European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/381

6.3.2025

CINNEADH (AE) 2025/381 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Feabhra 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE maidir le leasú ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (‘ComhaontúLEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)

Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Treoir (AE) 2022/2556 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ba cheart iad a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE maidir leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Feabhra 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1994/2894/oj.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1994/1/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj).

(4)  Treoir (AE) 2022/2556 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus (AE) 2016/2341 a mhéid a bhaineann le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil le haghaidh na hearnála airgeadais (IO L 333, 27.12.2022, lch. 153, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2556/oj).


DRÉACHT

CHINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. …

an …

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Treoir (AE) 2022/2556 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus (AE) 2016/2341 a mhéid a bhaineann le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil le haghaidh na hearnála airgeadais (2) , tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas i bpointe 1 (Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), i bpointe 14 (Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), i bpointe 19b (Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), i bpointe 30 (Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), i bpointe 31ba (Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) agus i bpointe 31bb (Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘—

32022 L 2556: Treoir (AE) 2022/2556 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 153).’

2.

Cuirtear isteach an méid seo a leanas i bpointe 16e (Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) agus i bpointe 31d (Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘, arna leasú le:

—

32022 L 2556: Treoir (AE) 2022/2556 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 153).’

3.

Cuirtear isteach an méid seo a leanas i ndiaidh phointe 31pc (Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2486 ón gCoimisiún):

‘31q.

32022 R 2554: Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

(a)

D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí Ballstát nó Ballstáit agus údaráis inniúla, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán.

(b)

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, comhoibreoidh na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) agus Údarás Faireacháin CSTE, malartóidh siad faisnéis agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile chun críocha an Rialacháin, go háirithe sula ndéanfaidh siad aon ghníomhaíocht.

(c)

Maidir le cinntí, iarrataí, moltaí, tuairimí, pleananna agus bearta eile de chuid Údarás Faireacháin CSTE faoi Airteagail 31, 33, 35-39, 42 agus 43, glacfar iad gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an ÚME inniúil de bhun Airteagal 31(1) ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE.

(d)

Nuair a dhéantar tagairt sa Rialachán do bhainc cheannais náisiúnta, déanfar tagairt, a mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, don Aireacht Airgeadais i Lichtinstéin.

(e)

I bpointe (61) d’Airteagal 3, cuirfear isteach na focail “nó Údarás Faireacháin CSTE, de réir mar a bheidh,” i ndiaidh na bhfocal “an tÚdarás Maoirseachta Eorpach”.

(f)

I bpointe (30) d’Airteagal 3 agus in Airteagal 55(3), cuirfear na focail “forálacha Chomhaontú LEE nó forálacha an dlí náisiúnta” in ionad na bhfocal “dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta”.

(g)

In Airteagal 6(10) agus Airteagal 19(5), cuirfear na focail “dlí earnála Chomhaontú LEE agus an dlí earnála náisiúnta” in ionad na bhfocal “dlí an Aontais agus an dlí earnála náisiúnta”.

(h)

In Airteagal 19(7), cuirfear isteach na focail “agus bainc cheannais náisiúnta Stáit CSTE” i ndiaidh na bhfocal “baill an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais”.

(i)

In Airteagal 31(1):

(i)

cuirfear isteach na focail “, nó Údarás Faireacháin CSTE, a mhéid a bhaineann le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí atá bunaithe i Stát CSTE nó soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí atá bunaithe i dtríú tír ach a bhfuil fochuideachta acu i Stát CSTE,” i ndiaidh an fhocail “gComhchoiste”;

(ii)

cuirfear isteach na focail “nó, Údarás Faireacháin CSTE, de réir mar a bheidh,” i ndiaidh na bhfocal “ÚME […] atá freagrach”;

(iii)

cuirfear an méid seo a leanas le pointe (b):

“Is é Údarás Faireacháin CSTE a bheidh ina Phríomh-Fhormhaoirseoir ar gach soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil atá bunaithe i Stát CSTE, nó ar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí atá bunaithe i dtríú tír ach a bhfuil fochuideachta acu i Stát CSTE. Tríd an gComhchoiste, ceapfaidh na ÚMEnna an ÚME ábhartha atá le cúnamh a thabhairt d’Údarás Faireacháin CSTE chun a ról a chomhlíonadh faoin Rialachán, lena n-áirítear ullmhú na ndréachtaí dá dtagraítear in oiriúnú (c).”

(j)

In Airteagal 31(5), cuirfear isteach na focail “, nó Údarás Faireacháin CSTE, de réir mar a bheidh” i ndiaidh an fhocail “gComhchoiste”.

(k)

In Airteagal 31(8) (ii), cuirfear isteach na focail “nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, le creataí chun tacú leis na cúramaí céanna dá dtagraítear in Airteagal 127(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh” i ndiaidh na bhfocal “Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh”.

(l)

In Airteagal 31(11), cuirfear isteach na focail “, nó Údarás Faireacháin CSTE, de réir mar a bheidh,” i ndiaidh an fhocail “gComhchoiste”.

(m)

In Airteagal 32(4), cuirfear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Údaráis inniúla Stáit CSTE, beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu agus a bheidh ag údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais in obair an Fhóraim Formhaoirseachta.

Beidh sé de cheart ag Údarás Faireacháin CSTE beirt ionadaithe a cheapadh ar an bhFóram Formhaoirseachta, a mbeidh duine acu ina ionadaí ardleibhéal, agus a mbeidh na cearta agus na oibleagáidí céanna aige agus a bheidh ag ionadaithe na ÚMEnna.”.

(n)

In Airteagal 32(8), cuirfear na focail “forálacha Chomhaontú LEE” in ionad na bhfocal “rialacha an Aontais”.

(o)

In Airteagal 34(1), cuirfear an abairt seo a leanas leis:

“Glacfaidh Údarás Faireacháin CSTE páirt sa Líonra Formhaoirseachta Comhpháirtí, mar chuid dá ról mar Phríomh-Fhormhaoirseoir.”.

(p)

In Airteagal 35(3), cuirfear an fhomhír seo a leanas leis:

“Sula n-ullmhaítear dréachtmholadh i gcomhréir le mír 1, pointe (d) le haghaidh Údarás Faireacháin CSTE, tabharfaidh an ÚME atá freagrach an deis don soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí faisnéis ábhartha a sholáthar, laistigh de 30 lá féilire, ina léirítear an tionchar ionchasach ar chustaiméirí ar eintitis iad nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus, i gcás inarb iomchuí, ina gceaptar réitigh chun rioscaí a mhaolú.”.

(q)

In Airteagal 35(9), cuirfear an abairt seo a leanas leis:

“Cinnfidh Buanchoiste na Stát CSTE leithdháileadh méideanna na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailíonn Údarás Faireacháin CSTE, ina ról mar Phríomh-Fhormhaoirseoir.”.

(r)

In Airteagal 35(11), cuirfear isteach an fhomhír seo a leanas i ndiaidh na chéad fhomhíre:

“Sula n-ullmhaítear dréachtchinneadh maidir le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla faoi mhír 6 le haghaidh Údarás Faireacháin CSTE, tabharfaidh an ÚME atá freagrach deis d’ionadaithe an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil atá faoi réir na n-imeachtaí go n-éistfear leis maidir leis na torthaí agus bunóidh sé a chinntí ar thorthaí a raibh deis ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil atá faoi réir na n-imeachtaí a bharúil a thabhairt ina dtaobh agus ar na torthaí sin amháin.”.

(s)

In Airteagal 36(2), cuirfear isteach na focail “nó Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh na bhfocal “ÚBE, ÚEUM nó ÚEÁPC”.

(t)

In Airteagal 37(3), a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh i bpointe (f):

“sonróidh sé an ceart chun an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 36 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.”.

(u)

In Airteagal 40(2):

(i)

cuirfear isteach na focail “agus Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh an fhocail “ÚMEnna”;

(ii)

cuirfear an fhomhír seo a leanas leis:

“Rannpháirtíocht Údarás Faireacháin CSTE san fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach, beidh sí ar bhonn deonach i gcásanna nach mbaineann na gníomhaíochtaí formhaoirseachta le soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ná le fochuideachta atá bunaithe i Stát CSTE.”.

(v)

In Airteagal 49(1), cuirfear isteach na focail “agus Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh an fhocail “ÚMEnna”.

(w)

In Airteagail 49(2) agus 56(1), cuirfear isteach na focail “, Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh an fhocail “ÚMEnna”.

(x)

In Airteagal 64, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, in ionad na bhfocal “17 Eanáir 2025” is é “dáta a ainmneofar faoin dlí náisiúnta tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. [uu/bbbb] an mí/bliain] ó Chomhchoiste LEE an (An cinneadh seo).” a bheidh ann.’

4.

Cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas i bpointí 31baa (Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), 31bc (Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), 31bf (Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), 31eb (Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) agus 31l (Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘—

32022 R 2554: Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).’.

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán (AE) 2022/2554 agus Treoir (AE) 2022/2556 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, …

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rúnaithe

Chomhchoiste LEE


(1)   IO L 333, 27.12.2022, lch. 1.

(2)   IO L 333, 27.12.2022, lch. 153.

(*1)  [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/381/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)