European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/2484

4.11.2026

CINNEADH (AE) 2026/2484 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Deireadh Fómhair 2026

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus an Bholaiv, Ceanada, an tSile, Cósta Ríce, Eacuadór, Panama, Peiriú agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis inniúla na dtríú Stát sin i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 85, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Glacadh Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) an 14 Samhain 2018 agus tá feidhm aige ón 12 Nollaig 2019.

(2)

De bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2018/1727, féadfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Cheartais Coiriúil (Eurojust) comhar a bhunú agus a choinneáil ar bun le húdaráis de chuid tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Chun na críche sin, tá Eurojust le straitéis um chomhar a ullmhú gach 4 bliana, i gcomhairle leis an gCoimisiún, ar straitéis í a léireoidh go beacht na tríú tíortha agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil gá oibríochtúil ann oibriú i gcomhar leo. Dá réir sin, i gcomhairle leis an gCoimisiún, ghlac Eurojust, i mí an Mhárta 2024, Straitéis Eurojust maidir le Comhar le Comhpháirtithe Idirnáisiúnta 2024-2027 (‘Straitéis Eurojust don tréimhse 2024-2027’).

(3)

Leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1727, go háirithe Airteagal 56 de, na prionsabail ghinearálta maidir le sonraí pearsanta a aistriú ó Eurojust chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta. Féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír, bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, tugtha i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena ndéantar foráil maidir le coimircí leormhaithe i dtaobh príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.

(4)

Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus an Bholaiv, Ceanada, an tSile, Cósta Ríce, Eacuadór, Panama, Peiriú agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus na húdaráis inniúla maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis inniúla na dtríú Stát sin in ábhair choiriúla (‘na Comhaontuithe’). Roghnaíodh na tíortha sin ar bhonn measúnú ar riachtanais oibríochtúla a sainaithníodh i Straitéis Eurojust don tréimhse 2024-2027, an gá atá le comhsheasmhacht a áirithiú sa chaidreamh idir gníomhaireachtaí agus comhlachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile de chuid an Aontais leis na tíortha sin, agus na leasanna straitéiseacha a bhaineann le slándáil an Aontais, go háirithe i réimsí na coireachta eagraithe agus na gáinneála ar dhrugaí.

(5)

Leis na Comhaontuithe, ba cheart bunúis dlí a sholáthar chun sonraí pearsanta a mhalartú go córasach leis na tríú tíortha comhpháirtíochta lena mbaineann agus chun ionchúisitheoirí idirchaidrimh ó na tíortha sin a thabhairt ar iasacht do Eurojust, ós rud é nach bhfuil uirlisí den sórt sin ar fáil trí shocruithe oibre Eurojust féin.

(6)

Ba cheart don Choimisiún, i gcás inar gá, dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS), lena n-áirítear le linn chaibidlíocht na gComhaontuithe, agus, in aon chás, ba cheart dó dul i gcomhairle le MECS sula dtabharfar na Comhaontuithe i gcrích.

(7)

Leis na Comhaontuithe, ba cheart na cearta agus na saoirsí bunúsacha a urramú, agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, go háirithe an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, ceart a aithnítear in Airteagal 7 de, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, ceart a aithnítear in Airteagal 8 de, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach cothroime, ceart a aithnítear in Airteagal 47 de. Ina theannta sin, toirmisctear aon mhalartú faisnéise as a n-eascraíonn íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach, nó a bhaineann le pionós an bháis a fhorchur. Ba cheart feidhm a bheith ag na Comhaontuithe i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(8)

Leis na Comhaontuithe, níor cheart difear a dhéanamh d’aistriú sonraí pearsanta ná do chineálacha eile comhair idir na húdaráis atá freagrach as an tslándáil náisiúnta a chosaint, agus níor cheart dochar a dhéanamh d‘aistriú ná comhar den sórt sin.

(9)

Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2018/1727 agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.

(10)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(11)

Chuathas i gcomhairle le MECS maidir leis an gCinneadh seo agus maidir leis an aguisín a ghabhann leis agus d’eisigh MECS tuairim an 20 Deireadh Fómhair 2026,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus an Bholaiv, Ceanada, an tSile, Cósta Ríce, Eacuadór, Panama, Peiriú agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis inniúla na dtríú Stát sin i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla.

Airteagal 2

Leis seo, déantar an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais.

Airteagal 3

Dírítear na treoracha caibidlíochta a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Airteagal 4

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairle le Meitheal na Comhairle um Chomhar Breithiúnach in Ábhair Choiriúla (COPEN), a ainmnítear leis seo mar an coiste speisialta dá bhforáiltear in Airteagal 218(4) CFAE.

Airteagal 5

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiúin.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 29 Deireadh Fómhair 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. O’BRIEN


(1)  Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1727/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2484/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)