An Bhruiséil,28.8.2020

COM(2020) 434 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

lena bhformheastar leasuithe ar an gComhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (Comhaontú Bonn) a mhéid a bhaineann le leathnú a raoin feidhme ábhartha agus thíreolaíoch


Cinneadh na bPáirtithe Conarthacha sa Chomhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile ar leathnú raon feidhme chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe d’fhonn comhar a dhéanamh maidir le faireachas i leith cheanglais Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL.

Tá na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (“an Comhaontú”),

Ag meabhrú dóibh Airteagal 16 den Chomhaontú, airteagal ina bhforáiltear gur féidir le Páirtí Conarthach amháin nó níos mó leasuithe ar an gComhaontú a mholadh agus gur féidir glacadh leo sin trí vóta d’aon ghuth ag cruinniú de chuid na bPáirtithe Conarthacha,

Le hintinn a áirithiú go bhfaigheann an Rialtas Taisclainne fógraí formheasa ó gach Páirtí Conarthach chomh tapa agus is féidir ionas go dtiocfaidh leasuithe den sórt sin i bhfeidhm go mear mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) den Chomhaontú,

D’fhonn comhar agus comhordú a fheabhsú idir na Stáit Chonarthacha chun astaíochtaí aeir neamhdhleathacha arb í an loingseoireacht is cúis leo a chomhrac d’fhonn teorainn a chur leis na hiarmhairtí diúltacha do shláinte an duine, don bhithéagsúlacht agus don chomhshaol muirí ar fad is toradh ar dhóchán breoslaí muirí ina bhfuil ardchion sulfair nó nítrigine,

ag glacadh an chinnidh seo a leanas trí vóta d’aon ghuth:

Mír 1 – Leasú ar theideal an Chomhaontaithe

Leasófar teideal an Chomhaontaithe le go léifear mar a leanas é:

“An Comhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú Limistéar na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile lena n-áirítear Truailliú Aeir arb í an Loingseoireacht is cúis leis”

Mír 2 – Leasú ar bhrollach an Chomhaontaithe

Leasófar brollach an Chomhaontaithe mar a leanas:

cuirtear an focal “Éire” isteach roimh na focail “Ríocht na hÍsiltíre”.

Leasófar míreanna brollaigh 2 go 6 le go léifear mar a leanas iad:

“Ag aithint dóibh go bhféadfaidh truailliú na mara ag ola agus ag substaintí díobhálacha eile chomh maith le truailliú aeir arb í an loingseoireacht i limistéar na Mara Thuaidh is cúis leis, go bhféadfaidh siad a bheith ina mbagairt ar an gcomhshaol muirí, ar an mbithéagsúlacht, ar shláinte an duine agus ar na leasanna comhfhreagracha atá ag Stáit chósta,

Ag tabhairt dá n-aire gurb iomaí foinse atá ag na cineálacha sin truaillithe agus gur ábhar mór imní taismí agus eachtraí eile ar an bhfarraige,

Ós cinnte leo go bhfuil an cumas na cineálacha sin truaillithe a chomhrac chomh maith le comhar gníomhach agus cúnamh frithpháirteach idir Stáit riachtanach chun a gcóstaí agus a leasanna gaolmhara a chosaint,

Ag fáiltiú dóibh roimh an dul chun cinn atá déanta cheana laistigh de chreat an Chomhaontaithe maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola, a síníodh in Bonn an 9 Meitheamh 1969,

Ós mian leo cúnamh frithpháirteach agus comhar a fhorbairt a thuilleadh chun faireacháin a dhéanamh ar na cineálacha difriúla truaillithe agus iad a chomhrac, “

Mír 3 – Leasú ar Airteagal 1

Leasófar Airteagal 1 le go léifear mar a leanas é:

“Airteagal 1

Beidh feidhm ag an gComhaontú seo i limistéar na Mara Thuaidh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2:

(1)    aon uair bhíonn garchontúirt an-mhór don chósta nó do leasanna gaolmhara Páirtí Chonarthaigh amháin nó níos mó mar gheall ar láithreacht nó láithreacht ionchasach ola nó substaintí díobhálacha eile atá ag truailliú na mara nó atá ag bagairt an mhuir a thruailliú; nó

(2)    aon uair a bhíonn láithreacht nó láithreacht ionchasach astaíochtaí arb í an loingseoireacht is cúis leo de réir bhrí Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL, agus ar astaíochtaí iad atá ag truailliú an chomhshaoil mhuirí nó ag bagairt an comhshaol muirí a thruailliú, ag cur le heotrófú na mara agus ina mbagairt ar shláinte na ndaoine a chónaíonn ar an gcósta nó ar shláinte nithe beo sa mhuir; agus

(3)    maidir le faireachán a dhéantar mar chúnamh le truailliú a bhrath agus a chomhrac mar a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo agus chun sáruithe ar rialacháin frith-thruaillithe a chosc.”

Mír 4 – Leasú ar Airteagal 5

Leasófar Airteagal 5 le go léifear mar a leanas é:

“Airteagal 5

(1)    Aon uair is eol do Pháirtí Conarthach gur tharla taisme nó go bhfuil ola nó substaintí díobhálacha eile ann lena n-áirítear astaíochtaí ó longa i limistéar na Mara Thuaidh ar dóchúil go mbeidh siad ina mbagairt mhór ar an gcósta nó ar leasanna gaolmhara aon Pháirtí Chonarthaigh eile, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Pháirtí sin gan mhoill trína údarás inniúil.

(2)    Gabhann na Páirtithe Conarthacha orthu féin go n-iarraidh siad ar mháistrí na long ar fad a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus ar phíolótaí na n-aerárthaí atá cláraithe ina dtíortha tuairisciú a dhéanamh gan mhoill trí na bealaí is praiticiúla agus is leordhóthanaí sna cúinsí maidir leis an méid seo a leanas:

(a)    gach taisme is cúis le truailliú an chomhshaoil mhuirí nó ar dóchúil gur cúis leis sin í;

(b)    láithreacht, cineál agus fairsinge ola nó substaintí díobhálacha eile ar dóchúil go mbeidís ina mbagairt thromchúiseach ar an gcósta nó ar leasanna gaolmhara Páirtí Chonarthaigh amháin nó níos mó.

(3)    Úsáidfidh na Páirtithe Conarthacha foirm chaighdeánach chun truailliú a thuairisciú mar a cheanglaítear faoi mhír 1 den Airteagal seo.”

Mír 5 – Leasú ar Airteagal 6

Leasófar Airteagal 6 le go léifear mar a leanas é: 

“Airteagal 6

(1)    Chun críche an Chomhaontaithe seo amháin, roinntear limistéar na Mara Thuaidh ina chriosanna mar a thuairiscítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo.

(2)    Déanfaidh Páirtí Conarthach a dtarlaíonn cás den chineál a thuairiscítear in Airteagal 1 mír 1 den Chomhaontú seo ina chrios, na measúnuithe riachtanacha maidir le cineál agus méid aon taisme nó, de réir mar a bheidh, cineál agus cainníocht mheasta na hola nó na substaintí díobhálacha eile agus an treo agus an luas ina bhfuil siad ag gluaiseacht.

(3)    Cuirfidh an Páirtí Conarthach lena mbaineann na Páirtithe Conarthacha eile ar fad ar an eolas láithreach trína n-údaráis inniúla faoina mheasúnuithe agus faoi aon ghníomh atá glactha aige le déileáil leis an ola nó substaintí díobhálacha eile agus a fhad atá siad ina chrios.

(4)    Beidh oibleagáidí na bPáirtithe Conarthacha faoi fhorálacha an Airteagail seo i dtaca leis na criosanna comhfhreagrachta faoi réir socruithe teicniúla speisialta atá le cur i gcrích idir na Páirtithe lena mbaineann. Cuirfear na socruithe sin in iúl do na Páirtithe Conarthacha eile.”

Mír 6 – Leasú ar Airteagal 15

Leasófar Airteagal 15 le go léifear mar a leanas é: 

“Airteagal 15

(1)    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil maidir le dualgais rúnaíochta a dhéanamh i ndáil leis an gComhaontú seo, ag cur san áireamh socruithe reatha i gcreat comhaontuithe idirnáisiúnta eile maidir le truailliú ar an gcomhshaol muirí agus truailliú aeir a chosc atá i bhfeidhm don réigiún céanna leis an gComhaontú seo.

(2)    Cuirfidh gach Páirtí Conarthach 2.5 % i dtreo chaiteachas bliantúil an Chomhaontaithe. Roinnfear iarmhéid chaiteachas an Chomhaontaithe ar na Páirtithe Conarthacha seachas ar Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i gcomhréir lena n-olltáirgeacht náisiúnta i gcomhréir le scála an mheasúnaithe a ghlacann Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe go rialta. Maidir le ranníocaíocht aon Pháirtí Chonarthaigh leis an iarmhéid sin, ní rachaidh sí in aon chás thar 20 % den iarmhéid.”

Mír 7 – Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an dáta ar a bhfuil fógraí formheasa faighte ag an Rialtas Taisclainne ó gach Páirtí Conarthach.    

IARSCRÍBHINN […]