|
5.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 96/85 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/740 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Aibreán 2023
maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le bréagáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bréagáin atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glacfar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó leis na codanna sin díobh agus a leagtar amach in Airteagal 10 de Threoir 2009/48/CE agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(2) |
I gCuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/48/CE, leagtar ceanglais shonracha síos chun a áirithiú nach bhfuil aon riosca go mbeadh éifeachtaí díobhálacha ann ó thaobh shláinte an duine de bharr nochtadh do na substaintí ceimiceacha nó na meascáin cheimiceacha as a ndearnadh na bréagáin nó atá sna bréagáin. Thairis sin, leagtar síos in Airteagal 10(2) an ceanglas sábháilteachta ginearálta. |
|
(3) |
Le litir M/445 (3) an 9 Iúil 2009, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) go ndréachtófaí caighdeáin chomhchuibhithe nua agus go ndéanfaí athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe atá ann cheana chun tacú le Treoir 2009/48/CE. Cuireadh iarraidh nua a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2022)7410 ón gCoimisiún (4) in ionad na hiarrata sin, inar iarradh, i measc nithe eile, athbhreithniú ar chaighdeán EN 71-13 ‘Sábháilteacht bréagán – Cuid 13: Cluichí boird boltanacha, trealamh cosmaidí agus cluichí blastachta’. |
|
(4) |
Caighdeán comhchuibhithe athbhreithnithe CEN EN 71-13:2021 ‘Sábháilteacht bréagán – Cuid 13: Cluichí boird boltanacha, trealamh cosmaidí agus cluichí blastachta’, caighdeán ar foilsíodh an tagairt dó le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1992 ón gCoimisiún (5). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN 71-13:2021+A1:2022. |
|
(5) |
Na sonraíochtaí atá i gcaighdeán comhchuibhithe EN 71-13:2021+A1:2022, baineann siad le ceanglais Threoir 2009/48/CE ar bhealach atá níos soiléire. Go háirithe, leis an leagan nua seo de chaighdeán EN 71-13:2021 déantar an caighdeán a ailíniú le Treoir 2009/48/CE arna leasú le Treoracha (AE) 2020/2088 (6) agus (AE) 2020/2089 ón gCoimisiún (7). Rinneadh táblaí 1 agus 2 den chaighdeán a athbhreithniú agus cuireadh tábla 3 breise isteach sa chaighdeán chun athruithe ar na liostaí de chumhráin ailléirgineacha i dTreoir 2009/48/CE, athruithe a tugadh isteach le Treoracha (AE) 2020/2088 agus (AE) 2020/2089, a chur san áireamh. Áirítear i dtábla 3 den chaighdeán cumhráin ailléirgineacha atá le liostú, i gcomhréir le Treoir 2009/48/CE, ar lipéad atá greamaithe den bhréagán, den phacáistíocht nó de bhileog a ghabhann leis an mbréagán. Áirítear i gCaighdeán EN 71-13:2021+A1:2022 an tsonraíocht nach bhfuil trealamh cosmaidí ná cluichí blastachta le húsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí d’aois. Léiríonn an tsonraíocht sin go soiléir an ceanglas a leagtar amach i gCuid III, pointe 12, an dara mír, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/48/CE. |
|
(6) |
Caighdeán comhchuibhithe EN 71-13:2021+A1:2022 a dhréachtaigh CEN, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann an caighdeán sin iarraidh M/445 an 9 Iúil 2009. Ina theannta sin rinne an Coimisiún measúnú ar an gcomhlíonann an caighdeán sin an iarraidh nua a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2022)7410. Comhlíonann an caighdeán comhchuibhithe na ceanglais is aidhm dó a chumhdach agus a leagtar amach i dTreoir 2009/48/CE. Dá bhrí sin is iomchuí an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(7) |
Cuirtear caighdeán comhchuibhithe EN 71-13:2021+A1:2022 in ionad chaighdeán comhchuibhithe EN 71-13:2021. Dá bhrí sin is iomchuí na tagairtí don chaighdeán sin a tharraingt siar d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(8) |
Ar mhaithe le soiléireacht, le réasúntacht agus le simpliú, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2009/48/CE agus a chomhlíonann na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ba cheart liosta iomlán de na tagairtí sin a fhoilsiú in aon ghníomh amháin. Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2009/48/CE, is le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1992 atá siad foilsithe faoi láthair. Dá bhrí sin, is gá cinneadh nua a chur in ionad Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1992. |
|
(9) |
Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe maidir le bréagáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2009/48/CE agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, déantar leis seo iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 2
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1992.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Aibreán 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.
(2) Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1).
(3) M/445 an 9 Iúil 2009 maidir le sainordú caighdeánaithe, litir a dhírítear chuig CEN agus Cenelec faoi chuimsiú Threoir 2009/48/CE lena ndéantar athbhreithniú ar Threoir 88/378/CEE maidir le sábháilteacht bréagán.
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022)7410 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hiarraidh um chaighdeánú i ndáil le bréagáin chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil chun tacú le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1992 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2021 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le bréagáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 405, 16.11.2021, lch. 14).
(6) Treoir (AE) 2020/2088 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú cumhrán ailléirgineach i mbréagáin (IO L 423, 15.12.2020, lch. 53).
(7) Treoir (AE) 2020/2089 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an toirmeasc ar chumhráin ailléirgineacha i mbréagáin (IO L 423, 15.12.2020, lch. 58).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir |
Tagairt don chaighdeán |
||
|
1. |
EN 71-1:2014+A1:2018 Sábháilteacht bréagán — Cuid 1: Airíonna meicniúla agus fisiceacha |
||
|
2. |
EN 71-2:2020 Sábháilteacht bréagán — Cuid 2: Inadhainteacht |
||
|
3. |
EN 71-3:2019+A1:2021 Sábháilteacht bréagán — Cuid 3: Aistriú gnéithe áirithe |
||
|
4. |
EN 71-4:2020 Sábháilteacht bréagán — Cuid 4: Foirne turgnaimh le haghaidh gníomhaíochtaí ceimice agus gníomhaíochtaí gaolmhara |
||
|
5. |
EN 71-5:2015 Sábháilteacht bréagán — Cuid 5: Bréagáin cheimiceacha (foirne) eile seachas foirne turgnaimh |
||
|
6. |
EN 71-7:2014+A3:2020 Sábháilteacht bréagán — Cuid 7: Méarphéinteanna — Ceanglais agus modhanna tástála |
||
|
7. |
EN 71-8:2018 Sábháilteacht bréagán — Cuid 8: Bréagáin ghníomhaíochta le haghaidh úsáid tí |
||
|
8. |
EN 71-12:2016 Sábháilteacht bréagán — Cuid 12: N-Nítreasaimíní agus substaintí N-In-nítreasáithithe Nóta faisnéise: Na teorainnluachanna i bpointe a) de Thábla 2 de chlásal 4.2 de chaighdeán ‘EN 71-12:2016 Sábháilteacht bréagán — Cuid 12: N-Nítreasaimíní agus substaintí N-In-nítreasáithithe’, is ísle iad ná na teorainnluachanna atá le comhlíonadh a leagtar síos i bpointe 8 de chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/48/CE. Thar aon ní eile, is iad seo a leanas na luachanna sin: |
||
|
Substaint |
Caighdeán EN 71-12:2016 |
Treoir 2009/48/CE |
|
|
N-nítreasaimíní |
0,01 mg/kg |
0,05 mg/kg |
|
|
Substaint N-In-nítreasáithithe |
0,1 mg/kg |
1 mg/kg. |
|
|
9. |
EN 71-13:2021+A1:2022 Sábháilteacht bréagán — Cuid 13: Cluichí boird boltanacha, trealamh cosmaidí agus cluichí blastachta |
||
|
10. |
EN 71-14:2018 Sábháilteacht bréagán — Cuid 14: Trampailíní d’úsáid tí |
||
|
11. |
EN IEC 62115:2020 Bréagáin leictreacha – Sábháilteacht EN IEC 62115:2020/A11:2020 |
||