An Bhruiséil,16.7.2025

COM(2025) 554 final

2025/0234(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 a mhéid a bhaineann leis an scéim cabhrach chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais
(‘Scéim scoile’)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2025 dar teideal ‘Fís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia’ 1 , leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé tomhaltóirí an Aontais — go háirithe grúpaí leochaileacha ar nós leanaí — a athnascadh le bia agus le críocha áitiúla. Chuirfeadh sé sin feabhas ar iomaíochas earnáil na talmhaíochta agus, ar an gcaoi sin, rannchuideodh sé le cuspóirí beartais CBT a bhaint amach, chomh maith le nósanna itheacháin is sláintiúla a spreagadh i measc an phobail i gcoitinne.

I ndáil leis sin, an chabhair chun torthaí agus glasraí agus bainne agus táirgí bainne a sholáthar i bhforais oideachais (‘scéim scoile’) a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , léiríodh go bhfuil sí éifeachtach maidir le tomhaltas táirgí talmhaíochta roghnaithe a mhéadú. An tráth céanna, is deis é an creat airgeadais ilbhliantúil (‘CAI’) le haghaidh na mblianta 2028 go 2034 scéim den sórt sin a dhéanamh níos éifeachtaí, níos simplí agus níos mó tionchair a thabhairt di a mhéid a bhaineann le cistiú i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘An bealach chuig an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile’ 3 a foilsíodh an 11 Feabhra 2025. Leagtar béim sa teachtaireacht go háirithe ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar ‘na castachtaí, na laigí agus na dolúbthachtaí atá ann faoi láthair agus tionchar gach euro a chaitheann sé a uasmhéadú’ agus, ag an am céanna, cumas an bhuiséid a ráthú chun freagairt do réaltacht atá ag athrú. Sin an fáth ar thug an Coimisiún athruithe ábhartha isteach ar an scéim scoile trí Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán maidir le leasú ar CEM] 4 lena soláthrófar na buneilimintí uile d’eagraíocht chomhchoiteann na margaí i dtáirgí talmhaíochta, lena n‑áirítear forálacha sonracha maidir leis an Scéim Scoile.

An tráth céanna, agus ailtireacht nua CAI á cur san áireamh, bheadh na Ballstáit in ann cur chun feidhme na Scéime Scoile a chistiú trí na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí (‘Pleananna CNR’). Ciallaíonn sé sin nach bhfuil gá a thuilleadh le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle 5 lena socraítear méid na cabhrach ón Aontas faoin Scéim Scoile agus gur cheart iad a scriosadh.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá scriosadh na bhforálacha comhsheasmhach leis na tograí le haghaidh Rialachán (AE).../... [Rialachán maidir leis an gCiste CNR] agus Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [leasú ar CEM]. Tar éis an Scéim Scoile a chur san áireamh mar chineál idirghabhála arna maoiniú ag an gCiste, níl gá a thuilleadh leis na forálacha atá ann cheana maidir leis an Scéim Scoile a leagtar síos faoi Rialachán (AE) Uimh. 1370/2023 ón gComhairle.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús an togra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 chun na forálacha atá ann cheana maidir leis an scéim scoile a scriosadh. Glacadh Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ar bhonn Airteagal 43(3) CFAE agus, dá bhrí sin, is gá é a leasú ar bhonn an bhunúis dlí chéanna.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Ní féidir an scriosadh a bhaint amach le reachtaíocht náisiúnta.

•Comhréireacht

Neamhbhainteach

•An rogha ionstraime

I bhfianaise chuspóirí agus ábhar an togra, is é leasú ar an rialachán atá ann cheana an ionstraim is iomchuí.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Is ann don togra mar thoradh ar ailtireacht nua CAI agus go háirithe ar an Rialachán (AE).../... [Rialachán maidir leis an gCiste CNR] a ndearnadh measúnú tionchair foriomlán agus comhairliúcháin le páirtithe leasmhara ina leith.

•Cearta bunúsacha

Leis an athbhreithniú, urramaítear na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh mar a leagtar síos sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir leis an gCiste CNR. Forálacha an Rialacháin sin atá beartaithe maidir le cearta bunúsacha agus an smacht reachta a urramú, beidh feidhm acu freisin maidir leis an scéim scoile.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

An scéim scoile atá ann cheana a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, tá deireadh le cur leis. Is é leis an gCiste a mhaoineofar an Scéim Scoile nua. Tá sé beartaithe na leithdháiltí airgeadais ar na Ballstáit a rialáil i Rialachán (AE).../... [Rialachán maidir leis an gCiste CNR] agus na ceanglais maidir leis an scéim scoile a rialáil i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

5.    EILIMINTÍ EILE

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 leagtar síos rialacha maidir le leithdháiltí táscacha agus críochnaitheacha a shocrú agus maidir le cabhair ón Aontas a ath-leithdháileadh, maidir le huasleibhéil na cabhrach ón Aontas chun bearta tionlacain oideachais agus costais ghaolmhara a mhaoiniú agus maidir le huasmhéid na cabhrach ón Aontas le haghaidh chomhchuid an bhainne.

Leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 leithdháiltí táscacha na cabhrach ón Aontas ar gach Ballstát ón 1 Lúnasa 2017 go dtí an 31 Iúil 2023.

Chun an éifeachtacht a mhéadú agus chun comhleanúnachas le hionstraimí eile CBT a áirithiú, ba cheart an Scéim Scoile a chur chun feidhme mar chineál idirghabhála a fhaigheann tacaíocht ón gCiste. Ós rud é gur cheart an Scéim Scoile atá ann faoi láthair a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a scriosadh, ba cheart na forálacha a bhaineann leis an Scéim Scoile a leagtar síos i Rialachán (AE) 1370/2013 a scriosadh freisin.

2025/0234 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 a mhéid a bhaineann leis an scéim cabhrach chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais
(‘Scéim scoile’)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I bpacáiste an chreata airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2028 go 2034, áirítear Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Rialachán maidir leis an gCiste CNR] 6  lena mbunaítear an Ciste Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí (an ‘Ciste’) le haghaidh na tréimhse 2028 go 2034, lena ngrúpáiltear na cistí a réamh-leithdháileadh go náisiúnta faoin gCiste, lena n‑áirítear an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT). Tá an Ciste le cur chun feidhme trí Phleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí (‘Pleananna NRP’) agus trí Shaoráid an Aontais (an ‘ tSaoráid’), arb é is aidhm dóibh solúbthacht a mhéadú agus freastal ar ghéarchéimeanna agus ar idirghabhálacha a éilíonn stiúradh nó comhordú ar leibhéal an Aontais.

(2)An chabhair chun torthaí agus glasraí agus bainne agus táirgí bainne a sholáthar i bhforais oideachais dá bhforáiltear i gCuid II, Teideal I, Caibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 (an ‘scéim scoile’), léiríodh go bhfuil sí éifeachtach maidir le tomhaltas táirgí talmhaíochta roghnaithe a mhéadú. Chun rannchuidiú le cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) a bhaint amach, ba cheart leanúint leis an Scéim Scoile. Mar sin féin, chun a héifeachtacht a mhéadú agus chun comhleanúnachas le hionstraimí CBT eile a áirithiú, ba cheart an scéim scoile a bheith bunaithe ar bhearta feidhmíochta a dhéanamh agus ba cheart í a chur chun feidhme mar chineál idirghabhála a dtacaíonn an Ciste léi, faoi réir na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE).../... [Rialachán maidir leis an gCiste CNR] agus Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán Feidhmíochta] 8 . Dá bhrí sin, tá na forálacha atá ann cheana maidir leis an scéim scoile i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le scriosadh.

(3)Le Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 9 ón gComhairle socraítear méid na cabhrach ón Aontas faoin scéim scoile. I bhfianaise scriosadh na bhforálacha a bhaineann leis an scéim scoile a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart na forálacha a bhaineann leis an scéim scoile i Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 a scriosadh freisin.

(4)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 a leasú dá réir sin.

(5)Chun aistriú rianúil chuig an gcreat dlíthiúil nua faoin gCiste a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe ar Rialacháin (AE) Uimh. 1370/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 lena scriostar na forálacha a bhaineann leis an scéim scoile ón dáta céanna. Mar sin féin, chun íocaíochtaí na mbeart a thabhairt i gcrích tar éis an 31 Nollaig 2027, ba cheart go leanfadh na forálacha sin d’fheidhm a bheith acu maidir le bearta arna gcur chun feidhme go dtí an 31 Nollaig 2027,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 mar a leanas:

(1)Scriostar Airteagal 5;

(2)Scriostar Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Leanfaidh Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 d’fheidhm a bheith aige tar éis an 31 Nollaig 2027 maidir le bearta a chuirfear chun feidhme go dtí an 31 Nollaig 2027.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2028 [ach an dáta sin ag brath ar dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) [...] lena mbunaítear an Ciste Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí le haghaidh na tréimhse 2028-2034 agus ar an Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann leis an scéim chun torthaí, glasraí agus bainne a sholáthar do scoileanna (‘scéim scoile’)].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘Fís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia – Earnáil tharraingteach feirmeoireachta agus agraibhia a mhúnlú le chéile le haghaidh na nglún atá le teacht’ 19.2.2025, COM(2025) 75 final.
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj ).
(3)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - ‘An bealach chuig an gcéad chreat airgeadais illbhliantúil eile’ COM(2025) 46 final.
(4)    Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann leis an scéim scoile chun torthaí, glasraí agus bainne a sholáthar (‘scéim scoile’), idirghabhálacha earnála, earnáil próitéine a chruthú, ceanglais maidir le cnáib, an fhéidearthacht maidir le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh cáise, barra próitéine agus feola, cur i bhfeidhm dleachtanna allmhairiúcháin breise, rialacha maidir le hinfhaighteacht soláthairtí tráth éigeandála agus géarchéime tromchúisí agus urrús (IO L..., ELI:...).
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 lena gcinntear bearta maidir le cabhair agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (IO L 346, 20.12.2013, lch. 12, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1370/oj ).
(6)    Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [An Rialachán maidir leis an gCiste CNR] (IO L …, lch. …).
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).
(8)    Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Rialachán Feidhmíochta] (IO L …, lch. …).
(9)    Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 lena gcinntear bearta maidir le cabhair agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (IO L 346, 20.12.2013, lch. 12, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1370/oj ).