad ar an bpárolla agus go bhfaigheann siad cineál eile luacha saothair sa bhreis ar aon choimisiún; |
|
— |
dílseánaigh oibre íoctha; |
|
— |
printísigh; |
|
— |
oiliúnaithe agus intéirnigh íoctha (cléirigh faoi oiliúint, altraí foghlama, cúntóirí taighde nó teagaisc, intéirnigh ospidéil, etc.) a bhfuil gealltanas foirmiúil acu trína rannchuidíonn siad le próiseas táirgthe an aonaid ar luach saothair; |
|
— |
oibrithe eatramhacha nó sealadacha (e.g. foireann rúnaíochta) arna n-earcú, arna bhfostú agus arna n-íoc ag gníomhaireachtaí fostaíochta chun obair a dhéanamh in áit eile, go minic ar feadh tréimhsí sealadacha; |
|
— |
oibrithe séasúracha agus ócáideacha, má tá comhaontú foirmiúil nó neamhfhoirmiúil acu leis an bhfiontar nó leis an aonad áitiúil agus uaireanta oibre réamhshainithe; |
|
— |
fostaithe ar tabhaíodh costais saothair ina leith, le haghaidh na hoibre a rinneadh le linn na bliana tagartha, ach nach raibh ag obair go sealadach mar gheall ar thinneas nó gortú, laethanta saoire, stailc nó frithdhúnadh, saoire oideachais nó oiliúna, saoire mháithreachais nó saoire tuismitheora (6), gníomhaíocht eacnamaíoch laghdaithe, cúrsaí oibre a stopadh de dheasca drochaimsire, cliseadh meicniúil, easpa ábhar, breoslaí nó cumhachta, nó neamhláithreacht shealadach eile le saoire nó dá uireasa; |
|
— |
daoine atá ag obair thar lear má leanann siad de luach saothair a fháil ón bhfostóir; |
|
— |
eachtoibrithe (7), lena n-áirítear oibrithe baile agus teilea-oibrithe, má tá comhaontú sainráite ann go n-íoctar oibrithe den sórt sin, go páirteach ar a laghad, ar bhonn na hoibre a dhéantar: is é sin, an méid saothair (in uaireanta arna n-oibriú iarbhír) a ranníoctar mar ionchur i bpróiseas táirgthe áirithe [Córas Cuntas Eorpach (CCE) 2010, §11.13(g)]. |
Ba cheart na catagóirí seo a leanas a eisiamh:
|
— |
ionadaithe díolacháin agus daoine eile a íoctar go hiomlán i bhfoirm táillí nó i bhfoirm choimisiúin, nach bhfuil ar an bpárolla, nó atá féinfhostaithe; |
|
— |
úinéirí, stiúrthóirí nó bainisteoirí a bhfuil a luach saothair go hiomlán i bhfoirm scair brabúis; |
|
— |
oibrithe teaghlaigh nach fostaithe (mar a mhínítear thuas) an fhiontair nó an aonaid áitiúil iad; |
|
— |
oibrithe féinchuntais; |
|
— |
oibrithe a íoctar go heisiach ar rátaí tascoibre [CCE 2010, §4.07(e)] atá faoi cheangal ag conradh tráchtála (seachas conradh fostaíochta foirmiúil, neamhfhoirmiúil nó intuigthe), |
|
— |
oibrithe deonacha gan phá (e.g. go hiondúil iad siúd a oibríonn d’institiúidí neamhbhrabúis amhail carthanais). |
A1 Líon iomlán na bhfostaithe
Cumhdaítear leis an athróg seo fostaithe lánaimseartha (A11) agus fostaithe páirtaimseartha (A12), lena n-áirítear printísigh chomh maith le hoiliúnaithe agus intéirnigh íoctha. Déantar printísigh a thaifeadadh freisin faoi na hathróga tiomnaithe (A1A agus A1A1) do na tíortha lena mbaineann. Ba cheart athróg A1 a bheith comhsheasmhach le hathróg D1 ‘Cúiteamh fostaithe’. [CCE 2010, §11.12 go §11.14; Staidreamh Gnó Eorpach, athróg 220102 (‘Líon na bhfostaithe’)
A11 Fostaithe lánaimseartha
Is iad na fostaithe lánaimseartha na fostaithe sin a bhfuil a ngnáthuaireanta oibre mar an gcéanna leis na huaireanta a chomhaontaítear i dteannta a chéile nó leis na gnáthuaireanta a oibrítear san fhiontar nó san aonad áitiúil atá á bhreithniú, fiú más conradh níos lú ná bliain amháin atá i gceist.
Is éard atá i líon na bhfostaithe atá le tuairisciú meánlíon míosúil na bhfostaithe lánaimseartha atá fostaithe san aonad tuairiscithe le linn na bliana tagartha.
A12 Fostaithe páirtaimseartha
Is éard is fostaithe páirtaimseartha ann na fostaithe sin a bhfuil a ngnáthuaireanta oibre níos lú ná na huaireanta oibre a chomhaontaítear i dteannta a chéile nó na gnáthuaireanta a oibrítear san fhiontar nó san aonad áitiúil, cibé acu go laethúil, go seachtainiúil nó go míosúil (leathlá, trí cheathrú ama, ceithre chúigiú ama, etc.). Is éard atá i líon na bhfostaithe atá le tuairisciú meánlíon míosúil na bhfostaithe páirtaimseartha atá fostaithe san aonad tuairiscithe le linn na bliana tagartha.
A121 Fostaithe páirtaimseartha arna dtiontú ina gcoibhéisí lánaimseartha
Tá an tiontú sin le déanamh go díreach ag an bhfiontar nó ag an aonad áitiúil a sholáthraíonn na sonraí nó ag an ngníomhaireacht bailithe/institiúid staidrimh náisiúnta ar bhonn ghnáthuaireanta oibre na n-oibrithe lánaimseartha san fhiontar/aonad áitiúil sin, agus úsáid á baint as an modh is iomchuí dar leo. Is éard atá sa líon fostaithe atá le tuairisciú meánlíon míosúil na bhfostaithe páirtaimseartha (arna dtiontú ina gcoibhéisí lánaimseartha) atá fostaithe san aonad tuairiscithe le linn na bliana tagartha. [CCE 2010, §11.32 go §11.34]
A1A Printísigh
Cumhdaítear leis sin gach fostaí, lánaimseartha nó páirtaimseartha, nach nglacann páirt iomlán sa phróiseas táirgthe go fóill agus a oibríonn faoi chonradh printíseachta nó i gcás ina bhfuil an ghairmoiliúint níos tábhachtaí ná an táirgiúlacht. Chomh maith le bheith ag obair ar luach saothair faoi chonradh fostaíochta, ba cheart do phrintísigh a bheith ag gabháil do chlár oideachais foirmiúil atá níos giorra ná 6 bliana. Ba cheart go mairfeadh an conradh printíseachta níos mó ná 6 mhí agus oiliúint phraiticiúil mhalartach san ionad oibre le hoideachas teoiriciúil in institiúid oideachais agus go mbeadh cáilíocht fhoirmiúil mar thoradh air (féach an crann cinnteoireachta i bhFíor 1).
Is éard atá i líon na bprintíseach atá le tuairisciú an meánlíon míosúil atá fostaithe san aonad tuairiscithe le linn na bliana tagartha.
A1A1 Printísigh pháirtaimseartha arna dtiontú ina gcoibhéisí lánaimseartha
Tá an tiontú sin le déanamh go díreach ag an bhfiontar nó ag an aonad áitiúil a sholáthraíonn na sonraí nó ag an ngníomhaireacht bailithe/institiúid staidrimh náisiúnta, agus úsáid á baint as an modh is iomchuí dar leo. Ba cheart na huaireanta a chaitear i mbun oiliúna san fhiontar/san aonad áitiúil nó i bhforais oideachais a eisiamh. Is éard atá i líon na bprintíseach atá le tuairisciú meánlíon míosúil na bprintíseach páirtaimseartha (arna dtiontú ina gcoibhéisí lánaimseartha) a fhostaítear san aonad tuairiscithe le linn na bliana tagartha (8). [CCE 2010, §11.32 go §11.34]
Fíor 1
Printísigh a idirdhealú ó fhostaithe eile
B. Uaireanta oibrithe
Cumhdaítear leis an athróg seo líon iomlán na n-uaireanta arna n-oibriú iarbhír ag gach fostaí i rith na bliana (B1). Déantar an líon iomlán uaireanta oibrithe a thaifeadadh ar leithligh i gcás fostaithe lánaimseartha (B11) agus fostaithe páirtaimseartha (B12). Déantar uaireanta arna n-oibriú ag printísigh a thaifeadadh freisin faoi athróg thiomnaithe (B1A) do na tíortha lena mbaineann.
Is éard atá sna huaireanta arna n-oibriú iarbhír suim na dtréimhsí uile a chaitear ar ghníomhaíochtaí díreacha agus coimhdeacha chun earraí agus seirbhísí a tháirgeadh.
I measc na n-uaireanta arna n-oibriú iarbhír tá:
|
— |
uaireanta oibre le linn gnáth-thréimhsí oibre; |
|
— |
tréimhsí ragoibre íoctha, i.e. uaireanta oibre sa bhreis ar ghnáthuaireanta oibre, gan beann ar an ráta pá in aghaidh na huaire a chuirtear i bhfeidhm (e.g. ba cheart aon uair oibre amháin ag dhá oiread an ghnáthráta pá in aghaidh na huaire a iontráil mar aon uair amháin); |
|
— |
tréimhsí ragoibre neamhíoctha (9); |
|
— |
an t-am a chaitear ar thascanna amhail obair agus ullmhú láithreáin; uirlisí agus meaisíní a ullmhú, a chothabháil, a dheisiú agus a ghlanadh; admhálacha agus sonraisc a dhéanamh amach; cártaí oibre agus tuarascálacha, etc., a lánbhreacadh; |
|
— |
am a chaitear san áit oibre nach ndéantar aon obair lena linn, mar shampla, mar gheall ar stopadh meaisín, timpistí nó easpa oibre ó am go chéile, ach a ndéantar íocaíocht ina leith i gcomhréir leis an gconradh fostaíochta; |
|
— |
tréimhsí gearra scíthe san áit oibre, lena n-áirítear sosanna tae agus caife; |
|
— |
uaireanta a chaitear i mbun oiliúna san fhiontar/san aonad áitiúil nó i bhforais oideachais (eisiatar an mhír seo le haghaidh printíseach); |
|
— |
uaireanta a chaitear ar thurais ghnó arna n-íoc ag an bhfostóir; |
|
— |
tréimhsí oibre ar glao-dhualgas le haghaidh na n-uaireanta a chaitear san ionad oibre agus le haghaidh na n-uaireanta a chaitear lasmuigh den ionad oibre ón uair a ghlaoitear an fostaí ar ais chun dualgais (lena n-áirítear am taistil, e.g. ón mbaile go dtí an áit oibre); |
|
— |
uaireanta a caitheadh ag teilea-obair, ar choinníoll gur féidir leis an bhfostóir teagmháil a dhéanamh leis an bhfostaí le linn na ngnáthuaireanta oibre. |
Ní áirítear an méid seo a leanas in uaireanta arna n-oibriú iarbhír:
|
— |
uaireanta a íocadh ach nár oibríodh, mar shampla: laethanta saoire íoctha/saoire bhliantúil, laethanta saoire poiblí, neamhláithreacht mar gheall ar bhreoiteacht, saoire mháithreachais, teagmhais force majeure amhail dálaí adhaimsire nó guaiseacha nádúrtha etc.; |
|
— |
uaireanta nár oibríodh agus nár íocadh, mar shampla le linn tréimhsí breoiteachta agus máithreachais, etc.; |
|
— |
uaireanta nár oibríodh (cibé acu a íocadh iad nó nár íocadh) le linn saoire speisialta le haghaidh scrúduithe leighis, póstaí, sochraidí, aistriú tí, tar éis tionóisce, etc.; |
|
— |
príomhsosanna béile (i.e. ní tréimhsí scíthe gearra ná sosanna úrúcháin); |
|
— |
uaireanta nár oibríodh (cibé acu a íocadh iad nó nár íocadh) le linn obair ghearr-ama, díospóidí saothair, frithdhúnta, etc.; |
|
— |
an t-am a chaitheann an fostaí ag taisteal idir an baile agus an áit oibre; |
|
— |
uaireanta a chaitheann printísigh faoi oiliúint san fhiontar/san aonad áitiúil nó i bhforais oideachais. |
[CCE 2010, §11.27 go §11.29; Staidreamh Gnó Eorpach, athróg 220201 (‘Uaireanta arna n-oibriú ag fostaithe’)]
C. Uaireanta Íoctha
Cumhdaítear leis an athróg seo líon iomlán na n-uaireanta arna n-íoc ag an bhfostóir i rith na bliana (C1). Déantar líon iomlán na n-uaireanta íoctha a thaifeadadh ar leithligh i gcás fostaithe lánaimseartha (C11) agus fostaithe páirtaimseartha (C12). Déantar na huaireanta íoctha le printísigh a thaifeadadh freisin faoi athróg thiomnaithe (C1A) do na tíortha lena mbaineann.
Sainmhínítear líon bliantúil na n-uaireanta íoctha mar seo a leanas:
|
— |
gnáthuaireanta agus uaireanta ragoibre a íocadh le linn na bliana; |
|
— |
aon uair ar íocadh ráta laghdaithe leis an bhfostaí, fiú más íocaíochtaí ó chistí slándála sóisialta a bhí sa difríocht sin; |
|
— |
uaireanta nár oibríodh le linn na tréimhse tagartha ach a íocadh mar sin féin (laethanta saoire bhliantúla/saoire, neamhláithreacht de dheasca breoiteachta, laethanta saoire poiblí agus uaireanta íoctha eile, lena n-áirítear am saor le haghaidh scrúduithe leighis, breitheanna, póstaí, sochraidí, aistriú tí, etc.). |
Nuair a íocann an córas slándála sóisialta nó scéimeanna poiblí arna gcistiú ag an rialtas uaireanta áirithe go hiomlán nó go páirteach e.g. chun tacú le hobair ghearr-ama nó leagan as sealadach, sonraítear láimhseáil na gcásanna sin thíos.
I gcás saoire bhreoiteachta nó saoire mháithreachais agus cineálacha eile neamhláithreachta, amhail leagan as sealadach, déantar uaireanta arna n-íoc 100 % ag an bhfostóir a thaifeadadh ina n-iomláine mar uaireanta íoctha. Nuair a bhíonn uaireanta den sórt sin arna n-íoc go hiomlán ag an tslándáil shóisialta nó ag an rialtas (i.e. ní íocann an fostóir aon uaireanta nó aisíoctar iad ina n-iomláine), ba cheart na huaireanta comhfhreagracha a eisiamh.
Sa chás idirmheánach, nuair a íocann an fostóir (e.g. 25 %) agus an tslándáil shóisialta (75 %) araon cóimheas, ba cheart an 100 % comhfhreagrach d’uaireanta a íocadh a thaifeadadh. Léirítear sampla de na cásanna éagsúla thíos.
|
Saoire bhreoiteachta lá 1 go 3: ní íoctar aon rud leis an bhfostaí; ní ag an bhfostóir ná ag an tslándáil shóisialta
Saoire breoiteachta lá 4 go 14: Íocann an tslándáil shóisialta 75 % de agus íocann an fostóir 25 % de ar bhonn deonach
Saoire breoiteachta lá 15+: Íocann an tslándáil shóisialta 100 %, ní íocann an fostóir aon rud
|
Ríomh na n-uaireanta bliantúla íoctha agus na n-uaireanta bliantúla arna n-oibriú iarbhír
Tá na ríomhanna sin le déanamh go díreach ag an bhfostóir a sholáthraíonn na sonraí nó ag na gníomhaireachtaí bailithe/institiúidí staidrimh náisiúnta, agus úsáid á baint as an modh is iomchuí dar leo. Léiríonn na samhlacha seo a leanas conas is féidir uaireanta íoctha agus uaireanta arna n-oibriú iarbhír a mheas trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis atá ar fáil.
C11 Uaireanta bliantúla íoctha ag fostaithe lánaimseartha
I gcás ina bhfuil faisnéis ar fáil maidir leis na hathróga a liostaítear thíos:
|
(A11) |
Meánlíon míosúil na bhfostaithe lánaimseartha
|
sloinntear líon iomlán bliantúil na n-uaireanta íoctha ag fostaithe lánaimseartha leis an gcothromóid
(C11) = (A11) × (a + b)
ar cheart na huaireanta arna n-íoc ag an bhfostóir, go hiomlán nó go páirteach, le linn e.g. saoire bhreoiteachta, a áireamh inti. Ní áirítear uaireanta a íocann an tslándáil shóisialta ina n-iomláine.
Uaireanta bliantúla íoctha ag fostaithe páirtaimseartha (C12) agus ag printísigh (C1A)
Is féidir samhlacha comhchosúla a úsáid chun uaireanta íoctha ag fostaithe páirtaimseartha agus ag printísigh a ríomh.
B11 Uaireanta bliantúla arna n-oibriú iarbhír ag fostaithe lánaimseartha
I gcás ina bhfuil faisnéis ar fáil maidir leis na hathróga a liostaítear thíos:
|
(C11) |
Uaireanta bliantúla íoctha ag fostaithe lánaimseartha
|
|
(X11) |
Líon na laethanta bliantúla a íocadh ach nár oibrigh fostaithe lánaimseartha iarbhír, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
sloinntear líon iomlán bliantúil na n-uaireanta arna n-oibriú ag fostaithe lánaimseartha (roimh cheartúcháin le haghaidh laethanta nár oibríodh iarbhír) leis an gcothromóid [C11 + (A11 × c)].
Tríd an líon iomlán bliantúil uaireanta nár oibríodh iarbhír a dhealú, a shainítear le (A11) × d × (X11), faightear (B11), i.e. líon iomlán bliantúil na n-uaireanta arna n-oibriú iarbhír ag fostaithe lánaimseartha:
(B11) = [C11 + (A11 × c)] - (A11 × d × X11)
nó: (B11) = (A11) × [(a + b + c) – d × (X11)].
Uaireanta bliantúla arna n-oibriú iarbhír ag fostaithe páirtaimseartha (B12) agus ag printísigh (B1A)
Is féidir samhlacha comhchosúla a úsáid chun uaireanta oibrithe fostaithe páirtaimseartha agus printísigh a ríomh.
D. Costais saothair
Ciallaíonn costais saothair an caiteachas iomlán a íocann fostóirí chun foireann a fhostú, coincheap atá glactha i gcreat an Chomhphobail agus a chomhlíonann go ginearálta an sainmhíniú idirnáisiúnta ar Chomhdháil Idirnáisiúnta na Staitisteoirí Saothair (an Ghinéiv, 1966).
Áirítear le costais saothair cúiteamh fostaithe ag a bhfuil pá agus tuarastail in airgead tirim agus i gcomhchineál agus ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí (D1), costais ghairmoiliúna (D2), caiteachais eile (D3), agus cánacha a bhaineann le fostaíocht a mheastar a bheith ina gcostais saothair (D4), lúide aon fhóirdheontas a fuarthas (D5).
Déanfar na costais a bhaineann le daoine arna bhfostú ag gníomhaireachtaí fostaíochta sealadaí a áireamh i dtionscal na gníomhaireachta a fhostaíonn iad seachas i dtionscal an fhiontair ina n-oibríonn siad iarbhír.
Tugtar miondealú ar aon amharc amháin ar na costais saothair iomlána i bhFíor 2.
D1 Cúiteamh fostaithe
Sainmhínítear cúiteamh fostaithe mar an luach saothair iomlán, in airgead tirim nó i gcomhchineál, atá le híoc ag fostóir le fostaí as obair a dhéanann an fostaí le linn na tréimhse tagartha. Tá sé comhdhéanta de na comhpháirteanna seo a leanas:
|
— |
pá agus tuarastail (D11); |
|
— |
ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí (D12), arb é atá iontu den chuid is mó ranníocaíochtaí sóisialta iarbhír fostóirí (D121) agus ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha fostóirí (D122). |
[CCE 2010, §4.02, cód D.1; Staidreamh Gnó Eorpach, athróg 220301 (‘Speansas sochar fostaí’)]
D11 Pá agus tuarastail
Áirítear le pá agus tuarastail luach saothair díreach, bónais agus pá as sealobair, liúntais, táillí, coimisiún agus luach saothair comhchineáil. Mar sin féin, eisiatar pá oibrithe seachtracha a íoctar go heisiach ar rátaí tascoibre [CCE 2010, §4.07(e)]. Murab ionann agus na cuntais náisiúnta, eisiatar séisíní agus aiscí toisc nach n-íocann an fostóir iad agus nach ndéantar iad a thaifeadadh dá bhrí sin mar chostais saothair ina gcuntais. Áirítear pá agus tuarastail a íoctar le printísigh, le hoiliúnaithe agus le hintéirnigh, agus déantar iad a thaifeadadh freisin faoi athróg thiomnaithe (D11A) do na tíortha lena mbaineann.
Déantar pá agus tuarastail a thaifeadadh sa tréimhse ina ndéantar an obair. Mar sin féin, déantar bónais ad hoc nó íocaíochtaí eisceachtúla eile, an 13ú mí, etc. a thaifeadadh tráth a bhíonn siad dlite le híoc. Taifeadtar scair-roghanna idir dáta an deonaithe agus dáta an dílsithe. Mura leor na sonraí, déantar luach na rogha a thaifeadadh dáta an dílsithe.
Soláthraítear miondealú iomlán ar phá agus ar thuarastail i bhFíor 3.
[CCE 2010, §4.03 go §4.07 agus §4.12(a) a mhéid a bhaineann le tráth an taifeadta, cód D.11; Staidreamh Gnó Eorpach, athróg 220302 (‘Pá agus tuarastail’)]
D111 Luach saothair díreach, bónais agus liúntais
Áirítear le luach saothair díreach, bónais agus liúntais luachanna aon ranníocaíochtaí sóisialta, cánacha ioncaim, etc., atá iníoctha ag an bhfostaí fiú má choinníonn an fostóir siar iad iarbhír agus má íoctar iad go díreach le scéimeanna árachais shóisialta, le húdaráis chánach, etc. thar ceann an fhostaí.
Is cineál luaíochta nó aitheantais é bónas a dheonaíonn fostóir. Nuair a fhaigheann fostaí íocaíocht bhónais, níl aon ionchas ná toimhde ann go n-úsáidfear an bónas chun aon chostas sonrach a chumhdach. Is féidir luach agus uainiú íocaíochta bónais a bheith faoi rogha an fhostóra nó a bheith sonraithe i gcomhaontuithe san áit oibre.
Is éard is liúntas ann teidlíocht a dheonaíonn an fostóir d’fhostaí agus atá beartaithe chun speansas sonrach nach mbaineann leis an obair a thabhaíonn an fostaí a chumhdach. Is minic a shonraítear é i gcomhaontuithe san áit oibre agus íoctar é de ghnáth tráth na teidlíochta.
D1111 Luach saothair díreach, bónais agus liúntais a íoctar i ngach tréimhse phá
Ciallaíonn sé sin luach saothair i bhfoirm íocaíochtaí tráthrialta in airgead tirim a íoctar go tráthrialta ag gach tréimhse phá i rith na bliana. I gcás fhormhór na bhfostaithe, tréimhse sheachtainiúil nó mhíosúil atá sa tréimhse phá. Dá bhrí sin, níor cheart íocaíochtaí a fhaightear níos annaimhe (go míosúil i gcás íocaíochtaí tráthrialta seachtainiúla, go ráithiúil, go leathbhliantúil, go bliantúil) nó ar bhonn ad hoc a chur san áireamh anseo. Ba cheart íocaíochtaí le scéimeanna coigiltis fostaithe a eisiamh anseo agus tá siad le háireamh faoi D112.
Ba cheart iad a bheith ina méideanna comhlána, sula n-asbhaintear cánacha agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta is iníoctha ag fostaithe. [CCE 2010, §4.03(a-c, e, g, j), cód D.11]
Go sonrach, tagraíonn an athróg seo don mhéid seo a leanas:
|
(a) |
bunphá agus buntuarastail; |
|
(b) |
luach saothair díreach arna ríomh ar bhonn an ama a oibríodh agus arna íoc le fostaithe as uaireanta a oibríodh; |
|
(c) |
luach saothair agus íocaíochtaí breise as ragobair, obair oíche, obair ar an Domhnach agus ar laethanta saoire poiblí, agus sealobair a tabhaíodh le linn na tréimhse tagartha; |
|
(d) |
bónais agus liúntais a íoctar go tráthrialta ag gach tréimhse phá, lena n-áirítear:
|
Tá na saintréithe seo a leanas ag íocaíochtaí a bhaineann le mír chostais saothair D1111.
Is idirbhearta airgid thirim iad ó fhostóir chuig fostaí.
Ní:
|
— |
íoctar iad ar bhonn ad hoc nó ar mhinicíocht níos ísle ná minicíocht na n-íocaíochtaí tráthrialta luacha saothair (baineann siad sin le D1112); |
|
— |
íocaíochtaí comhchineáil iad (baineann siad sin le D114); |
|
— |
íocaíochtaí le scéim coigiltis fostaithe iad (baineann siad sin le D112); |
|
— |
íocaíochtaí iad atá beartaithe chun tréimhse shonrach nár oibríodh a chumhdach (baineann siad sin le D113 nó, i gcás breoiteachta, le D1221). |
Is féidir:
|
— |
iad a bheith ina mbónais a íoctar as rioscaí oibre nó sealobair; |
|
— |
iad a íoc go seachtainiúil nó go míosúil ag brath ar an ngnáth-thréimhse phá; |
|
— |
iad a bheith ina léiriú ar fheidhmíocht fostaí nó grúpa fostaithe. Samplaí: Íocaíochtaí a thagann faoi athróg D1111
|
D1112 Luach saothair díreach, bónais agus liúntais nach n-íoctar i ngach tréimhse phá
Gach íocaíocht le fostaithe nach n-íoctar go tráthrialta ag gach tréimhse phá (seachtainiúil nó míosúil), lena n-áirítear bónais agus liúntais a íoctar ag tréimhsí socraithe, ach nach n-íoctar go tráthrialta ag gach tréimhse phá, agus bónais atá nasctha le feidhmíocht aonair nó chomhchoiteann.
Áirítear anseo íocaíochtaí eisceachtúla le fostaithe a fhágann an fiontar, ar choinníoll nach bhfuil na híocaíochtaí sin nasctha le comhaontú comhchoiteann ná nach gceanglaítear iad leis an dlí. Mura bhfuil aon fhaisnéis ar fáil faoi nascáil fhéideartha le comhaontú comhchoiteann nó más eol go bhfuil nasc den sórt sin ann, eisiatar íocaíochtaí saoire eisceachtúla anseo agus ba cheart iad a áireamh faoi D1223 Íocaíochtaí le fostaithe a fhágann an fiontar. Eisiatar freisin íocaíochtaí le scéimeanna coigiltis fostaithe agus cumhdaítear iad le D112.
Ar an gcaoi chéanna, tagraíonn athróg D1112 d’ollmhéideanna sula n-asbhaintear cánacha agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta is iníoctha ag fostaithe. [CCE 2010, §4.03(d, f, i), cód D.11]
Tá na saintréithe seo a leanas ag íocaíochtaí a bhaineann le mír chostais saothair D1112.
Is idirbhearta airgid thirim iad ó fhostóir chuig fostaí.
Ní:
|
— |
íoctar iad i ngach tréimhse phá (féadfaidh baint a bheith acu sin le D1111); |
|
— |
íocaíochtaí comhchineáil iad (baineann siad sin le D114); |
|
— |
íocaíochtaí le scéim coigiltis fostaithe iad (baineann siad sin le D112); |
|
— |
íocaíochtaí iad atá beartaithe chun tréimhse shonrach nár oibríodh a chumhdach (baineann siad sin le D113 nó, i gcás breoiteachta, le D1221). |
Is féidir:
|
— |
iad a bheith ina liúntas i leith costais nó speansais shonracha; |
|
— |
iad a bheith ina léiriú ar fheidhmíocht fostaí nó grúpa fostaithe; |
|
— |
iad a bheith ina léiriú ar chúiteamh i leith dualgas nó feidhmeanna speisialta; |
|
— |
iad a bheith ina n-íocaíocht éigeantach a shonraítear sa chonradh fostaíochta, sa chomhaontú comhchoiteann nó a cheanglaítear leis an dlí (seachas bónais imeachta nó scoir); |
|
— |
iad a bheith ina n-íocaíocht lánroghnach; |
|
— |
iad a íoc ag pointí ama athraitheacha nó ag pointí seasta i rith na bliana. Samplaí: Íocaíochtaí a thagann faoi athróg D1112
|
D112 Íocaíochtaí le scéimeanna coigiltis fostaithe
Suimeanna a íoctar isteach i scéimeanna coigiltis d’fhostaithe (scéimeanna coigiltis cuideachtaí, scéimeanna scaircheannaigh, etc.). Ní mór íocaíochtaí a dhéantar chun ciste speisialta a bhunú chun scaireanna cuideachta nó sócmhainní airgeadais eile a cheannach d’fhostaithe, fiú mura bhfuil rochtain láithreach acu ar na sócmhainní sin, a laghdú de mhéid aon díolúine ó cháin a bhféadfadh feidhm a bheith aici maidir leo.
Ní fhéadfar dáileadh scaireanna, saor in aisce nó díol scaireanna ar phraghas laghdaithe leis an bhfoireann nó leis na cistí speisialta, a mheas mar chaiteachas ach amháin má cheannaítear na scaireanna atá i gceist ar an margadh. Cinntear an costas ar an bhfiontar de réir na difríochta idir an praghas ceannaigh agus an praghas díola nó aistrithe.
Má dhéantar íocaíochtaí le cuntas coigiltis fostaithe go tráthrialta, i ngach tréimhse phá (e.g. gach mí), ba cheart iad a mheas mar íocaíochtaí tráthrialta agus a thaifeadadh tráth a dhéantar an obair.
De rogha air sin, má dhéantar íocaíochtaí le cuntas coigiltis fostaithe ar bhonn ad hoc (e.g. cinneann an fostóir sciar de bhrabúis na cuideachta a athdháileadh ar chuntas coigiltis a fostaithe), ba cheart iad a thaifeadadh nuair atá siad dlite le híoc. [CCE 2010, §4.03(h), cód D.11]
D113 Íocaíochtaí i leith laethanta nár oibríodh
Luach saothair a íoctar as saoire reachtúil, chonarthach nó saoire a dheonaítear go deonach agus laethanta saoire poiblí nó laethanta íoctha eile nár oibríodh.
Samplaí: Íocaíochtaí a thagann faoi athróg D113
|
Mír |
Tuairisc |
|
Pá saoire |
Íocaíochtaí le fostaithe chun laethanta nár oibríodh mar gheall ar laethanta saoire bliantúla, náisiúnta nó áitiúla a chumhdach (íocaíochtaí a dhéanann an fostóir chun neamhláithreachtaí fostaithe mar gheall ar shaoire bhreoiteachta nó mháithreachais a chumhdach, láimhseáiltear iad mar ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí faoi D1221). |
|
Saoire speisialta |
Íocaíochtaí le fostaithe chun laethanta nár oibríodh ar chúiseanna pearsanta speisialta a chumhdach, e.g. pósadh, bás ball teaghlaigh, ionadaíocht ceardchumainn, seirbhís mhíleata nó ghiúiré. (Íocaíochtaí a dhéanann an fostóir chun neamhláithreachtaí fostaithe mar gheall ar shaoire bhreoiteachta nó mháithreachais a chumhdach, láimhseáiltear iad mar ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí faoi D1221). |
D114 Pá comhchineáil agus tuarastail chomhchineáil
Tagraíonn sé seo do gach earra agus seirbhís a chuireann fostóirí ar fáil saor in aisce nó ar phraghas laghdaithe d’fhostaithe tríd an bhfostóir. Áirítear leis táirgí cuideachta, tithíocht foirne, gluaisteáin chuideachta, scair-roghanna agus scéimeanna ceannaigh scaireanna. Má tá faisnéis ar fáil maidir le cánachas ioncaim phearsanta ar phá comhchineáil agus tuarastail chomhchineáil, d’fhéadfaí é sin a úsáid mar athróg ionadach. [CCE 2010, §4.04, §4.05 agus §4.06, cód D.11]
Samplaí: Pá agus tuarastail a thagann faoi athróg D114
|
Mír |
Tuairisc |
Miondealú breise |
|
Lascainí táirge |
Díolann an fostóir táirgí le fostaithe ar rátaí laghdaithe. Tá an t-ioncam comhchineáil cothrom leis an difríocht idir praghas an mhargaidh agus an praghas laghdaithe. |
D1141 |
|
Tithíocht in aisce nó fóirdheonaithe |
Íocann an fostóir costais tithíochta na bhfostaithe ina n-iomláine nó i bpáirt. Arís, tagtar ar an ioncam comhchineáil trína chur i gcomparáid leis an bpraghas margaidh. |
D1142 |
|
Úsáid cairr atá faoi úinéireacht an fhostóra |
Íocann an fostóir na costais reatha a bhaineann le carr atá faoi úinéireacht an fhostóra agus a chuirtear ar fáil don fhostaí le haghaidh gnó chomh maith le húsáid phríobháideach (tagraíonn an t-ioncam comhchineáil do luach úsáid an chairr phríobháidigh). |
D1143 |
|
Peitreal saor nó fóirdheonaithe |
Íocann an fostóir costais bhreosla phríobháideacha uile an fhostaí, nó cuid díobh, atá bainteach le húsáid cairr atá faoi úinéireacht an fhostóra. Tá an t-ioncam comhchineáil cothrom le luach airgid an tsochair sin. |
D1143 |
|
Scéimeanna scaircheannaigh |
Íocaíochtaí comhchineáil scairbhunaithe i gcás ina ndeonaítear scaireanna d’fhostaithe mar chuid dá bpacáistí cúitimh. Faigheann an fostaí na scaireanna gan mhoill ar phraghas faoi bhun phraghas an mhargaidh (is cineálacha cúitimh airgeadsocraithe scairbhunaithe iad cearta luachmhéadaithe stoic agus ba cheart iad a áireamh faoi D1112). |
D1144 |
|
Scair-roghanna |
Íocaíochtaí comhchineáil scairbhunaithe i gcás ina ndeonaítear scaireanna d’fhostaithe mar chuid dá bpacáistí cúitimh. Faigheann an fostaí an ceart scaireanna a cheannach ag pointe ama dea-shainithe amach anseo ar phraghas atá socraithe cheana féin sa lá atá inniu ann (is cineálacha cúitimh airgeadsocraithe scairbhunaithe iad cearta luachmhéadaithe stoic agus ba cheart iad a áireamh faoi D1112). |
D1144 |
|
Páirceáil in aisce nó fóirdheonaithe ag an obair |
Cuireann an fostóir saoráidí páirceála ar fáil d’fhostaithe ar chostas laghdaithe nó saor in aisce don fhostaí. Tá an t-ioncam comhchineáil cothrom le luach airgid an tsochair sin. |
D1145 |
|
Úsáid in aisce nó fóirdheonaithe gutháin soghluaiste |
Cuireann an fostóir guthán póca ar fáil d’úsáid ghnó agus phríobháideach agus íocann sé na costais ghaolmhara go léir. Comhfhreagraíonn an t-ioncam do luach airgid an tsochair sin. |
D1145 |
|
Taisteal saor in aisce nó fóirdheonaithe chuig an obair agus ón obair |
Íoctar costais taistil fostaithe chuig an obair agus ón obair ina n-iomláine nó i bpáirt. Tá an t-ioncam comhchineáil cothrom le luach airgid an tsochair sin. |
D1145 |
|
Béilí saor in aisce nó fóirdheonaithe |
Soláthraíonn an fostóir béilí ar chostas laghdaithe nó ar chostas nialasach don fhostaí. Tá an t-ioncam comhchineáil cothrom le luach airgid an tsochair sin. |
D1145 |
|
Costais in aisce nó fóirdheonaithe a bhaineann le teilea-obair |
Íocann an fostóir costais fostaithe a bhaineann le teilea-obair (má chumhdaítear an costas iomlán a bhaineann le síntiús idirlín, téamh, leictreachas agus sa chás sin amháin) i gcás ina dtéann sé sin chun tairbhe don fhostaí mar úsáideoir príobháideach freisin. Tá an t-ioncam comhchineáil cothrom le luach airgid an tsochair sin. Déantar aisíocaíocht pháirteach nach dtéann chun tairbhe don fhostaí a thaifeadadh in D3. |
D1145 |
D1141 Táirgí cuideachta (roghnach)
Soláthraítear iad sin in aisce le haghaidh úsáid phríobháideach nó díoltar iad le baill foirne faoi bhun a gcostais don fhiontar. Mar shampla, bia agus deoch (seachas caiteachas ar cheaintíní agus dearbháin bhéile), gual, gás, leictreachas, ola bhreosla, téamh, coisbheart agus éadaí (seachas éadaí oibre), micriríomhairí, etc.
Ba cheart an glanphraghas don fhiontar a iontráil, i.e. costas na dtáirgí a sholáthraítear saor in aisce nó an difríocht idir an costas agus an praghas ar a ndíoltar na táirgí leis an bhfoireann. Ní mór íocaíochtaí cúiteacha nó sochair chomhchineáil nach nglactar a iontráil freisin.
D1142 Tithíocht foirne (roghnach)
Tagraíonn sé seo do chaiteachas an fhiontair chun cúnamh a thabhairt d’fhostaithe le tithíocht, lena n-áirítear: (i) caiteachas ar thithíocht atá faoi úinéireacht an fhiontair (caiteachas ar chothabháil agus riar tithíochta, agus cáin agus árachas a bhaineann le tithíocht den sórt sin); (ii) iasachtaí ar ús laghdaithe chun tithíocht a thógáil nó a cheannach ag an bhfoireann (an difríocht idir an íocaíocht úis ag rátaí an mhargaidh agus ag an ráta a dheonaítear); (iii) agus liúntais agus fóirdheontais a dheonaítear d’fhostaithe i ndáil lena dtithíocht agus lena suiteáil, ach gan liúntais aistrithe a áireamh. Ní áirítear leis liúntais teaghlaigh a íoctar le fostaithe chun cuid dá gcostais tithíochta a chumhdach, rud a thaifeadtar faoi D1111.
D1143 Gluaisteáin chuideachta (roghnach)
Gluaisteáin chuideachta, nó an costas a bhaineann le gluaisteáin chuideachta a sholáthraítear d’fhostaithe dá n-úsáid phríobháideach. Ba cheart a áireamh ann na glanchostais reatha arna dtabhú ag an bhfiontar (an costas bliantúil a bhaineann le léasú agus íocaíochtaí úis — dímheas, árachas, cothabháil agus deisiúcháin agus páirceáil). Níor cheart a áireamh ann an caiteachas caipitiúil a bhaineann le ceannach na bhfeithiclí, aon ioncam a dhíorthaítear óna n-athdhíol, ná an cion de na costais atá inchurtha i leith úsáid a bhaineann leis an obair.
Ba cheart meastacháin a ríomh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil sna fiontair, mar shampla taifid ar fhlít feithiclí den chineál sin, an measúnú ar an meánchostas in aghaidh na feithicle, agus an meastachán ar an gcion atá inchurtha i leith úsáid phríobháideach na feithicle ag an bhfostaí.
D1144 Scair-roghanna agus scéimeanna scaircheannaigh (roghnach)
Tagraíonn an athróg roghnach seo do gach cineál íocaíochta comhchineáil atá nasctha le cúiteamh scairbhunaithe. Baineann scair-roghanna, scéimeanna scaircheannaigh agus ionstraimí cothromais eile a d’fhéadfadh athrú amach anseo leis an gcatagóir sin. Gné thipiciúil d’ionstraimí den sórt sin is ea go bhfuil siad cothromas-socraithe, i.e. is ionann iad agus aistriú ionstraimí cothromais ón bhfostóir chuig an bhfostaí. Is ionann na cineálacha cúitimh a chumhdaítear le D1144 agus na cineálacha sin a chumhdaítear leis an gceannteideal ‘Idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe’ de Chaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 2, ‘Íocaíocht scairbhunaithe’.
Is iondúil go n-aistríonn scéimeanna scaircheannaigh scaireanna ón bhfiontar fostaithe chuig fostaithe. Déantar an t-aistriú san am i láthair (dáta an deonaithe) agus tá sé bunaithe ar phraghas faoi bhun phraghas margaidh an lae inniu (an ‘praghas ceangail’). Tá na costais ar an bhfiontar coibhéiseach le toradh an lín scaireanna agus leis an difríocht idir praghas an mhargaidh agus an ‘praghas ceangail’.
Is iondúil go n-aistríonn scéimeanna scair-roghanna an ceart chun scaireanna an fhiontair fhostaithe a cheannach roimh phointe ama dea-shainithe amach anseo (dáta dílsithe) ar ‘phraghas ceangail’ fabhrach atá socraithe cheana féin san am i láthair (dáta an deonaithe). Ní bhainfidh fostaithe úsáid as an gceart sin ach amháin má sháraíonn praghas an mhargaidh ar an dáta dílsithe nó ina dhiaidh an ‘praghas ceangail’. Tá na costais ar an bhfiontar coibhéiseach arís le toradh an lín scaireanna agus leis an difríocht idir praghas an mhargaidh agus an ‘praghas ceangail’. Sa staidreamh maidir le costais saothair agus sa chuntasaíocht araon, sanntar na costais don ‘tréimhse dílseacháin’ agus déantar iad a dháileadh uirthi, is é sin an tréimhse idir dáta an deontais agus dáta an dílsithe. Tá na luachanna sin éiginnte le linn na tréimhse dílseacháin agus, dá bhrí sin, ní mór meastachán a dhéanamh orthu.
Go hidéalach, d’fhéadfaí teacht ar mheastachán ar athróg D1144 le haghaidh na bliana tagartha le cabhair ó threoirlínte ó Chaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 2, ‘Íocaíocht scairbhunaithe’. Mura bhfuil meastachán den sórt sin ar fáil, is féidir luachanna de réir caighdeáin chuntasaíochta nó rialacháin chánach na mBallstát a úsáid, ar choinníoll go gcumhdaítear leo ionstraimí cothromais D1144 agus go dtagraítear leo do thréimhse thagartha na topaice ‘struchtúr na gcostas saothair’.
Maidir le híocaíochtaí a dhéantar chun ciste speisialta a bhunú chun scaireanna cuideachta a cheannach d’fhostaithe, fiú mura bhfuil rochtain láithreach acu ar na sócmhainní sin, ní mór iad a laghdú faoi mhéid aon díolúine ó cháin a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm maidir leo. Ní chumhdaítear cúiteamh airgeadsocraithe scairbhunaithe amhail cearta luachmhéadaithe stoic le hathróg D1144, ach cumhdaítear le D1112 é.
D1145 Eile (roghnach)
Cumhdaítear leis an athróg seo, go háirithe, sochair indíreacha is inmhuirearaithe ar an bhfostóir, amhail:
|
— |
ceaintíní agus dearbháin bhéile; |
|
— |
saoráidí agus seirbhísí cultúrtha, spóirt agus fóillíochta; |
|
— |
naíscoileanna agus naíolanna lae; |
|
— |
siopaí foirne; |
|
— |
costais iompair le haghaidh turais idir an baile agus an ghnátháit oibre; |
|
— |
íocaíochtaí isteach i gcistí ceardchumainn agus costais coistí oibreacha. |
Áirítear le gach caiteachas den sórt sin deisiúcháin bheaga agus cothabháil tráthrialta foirgneamh agus suiteálacha atá dírithe ar sheirbhísí agus saoráidí sóisialta, cultúrtha nó fóillíochta mar a liostaítear thuas. Tuarastail agus pá arna n-íoc ag an bhfiontar go díreach le baill foirne atá ag obair sna seirbhísí agus sna saoráidí sin, ní iontráiltear iad faoin gceannteideal in athróg D1145.
D11A Pá agus tuarastail printíseach
Áirítear san athróg seo comhpháirteanna uile an phá agus na dtuarastal a liostaítear faoi D11 a bhaineann le printísigh.
D12 Ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí
Is éard atá san athróg sin méid atá cothrom le luach na ranníocaíochtaí sóisialta is iníoctha ag fostóirí le scéimeanna slándála sóisialta nó le scéimeanna árachais shóisialta eile a bhaineann le fostaíocht chun teidlíocht ar shochair shóisialta a áirithiú dá bhfostaithe. Féadfaidh ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí a bheith iarbhír nó barúlach. [CCE 2010, §4.08, cód D.12; Staidreamh Gnó Eorpach, athróg 220303 (‘Costais slándála sóisialta’)]
Cumhdaítear leo na rioscaí agus na riachtanais seo a leanas:
|
|
tinneas |
|
|
easláine, míchumas |
|
|
tionóisc cheirde nó galar ceirde |
|
|
seanaois |
|
|
marthanóirí |
|
|
máithreachas |
|
|
cúrsaí teaghlaigh |
|
|
cothú fostaíochta |
|
|
dífhostaíocht |
|
|
tithíocht |
|
|
oideachas |
|
|
ganntanas ginearálta. |
[CCE 2010, §4.84]
Áirítear orthu sin ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí is iníoctha le printísigh, a thaifeadtar freisin do na tíortha lena mbaineann faoi athróg thiomnaithe (D12A).
Tugtar miondealú iomlán ar ranníocaíochtaí sóisialta an fhostóra de réir comhpháirte i bhFíor 4.
D121 Ranníocaíochtaí sóisialta iarbhír fostóirí
Is éard atá i gceist leo sin íocaíochtaí a dhéanann fostóirí chun sochair a bhfostaithe le hárachóirí (scéimeanna slándála sóisialta agus árachais shóisialta eile a bhaineann le fostaíocht). Cumhdaítear leis na híocaíochtaí sin ranníocaíochtaí reachtúla, traidisiúnta, conarthacha agus deonacha i leith árachais in aghaidh rioscaí sóisialta nó riachtanas sóisialta. Déantar ranníocaíochtaí sóisialta iarbhír fostóirí a thaifeadadh sa tréimhse ina ndéantar an obair. [CCE 2010, §4.09, cód D.121 agus §4.12(b) a mhéid a bhaineann le tráth an taifeadta]
Samplaí: Íocaíochtaí a thagann faoi athróg D121
|
Mír |
Tuairisc |
Miondealú breise |
|
Íocaíochtaí fostóirí le scéim árachais le haghaidh míchumais |
Íocaíochtaí tráthrialta cistithe an fhostóra isteach sa scéim árachais. |
D1211 |
|
Íocaíochtaí reachtúla fostóirí le cistí pinsin |
Íocann an fostóir, le linn na tréimhse fostaíochta, isteach i scéim pinsin a bhaineann le ciste slándála sóisialta, le fiontar árachais nó le ciste pinsin uathrialach. |
D1211 |
|
Ranníocaíochtaí pinsin feabhsaithe fostóirí |
Íocann an fostóir ranníocaíocht bhreise le scéim pinsin an fhostaí. |
D1212 |
D1211 Ranníocaíochtaí reachtúla slándála sóisialta
Ranníocaíochtaí a íoctar le hinstitiúidí slándála sóisialta nó le scéimeanna árachais chun aon cheann de na rioscaí agus na riachtanais a liostaítear faoi D12 a chumhdach, atá iníoctha ag an bhfostóir agus atá éigeantach de réir an dlí. Ní mór méideanna na ranníocaíochtaí reachtúla sin a iontráil glan ó aon fhóirdheontas.
Áirítear orthu sin go háirithe ranníocaíochtaí reachtúla leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
scéimeanna árachais le haghaidh pinsean scoir, breoiteachta, máithreachais agus míchumais; |
|
(b) |
scéimeanna árachais dífhostaíochta; |
|
(c) |
scéimeanna árachais le haghaidh tionóiscí agus galair cheirde; |
|
(d) |
scéimeanna liúntas teaghlaigh. |
Eisiatar leo liúntais teaghlaigh agus aiscí eile in airgead tirim arna socrú le comhaontuithe comhchoiteanna nó arna gcomhaontú go deonach, a thaifeadtar mar ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha fostóirí (D122).
D1212 Ranníocaíochtaí slándála sóisialta conarthacha agus deonacha arna gcomhaontú go comhchoiteann agus atá iníoctha ag an bhfostóir
Is iad seo na ranníocaíochtaí uile arna n-íoc ag an bhfostóir le hinstitiúidí slándála sóisialta nó le scéimeanna árachais chun aon cheann de na rioscaí agus na riachtanais a liostaítear faoi D12 a chumhdach, ar rioscaí agus riachtanais iad atá forlíontach leis na rioscaí agus na riachtanais sin atá éigeantach de réir an dlí. Ba cheart aon díolúine ó cháin a bhféadfadh feidhm a bheith aici a chur san áireamh.
Áirítear ar na ranníocaíochtaí sin go háirithe:
|
(a) |
scéimeanna pinsin fhorlíontaigh, scéimeanna pinsin ceirde (pleananna árachaithe, cistí féinriartha, cúlchistí nó soláthairtí leabhair, gach caiteachas eile atá beartaithe chun scéimeanna pinsin fhorlíontaigh a chistiú); |
|
(b) |
scéimeanna forlíontacha árachais breoiteachta; |
|
(c) |
scéimeanna árachais dífhostaíochta forlíontacha. |
D122 Ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha fostóirí
Tá gá le ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha fostóirí chun tomhas iomlán a fháil ar chostais saothair tráth a dhéantar an obair. Is ionann iad agus contrapháirt sochar sóisialta díreach éigeantach sa tréimhse ina ndéantar an obair, agus contrapháirt sochar sóisialta díreach deonach tráth a sholáthraítear na sochair sin.
Íocann fostóirí sochair shóisialta neamhchistithe go díreach lena bhfostaithe nó lena n-iarfhostaithe agus le daoine incháilithe eile gan ciste slándála sóisialta, fiontar árachais ná ciste pinsean uathrialach a úsáid, agus gan ciste speisialta ná cúlchiste leithscartha a chruthú chun na críche sin. Ina ionad sin, íoctar na sochair as acmhainní dílse na bhfostóirí a oibríonn scéimeanna neamhchistithe. Cé go n-íocann na fostóirí sochair shóisialta áirithe go díreach, seachas iad a íoc trí bhíthin cistí slándála sóisialta ná árachóirí eile, ní bhaintear dá gcáil mar shochair leasa shóisialta dá bharr. D’fhéadfadh D122 a bheith ábhartha go háirithe nuair is táirgeoir neamh-mhargaidh (earnáil an rialtais) é an fostóir.
Cinntear an méid D122 trí thagairt a dhéanamh do na hoibleagáidí a bheidh ar fhostóirí amach anseo sochair shóisialta a sholáthar. Is iad meastacháin bunaithe ar bhreithnithe achtúireacha an fhoinse is fearr chun D122 a ríomh d’fhostóirí a oibríonn scéimeanna árachais shóisialta neamhchistithe. Mura bhfuil meastacháin achtúireacha den sórt sin ar fáil, ba cheart modhanna meastacháin eile a chur i bhfeidhm. Úsáideann roinnt tíortha, mar shampla, na sochair shóisialta neamhchistithe inbhraite a íoctar, lúide aon ranníocaíochtaí sóisialta fostaithe, mar mheastachán le haghaidh D122.
Áirítear in athróg D122, go háirithe, ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha fostóirí le haghaidh pinsean agus cúram sláinte. Áirítear léi freisin méid atá comhionann i luach an phá agus na dtuarastal a leanann fostóirí de bheith á n-íoc go sealadach i gcás bhreoiteacht, máithreachas, díobháil thionsclaíoch, míchumas, iomarcaíocht a bhfostaithe, etc., más féidir an méid sin a dheighilt. [CCE 2010, §4.10, cód D.122 agus §4.12(c) a mhéid a bhaineann le tráth an taifeadta]
Samplaí: Íocaíochtaí a thagann faoi athróg D122
|
Mír |
Tuairisc |
Miondealú breise |
|
Íocaíochtaí le linn saoire mháithreachais |
Íocann an fostóir an fostaí go díreach le linn saoire mháithreachais mar chúiteamh ar chaillteanas tuillimh. |
D1221 |
|
Ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha fostóirí le haghaidh pinsin státseirbhíseach |
Nach ndéanann an fostóir íocaíochtaí isteach i scéim pinsin le linn fhostaíocht an duine. Íoctar pinsin ina dhiaidh sin as acmhainní an fhostóra féin. |
D1222 |
|
Íocaíochtaí le scéimeanna luathscoir d’oibrithe páirtaimseartha |
Íocaíochtaí breise arna ndéanamh ag an bhfostóir isteach i scéimeanna luathscoir páirtaimseartha. |
D1222 |
|
Scaoilíocaíochtaí bunaithe ar chomhaontú comhchoiteann |
Déanann an fostóir na híocaíochtaí go díreach le fostaithe a fhágann an fiontar. |
D1223 |
|
Liúntais teaghlaigh arna socrú le comhaontuithe comhchoiteanna nó arna gcomhaontú go deonach |
Liúntais teaghlaigh agus aiscí arna n-íoc ag an bhfostóir thar na ceanglais reachtúla. |
D1224 |
|
Deontais staidéir |
Comhlíonann an fostóir cuid den chostas, nó an costas ar fad, a bhaineann le hoiliúint nach mbaineann leis an obair a dhéantar lasmuigh den fhiontar. |
D1224 |
|
Dámhachtain pósta nó breithe linbh |
Íocaíocht a dhéantar leis an bhfostaí tar éis an teagmhais. |
D1224 |
|
Oideachas leanaí saor in aisce nó fóirdheonaithe |
Íoctar táillí oideachais do leanaí an fhostaí ina n-iomláine nó i bpáirt. |
D1224 |
|
Liúntas ama oibre laghdaithe |
Íocaíocht ráthaithe chun fostaithe a chúiteamh go hiomlán nó go páirteach as laghdú ar an ngnátham oibre (baineann íocaíochtaí breise, arna n-íoc i ngach tréimhse phá, le D1111). |
D1224 |
D1221 Luach saothair ráthaithe i gcás breoiteachta (roghnach)
Cumhdaítear leis an athróg seo suimeanna arna n-íoc ag an bhfostóir go díreach le fostaithe chun luach saothair a choinneáil ar bun i gcás breoiteachta, máithreachais nó tionóisce ceirde mar chúiteamh ar chaillteanas tuillimh, lúide aon aisíocaíochtaí arna n-íoc ag institiúidí slándála sóisialta.
D1222 Ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha fostóirí le haghaidh pinsean agus cúram sláinte (roghnach)
Cumhdaítear leis an gcomhpháirt seo de D122 íocaíochtaí barúlacha le scéimeanna neamhchistithe pinsin agus cúraim sláinte, go háirithe in earnáil an rialtais. I roinnt tíortha, oibríonn fostóirí in earnáil an rialtais ghinearálta scéimeanna pinsin neamhchistithe do gach fostaí nó do ghrúpaí sonracha (oifigigh). Sna cásanna sin, ní chruthaíonn an fostóir cúlchistí speisialta ná ní charnann sé sócmhainní chun pinsin a íoc amach anseo. I gcás na bhfostaithe sin, ní mór íocaíochtaí barúlacha fostóirí le scéimeanna pinsin agus cúraim sláinte a chur san áireamh.
D1223 Íocaíochtaí le fostaithe a fhágann an fiontar (roghnach)
Léiríonn an chomhpháirt sin suimeanna a íoctar le hoibrithe a dífhostaíodh (pá téarfa agus cúiteamh in ionad fógra) má cheanglaítear na híocaíochtaí sin leis an dlí nó má tá siad nasctha le comhaontú comhchoiteann, nó i gcás nach eol gurb ann do nascáil den sórt sin. Áirítear in D1222 íocaíochtaí a dhéantar de rogha an fhostóra, i.e. íocaíochtaí nach rialaítear leis an dlí ná nach bhfuil nasctha le comhaontú comhchoiteann.
Níor cheart íocaíochtaí a dhéantar le fostaithe nuair a théann siad ar scor, e.g. mar chuid dá dteidlíocht pinsin, a áireamh in D1223.
D1224 Ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha eile an fhostóra (roghnach)
Tagraíonn an mhír seo do ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha eile uile an fhostóra nach luaitear in aon áit eile, amhail deontais staidéir d’fhostaithe agus dá dteaghlaigh nó luach saothair ráthaithe i gcás obair ghearr-ama. Sainmhínítear an dara ceann mar íocaíochtaí díreacha an fhostóra le fostaithe chun luach saothair a choinneáil ar bun i gcás obair ghearr-ama lúide aon aisíocaíochtaí arna n-íoc ag institiúidí slándála sóisialta leis an bhfostóir.
D12A Ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí do phrintísigh
Is éard atá san athróg seo suim na ranníocaíochtaí a íocadh iarbhír (D121) agus aon ranníocaíocht bharúlach (D122) le haghaidh fho-phobal na bprintíseach. [CCE 2010, §4.09, cód D.121, §4.10, cód D.122 agus §4.12(b, c) a mhéid a bhaineann le tráth an taifeadta]
D2 Costais ghairmoiliúna arna n-íoc ag an bhfostóir
Áirítear orthu sin caiteachas ar sheirbhísí agus saoráidí gairmoiliúna (lena n-áirítear iad siúd do phrintísigh, chomh maith le hoiliúnaithe agus intéirnigh íoctha ach ní áirítear a bpá ná a dtuarastail); deisiúcháin bheaga agus cothabháil foirgneamh agus suiteálacha, gan costais foirne san áireamh; caiteachas ar rannpháirtíocht i gcúrsaí; táillí teagascóirí ó lasmuigh den fhiontar; caiteachas ar áiseanna agus uirlisí teagaisc a úsáidtear le haghaidh oiliúna; suimeanna arna n-íoc ag an bhfiontar le heagraíochtaí gairmoiliúna, etc. Ba cheart fóirdheontais atá nasctha le gairmoiliúint a asbhaint. [CCE 2010, Tomhaltas idirmheánach]
Samplaí: Íocaíochtaí a thagann faoi athróg D2
|
Mír |
Tuairisc |
|
Táillí do theagascóirí lasmuigh den fhiontar |
Costais a bhaineann le gairmoiliúint d’fhostaithe, e.g. eagraithe i bhfoirm seimineáir inmheánacha (ba cheart fóirdheontais, más ann dóibh, a asbhaint). |
|
Caiteachas ar áiseanna teagaisc |
Costais a bhaineann le gairmoiliúint, e.g. i bhfoirm ríomhchúrsaí bunaithe ar Inlíon arna bhforbairt ag sainchuideachtaí (ba cheart fóirdheontais, más ann dóibh, a asbhaint). |
D3 Caiteachas eile arna íoc ag an bhfostóir
Áirítear leis sin, go háirithe:
|
(a) |
costais earcaíochta [is iad sin na suimeanna arna n-íoc le gníomhaireachtaí earcaíochta, caiteachas ar fhógraí poist sa phreas, speansais taistil arna n-íoc le hiarrthóirí a dtugtar cuireadh chun agallaimh dóibh, liúntais suiteála arna n-íoc le baill foirne nua-earcaithe, etc., ach ní áirítear leis costais oibriúcháin riaracháin (speansais oifige, pá foirne, etc.)]; |
|
(b) |
éadaí oibre arna soláthar ag an bhfostóir; |
|
(c) |
liúntais laethúla arna n-íoc le fostaithe chun costais a thabhaítear agus iad ar thuras gnó a chumhdach (liúntais lae) (10); |
|
(d) |
costais fostaithe a bhaineann le teilea-obair (e.g. aisíocaíocht pháirteach amháin ar shíntiús idirlín, aisíocaíocht pháirteach ar an mbille téimh nó leictreachais) i gcás nach dtéann siad chun tairbhe don fhostaí mar úsáideoir príobháideach. Déantar aisíocaíocht iomlán a théann chun tairbhe an fhostaí mar úsáideoir príobháideach a thaifeadadh in D1145. |
[CCE 2010, Tomhaltas idirmheánach]
Samplaí: Íocaíochtaí a thagann faoi athróg D3
|
Mír |
Tuairisc |
|
Liúntas éadaigh |
A íoctar i ngairmeacha ina bhfuil gá le héadaí speisialta, e.g. le haghaidh cosanta nó cur i láthair agus nach bhfuil beartaithe le haghaidh úsáid phearsanta. |
|
Costais earcaíochta |
Costais gníomhaireachtaí earcaíochta nó fógraí poist. |
|
Liúntas suiteála nó athlonnaithe |
A íoctar nuair a éilítear ar an bhfostaí an áit chónaithe a athrú. |
|
Costais in aisce nó fóirdheonaithe a bhaineann le teilea-obair |
Síntiús idirlín páirteach, aisíocaíocht pháirteach ar an mbille téimh nó leictreachais. |
D4 Cánacha ar shaothar arna n-íoc ag an bhfostóir
Cumhdaítear leis an athróg seo na cánacha uile atá bunaithe ar bhille iomlán an phá agus an tuarastail, nó ar fhostaíocht. Meastar gur costais saothair iad na cánacha sin.
Cumhdaítear in athróg D4 freisin cánacha pionóis atá le híoc i roinnt tíortha ag fostóirí as líon róbheag daoine faoi mhíchumas a fhostú, agus cánacha nó táillí comhchosúla.
Ní áirítear leis ranníocaíochtaí sóisialta is iníoctha ag an bhfostóir ná na méideanna a choinníonn an fostóir siar chun ranníocaíochtaí sóisialta nó cánacha ioncaim is iníoctha ag an bhfostaí a íoc. [CCE 2010, §4.23(c), cód D.29]
D5 Fóirdheontais saothair arna bhfáil ag an bhfostóir
Méideanna uile iad sin a fhaightear i bhfoirm fóirdheontas atá beartaithe chun cuid de chostas an luacha saothair dhírigh nó an costas ar fad a aisíoc, ach nach bhfuil sé beartaithe leo costais slándála sóisialta ná gairmoiliúna a chumhdach. Ní áirítear leo aisíocaíochtaí arna n-íoc leis an bhfostóir ag institiúidí slándála sóisialta ná ag cistí árachais forlíontacha. Áirítear leo fóirdheontais saothair lena n-aisíoctar an costas a bhaineann le luach saothair a thabhairt do phrintísigh chomh maith le hoiliúnaithe agus intéirnigh íoctha. Déantar fóirdheontais saothair a bhaineann le printísigh a thaifeadadh freisin, do na tíortha lena mbaineann, faoi athróg thiomnaithe (D5A). [CCE 2010, §4.37(a), cód D.39]
D5A Fóirdheontais saothair arna bhfáil ag an bhfostóir i ndáil le printísigh a fhostú
Is iad sin na fóirdheontais a thaifeadtar faoi mhír D5 lena n-aisíoctar cuid den luach saothair arna híoc le printísigh nó an luach saothair sin ar fad.
E. Aonaid Áitiúla
E1 Líon na n-aonad áitiúil sa chruinne
Taifeadtar leis an athróg seo líon iomlán na n-aonad áitiúil i ndaonra iomlán na bhfiontar cónaitheach.
E2 Líon na n-aonad áitiúil sa tacar sonraí deiridh
Taifeadtar leis an athróg seo líon iomlán na n-aonad áitiúil a mbailítear sonraí maidir leis an topaic ‘struchtúr na gcostas saothair’ ina leith, is é sin tar éis neamhfhreagairt a asbhaint agus na haonaid áitiúla nach mbaineann leis an daonra staidrimh a dhíothú.
Fíor 2
Costais saothair agus a bpríomh-chomhpháirteanna
|
* |
Lena n-áirítear: ‘Fóirdheontais saothair arna bhfáil ag an bhfostóir i ndáil le printísigh a fhostú’ (D5A) |
Fíor 3
Dí-chomhiomlánú na comhpháirte ‘Pá agus tuarastail’ (D11)
|
* |
Lena n-áirítear: ‘Pá agus tuarastail printíseach’ (D11A) |
Fíor 4
Dí-chomhiomlánú na comhpháirte ‘Ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí’ (D12)
|
* |
Lena n-áirítear: ‘Ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí do phrintísigh’ (D12A) |
(4) Áirítear sa chatagóir seo ‘státseirbhísigh agus fostaithe rialtais eile a leagtar a dtéarmaí agus coinníollacha fostaíochta síos leis an dlí poiblí’ [CCE 2010, §11.13(b)].
(5) ‘Is iad comhaltaí na bhfórsaí armtha an pearsanra sin atá ag fónamh faoi láthair sna fórsaí armtha, lena n-áirítear seirbhísí cúnta, cibé acu ar bhonn deonach nó éigeantach, agus nach bhfuil saoirse acu glacadh le fostaíocht shibhialtach agus atá faoi réir smacht míleata. Áirítear leis seo gnáthchomhaltaí den arm, den chabhlach, den aerfhórsa agus de sheirbhísí míleata eile, chomh maith le coinscríofaigh atá cláraithe le haghaidh oiliúint mhíleata nó seirbhís eile ar feadh tréimhse shonraithe’ (Aicmiú Caighdeánach Idirnáisiúnta Gairmeacha - ISCO-08).
(6) Ba cheart fostaithe ar shaoire tuismitheora a áireamh ar choinníoll gur íocadh uair an chloig ar a laghad leis an bhfostaí le linn na bliana tagartha. I gcás fostaithe a dtagann duine ina ionad nó ina hionad le linn a saoire tuismitheora, ba cheart an méid seo a leanas a thaifeadadh:
|
a) |
gan ach fostaí amháin sa líon fostaithe, chun comhaireamh dúbailte shealbhóir an phoist agus a ionadaí a sheachaint; |
|
(b) |
costais saothair arna n-íoc ag an bhfostóir don sealbhóir poist agus dá ionadaí araon, le linn na tréimhse tagartha; |
|
c) |
uaireanta oibrithe/uaireanta arna n-íoc don sealbhóir poist agus dá ionadaí araon. |
(7) Is éard is eachtoibrí ann duine a chomhaontaíonn a bheith ag obair le haghaidh fiontar ar leith nó méid áirithe earraí nó seirbhísí a sholáthar d’fhiontar ar leith trí shocrú nó trí chonradh roimh ré leis an bhfiontar sin, ach nach bhfuil a áit oibre nó a háit oibre laistigh de.
(8) Más fearr, is féidir an meán a bhunú ar an líon seachtainiúil (nó laethúil) fostaithe le linn na bliana/na tréimhse tagartha. Tá meán atá bunaithe ar fhigiúirí ráithiúla inghlactha freisin.
(9) Is minic nach mór uaireanta oibre neamhíoctha mar chuid de ‘uaireanta arna n-oibriú iarbhír’ a mheas, mar shampla ó shonraí ó shuirbhéanna teaghlaigh.
(10) Tá sé beartaithe go gcumhdófar le liúntais lae costais bhia (béilí), ticéid le haghaidh iompar poiblí san áit ina dtugtar faoi thuras gnó (e.g. tram, bus, traein, tacsaí; cé is moite den chéad mhodh iompair a úsáidtear ar theacht isteach don fhostaí agus an modh deireanach a úsáidtear ar fhilleadh ar an tír fostaíochta dó) ach arna íoc mar chnapshuim a úsáidfear de rogha an fhostaí. Sa chuntasaíocht ghnó, déantar liúntais lae a thaifeadadh mar aisíocaíochtaí speansas a bhaineann leis an obair (amhail costais taistil chuig an obair agus ón obair). Sna cuntais náisiúnta, is cuid de chúiteamh fostaithe iad. I staidreamh maidir le costais saothair, ba cheart iad a thaifeadadh faoi athróg D3 ‘Caiteachas eile arna íoc ag an bhfostóir’.
- Is iondúil go mbaineann costais taistil le linn an turais gnó leis an gcostas ar thicéid traenach/eitleáin/bus nó le táillí as carr príobháideach a úsáid chun críoch oibre. Aisíoctar iad ar thíolacadh na sonrasc comhfhreagrach (e.g. le haghaidh ticéid traenach/eitleáin/bus nó costais bhreosla). Déantar iad a thaifeadadh mar thomhaltas idirmheánach sna cuntais náisiúnta agus níor cheart, dá bhrí sin, iad a thaifeadadh.
- Cumhdaítear le costais chóiríochta speansais arna dtabhú ag fostaithe as fanacht thar oíche, e.g. in óstáin. Aisíoctar iad ar thíolacadh doiciméad bailí a chruthaíonn go raibh ar an bhfostaí na speansais sin a íoc. Déantar iad a thaifeadadh mar thomhaltas idirmheánach sna cuntais náisiúnta agus níor cheart, dá bhrí sin, iad a thaifeadadh.
IARSCRÍBHINN II
Spriocanna beachtais
1.
Beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit a úsáideann modhanna samplála an chomhéifeacht athrúcháin a choinneáil faoi bhun 1 % do na meánchostais saothair in aghaidh na huaire arna dtomhas do gach fostaí (páirtaimseartha agus lánaimseartha) atá ag obair in aonaid áitiúla chónaitheacha fiontar cónaitheach a bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó acu agus a bhaineann le hiomlán na ranna NACE uile faoi raon feidhme na topaice ‘struchtúr na gcostas saothair’ mar a shainmhínítear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2025/941.
2.
Beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit a úsáideann modhanna samplála an chomhéifeacht athrúcháin a choinneáil faoi bhun 10 % do na meánchostais saothair in aghaidh na huaire arna dtomhas do gach fostaí (páirtaimseartha agus lánaimseartha) atá ag obair in aonaid áitiúla chónaitheacha fiontar cónaitheach a bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó acu. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir le gach roinn NACE faoi raon feidhme na topaice ‘struchtúr na gcostas saothair’ mar a shainmhínítear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2025/941. Níl feidhm aige, áfach, maidir le ranna NACE arb ionann iad, sa bhliain tagartha, agus níos lú ná 1 % de na costais saothair iomlána de na ranna NACE uile faoi raon feidhme na topaice ‘struchtúr na gcostas saothair’.
3.
Déanfar sonraí a tharchuirfear faoin Rialachán seo a mharcáil mar shonraí ‘íseal-iontaofachta’ más mó ná 25 % a gcomhéifeacht athrúcháin.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/2401/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)