An Bhruiséil,28.8.2020

COM(2020) 434 final

2020/0205(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena bhformheastar leasuithe ar an gComhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (Comhaontú Bonn) a mhéid a bhaineann le leathnú a raoin feidhme ábhartha agus thíreolaíoch


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh a údaraíonn idirbheartaí an Aontais (sa chás seo: an Coimisiún) chun leasuithe ar an gComhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (Comhaontú Bonn) 1 a chur i gcrích, thar ceann an Aontais, maidir le leathnú raon feidhme ábhartha agus tíreolaíoch chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe chun comhar a fheabhsú maidir le faireachas i leith cheanglais Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL (“leasú MARPOL”) agus i bhfianaise aontachas Ríocht na Spáinne leis an gComhaontú (“leasú na Spáinne”).

1.1An Comhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (“Comhaontú Bonn”)

Is é is aidhm do Chomhaontú Bonn truailliú i Limistéar na Mara Thuaidh a chomhrac agus limistéir chósta a chosaint ar thubaistí muirí agus truailliú ainsealach ó longa agus suiteálacha amach ón gcósta. Tá an tAontas Eorpach (“Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa” mar a bhí ag an am) ina Pháirtí Conarthach sa Chomhaontú. Tá na Stáit de chuid na Mara Thuaidh atá san Aontas Eorpach mar aon leis an Iorua ina bPáirtithe Conarthacha sa Chomhaontú freisin.

Déantar iarracht leis an gComhaontú comhar gníomhach agus cúnamh frithpháirteach a chur chun cinn idir Stáit chósta agus an tAontas Eorpach chun truailliú na Mara Thuaidh ag ola agus substaintí díobhálacha eile a chomhrac d’fhonn an comhshaol muirí agus leasanna na Stát cósta a chosaint. Chuige sin, foráiltear leis an gComhaontú go ndéanfaidh na Páirtithe Conarthacha faireachán mar chúnamh le truailliú a bhrath agus a chomhrac agus chun sáruithe ar rialacháin frith‑thruaillithe a chosc. Tá an Mhuir Thuaidh roinnte ina gcriosanna difriúla ina bhfuil an fhreagracht as faireachán agus measúnú eachtraí sannta do Pháirtithe Conarthacha. Éilítear ar Pháirtithe Conarthacha aon Pháirtí Conarthach eile lena mbaineann a chur ar an eolas a luaithe a thuigeann sé go bhfuil ola nó substaintí díobhálacha i láthair ar dóchúil go mbeidís ina mbagairt thromchúiseach ar an gcósta nó leasanna gaolmhara aon Pháirtí Chonarthaigh eile. D’fhéadfadh cúnamh a bheith ag teastáil ó Pháirtithe Conarthacha le déileáil le truailliú ar an bhfarraige nó ar a gcóstaí, agus sa chás sin éilítear ar na Páirtithe Conarthacha a n-iarrtar orthu cúnamh a thabhairt a n-iarrachtaí is fearr a dhéanamh chun pé cúnamh atá ar a gcumas a thabhairt.

Chuir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa Comhaontú Bonn i gcrích trí Chinneadh 84/358/CEE ón gComhairle 2 . Leasaíodh Comhaontú Bonn in 1989. Tháinig na leasuithe sin i bhfeidhm an 1 Aibreán 1994. Cheadaigh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa na leasuithe sin trí Chinneadh 93/540/CEE ón gComhairle 3 .

De bhun Airteagal 16 de Chomhaontú Bonn, tá togra ó Pháirtí Conarthach i gcomhair leasú ar Chomhaontú Bonn nó a Iarscríbhinn le meas ag cruinniú de chuid na bPáirtithe Conarthacha. Tar éis an togra a ghlacadh le vóta d’aon ghuth, tá an leasú le cur in iúl ag an Rialtas Taisclainne do na Páirtithe Conarthacha. Tá leasuithe den sórt sin le teacht i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an dáta a fhaigheann an Rialtas Taisclainne fógraí formheasa ó gach Páirtí Conarthach.

Is é Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine Rialtas Taisclainne Chomhaontú Bonn (Airteagal 18(3) de Chomhaontú Bonn).

De bhun Airteagal 20 de Chomhaontú Bonn, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú Bonn cuireadh d’aon ghuth a thabhairt d’aon Stát cósta eile i limistéar an Atlantaigh Thoir Thuaidh chun aontú do Chomhaontú Bonn. Sa chás sin, tá Airteagal 2 de Chomhaontú Bonn agus a Iarscríbhinn le leasú de réir mar is cuí agus beidh éifeacht ag an leasú nuair a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm i gcás Stát an aontaithe.

An 7 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh a d’údaraigh an Coimisiún le caibidlíocht a dhéanamh, thar ceann an Aontais, ar leasú faoi Airteagal 16 de Chomhaontú Bonn chun raon feidhme chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a shíneadh chun comhar a fheabhsú maidir le faireachas i ndáil le ceanglais Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL, chomh maith leis an síneadh faoi Airteagal 20 den Chomhaontú le Ríocht na Spáinne.

D’aontaigh na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú Bonn, i rith a gcéad chruinnithe an 9–11 Deireadh Fómhair 2019, na leasuithe sin d’aon ghuth. Cuirtear na leasuithe faoi bhráid an Aontais anois lena gcur i gcrích. Anuas air sin, caithfidh Ríocht na Spáinne an síneadh faoi Airteagal 20 den Chomhaontú le Comhaontú Bonn a dhaingniú chuig a chrios freagrachta.

1.2Na leasuithe ar Chomhaontú Bonn

1.2.1    “Leasú MARPOL” – lena leasaítear raon feidhme substaintiúil an Chomhaontaithe

Tá sé mar aidhm ag an leasú comhar agus comhordú a fheabhsú idir na Páirtithe Conarthacha chun astaíochtaí aeir neamhdhleathacha arb í an loingseoireacht is cúis leo a chomhrac d’fhonn teorainn a chur leis na hiarmhairtí diúltacha do shláinte an duine, don bhithéagsúlacht agus don chomhshaol muirí ar fad is toradh ar dhóchán breoslaí muirí ina bhfuil ardchion sulfair nó nítrigine. Tá sé beartaithe ag na Páirtithe Conarthacha an méid thuasluaite a bhaint amach trí fhorálacha éagsúla Chomhaontú Bonn (Airteagail 1, 5, 6 agus 15 de, chomh maith le teideal an Chomhaontaithe agus an brollach atá leis) a leasú le go leathnófaí a raon feidhme chuig truailliú aeir ó longa mar a rialaítear faoi Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL.

1.2.2    “Leasú na Spáinne” – lena leasaítear raon feidhme tíreolaíoch an Chomhaontaithe

Tá cuireadh tugtha ag na Páirtithe Conarthacha freisin do Ríocht na Spáinne chun aontú don Chonradh, trí Airteagal 2 a leasú agus trí theorainn Atlantach limistéar na Mara Thuaidh atá ábhartha chun críche an Chomhaontaithe agus na hIarscríbhinne leis sin a shonrú, fad is a athbhreithnítear teorainneacha na gcriosanna éagsúla faireachais chun críche Airteagal 6 den Chomhaontú. Níos sonraithe fós, tá cinneadh déanta maidir le sainiú nua ar an limistéar athbhreithnithe a chumhdaíonn an Comhaontú. Ghlac an Fhrainc le tabhairt isteach chrios freagrachta nua na Fraince atá tadhlach le crios comhfhreagrachta na Fraince agus na Ríochta Aontaithe. Cumhdaíonn sé an limistéar idir crios comhfhreagrachta na Fraince agus na Ríochta Aontaithe agus crios freagrachta nua na Spáinne d’fhonn aon bhearnaí idir seanteorainn Chomhaontú Bonn agus crios freagrachta nua na Spáinne a dhúnadh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Bunús dlí nós imeachta

Prionsabail

Déantar foráil mar a leanas in Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE):“Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh lena dtabharfar an comhaontú i gcrích”. Anuas air sin, déantar foráil san airteagal sin, seachas i gcás ina mbaineann comhaontuithe go sonrach leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, go nglacann an Chomhairle an cinneadh chun an comhaontú a chur i gcrích tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa i gcás ina gcumhdaíonn comhaontuithe réimsí lena mbaineann an gnáthnós imeachta reachtach, nó an nós imeachta reachtach speisialta i gcás ina dteastaíonn toiliú Pharlaimint na hEorpa.

Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Mar gur aontaigh na Páirtithe Conarthacha raon feidhme tíreolaíoch agus ábhartha Chomhaontú Bonn a leasú, is iomchuí don Aontas na leasuithe seo a chur i gcrích.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(6) CFAE is bunús dlí le haghaidh nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

Bunús substaintiúil dlí

Prionsabail

Braitheann an bunús substaintiúil dlí atá le cinneadh faoi Airteagal 218(6) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglactar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar an phríomhaidhm nó mar an phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(6) CFAE a bhunú ar bhunús substaintiúil dlí aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Maidir le leasú ábhartha atá beartaithe maidir le leathnú raon feidhme ábhartha (“leasú MARPOL”) Chomhaontú Bonn, saothraíonn sé roinnt cuspóirí go comhuaineach i réimsí na cosanta sibhialta agus an chomhshaoil, réimsí a chumhdaítear le hAirteagail 196 agus 191 CFAE, faoi seach, agus atá do-scartha ó chéile gan ceann acu a bheith tánaisteach maidir leis an gceann eile. Dá bhrí sin, caithfear, go heisceachtúil, na bunúis shubstaintiúla dlí chomhfhreagracha éagsúla a bheith mar bhunús dlí le cinneadh faoi Airteagal 218(6) CFAE.

Conclúid 

Ba cheart Airteagal 191 CFAE agus Airteagal 196 CFAE a bheith ina mbunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(6) CFAE.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tá na leasuithe seo neamhchonspóideach agus tacaíonn gach Páirtí Conarthach, lena n-áirítear gach Ballstát aonair atá ina pháirtí sa Chomhaontú, leo.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach

•Measúnú tionchair

Tarscaoileadh an próiseas measúnaithe tionchair foirmiúil mar gheall ar phráinn pholaitiúil le dul chun cinn go tapa le go mbeidh an tAontas Eorpach, mar Pháirtí Conarthach i gComhaontú Bonn, in ann caibidlíocht a dhéanamh agus vótáil ar leasuithe ar Chomhaontú Bonn ag cruinniú na bPáirtithe Conarthacha an 9–11 Deireadh Fómhair 2019 chomh maith le tacú leo ag Cruinniú Aireach an 11 Deireadh Fómhair 2019. Tá bunús leis an gcur chuige comhréireacha sin freisin mar gheall go bhfuiltear ag súil nach mbeidh ach tionchair dhearfacha eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil ag na leasuithe ar Chomhaontú Bonn.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach

•Cearta bunúsacha

Tá an togra comhsheasmhach le Conarthaí AE agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon tionchar diúltach ag na leasuithe ar Chomhaontú Bonn ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach

•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach. Féach rannán thíos.

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Déantar foráil san aon airteagal substaintiúil amháin atá sa togra maidir le húdarú na Comhairle go dtabharfaidh an Coimisiún i gcrích, thar ceann an Aontais, na leasuithe atá beartaithe ar Chomhaontú Bonn maidir le leathnú ábhartha raon feidhme an Chomhaontaithe i ndáil le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL agus Aontachas Ríocht na Spáinne leis an gComhaontú.

Cuirtear i láthair sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh an leagan is deireanaí de na leasuithe atá beartaithe agus is féidir achoimre a dhéanamh air mar a leanas:

“Leasú MARPOL”

Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú Bonn iarracht leas a bhaint as gnáthaimh agus córais i gcomhair monatóireacht aeir ar thruailliú ola arna mbunú faoin gComhaontú chun iad sin a leathnú le go n-áireofaí orthu faireachas a bhaineann le monatóireacht chomhlíontachta ar astaíochtaí ó longa. Leis sin, beidh na Páirtithe Conarthacha in ann an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní a úsáidtear cheana féin don mhonatóireacht agus don fhaireachas aeir i gcomhair doirteadh ola agus beidh siad mar bhunús le córas iomlánaíoch don mhonatóireacht chomhshaoil ar an Muir Thuaidh agus na bealaí chuici.

Le glacadh an chinnidh maidir le tabhairt i gcrích an leasaithe ar leathnú shainordú Chomhaontú Bonn i ndáil le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL, d'fheabhsófaí faireachas, monatóireacht agus tuairisciú comhpháirteach ar astaíochtaí loinge i limistéar na Mara Thuaidh. Chabhródh gníomhaíocht chomhordaithe den chineál sin laistigh den Chomhaontú leis na rioscaí don chomhshaol muirí agus leasanna na Stát cósta agus an Aontais a laghdú.

“Leasú na Spáinne”

Leathnaíonn an leasú seo raon feidhme tíreolaíoch an Chomhaontaithe chun an limistéar idir crios comhfhreagrachta na Fraince agus na Ríochta Aontaithe agus crios freagrachta nua na Spáinne a chumhdach d’fhonn aon bhearnaí idir seanteorainn Chomhaontú Bonn agus crios freagrachta nua na Spáinne a dhúnadh. Ghlac an Fhrainc le tabhairt isteach crios freagrachta nua na Fraince. Trí Bhá na Bioscáine a áireamh sa limistéar arna chumhdach ag Comhaontú Bonn, caithfidh na Páirtithe Conarthacha a chinntiú go mbíonn an príomhbhealach tráchta san Eoraip a nascann an Mhuir Thuaidh agus an Mheánmhuir cumhdaithe ag córas bainistíochta um ullmhacht agus freagairt a chomhordaítear go comhpháirteach.

2020/0205 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena bhformheastar leasuithe ar an gComhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (Comhaontú Bonn) a mhéid a bhaineann le leathnú a raoin feidhme ábhartha agus thíreolaíoch

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 191(4) agus Airteagal 196(1)(c), i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Agus toiliú faighte ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Rinne Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa an Comhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (Comhaontú Bonn) 4 a thabhairt i gcrích trí Chinneadh 84/358/CEE ón gComhairle 5 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 1989. Leasaíodh Comhaontú Bonn in 1989. Formheasadh na leasuithe sin trí Chinneadh 93/540/CEE ón gComhairle 6 agus tháinig siad i bhfeidhm an 1 Aibreán 1994.

(2) An 7 Deireadh Fómhair 2019, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún le caibidlíocht a dhéanamh thar ceann an Aontais maidir le leasuithe ar raon feidhme ábhartha agus tíreolaíoch Chomhaontú Bonn.

(3) I gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Chomhaontú Bonn, mheas na Páirtithe Conarthacha togra le haghaidh leasú chun raon feidhme Chomhaontú Bonn a shíneadh chun comhar a fheabhsú maidir le faireachas i ndáil le ceanglais Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (“Coinbhinsiún MARPOL”) 7 . Thairis sin, mheas na Páirtithe Conarthacha freisin na leasuithe ar Chonradh Bonn agus a Iarscríbhinn de bharr aontachas na Spáinne sa Chomhaontú seo i gcomhréir le hAirteagal 20 de.

(4) Tá caibidlíocht déanta ag an gCoimisiún, i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle, ar na leasuithe sin ar Chomhaontú Bonn, leasuithe a glacadh trí vóta d’aon ghuth trí dhá chinneadh ag an aonú cruinniú is tríocha de chuid na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú Bonn a reáchtáladh in Bonn an 9–11 Deireadh Fómhair 2019.

(5) Ba cheart na leasuithe sin ar Chomhaontú Bonn a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh,    

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo thar ceann an Aontais na leasuithe ar an gComhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (Comhaontú Bonn) a mhéid a bhaineann le leathnú a raoin feidhme ábhartha agus thíreolaíoch, leasuithe a ghlac na Páirtithe Conarthacha ag an aonú cruinniú is tríocha dá gcuid a reáchtáladh in Bonn an 9–11 Deireadh Fómhair 2019.

Leagtar amach téacs na leasuithe sa dá Chinneadh ar ghlac na Páirtithe Conarthacha leo, cinntí atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tá an Coimisiún Eorpach údaraithe le dul ar aghaidh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun an ionstraim formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 16 den Chomhaontú a thaisceadh, chun toiliú an Aontais Eorpaigh go mbeidh na leasuithe ina gceangal air a chur in iúl.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha 8 .

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 188, 16.7.1984
(2)    Cinneadh 84/358/CEE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1984 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (IO L 188, 16.7.1984, lch. 7)
(3)    Cinneadh 93/540/CEE ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 1993 lena bhformheastar leasuithe áirithe ar an gComhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (IO L 263, 22.10.1993, lch. 51).
(4)    Comhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (Comhaontú Bonn) (IO L 188, 16.7.1984, lch. 9).
(5)    Cinneadh 84/358/CEE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1984 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (IO L 188, 16.7.1984, lch. 7).
(6)    Cinneadh 93/540/CEE ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 1993 lena bhformheastar leasuithe áirithe ar an gComhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (Comhaontú Bonn) (IO L 263, 22.10.1993, lch. 51).
(7)    Coinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, arna shíniú i Londain an 2 Samhain 1973, arna fhorlíonadh le Prótacal an 17 Feabhra 1978.
(8)    Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm na leasuithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.