|
26.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 141/19 |
CINNEADH (AE) 2021/671 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Aibreán 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun tacaíocht oifigiúil a mhéadú le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin i bhfoirm costais áitiúla
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá feidhm ag na treoirlínte atá sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil (an “Socrú”) san Aontas de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). |
|
(2) |
Chomhaontaigh an 145ú seisiún de Chruinniú Rannpháirtithe an tSocraithe, a reáchtáladh an 17 Samhain 2020, cinneadh a ghlacadh i nós imeachta i scríbhinn, cinneadh lena leasaítear an Socrú chun an tacaíocht oifigiúil a mhéadú le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin i bhfoirm costais áitiúla. |
|
(3) |
Leis an gcinneadh atá beartaithe chun an tacaíocht oifigiúil a mhéadú le haghaidh costais áitiúla, ba cheart na forálacha maidir le tacaíocht costais áitiúil sa Socrú a chur in oiriúint do phatrúin trádála agus táirgthe atá i réim. Tá athrú tagtha ar chinntí foinsithe na n-onnmhaireoirí de bharr slabhraí luacha domhanda agus faigheann an chuid is mó de na honnmhaireoirí soláthar anois ó thíortha éagsúla agus tá méadú ag teacht de réir a chéile ar an méid a dhéantar sin ón áit ina bhfuil an ceannaitheoir lonnaithe. Chun níos mó solúbthachta a chur ar fáil d’onnmhaireoirí an Aontais agus gur féidir straitéisí foinsithe barrfheabhsaithe a bheith ann, ba cheart an uasteorainn ar thacaíocht oifigiúil le haghaidh costais áitiúla a ardú ó 30 % go 40 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin i dtíortha ardioncaim agus ó 30 % go 50 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin i dtíortha meánioncaim agus ísealioncaim. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis an gcinneadh atá le glacadh ag Rannpháirtithe an tSocraithe sa nós imeachta i scríbhinn, toisc go bhféadfaidh an cinneadh atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith aige ar ábhar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun tacaíocht oifigiúil a mhéadú le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin i bhfoirm costais áitiúla, beidh sé bunaithe ar an togra ón Aontas (2).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Aibreán 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).
(2) Féach doiciméad ST 7202/21 ar http://register.consilium.europa.eu