29.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 290/95


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún — Better working conditions for a stronger social Europe: harnessing the full benefits of digitalisation for the future of work [Dálaí oibre níos fearr ar son Eoraip shóisialta níos láidre: leas iomlán a bhaint as an digiteáil ar mhaithe le todhchaí na hoibre]

(COM(2021) 761 final)

agus an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin

(COM(2021) 762 final)

(2022/C 290/16)

Rapóirtéir:

Cinzia DEL RIO

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 17.1.2022

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 4.5.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

7.3.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23.3.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

568

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

149/80/18

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

De thoradh na paindéime, tugadh chun léire roinnt athruithe sa saol oibre, athruithe a bhí ag tarlú cheana féin, agus cuireadh dlús le leathnú gach cineáil oibre ardáin. Ar an gcaoi sin, treisíodh fás agus tionchar an gheilleagair dhigitigh.

1.2.

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Treoir maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin (COM(2021) 762), faoi chuimsiú chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an ngníomh reachtach sin critéir shoiléire a leagan síos maidir le caidreamh fostaíochta a aicmiú agus úsáid algartam a rialú agus ní mór a áirithiú, a bhuí leis, rochtain ar chearta saothair agus cosanta sóisialta.

1.3.

Tá béim leagtha cheana ag CESE i roinnt tuairimí uaidh roimhe seo, tuairimí atá ábhartha i gcónaí maidir leis an tuairim seo, ar na deiseanna agus na dúshláin a ghabhann leis an obair ardáin agus ar an ngá atá ann rialacha soiléire cothroma a leagan síos chun iomaíocht chóir sa mhargadh inmheánach, cur chun feidhme éifeachtach chearta na n-oibrithe agus dálaí oibre níos fearr a áirithiú. Is é an aidhm fhoriomlán atá ann an margadh inmheánach a fhorfheidhmiú agus a neartú trí chothroime iomaíochta a áirithiú do na gníomhaithe uile.

1.4.

Tá sé curtha i bhfáth ag CESE go gcuireann geilleagar na n-ardán deiseanna ar fáil do ghnólachtaí agus d’oibrithe araon. Is féidir le cuideachtaí rochtain a fháil ar mhargaí nua, costais a laghdú, leas a bhaint as nuálaíochtaí i dteicneolaíochtaí digiteacha agus rochtain a fháil ar lucht saothair domhanda agus áitiúla chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus chun cur leis an táirgiúlacht. Tá deiseanna nua ginte ioncaim agus fostaíochta ar fáil d’oibrithe, deiseanna atá níos tábhachtaí ná riamh agus atá ríthábhachtach do ghrúpaí leochaileacha, fiú, amhail daoine óga, imircigh agus mná. Ní mór aghaidh a thabhairt ar na deiseanna sin ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí de.

1.5.

I measc na n-ábhar imní atá ann maidir le dálaí oibre i ngeilleagar na n-ardán tá rochtain níos teoranta ar chosaint shóisialta agus ar chumhdach slándála sóisialta, rioscaí sláinte agus sábháilteachta, éiginnteacht fostaíochta, uaireanta oibre ilroinnte agus leibhéil neamhleora ioncaim agus deacrachtaí maidir lena áirithiú go n-aithnítear cearta comhchoiteanna; Ní mór aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin agus réitigh chothroma a fhorbairt ar na leibhéil iomchuí, mar atá ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus trí chomhmhargáil a bhfuil ardáin bainteach léi. Measann CESE gur gá a áirithiú go gcaithfear go cothrom le cuideachtaí “traidisiúnta” agus iad siúd a úsáideann meáin dhigiteacha bunaithe ar fheidhmeanna bainistithe algartamach nuair a úsáidtear iad chun bainistiú a dhéanamh ar eagrú na hoibre agus ar an gcaidreamh fostaíochta: treoir, rialú agus/nó cumhacht eagraíochtúil.

1.6.

Ní hionann méid gach ardáin saothair dhigitigh. I gcás FBManna i ngeilleagar na n-ardán, tá dúshláin eile ann nach mór aird a thabhairt orthu, lena n-áirítear dúshláin maidir leis na costais a bhaineann le hualaí bonneagair agus riaracháin agus le hoiriúnú don chlaochlú digiteach.

1.7.

Aithníonn CESE go bhféadfadh uaireanta oibre solúbtha a bheith mar bhuntáiste san obair ardáin, rud a bheadh ina dhíol sásaimh go háirithe dóibh siúd atá ag brath ar an obair ardáin mar fhoinse bhreise ioncaim. Bíodh sin mar atá, ba cheart an tsolúbthacht a bheith bunaithe i gcónaí ar urramú na gcaighdeán bunúsach sóisialta agus saothair arna ráthú le dlí an Aontais.

1.8.

Aontaíonn CESE go bhfuil aicmiú dlíthiúil an chaidrimh fostaíochta agus an t-idirdhealú soiléir a dhéantar idir é agus fíor-fhéinfhostaíocht ríthábhachtach chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do ghnólachtaí agus d’oibrithe araon agus chun cearta agus cosaint na n-oibrithe a áirithiú. Mar sin féin, tugtar aghaidh ar an tsaincheist sin ar dhóigheanna éagsúla ó Bhallstát go chéile. Mar thoradh ar fhorálacha dlí maidir le réimsí sonracha, ar rialuithe cúirte i ndáil le díospóidí saothair agus ar chomhaontuithe comhchoiteanna i gcodanna spriocdhírithe den obair ardáin, tá ilroinnt sa rialáil atá ann cheana laistigh den Aontas agus tá difríochtaí sa chaoi a gcaitear le hoibrithe ardáin sna Ballstáit éagsúla. Is gá an fostóir atá freagrach de réir dlí a shainaithint go soiléir, ó thaobh cánach agus ranníocaíochtaí sóisialta araon de agus d’fhonn próisis chómhargála a bhunú.

1.9.

Ní féidir cineálacha éagsúla cur chuige rialála a bheith ag an Eoraip i ndáil leis na dúshláin chéanna. Tacaíonn CESE le haidhm an togra reachtaigh ón gCoimisiún Eorpach aghaidh a thabhairt ar na cineálacha éagsúla cur chuige sin atá á nglacadh sna Ballstáit.

1.10.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir nach mór rialacha nua na Treorach a bheith bunaithe ar acquis sóisialta an Aontais agus sainmhínithe soiléire a bheith iontu, sainmhínithe nár cheart a bheith ag teacht salach ar an acquis dlíthiúil, ar chomhaontuithe comhchoiteanna ná ar chásdlí na gcúirteanna sna Ballstáit aonair. Ba cheart an Treoir a bheith ina creat dlíthiúil soiléir a bheidh le hoiriúnú ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le dlíthe agus cleachtais náisiúnta, lena spreagtar go háirithe próisis chómhargála.

1.11.

Thairis sin, tugtar aghaidh sa tuairim seo go háirithe ar na gnéithe seo a leanas den Treoir atá beartaithe:

Critéir aicmiúcháin: tá CESE á chur i bhfáth nach léirítear leis na critéir aicmiúcháin a leagtar amach in Airteagal 4 den togra éabhlóid ghasta dhinimiciúil an mhargaidh dhigitigh agus gur ghá iad a nuashonrú ar bhonn leanúnach, rud a fhágann go bhfuil siad doiléir agus débhríoch. Bheadh sé ní b’oiriúnaí a rá go bhfuil an toimhde maidir le caidreamh fostaíochta i bhfabhar oibrithe aonair a sholáthraíonn a saothar agus/nó a seirbhísí faoi fheidhmeanna sonracha an treoraithe, an rialaithe agus/nó na cumhachta eagrúcháin a dhéantar trí bhainistiú algartamach arna fheidhmiú ag an ardán digiteach i dtrácht agus, dá bhrí sin, critéir a leagan síos de réir na bhfeidhmeanna sin. Aontaíonn CESE gur cheart deis a thabhairt d’ardáin an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis.

1.12.

Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhféadfadh sé nach mbeadh feidhm ag gné shonrach an bhainistithe algartamach, a bhfuil tionchar suntasach aige ar oibrithe, maidir leis an toimhde i ndáil le caidreamh fostaíochta a shainiú i gcás gairmithe cláraithe nó comhaltaí de chomhlachais ghairmiúla náisiúnta, i gcás inarb ann dóibh siúd.

1.13.

Rialacha maidir le bainistiú algartamach: aontaíonn CESE go bhfuil tionchar suntasach ag bainistiú algartamach ar dhálaí oibre agus nach mór é a bheith trédhearcadh agus inmhínithe d’oibrithe agus do ghnólachtaí. Úsáidtear cleachtais bainistithe algartamach chun maoirseacht a dhéanamh, cúraimí a shannadh, treoracha díreacha a chur ar fáil a chuireann teorainn le leibhéal an neamhspleáchais agus meastóireacht a dhéanamh ar oibrithe, lena n-áirítear ar a bhfeidhmíocht agus a n-iompar, maille lena dtuilleamh agus a ndálaí oibre agus d’fhéadfadh dífhostú fiú a bheith mar thoradh air sin, fiú. Ba cheart a lua go sainráite sa Treoir go bhfuil feidhm ag na cearta a bhunaítear i gCaibidil 3 maidir le gach cás ina n-úsáidtear bainistiú algartamach i gcomhthéacs fostaíochta.

1.14.

Creideann CESE gur cheart an ceart faoi ráthaíocht chun iniomparthacht sonraí a bheith ag gach oibrí ardáin agus é a bheith de cheart acu freisin a gcuid sonraí a íoslódáil ó ardáin, lena n-áirítear sonraí maidir le scileanna. Sa bhreis air sin, ba cheart forálacha breise a chur isteach lena gceadaítear an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh uathoibrithe nó leath-uathoibrithe a fheidhmiú. Ba cheart gur faoin duine a bheidh sé cinntí a dhéanamh a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar chaidreamh saothair. Is mór ag CESE gur céim sa treo sin é an togra ón gCoimisiún Eorpach.

1.15.

Tá CESE ag leagan béim ar a thábhachtaí atá forfheidhmiú éifeachtach trí chomhar níos láidre idir údaráis cosanta sonraí agus cigireachtaí saothair agus ar an ngá atá ann a shoiléiriú cé air a bhfuil freagrachtaí, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann.

1.16.

Cearta comhchoiteanna: Tá CESE á chur i bhfáth gur cheart tagairt shainráite a dhéanamh in Airteagal 14 den Treoir do cheardchumainn a bhfuil sé de cheart acu cómhargáil a dhéanamh. Ar a mhuin sin, ba cheart an ceart chun faisnéise, an ceart chun dul i gcomhairle agus an ceart chun cómhargála a leathnú chun gach oibrí ardáin a chumhdach.

1.17.

Ba cheart a áirithiú leis an Treoir próisis foirceanta chothroim d’oibrithe ardáin agus nósanna imeachta faisnéise agus comhairliúcháin i gcás dífhostuithe comhchoiteanna.

1.18.

I gcomhréir le spriocanna an Chláir Oibre Scileanna don Eoraip, tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá oiliúint agus faisnéis leordhóthanach d’oibrithe ardáin, a d’fhéadfadh a bheith ar fáil i dteangacha éagsúla, maidir leis an gcaoi chun an t-ardán i dtrácht a úsáid agus chun oibriú orthu agus maidir le feabhas a chur ar a gcuid scileanna digiteacha.

2.   Réamhrá — An comhthéacs

2.1.

De thoradh phaindéim COVID-19, tá borradh tagtha faoi úsáid oibre ardáin agus tugadh chun léire roinnt athruithe sa saol oibre a bhí ag tarlú cheana féin. Tá sé curtha i bhfios go láidir ag CESE cheana go gcuireann geilleagar na n-ardán deiseanna ar fáil do ghnólachtaí agus d’oibrithe araon. Tá ardáin saothair dhigiteacha a fheidhmíonn mar idirghabhálaithe maidir le caidreamh saothair in úsáid go forleathan i roinnt earnálacha eacnamaíocha. Is féidir le cuideachtaí rochtain a fháil ar mhargaí nua, costais a laghdú, agus leas a bhaint as nuálaíochtaí i dteicneolaíochtaí digiteacha agus rochtain ar lucht saothair domhanda agus áitiúla chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus cur leis an táirgiúlacht. Tá deiseanna nua ginte ioncaim agus fostaíochta ar fáil d’oibrithe, deiseanna atá níos tábhachtaí ná riamh agus atá ríthábhachtach do ghrúpaí leochaileacha, fiú, amhail daoine óga, imircigh agus mná.

2.2.

Mar sin féin, tá dúshláin ann freisin a bhaineann le cearta oibrithe, le cánachas, le dáileadh rachmais agus le hinbhuanaitheacht, dúshláin nach mór dul i ngleic leo ar an leibhéal Eorpach (1). Tá an obair ardáin ina gné thábhachtach, murab ionann is riamh, den chreat táirgthe nua de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil baint acu leis an bhforbairt dhigiteach agus leis an aistriú digiteach. Tá aird tarraingthe cheana féin ag CESE i dtuairimí a d’fhoilsigh sé roimhe seo (2) ar na deiseanna agus na rioscaí i ndáil leis sin. D’iarr sé go ndéanfaí gníomhaíocht rialála ar an leibhéal Eorpach, eadhon trí shainmhínithe soiléire a thabhairt ar na critéir chun caidreamh fostaíochta a aicmiú, úsáid algartam a rialú agus rochtain ar chosaintí sóisialta agus saothair agus ar chearta sóisialta agus saothair a chur ar fáil.

2.3.

I ngeall ar lagstaid eacnamaíoch líon mór oibrithe atá ag feidhmiú ar ardáin saothair dhigiteacha éagsúla, méadaítear rioscaí sláinte agus sábháilteachta (3) agus neamhshláine post (4), ar feiniméan é sin atá deacair a shainiú laistigh de theorainneacha geografacha náisiúnta beachta sonracha. Ina theannta sin, i bhformhór chórais dlí an Aontais, tá laghdú ag teacht ar shásraí cosanta ginearálta agus ar shásraí cosanta sóisialta d’oibrithe neamhchaighdeánacha agus d’oibrithe neamhthipiciúla.

2.4.

Aithníonn CESE go bhféadfadh uaireanta oibre solúbtha a bheith mar bhuntáiste san obair ardáin, rud a bheadh ina dhíol sásaimh go háirithe dóibh siúd atá ag brath ar an obair ardáin mar fhoinse bhreise ioncaim, go háirithe daoine óga. Bíodh sin mar atá, ba cheart an tsolúbthacht a bheith bunaithe i gcónaí ar urramú na gcaighdeán bunúsach sóisialta agus saothair arna ráthú le dlí an Aontais agus arna rialú leis an dlí náisiúnta nó le comhaontuithe comhchoiteanna ar bhonn chreat dlíthiúil ábhartha an Aontais. Tá sé sin riachtanach go háirithe i gcás daoine óga a bhfuil tréimhsí oibre ilroinnte acu, leibhéil ísle ioncaim agus leibhéil neamhleora ioncaim agus ar gá dóibh a ranníocaíochtaí sóisialta a bhailiú dá gcuid pinsean amach anseo (5).

2.5.

De dheasca chineál éagsúil an chaidrimh fostaíochta a thagann chun cinn agus a fhorbraíonn ar ardáin saothair dhigiteacha laistigh de gach Ballstát, is deacair réiteach aonfhoirmeach náisiúnta a aimsiú chun an chosaint shóisialta is gá, na bearta sláinte agus sábháilteachta ceirde is gá, leibhéil leordhóthanacha ioncaim, am oibre iomchuí agus dálaí cuibhiúla oibre a aithint. Is mó fós ar leibhéal an Aontais na cineálacha éagsúla sin de chaidreamh saothair agus de chosaint íseal aonair agus chomhchoiteann ar an leibhéal náisiúnta. Dá thoradh sin, cruthaítear dálaí le haghaidh dumpáil shóisialta agus iomaíocht éagórach, nithe a chuireann éifeachtacht na gcaighdeán cosanta saothair Eorpach agus náisiúnta i mbaol.

2.6.

Is féidir ardáin saothair dhigiteacha a aicmiú in dhá chatagóir: ardáin ghréasáin ar líne agus ardáin shuíomhbhunaithe. Ní hionann méid gach ardáin saothair dhigitigh. I gcás FBManna sa gheilleagar ardán, tá dúshláin eile ann nach mór aird a thabhairt orthu, lena n-áirítear dúshláin maidir leis na costais a bhaineann le hualaí bonneagair agus riaracháin agus le hoiriúnú don chlaochlú digiteach.

2.7.

Tá méadú seasta ag teacht ar líon na ndaoine atá ag obair d’fhostóirí a úsáideann ardáin ar líne, ní hamháin san Aontas Eorpach ach ar fud an domhain (6). Mar atá léirithe ag EIS agus Eurofound, áirítear ar na dúshláin atá roimh ghnólachtaí traidisiúnta iomaíocht éagórach ó ardáin. Níl cuid acu siúd faoi réir gnáthchánachais ná rialacháin eile a bhaineann lena lucht saothair. Ina theannta sin, léiríodh le cuid mhaith den chásdlí go gcuireann roinnt samhlacha gnó ardáin lena mbuntáiste iomaíoch trí iarracht a dhéanamh na rialacháin is infheidhme a sheachaint, bídís ina rialacháin shóisialta, chomhshaoil nó eacnamaíoch (7). Níl an straitéis seo fabhrach don inbhuanaitheacht eacnamaíoch fhadtéarmach agus déanann sí dochar d’iomaíocht chóir, go háirithe idir i gcuideachtaí móra ardáin agus micreachuideachtaí ardáin nó cuideachtaí beaga ardáin.

2.8.

Leis an aistriú digiteach, a dtacaíonn an tAontas go mór leis, beidh tionchar ag an tsamhail “ardáin ar líne”, murab ionann is riamh, ar earnálacha agus ar ghairmeacha a bheidh ag dul i méid amach anseo. Tá sé curtha in iúl arís agus arís eile ag CESE (8) nach mór rialáil mhaith ar an margadh inmheánach a fhorfheidhmiú agus a neartú trí chothrom iomaíochta a áirithiú do na gníomhaithe uile agus gur cheart an digiteáil a bheith chun tairbhe d’oibrithe agus do chuideachtaí. Is den ríthábhacht creat rialála a cheapadh lena n-áiritheofar timpeallachtaí agus dálaí oibre atá sábháilte, cothrom agus sláintiúil trí chóras de chearta, freagrachtaí agus dualgais atá sainithe go soiléir.

2.9.

Tá sé de cheart ag gach oibrí dálaí oibre cothroma, cuibhiúla a bheith acu. Is bunphrionsabal den dlí idirnáisiúnta saothair agus de dhlí an Aontais é sin. Tá sé de cheart ag an oibrí, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2019/1152, chun bheith curtha ar an eolas ag an bhfostóir faoi ghnéithe riachtanacha an chonartha saothair nó an chaidrimh fostaíochta. Ní mór oibrithe atá fostaithe ag ardán a bheith faoi réir na bhforálacha céanna i ndlí an tsaothair agus atá i bhfeidhm sa tír ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil.

2.10.

Is é an phríomhcheist atá ann, dá bhrí sin, sainmhíniú soiléir a thabhairt ar “fostaí” agus dealú soiléir a dhéanamh idir é agus “oibrí féinfhostaithe”. Tá éifeachtúlacht agus éifeachtacht chreat rialála iomlán na dréacht-treorach ag brath ar a shoiléire atá na sainmhínithe sin. Léirítear leis na staidéir dá dtagraítear (9), i roinnt mhaith cásanna, go n-iarrtar ar oibrithe clárú mar dhaoine féinfhostaithe, agus gurb é an dúshlán atá ann féinfhostaíocht bhréagach a sheachaint. Ba cheart an fhaisnéis is gá a chur ar fáil d’oibrithe chun gur féidir leo a roghnú cé acu atá siad ag iarraidh a bheith féinfhostaithe i ndáiríre nó nach bhfuil. Léirítear leis an staidéar de chuid an Choimisiúin Eorpaigh dá dtagraítear sa Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin — Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre in obair ardáin go meastar go bhfuil 5,5 milliún oibrí ardáin aicmithe go mícheart mar dhaoine féinfhostaithe.

2.11.

Déileáiltear ar dhóigheanna éagsúla leis an tsaincheist maidir le haicmiú dlíthiúil na gcaidreamh fostaíochta ó Ballstát go chéile. Is mar gheall ar an nganntanas reachtaíochta sna córais dlí náisiúnta agus an easpa soiléireachta dlíthiúla, den chuid is mó, an riosca go ndéanfaí botúin i dtaca le haicmiú dlíthiúil an chaidrimh fostaíochta. Go nuige seo, níor thug aon Bhallstát aghaidh mar is cuí ar an tsaincheist maidir le haicmiú dlíthiúil na hoibre ardáin. Ghlac roinnt Ballstát (an Iodáil, an Spáinn agus an Fhrainc) reachtaíocht earnálach a dhíríonn ar ardáin iompair agus seachadta. Tá iarracht déanta ag líon mór Ballstát (an Bheilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, Éire, an Iodáil, an Ísiltír agus an tSualainn) caidreamh saothair a bhfuil aicmiú neamhchinnte ag baint leis a shoiléiriú trí bhíthin reachtaíochta, gníomhartha riaracháin nó cásdlí, ach tagraíonn siad do staideanna ginearálta sa mhargadh saothair agus ní chuirtear san áireamh sainiúlachtaí na hoibre ardáin. San Iodáil agus sa Spáinn, bhí an chómhargáil tábhachtach maidir le comhaontuithe agus prótacail shonracha a bhfuil forálacha dlíthiúla sonracha réamh-mheasta acu.

2.12.

Maidir leis an mbarúil nach bhfuil an córas rialála atá ann faoi láthair ar an leibhéal náisiúnta i dtíortha éagsúla an Aontais oiriúnach sa riocht ina bhfuil sé chun próifílí éagsúla oibre a rialáil trí ardáin dhigiteacha, is léir go bhfuil an bharúil sin le ciall i bhfianaise an 100 díospóid dlí, nach mór, atá tugtha ag oibrithe agus/nó a n-ionadaithe ceardchumainn chun na cúirte agus i bhfianaise éagsúlacht na réiteach dá bhforáiltear sa chásdlí le haghaidh na ndíospóidí sin i gcuid mhór tíortha Eorpacha. I ndíospóidí áirithe maidir leis an obair ardáin, dearbhaítear gné féinfhostaithe an chaidrimh fostaíochta ach tá líon níos mó díospóidí ann anois ina n-aithnítear í mar fhostaíocht agus, i ndíospóidí eile, cuirtear cás sonrach na hoibre ardán i gcreat dlíthiúil idirmheánach (10). Cé gur minic a thagann torthaí bréagnaitheacha as na nósanna imeachta sin, baineann siad den chuid is mó le seirbhísí seachadta agus tiománaí (seirbhísí ardáin “ar an láthair”) agus sainítear oibrithe ardáin mar fhostaithe le formhór díobh (go háirithe sna hearnálacha iompair agus seachadta, arb iad na hearnálacha ina bhfuil an chosaint is mó ar chonradh agus ar aontas).

2.13.

Saincheist thábhachtach eile atá ann ná tionchar an bhainistithe algartamach ar dhálaí oibre, rud is gné dhílis de shamhail ghnó na n-ardán saothair digiteach (11). Ba cheart aird a dhíriú ar thrédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i ndáil le halgartaim d’oibrithe agus do ghnólachtaí.

2.14.

Tá bearta glactha ag Ballstáit aonair chun an staid sin a fheabhsú trí thionscnaimh reachtacha a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh go sonrach ar bhainistiú algartamach san áit oibre (IT, ES). San am céanna, tugann roinnt Ballstát (AT, BE, CY, CZ, DK, EE, FI, DE, IE, LV, LT, LU, NL, SV) aghaidh ar bhainistiú algartamach trí bhearta a ghlacadh faoi chuimsiú na mbeartas príobháideachais, cosanta sonraí agus neamh-idirdhealaithe. Glacadh cinntí cúirte ábhartha i roinnt tíortha i ndáil leis sin (FR, IT, NL, PL agus LU) (12). Fágann ilroinnt na rialála atá i bhfeidhm faoi láthair san Aontas go bhfuil ardáin saothair dhigiteacha ag feidhmiú i dtíortha éagsúla faoi réir rialacháin éagsúla. I bhfianaise nádúr solúbtha, soghluaiste agus mearathraitheach gheilleagar na n-ardán, cruthóidh an easpa cur chuige choitinn sin deacrachtaí maidir le cothroime iomaíochta a choimeád i measc na mBallstát.

2.15.

Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh é an tionscnamh ó na hinstitiúidí Eorpacha, lena ndéantar tagairt shonrach don phacáiste beart a thíolaic an Coimisiún Eorpach an 9 Nollaig 2021 d’fhonn feabhas a chur ar dhálaí oibre na n-ardán, faoi chuimsiú chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Leis an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach chun togra rialála a chur chun tosaigh i bhfoirm treorach, aithnítear a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar na dóigheanna éagsúla a phléitear leis an tsaincheist seo ó Bhallstát go chéile agus ar na gnéithe achrannacha a leagtar amach thuas.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Aontaíonn CESE leis an gcinneadh ón gCoimisiún togra le haghaidh treorach a tharraingt suas, a chuimsíonn a raon feidhme obair ardánbhunaithe a forbraíodh trí ardáin ghréasáin ar líne (e.g. seirbhísí dlí, seirbhísí aistriúcháin, saoroibrithe, etc.) agus trí ardáin shuíomhbhunaithe lena n-éilítear ar an oibrí seirbhís fhisiciúil a chur ar fáil (e.g. tacsaithe, seachadtaí, seirbhísí baile). Faoi mar a luaitear go soiléir in aithris 49 den togra le haghaidh Treorach, tá bonn cirt leis an ngá atá le treoir seachas le hionstraimí dlíthiúla neamhcheangailteacha i ngeall ar éagsúla a bhíonn cásanna, dálaí oibre agus an reachtaíocht ó Bhallstát go chéile. Is fíor an méid sin go háirithe maidir le cumhdach foirmiúil iarbhír a áirithiú, maille le leordhóthanacht agus trédhearcacht na gcóras cosanta sóisialta, go háirithe ós rud é gurb iad na Ballstáit a dhéanann foráil maidir le leibhéil éagsúla cosanta sóisialta. Léirítear go soiléir leis an líon mór cásanna cúirte agus breithiúnas, líon atá ag dul i méid, atá i bhfabhar an cineál seo oibre a aicmiú mar fhostaíocht nach bhfuil an cheist á rialú ar bhealach atá soiléir go leor, fiú sna córais dlí náisiúnta aonair. Dá bhrí sin, ní féidir le gach Ballstát an cuspóir dálaí oibre a fheabhsú trí ardáin dhigiteacha a bhaint amach go leordhóthanach ar a chonlán féin ach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

3.2.

Mar is ceart, tugtar le fios sa togra le haghaidh Treorach in aithris 9 “Nuair a oibríonn ardáin i roinnt Ballstát nó thar theorainneacha, is minic nach léir cén áit a ndéantar an obair ardáin agus cé a dhéanann an obair sin. Ina theannta sin, ní bhíonn rochtain éasca ag na húdaráis náisiúnta ar shonraí maidir le hardáin saothair dhigiteacha, lena n-áirítear an líon daoine a dhéanann obair ardáin, a stádas fostaíochta agus a ndálaí oibre. Dá bharr sin, is amhlaidh is casta atá forfheidhmiú na rialacha is infheidhme, lena n-airítear na rialacha maidir le dlí an tsaothair agus an chosaint shóisialta.” Tá sé curtha in iúl ag CESE cheana féin (13) go mbeadh sé riachtanach clár ardán a chur ar bun i ngach uile Bhallstát, mar aon le bunachar sonraí uile-Eorpach d’ardáin mhóra agus bheaga a chur ar bun.

3.3.

D’fhéadfadh na héiginnteachtaí dlíthiúla sin, i gcásanna áirithe, cur le teacht chun cinn agus leathadh cineálacha oibre neamhdhearbhaithe agus dálaí millteanacha dúshaothraithe agus iomaíochta idir na hoibrithe féin, a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cleachtais fochonraitheoireachta neamhdhleathacha. Is minic gur imircigh iad na hoibrithe sin a bhíonn i staid leochaileach agus nach mbíonn eolach ar na cearta íosta cosanta atá ann. Níl foráil maidir le fochonraitheoireacht sa Treoir atá beartaithe agus, dá bhrí sin, ní thugtar aon chosaint do na hoibrithe ardáin sin i gcoinne na gcleachtas sin (14).

3.4.

Tá téacs an togra ón gCoimisiún doiléir, cineálach agus débhríoch maidir le roinnt pointí, áfach. Ní léirítear ann na cuspóirí maidir le cearta sóisialta agus saothair a chosaint agus a ráthú a luaitear go soiléir sna haithrisí, go háirithe sainmhíniú a thabhairt ar oibrí atá ag feidhmiú trí ardáin dhigiteacha (Airteagail 2 agus 5) agus cearta na n-oibrithe agus na n-ionadaithe ceardchumainn araon chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle (ní dhéantar tagairt shainráite in Airteagal 9 ach do Threoir 2002/14/CE amháin). Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara gur minic a mheastar sa togra le haghaidh Treorach gur ionann cosaint chearta na n-oibrithe agus prionsabal na saoirse chun gnó a sheoladh. Ní mór cearta na n-oibrithe agus na saoirsí bunúsacha a chosaint mar is ceart, i gcomhréir leis an reachtaíocht agus an Chairt um Chearta Bunúsacha.

3.5.

Measann CESE gur gá forálacha sonracha maidir le dálaí oibre agus slándáil shóisialta a áireamh sa Treoir, forálacha atá bunaithe ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe agus a mbeidh feidhm acu freisin maidir le hoibrithe comhchosúla agus inchomparáide atá fostaithe san earnáil chéanna. Ar an dóigh sin, déanfar cosaint chonarthach aonfhoirmeach a fhorbairt in earnálacha agus cineálacha dumpála sóisialta agus fioscacha a chomhrac.

3.6.

Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún d’fhonn tacú le comhroinnt dea-chleachtas i gcomhthéacs a chláir foghlama frithpháirtí, le gníomhaíochtaí an Údaráis Eorpaigh Saothair laistigh de raon feidhme a shainordaithe agus leis na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le comhordú na slándála sóisialta agus treoir a thabhairt ina dtaobh i gcás inar gá agus trí chláir de chuid an Aontais (amhail Fís Eorpach) (15).

3.7.

Creideann CESE gur cheart critéir agus prionsabail tagartha shoiléire a leagan amach sa dréacht-Treoir chun reachtóirí náisiúnta a threorú agus cómhargáil a spreagadh d’fhonn rialacha a leagan síos lena n-áiritheofar cinnteacht, slándáil agus intuarthacht i dtimpeallacht táirgthe atá thar a bheith digiteálaithe. Ní mór é a bheith d’aidhm ag na rialacha sin cothroime iomaíochta a chruthú idir ardáin saothair dhigiteacha agus soláthraithe seirbhíse as líne. Níor cheart na rialacha sin a bheith ag teacht salach ar an acquis dlíthiúil, níor cheart ábhar ná raon feidhme na rialacha lena sainítear cineál fostaíochta caidrimh seirbhíse a athrú i gcomhréir le dlíthe náisiúnta, comhaontuithe comhchoiteanna, córais náisiúnta aicmiúcháin ná cásdlí chúirteanna na mBallstát aonair, agus níor cheart an bonn a bhaint d’iomaíocht chóir idir cuideachtaí dá thoradh siúd.

3.8.

Measann CESE freisin gur gá a áirithiú go gcaithfear go cothrom le cuideachtaí “traidisiúnta” agus iad siúd a úsáideann modhanna rialaithe dhigitigh bunaithe ar bhainistiú algartamach sonraí. Is gá iomaíocht thrédhearcach agus chóir a áirithiú eatarthu agus, ina theannta sin, stádas fostaithe a shoiléiriú d’oibrithe a sholáthraíonn seirbhísí agus/nó a dhéanann gníomhaíochtaí sna hearnálacha sin. Is mór ag CESE freisin go bhfuil sé d’aidhm ag an gCoimisiún daoine fíor-fhéinfhostaithe a shoiléiriú agus tacú leo. I gcás inar gá, gheobhaidh daoine féinfhostaithe tacaíocht chun a stádas a shoiléiriú. Táthar ag súil, a bhuí leis an Treoir, go ndéanfar neamhspleáchas daoine féinfhostaithe a dhaingniú agus go dtacófar leo leas a bhaint as a gcuid deiseanna fiontraíochta, e.g. trí chur leis an líon cliant atá ar fáil dóibh. Iad siúd atá fíor-fhéinfhostaithe cheana féin, coinneoidh siad na sochair a bhaineann lena stádas fostaíochta (16).

3.9.

Tá sé ríthábhachtach, ar an gcúis sin, go bhfeabhsófar raon feidhme an chur i bhfeidhm (in Airteagal 1) agus nach mbeidh aon débhrí ann chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag an Treoir maidir le gach ardán digiteach a fheidhmíonn mar idirghabhálaí sa soláthar saothair. Is gá an fíor-fhostóir atá freagrach de réir dlí a shainaithint go soiléir ó thaobh cánach agus ranníocaíochtaí sóisialta araon de agus d’fhonn próisis chómhargála a bhunú, agus sainiúlachtaí na n-ardán beag agus na micrea-ardán á gcur san áireamh.

I ngeall ar an tagairt do “eagrú na hoibre a dhéanann an duine aonair”, d’fhéadfadh sé go bhfágfaí ardáin dhigiteacha áirithe ar lár.

4.   Caibidil 4 — Barúlacha sonracha

4.1.

Sa tuairim seo, déanfar anailís go háirithe ar na gnéithe seo a leanas den togra le haghaidh Treorach:

—

na critéir maidir le haicmiú mar fhostaí

—

bainistiú algartamach

—

cearta comhchoiteanna

4.2.   Critéir maidir le haicmiú

4.2.1.

Leagtar amach in Airteagal 4 den togra na critéir ar a mbunaítear an toimhde maidir le caidreamh fostaíochta. Tá CESE á thabhairt dá aire gur cheart a léiriú leis na critéir atá beartaithe dinimic an mhargaidh dhigitigh agus éabhlóid samhlacha gnó agus modhanna oibre, agus go mbeadh gá iad a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach. Is oth le CESE a thabhairt dá aire gur léirithe, den chuid is mó, iad na critéir a leagtar amach in Airteagal 4 de na cineálacha éagsúla rialaithe a fheidhmíonn an t-ardán digiteach ar ghníomhaíocht oibre an fhostaí. Creideann CESE nach leor cosaint chearta na n-oibrithe a cheangal le feidhmiú rialaithe chun an éagothroime cumhachta idir an t-ardán agus na hoibrithe a léiriú agus a cheartú.

4.2.2.

Thairis sin, le hAirteagal 4 den togra, fágtar an iomarca cumhachta lánroghnaí ag na hardáin chun cinneadh a dhéanamh ó tharla go bhfuil baint ag an toimhde maidir le caidreamh fostaíochta le dhá cheann ar a laghad de na cúig chritéar atá ann. I gcomhthéacs atá ag síorathrú, áfach, bheadh sé éasca teacht timpeall ar na critéir sin. Creideann CESE, dá mbeadh stádas fostaíochta sainithe go soiléir, fiú dóibh siúd nach gcaitheann ach cúpla uair an chloig ag obair, go ráthófaí an ceart chun cosanta sóisialta, sláinte agus sábháilteachta, an ceart chun eagrú agus an ceart chun cómhargála a mhéid a bhaineann leis na huaireanta oibre a dhéantar. Ar an dóigh sin, áiritheofaí an tsolúbthacht is gá.

4.2.3.

Ba cheart, leis na critéir sin, aghaidh a thabhairt go sonrach ar an mbaol atá ann maidir leis an mbrú anuas ar chaighdeáin saothair Chun na críche sin, ba mhaith an rud é critéar aonair a bheith ann i ndáil leis an toimhde maidir le caidreamh fostaíochta, critéar is féidir leis an ardán a fhrisnéis ar bhonn Airteagal 5. Ar an gcaoi sin, chuirfí an dualgas cruthúnais aisiompaithe ar an ardán digiteach agus chruthófaí cineál féinfhostaíochta an chaidrimh fostaíochta. Tá CESE ar aon dul leis an méid a luaitear sa togra ón gCoimisiún Eorpach gur cheart é a bheith faoi na hardáin an toimhde maidir le caidreamh fostaíochta a fhrisnéis.

4.2.4.

Go deimhin, ní mór cosaint leordhóthanach a thabhairt d’oibrithe féinfhostaithe agus do fhíorchaidreamh féinfhostaíochta, nach bhfuil aon sainmhíniú tugtha ina leith sa Treoir. Is ann do chuid mhór cineálacha éagsúla oibre ardáin agus ní féidir iad a chur in aon chatagóir amháin. Is ann do chineálacha oibre ar féidir a mheas a bheith cosúil le fostaíocht agus is ann do chineálacha oibre lena n-éilítear gairmithe oilte, fiú oibrithe ardoilte. I dtíortha áirithe, is ionann na hoibrithe sin agus oibrithe atá liostaithe ar chláir ghairmiúla nó atá ina gcomhaltaí de chomhlachais ghairmiúla náisiúnta. D’fhéadfadh sé nach mbeadh feidhm ag gné shonrach an bhainistithe algartamach, a bhfuil tionchar suntasach aige ar oibrithe, maidir leis an toimhde i ndáil le caidreamh fostaíochta a shainiú i gcás gairmithe cláraithe nó comhaltaí de chomhlachais ghairmiúla náisiúnta, i gcás inarb ann dóibh siúd.

4.2.5.

Bheadh sé ní b’iomchuí, dá bhrí sin, a rá go bhfuil an toimhde maidir le caidreamh fostaíochta i réimse na n-ardán saothair digiteach i bhfabhar oibrithe aonair a sholáthraíonn a saothar agus/nó a seirbhísí faoi fheidhmeanna sonracha an treoraithe, an rialaithe agus/nó na cumhachta eagrúcháin a dhéantar trí bhainistiú algartamach.

Ba cheart d’ardáin a bheith in ann an toimhde sin maidir le caidreamh fostaíochta sin a fhrisnéis trína chruthú nach bhfeidhmíonn siad cumhachtaí tráchtála eagraíochta (fiú más cumhachtaí indíreacha nó intuigthe iad), maidir leis an tseirbhís/saothar atá á sholáthar ag an oibrí (17).

4.2.6.

Argóint a fheictear go coitianta i rialuithe cúirte lena n-aithnítear cineál fostaíochta an chaidrimh fostaíochta — agus, go deimhin, arna n-eisiúint ag cúirteanna náisiúnta arda — is ea gurb é atá san ardán, agus go sonrach sa bhainistiú algartamach, cineál formhaoirseachta ar fheidhmíocht na seirbhíse a chuireann an t-oibrí i gcrích. Go deimhin, léiríonn sé sin go bhfuil an tseirbhís a chuirtear ar fáil comhtháite go hiomlán i ngnó an ardáin. Treisíonn an ghné sin inti féin an gá atá ann an chumhacht rialaithe thuasluaite a fhrithchothromú trí ráthaíochtaí leordhóthanacha aonair agus comhchoiteanna a chur ar fáil do na hoibrithe uile a chuireann a saothar agus/nó a seirbhísí ar fáil trí ardáin dhigiteacha.

5.   Barúlacha agus moltaí sonracha maidir le bainistiú algartamach

5.1.

Úsáidtear cleachtais bainistithe algartamach chun méid shuntasach sonraí a phróiseáil, maoirseacht a dhéanamh, cúraimí a shannadh, treoracha díreacha a chur ar fáil a chuireann teorainn le leibhéal an neamhspleáchais agus meastóireacht a dhéanamh ar oibrithe, lena n-áirítear ar a bhfeidhmíocht agus a n-iompar, maille lena dtuilleamh agus a ndálaí oibre agus d’fhéadfadh dífhostú fiú a bheith mar thoradh air sin, fiú. Is díol sásaimh do CESE go nglactar sa dréacht-Treoir prionsabail an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), agus i gcomhréir le hAirteagal 9 RGCS. Ba cheart, tríd an Treoir, toirmeasc soiléir a chur ar phróiseáil sonraí pearsanta íogaire, lena n-áirítear tuairimí polaitiúla agus ballraíocht i gceardchumann. Ba cheart a dhearbhú go sainráite sa Treoir go bhfuil feidhm ag na cearta arna mbunú i gCaibidil 3 i ngach cás de bhainistiú algartamach agus i gcás ina gcruthaíonn an t-ardán nach bhfeidhmíonn sé cumhachtaí tráchtála eagraíochta (fiú más cumhachtaí indíreacha nó intuigthe iad), maidir leis an tseirbhís atá á sholáthar ag an oibrí agus, dá bhrí sin, i gcás ina dtoimhdíonn an t-ardán nach ann d’aon chaidreamh fostaíochta.

5.2.

Is minic a bhíonn na córais a úsáideann ardáin saothair dhigiteacha ag brath ar an intleacht shaorga. Ós rud é go mbeidh ar ardáin cloí le forálacha na Treorach faoi chaibidil agus an Ghnímh um an Intleacht Shaorga (rialachán maidir leis an margadh táirgí), tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún crostagairt a dhéanamh don Treoir atá beartaithe agus don Ghníomh um an Intleacht Shaorga, agus vice versa, chun neamhréireachtaí agus lúba ar lár a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint nó a shoiléiriú.

5.3.

Tá CESE ag spreagadh an Choimisiúin arís eile (18) freagrachtaí na bpáirtithe go léir a bhfuil baint acu le hábhair amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht, cosaint sonraí, an t-árachas agus dliteanas dlíthiúil a shoiléiriú d’fhonn na rialacháin atá ann cheana a mheas, a choigeartú agus a chomhchuibhiú. Tá sé tugtha dá aire ag CESE cheana féin gur cheart algartaim a úsáidtear ar ardáin a mheas ar an dóigh chéanna a dhéantar treoracha labhartha nó scríofa sa ghnáthobair a mheas (19).

5.4.

Is díol sásaimh é an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh uathoibrithe nó leath-uathoibrithe. Bíodh sin mar atá, creideann CESE, má táthar chun an ceart sin a fheidhmiú go praiticiúil, gur cheart don Choimisiún forálacha a chur isteach lena gcuirfear de cheangal ar ardáin saothair dhigiteacha: (a) a gcuid algartam agus córas a fhorbairt de réir an phrionsabail “sábháilte de réir a dheartha” agus (b) bunús an Ghnímh um an Intleacht Shaorga a leanúint, foráil a dhéanamh maidir le forálacha lena gceanglaítear ar ardáin saothair dhigiteacha measúnú comhréireachta a dhéanamh ar a gcuid algartam, ní hamháin sula gcuireann siad in úsáid iad, ach freisin nuair atá an saothair/seirbhís á sholáthar ag an oibrí. Ba cheart an measúnú comhréireachta a dhéanamh trí chur chuige ildisciplíneach a ghlacadh ionas go ndéanfaidh na saineolaithe a ainmneoidh na ceardchumainn, an t-ardán agus na húdaráis saothair, cosanta sóisialta agus údaráis ábhartha eile measúnú comhpháirteach. Nuair a thagann coinbhleacht chun cinn agus cinneadh atá bunaithe ar algartaim á athbhreithniú, ba cheart an deis a bheith ag oibrithe dul chun eadráin neamhspleách.

5.5.

Mar sin féin, creideann CESE gur cheart a fhoráil le hAirteagal 8 go bhféadfadh an ceardchumann ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an oibrí i gcás athbhreithniú daonna ar chinneadh suntasach.

5.6.

Ós rud é go bhfuil samhail na hoibre ardáin ag brath ar léirmheasanna custaiméirí, ba cheart é a bheith de chumas ag oibrithe ardáin léirmheasanna a aistriú agus a úsáid mar phríomh-shonraí ó ardán go hardán. Creideann CESE nach mór an ceart chun iniomparthacht sonraí a ráthú do gach oibrí ardáin. Níos tábhachtaí fós, ba cheart a ráthú leis an Treoir gur féidir leo a bpróifíl a úsáid, lena n-áirítear a scileanna, chun fostaíocht a fháil lasmuigh de gheilleagar na n-ardán.

5.7.

Beidh rath an togra ón gCoimisiún ag brath ar fhorfheidhmiú éifeachtach togra. Éilítear leis an Treoir atá beartaithe go mbeadh comhar idir údaráis cosanta sonraí agus údaráis saothair. Mar sin féin, ba mhian le CESE aird an Choimisiúin a tharraingt air nach bhfuil sé de chúram ar Údaráis Cosanta Sonraí i dtíortha áirithe dianscrúduithe a dhéanamh ar shaincheisteanna saothair, agus vice versa, go háirithe a mhéid a bhaineann le maoirseacht agus sásamh. Ar an gcúis sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún leithdháileadh na n-inniúlachtaí a shoiléiriú a thuilleadh, lena n-áirítear breithnithe trasteorann, agus cigireachtaí saothair a chur san áireamh.

6.   Cearta comhchoiteanna

6.1.

Sa chaibidil maidir le forfheidhmiú, tagraítear in Airteagal 14 den Treoir d’ionadaithe na n-oibrithe ach ní thagraítear do cheardchumainn. Is saincheist chriticiúil é sin ós rud é gur den tábhacht tagairt shainráite a dhéanamh d’ionadaithe na gceardchumann ionas nach gcruthófar ceardchumainn áise agus an ceart chun ionadaíocht chomhchoiteann a áirithiú d’oibrithe, lena n-áirítear i gcás díospóide.

6.2.

Tá CESE á thabhairt dá aire go gcuirtear cearta chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle ar fáil leis an Treoir. Ní thagraítear in Airteagal 9, áfach, ach do Threoir 2002/14/CE lena mbunaítear creat ginearálta. Ba cheart tagairt dhíreach a dhéanamh freisin do Threoir 2001/23/CE maidir le haistriú gnóthais, do Threoir 98/59/CE maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna agus do Threoir 2009/38/CE maidir leis an gComhairle Oibreacha Eorpacha. Tá CESE á thabhairt dá aire nach gcuirtear san áireamh in Airteagal 10, lena leathnaítear na cearta saothair a bhunaítear i gCaibidil 3 den Treoir chuig na hoibrithe ardáin uile (agus chucu siúd nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu), na cearta chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle a leagtar amach in Airteagal 9. Ní féidir údar cuí a thabhairt leis an maolú sin. Tá gá le sainmhíniú níos soiléire ar na cearta chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle d’fhonn tacú leis an gcómhargáil, ar ceart é nach mór a aithint i gcás na n-oibrithe ardáin uile freisin (20).

6.3.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir nach mór na cearta chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle atá ag ionadaithe ceardchumainn na n-oibrithe (Airteagal 9) a ráthú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis na paraiméadair, na rialacha agus na treoracha lena gcuirtear taca faoi algartaim nó córais intleachta saorga a bhfuil tionchar acu ar an gcinnteoireacht nó ar ghlacadh cinntí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do dhálaí oibre, rochtain ar obair agus caomhnú fostaíochta, lena n-áirítear próifíliú.

6.4.

Tá CESE á thabhairt dá aire gur cheart oiliúint leordhóthanach shonrach a chur ar fáil d’oibrithe ardáin i dteangacha Eorpacha éagsúla maidir leis an gcaoi ar féidir leo an t-ardán a úsáid agus oibriú ann. Ba cheart freisin oiliúint a chur orthu sna scileanna digiteacha ábhartha. Faoi mar a cuireadh in iúl i dtuairim a foilsíodh roimhe seo (21), má táthar chun na bearnaí scileanna atá roimh chuideachtaí a laghdú, is gá na nithe seo a leanas a áirithiú agus Plean Gníomhaíochta 2021-2027 don Oideachas Digiteach á chur chun feidhme: idirphlé sóisialta éifeachtach agus comhairliúchán leis na geallsealbhóirí, cearta saothair agus cearta na n-oibrithe chun faisnéise, chun dul i gcomhairle agus chun rannpháirtíochta a urramú agus a fhorfheidhmiú, cumas oibrithe cur lena gcuid scileanna digiteacha agus fiontraíochta, go háirithe tríd an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint, foghlaim aosach agus oiliúint fostaithe.

6.5.

Mar a luadh i dtuairim a eisíodh roimhe seo maidir le teicneolaíochtaí nua amhail róbait agus meaisíní cliste a thabhairt isteach, tá béim leagtha ag CESE i staidéar dá chuid ar a thábhachtaí atá sé ionadaithe oibrithe a chur ar an eolas roimh ré agus dul i gcomhairle leo agus gur gá an chómhargáil a bheith ag gabháil leis na hathruithe a eascraítear as na teicneolaíochtaí sin (22). Tá sé curtha in iúl aige freisin go bhfuil comhairliúchán den sórt sin éigeantach faoin Treoir maidir leis an gComhairle Oibreacha Eorpacha (23).

6.6.

Baineann an mhargáil freisin le cómhargáil earnálach, ar ghné mhór den sainmhíniú ar chearta oibrithe í, ach ní dhéantar tagairt ach do chomhaontuithe earnálacha sa togra le haghaidh Treorach.

6.7.

Is cuspóirí tábhachtacha iad a áirithiú go mbeidh próisis foirceanta chothroim ann d’oibrithe ardáin agus go mbeidh rochtain acu ar shásraí um réiteach neamhspleách díospóidí agus ba cheart iad sin a áireamh i gcreat rialála. Ní thagraítear sa Treoir atá beartaithe ach do dhífhostú daoine aonair. Ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar cheist na nósanna imeachta faisnéise agus comhairliúcháin i gcás dífhostuithe comhchoiteanna, ag tagairt do reachtaíocht AE atá ann cheana (24).

An Bhruiséil, 23 Márta 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 70, pointe 2.7.

(2)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 173; IO C 220, 9.6.2021, lch. 1; IO C 194, 12.5.2022, lch. 50; IO C 517, 22.12.2021, lch. 61; IO C 286, 16.7.2021, lch. 70.

(3)  Suirbhé JRC COLLEEM II.

(4)  Staidéar de chuid an Choimisiúin (2021).

(5)  Fóram Eorpach na nÓg — Position paper on Platform work.

(6)  Tuarascáil ó EIS The role of digital labour platforms in transforming the world of work; Tuarascáil EUROFOUND 2018; Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimsiúin Eorpach — sonraí maidir leis an méadú faoi thrí a tháinig ar an laimhdeachas le linn na paindéime (de réir shonraí EIS, taifeadadh láimhdeachas EUR 12 bhilliún san Aontas in 2020); Tuarascáil deiridh ó CEPS 2021; Digital Labour Platforms in the EU; Staidéar de chuid ETUI 2021; The definition of worker in the platform economy: exploring workers’ risks and regulatory solutions.

(7)  IO C 123, 9.4.2021, lch. 1, pointe 3.2.7.

(8)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 1; IO C 123, 9.4.2021, lch. 1; IO C 286, 16.7.2021, lch. 70; IO C 367, 10.10.2018, lch. 15.

(9)  Féach fonóta 6.

(10)  Mar shampla, aithníodh leis na rialuithe seo a leanas cineál fostaíochta an chaidrimh fostaíochta: rialú ó Chúirt Freaschuir na Fraince (Chambre sociale, Uimh. 374 an 4 Márta 2020) lena aithníodh cineál fostaíochta na hoibre arna déanamh ag tiománaí Uber; rialú ó Chúirt Uachtarach na Spaínne (Tribunal Superior de Justicia de Madrid, Sala de lo Social, Sentencia 40/2020 an 17 Eanáir 2020) lena aithníodh cineál fostaíochta an chaidrimh fostaíochta idir tiománaithe agus an t-ardán Deliveroo; rialú ó Chúirt Barcelona an 13 Eanáir 2021 lena aithníodh cineál fostaíochta an chaidrimh fostaíochta atá ag suas le 748 rothaí. De réir an rialaithe ó Chúirt Barcelona, is gá tosca nua a chur san áireamh agus cineál an chaidrimh á mheas. Chinn an Chúirt go bhfuil an tsolúbthacht i ndáil leis an am oibre, i gcás ar bith, mar thoradh ar chinneadh a rinneadh chun na sliotáin ama is brabúsaí don chuideachta a aithint agus nach bhfuil sé mar aidhm aige cothromaíocht níos fearr oibre/saoil a áirithiú do rothaithe agus, dá bhrí sin, gur cheart rothaithe a mheas mar fhostaithe. Sa bhreis ar na rialuithe sin, chuir cúirteanna sa Bheilg, san Iodáil agus san Ísiltír as an áireamh gur féinfhostaíocht atá sa chaidreamh fostaíochta ó tharla go bhfuil an tsaoirse a mhaítear a bheith ag rothaithe ag brath ar fheidhmiú praiticiúil na seirbhíse.

(11)  Staidéar de chuid an Choimisiúin Eorpach Study to support the impact assessment on improving working conditions in platform work.

(12)  Staidéar de chuid an Choimisiúin Eorpach Study to support the impact assessment on improving working conditions in platform work.

(13)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 173, pointe 1.15.

(14)  Tuarascáil ó Fairwork (2021); Fairwork response to the European Commission's Proposal for Directive on Platform Work.

(15)  Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún.

(16)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún Better working conditions for a stronger social Europe: harnessing the full benefits of digitalisation for the future of work [Dálaí oibre níos fearr ar son Eoraip shóisialta níos láidre: leas iomlán a bhaint as an digiteáil ar mhaithe le todhchaí na hoibre] (COM(2021) 761 final) an 9.12.2021.

(17)  Féach an sainmhíniú a thugtar in aithris 30 de Threoirlínte an Choimisiúin maidir le dlí na hiomaíochta agus cómhargáil: “go mbaineann léi, mar chuid fhíor-riachtanach a bhfuil gá leis, eagrú na hoibre a dhéanann daoine aonair, gan beann ar an ndéantar an obair sin ar líne nó i suíomh áirithe”. Ardáin nach n-eagraíonn obair daoine aonair ach a chuireann modh ar fáil trína bhféadfaidh daoine féinfhostaithe aonair teagmháil a dhéanamh le húsáideoirí deiridh, ní hionann iad agus ardáin saothair dhigiteacha. Mar shampla, ardán ar a liostaítear na soláthraithe seirbhíse atá ar fáil (e.g. pluiméirí) i limistéir ar leith ionas gur féidir le custaiméirí a seirbhísí a úsáid ar éileamh, ní mheastar gur ardán saothair digiteach é sin, toisc nach n-eagraíonn sé obair na soláthraithe seirbhíse.

(18)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 173.

(19)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 173, pointe 1.8.

(20)  IO C 123, 9.4.2021, lch. 1, pointe 3.2.8.

(21)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 27.

(22)  Staidéar de chuid CESE (2017).

(23)  IO L 122, 16.5.2009, lch. 28.

(24)  Treoir 98/59/EC; Treoir 2001/23/EC.


IARSCRÍBHINN

I rith an phlé (Riail 43(2) de na Rialacha Nós Imeachta), diúltaíodh don fhrituairim seo a leanas, a fuair aon cheathrú ar a laghad de na vótaí a caitheadh:

LEASÚ 1

SOC/709 — Pacáiste maidir le dálaí oibre san obair ardáin

An méid seo a leanas le cur in ionad na tuairime iomláine:

1.   Conclúidí

1.1.

Le hardáin saothair dhigiteacha, cuirtear seirbhísí nuálacha agus samhlacha nua gnó chun cinn agus cruthaítear a lán deiseanna do thomhaltóirí, do ghnólachtaí d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe. Cumhdaítear le coincheap an ardáin dhigitigh réimse leathan gníomhaíochtaí, seirbhísí, cúraimí agus samhlacha gnó. Fágann sé sin go bhféadfadh réitigh “a oireann do chách” a bheith ina mbacainn ar an nuálaíocht agus ar an infheistíocht i dtaca le hardáin dhigiteacha a chur ar bun agus a fhorbairt san Aontas.

1.2.

Aithníonn CESE gur gá aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin a bhaineann le hardáin saothair dhigiteacha i gcás inarb ann dóibh. Mar sin féin, ba cheart aon rialachán maidir le hobair ardáin a cheapadh sa chaoi is go gcoinneofar an tsolúbthacht mar príomhspreagadh agus, san am céanna, na coimircí is gá gcur ar fáil chun oibrithe a chosaint go leordhóthanach, agus é á chur san áireamh freisin gur gníomhaíocht chomhlántach í an obair ardáin (1). Sin é an fáth a dtacaíonn CESE go ginearálta leis an gcur chuige atá glactha ag an gCoimisiún sa phacáiste maidir le dálaí oibre, eadhon ionstraimí éagsúla a úsáid chun an timpeallacht fhabhrach is gá a chruthú lena bhféadfar feabhas a chur ar dhálaí oibre ardán digiteach. Tá gá freisin le rochtain leordhóthanach ar chosaint shóisialta agus ar dhálaí sláinte agus sábháilteachta tríd an dá mholadh ón gComhairle (2) a chur chun feidhme mar is ceart sa réimse seo.

1.3.

Siúd is gur príomh-shaincheist é a áirithiú go gcinnfear i gceart an caidreamh fostaíochta agus gur gá dul i ngleic le mí-aicmiú a d’fhéadfadh a bheith ann, ní bhaineann an cheist seo ach le líon beag oibrithe ardáin. Léirítear sna figiúirí ón gCoimisiún go bhféadfadh 5,5 milliún oibrí ardáin as 28,8 milliún oibrí a bheith i mbaol mí-aicmiú stádais fostaíochta.

1.4.

Measann CESE, áfach, go dtugtar aghaidh cheana féin ar roinnt mhaith de na saincheisteanna a chumhdaítear sa dréacht-Treoir le reachtaíocht AE atá ann cheana nó atá ar na bacáin, i.e. cosaint sonraí, ceart na n-oibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle, etc. Ciallaíonn sé sin gur gá cur chun feidhme na reachtaíochta atá ann cheana a neartú agus a fheabhsú i gcás inar gá. Ach treoir nua a thabhairt isteach ina n-athdhearbhaítear na cearta atá ann cheana, cruthaítear mearbhall agus ilroinnt in acquis an Aontais. I gcás ina sainaithnítear le linn an phróisis cur chun feidhme go bhfuil gá le soiléiriú, ní mór na coigeartuithe is gá a dhéanamh sna gníomhartha AE faoi seach. I ndáil leis an méid sin, tá CESE á mheabhrú d’institiúidí an Aontais go bhfuil gá, murab ionann is riamh, le fíor-rialú cliste agus fíorsheiceálacha iomaíochta sa chaoi gur féidir le gnólachtaí a bheith nuálach, fás, poist a chruthú agus luach breise a chur lenár sochaí agus lenár ngeilleagar.

1.5.

D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus díospóidí nach bhfuil gá leo a sheachaint, ba cheart díriú ar shoiléiriú a dhéanamh ar na rialacha agus na sainmhínithe náisiúnta atá ann cheana maidir le stádas oibrithe, agus na rialacha lena gceadaítear neamhspleáchas fiontraithe agus cineálacha eile féinfhostaithe á n-urramú san am céanna. Ní bheadh sainmhíniú dlíthiúil AE ar céard is oibrí ann agus céard is oibrí ardáin féinfhostaithe ann iomchuí ná éifeachtach, toisc nach féidir leis freastal ar na samhlacha éagsúla sna Ballstáit ná coinneáil suas leis na forbairtí dinimiciúla sna margaí saothair. Cuireann sé leis an mearbhall agus an éiginnteacht dhlíthiúil agus baineann sé an bonn de shainmhínithe náisiúnta trí shainmhíniú sonrach a thabhairt isteach do ghrúpa teoranta oibrithe in ardáin dhigiteacha.

1.6.

Cúis eile mearbhaill is ea an iarracht a dhéantar sa Treoir chun oibrithe agus daoine féinfhostaithe araon a chumhdach trí dhá shainmhíniú ar leith a thabhairt isteach, mar atá, “daoine a dhéanann obair ardáin” agus “oibrithe ardáin”. Measctar catagóirí éagsúla ábhar arna gcumhdach leis an Treoir agus tugtar sraitheanna difriúla ceart agus oibleagáidí ina leith, rud a chruthaíonn éiginnteachtaí dlíthiúla agus castacht.

1.7.

Níl aon údar ann chun an líne idir fíor-fhéinfhostaíocht agus fostaíocht a dhoiléiriú trí rialacha a chruthú a mbeidh tionchar acu ar fhiontraithe/daoine féinfhostaithe ar bhonn Airteagal 153 CFAE, rud nach gach bunús dlí iomchuí é chun an caidreamh gnólacht le gnólacht a rialáil.

1.8.

Leis an toimhde atá beartaithe sa dréacht-Treoir, luaitear go measfar gur caidreamh fostaíochta a bheidh in aon chaidreamh conarthach a luaithe a shásófar dhá cheann as cúig chritéar. San am céanna, tá clásail chaighdeánacha maidir le caidreamh gnólacht le gnólacht i gcuid mhaith de na critéir atá beartaithe in Airteagal 4.2, mar shampla (a) [uasteorainneacha maidir le leibhéal an luacha saothair agus táillí] agus (c) [caighdeán thorthaí na hoibre a fhíorú], (d) [uaireanta oibre a roghnú] agus (e) [an deis chun bonn cliant a chothú]. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaí daoine fíor-féinfhostaithe, fiú, a aicmiú go mícheart mar fhostaithe agus go mbeadh orthu an toimhde sin a fhrisnéis más mian leo leanúint dá ngníomhaíochtaí a chleachtadh. Ní fhéadfaí stádas daoine féinfhostaithe a dheimhniú ach amháin sa chúirt nó in imeachtaí riaracháin, rud a chuirfí ualach riaracháin neamhriachtanach ar na páirtithe uile, lena n-áirítear na húdaráis.

1.9.

Is casta an ní é sásra a bhunú chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis agus is dócha gur lú an tsoiléireacht dhlíthiúil a bheidh ann ó tharla go bhforáiltear do shásra den chineál céanna sa Treoir maidir le coinníollacha oibre trédhearcacha agus intuartha (3) mar cheann de na roghanna atá ar fáil ag na Ballstáit.

1.10.

Seachas dhá cheann as na cúig chritéar a shásamh, measann CESE gurb é an bealach ceart chun tosaigh measúnú a dhéanamh ar na critéir chun stádas fostaithe a shainiú ar leibhéal na mBallstát, i gcomhréir le dlí-eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I ndáil leis sin, is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún chun tacú le comhroinnt dea-chleachtas.

1.11.

Measann CESE nach iomchuí agus nach gá tacar ar leith de rialacha a bheith ann maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an obair ardáin agus an bainistiú algartamach. Leis na rialacha atá ann cheana sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) (4) agus sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga atá ar na bacáin, tabharfar cearta éagsúla d’oibrithe i ndáil lena sonraí pearsanta, maille le sraith chuimsitheach de cheanglais maidir le bainistíocht riosca, formhaoirseacht dhaonna agus trédhearcacht chun na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht agus do na cearta bunúsacha a mhaolú. Dá bhrí sin, ba cheart forluí agus dúbláil nach bhfuil gá leo a sheachaint.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Agus an geilleagar agus gnólachtaí ag claochlú go tapa, tá ról lárnach straitéiseach ag an gclaochlú digiteach, agus is amhlaidh go bhfuil an ról sin ag scaipeadh go tréan trí gach earnáil gníomhaíochta, agus ag dul i gcion ar thimthriall iomlán shlabhra luacha na dtáirgí agus na seirbhísí, lena bhfuil baint ag cuideachtaí móra agus fiontair bheaga agus micrifhiontair araon. Tá na himpleachtaí aige sin don saol oibre, a eascraíonn as cineálacha nua oibre agus cineálacha nua eagraithe gnó, tábhachtach maidir le cineál na hoibre agus luas an athraithe araon.

2.2.

Is féidir leo an soláthar agus an t-éileamh ar shaothar a mheaitseáil go héifeachtach agus deiseanna a thairiscint chun maireachtáil nó ioncam breise a thuilleamh I gcás tomhaltóirí, cuirfear ar fáil leis rochtain níos fearr ar tháirgí agus ar sheirbhísí a mbeadh sé deacair rochtain a fháil orthu murach sin, chomh maith le rochtain ar rogha nua agus níos éagsúla seirbhísí (5). Bíodh sin mar atá, sa bhreis ar na deiseanna a chuirtear ar fáil leis, cruthaíonn obair ardáin dhigitigh, ar cuid thábhachtach de na modhanna nua oibre í, dúshláin fhéideartha a mbeidh réitigh oiriúnaithe ag teastáil ina leith.

2.3.

Is saincheist thábhachtach é an stádas atá ag oibrithe ardáin sa mhargadh saothair, saincheist a bhfuil aghaidh tugtha ag na Ballstáit uirthi ina ndlí-eolaíocht náisiúnta. Dá thoradh sin, cruthaíodh roinnt rialacha agus rinneadh rialuithe éagsúla bunaithe ar choincheapa, samhlacha agus sainmhínithe náisiúnta éagsúla. Ar an gcúis sin, ní dhéantar ach córais agus cleachtais náisiúnta mhargadh an tsaothair a léiriú agus a urramú. Ba cheart díriú ar shoiléiriú a dhéanamh ar na rialacha agus na sainmhínithe náisiúnta atá ann cheana maidir le stádas oibrithe, agus na rialacha lena gceadaítear neamhspleáchas fiontraithe agus cineálacha eile féinfhostaithe á n-urramú san am céanna. I ndáil leis an méid sin, d’fhéadfaí gníomhaíochtaí ar an leibhéal Eorpach a chur chun cinn freisin, amhail malartú faisnéise, oideachas agus oiliúint, agus comhar idir údaráis. Ní hamháin go bhfuil ról tábhachtach ag na hardáin, tá ról tábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta freisin. D’fhéadfaí creat rialála a oiriúnú ar an leibhéal iomchuí gan an bonn a bhaint de chleachtais agus de reachtaíocht a fheidhmíonn go maith. I gcás inar gá, ní foláir feabhas a chur ar an gcosaint a thugtar d’oibrithe ardáin.

3.   Barúlacha ginearálta maidir leis an togra le haghaidh treorach

3.1.

An 9 Nollaig, mhol an Coimisiún Eorpach tacar beart chun feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin agus chun tacú le fás inbhuanaithe na n-ardán saothair digiteach san Aontas (6). I dtuairim SOC/709 ó Rannóg SOC a glacadh an 7 Márta 2022, ní thugtar aghaidh ach ar an togra le haghaidh Treoir maidir le dálaí oibre san obair ardáin a fheabhsú. Dá bhrí sin, dírítear san fhrituairim seo ar an togra sin freisin.

3.2.

Tá CESE á aithint go bhfuil dúshláin nua ann dóibh siúd a oibríonn ar ardáin i bhfianaise na bhforbairtí a tharla le déanaí i ngeilleagar na n-ardán saothair. Mar a thugann an Coimisiún dá aire, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí orthu sin easpa trédhearcachta agus intuarthachta i ndáil le socruithe conarthacha, dúshláin sláinte agus sábháilteachta, mí-aicmiú stádais fostaíochta, nó rochtain neamhleor ar chosaint shóisialta (7), mar aon leis na dúshláin a bhaineann le bainistiú algartamach san obair ardáin.

3.3.

Mar sin féin, ní hí an Treoir atá beartaithe an ionstraim chuí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Ina theannta sin, dealraíonn sé go ndírítear go príomha sa togra ar ghníomhaíochtaí seachadóirí, rothaithe agus seirbhísí ar an láthair a bhfuil beagán scileanna ag teastáil dóibh i gcoitinne agus fágtar ar lár go bhfuil éagsúlacht na hoibre ardáin i bhfad níos mó. Níl an rialachán atá beartaithe oiriúnaithe in aon chor ar bith dóibh siúd a oibríonn trí ardáin le haghaidh obair ar líne. Ina theannta sin, ní chuirtear san áireamh na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag reachtaíocht an Aontais ar ardáin ar líne ar féidir leo a gcuid seirbhísí a chur ar fáil ó áiteanna lasmuigh den Aontas (8). Ba cheart, ar a laghad, meastóireacht a dhéanamh ar na caillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann dá n-athlonnófaí na gníomhaíochtaí sin lasmuigh den Aontas Eorpach (e.g. go dtí an Ríocht Aontaithe).

3.4.

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin go príomha trí chur chun feidhme na rialachán agus na gcleachtas atá ann cheana a úsáid agus, i gcás inar gá, iad a neartú. Ina theannta sin, tá an-seans ann go ngníomhódh na hardáin iad féin i gcomhar le comhpháirtithe áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart don Choimisiún tacú leis sin.

3.5.

Ní bheadh sainmhíniú dlíthiúil AE ar céard is oibrí ann agus céard is oibrí ardáin féinfhostaithe ann iomchuí ná éifeachtach, toisc nach féidir leis freastal ar na samhlacha éagsúla sna Ballstáit ná coinneáil suas leis na forbairtí dinimiciúla sna margaí saothair. Chuirfeadh sé leis an mearbhall agus an éiginnteacht dhlíthiúil agus bhainfeadh sé an bonn de shainmhínithe náisiúnta trí shainmhíniú sonrach a thabhairt isteach do ghrúpa teoranta oibrithe.

4.   Barúlacha ginearálta maidir leis an Treoir atá beartaithe

4.1.   Raon feidhme agus sainmhínithe

4.1.1.

Tá riosca soiléir ann go gclúdódh raon feidhme agus sainmhínithe na Treorach atá beartaithe réimse i bhfad níos leithne de ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an ardán digiteach ná mar a bhí beartaithe. Dírítear go príomha inti ar ghníomhaíochtaí a bhfuil beagán scileanna ag teastáil dóibh ach chumhdódh na sainmhínithe agus na critéir atá beartaithe gach catagóir d’obair ardáin, fiú amháin nuair a dhéanann daoine fíor-fhéinfhostaithe iad.

4.2.   Stádas fostaíochta a chinneadh i gceart agus toimhde dhlíthiúil

4.2.1.

Aontaíonn CESE gur cheart na sásraí is gá a bheith ag na Ballstáit chun a áirithiú “go gcinnfear i gceart stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin […]”. Mar sin féin, tá an-amhras ar CESE faoin gcreat atá beartaithe maidir le toimhde dhlíthiúil caidrimh fostaíochta dá gcomhlíonfaí dhá cheann de na cúig chritéar a liostaítear sa Treoir.

4.2.2.

Na critéir a luaitear go háirithe i bpointí (a) [uasteorainneacha maidir le leibhéal an luacha saothair agus táillí] agus (c) [caighdeán thorthaí na hoibre a fhíorú], (d) [uaireanta oibre a roghnú] agus (e) [an deis chun bonn cliant a chothú], úsáidtear iad go rialta i gconarthaí gnólacht le gnólacht agus go bhfágfaidís go mbeadh daoine fíor-fhéinfhostaithe faoi réir toimhde fostaíochta agus, dá bhrí sin, go mbeadh orthu a bheith ina bhfostaithe.

4.2.3.

Tá an cur chuige sin ag teacht salach ar an gcleachtas a chuirtear i bhfeidhm i ndlí-eolaíocht na mBallstát, is é sin measúnú foriomlán a dhéanamh ar chritéir an chaidrimh fostaíochta. Ina theannta sin, faoi mar a luaitear thuas, dhéanfaí oibrithe ardáin a aicmiú mar fhostaithe mar réamhshocrú agus, dá thoradh sin, ní bheadh sé de rogha ag an duine aonair a bheith féinfhostaithe. Níor cheart é a bheith chun leas aon duine srian a chur ar ghníomhaíocht fiontraíochta. Ós rud é go measann tromlach na n-oibrithe ardáin gur daoine féinfhostaithe iad agus gur mian leo go measfaí iad mar dhaoine féinfhostaithe, bheadh an cur chuige sin ar neamhréir leis na cearta agus saoirsí bunúsacha, amhail an tsaoirse gairme agus an ceart chun obair a dhéanamh agus an tsaoirse fiontraíochta.

4.2.4.

I bhfianaise a éagsúla atá córais náisiúnta margaidh saothair, traidisiúin dlí saothair agus an dlí-eolaíocht, chomh maith leis na sainmhínithe éagsúla atá ann, e.g. i ndlí an tsaothair, i gcórais chánach agus slándála sóisialta, tá baol ann nach mbeidh na cúig chritéar sa Treoir atá beartaithe leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar dhálaí iarbhír casta staideanna éagsúla. Seachas dá cheann as na cúig chritéar a shásamh, measann CESE gurbh fhearr é mar chur chuige sna Ballstáit agus i ndlí-eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh measúnú a dhéanamh ar na critéir chun stádas fostaithe a shainiú.

4.3.   An deis chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis

4.3.1.

Dar le CESE, leis an bhféidearthacht an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis, is é is dóichí go gcruthófar níos mó fadhbanna seachas cásanna casta dlí a shoiléiriú. Is casta an ní é sásra sin a bhunú ó tharla go bhforáiltear do shásra den chineál céanna sa Treoir maidir le coinníollacha oibre trédhearcacha agus intuartha mar cheann de na roghanna atá ar fáil ag na Ballstáit.

4.3.2.

Ní áirithítear leis an bhféidearthacht an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis cothromaíocht chóir idir páirtithe an phróisis fhrisnéise ós rud é — i bhfianaise an dualgais cruthúnais ar thaobh an ardáin — go mbeadh sé deacair an toimhde dhlíthiúil, mar a shainítear í leis na cúig chritéar, a cheistiú i gcleachtas. I bhfianaise na sainmhínithe éagsúla náisiúnta atá ann, is dócha go mbainfear brí dhifriúil as na cúig chritéar agus a n-ábharthacht sna Ballstáit agus go mbeidh meascán níos casta dlí-eolaíochta ar fud na hEorpa dá thoradh sin. Ós rud é go bhféadfaí an próiseas sin a thabhairt chuig cúirteanna a dhéileálann le saincheisteanna a bhaineann le dlí an tsaothair agus cúirteanna riaracháin a dhéileálann le saincheisteanna cánach agus slándála sóisialta araon, d’fhéadfadh níos lú soiléireacht dhlíthiúl a bheidh ann seachas tuilleadh soiléireacht dhlíthiúl.

4.4.   Bainistiú algartamach

4.4.1.

Aontaíonn CESE le haidhm an Choimisiúin faisnéis agus trédhearcacht a áirithiú maidir le húsáid algartam san obair ardáin. Measann CESE nach iomchuí agus nach gá tacar ar leith de rialacha a bheith ann maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an obair ardáin. Leis na rialacha atá ann cheana in RGCS (9) agus sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga (10) atá ar na bacáin, tabharfar cearta éagsúla d’oibrithe i ndáil lena sonraí pearsanta, maille le sraith chuimsitheach de cheanglais maidir le bainistíocht riosca, formhaoirseacht dhaonna agus trédhearcacht chun na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht agus do na cearta bunúsacha a mhaolú. Dá bhrí sin, ba cheart forluí agus dúbláil nach bhfuil gá leo a sheachaint.

4.4.2.

Maidir le foirm agus ábhar na faisnéise atá le tabhairt ag na hardáin, ba cheart a áirithiú go mbeidh an scóip is gá ag na hardáin ó thaobh na modhanna teicniúla chun faisnéis a chur ar fáil a shainiú. Is amhlaidh atá i gcás na modhanna chun na rioscaí a mheas agus chun athbhreithniú daonna a dhéanamh ar chinntí suntasacha. Thairis sin, ba cheart a áirithiú nach mbeidh feidhm ag na ceanglais maidir le nochtadh a bhaineann leis na halgartaim maidir le rún gnó ná faisnéis rúnda d’aon chineál. Tá CESE á chur béim freisin ar an ngá atá le maoluithe a cheadú atá saincheaptha do FBManna maidir le nósanna imeachta riaracháin a éilítear leis an mbainistiú algartamach (11). Áirítear orthu sin, go háirithe, spriocdhátaí níos faide chun iarrataí a chur ar fáil maidir le hathbhreithniú ar chinntí algartamacha agus maidir le laghdú ar mhinicíocht na faisnéise ábhartha a thabhairt cothrom le dáta.

4.5.   Cearta comhchoiteanna

4.5.1.

Is é is aidhm don togra cearta faisnéise agus comhairliúcháin d’oibrithe ardáin agus dá n-ionadaithe maidir le cinntí a bhféadfadh athruithe suntasacha ar an úsáid a bhaintear as córais uathoibrithe faireacháin agus cinnteoireachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Treoir a bheith mar thoradh orthu. Chun na críche sin, tagraítear sa togra do Threoir 2002/14/CE (12). Ós rud é gur féidir, leis an tagairt sin, na sásraí faisnéise agus comhairliúcháin atá ann cheana a chur i bhfeidhm mar a shainítear ar an leibhéal náisiúnta iad agus an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn freisin gan aon sásraí nua nó comhionanna a bhunú, is féidir tacú leis an réiteach sin. Bíodh sin mar atá, níl an fhreagracht atá ar an ardán saothair digiteach costais an tsaineolaí (Airteagal 9(3)) a sheasamh i gcomhréir leis na rialacha ginearálta maidir le faisnéis agus comhairliúchán bunaithe ar Threoir 2002/14/CE.

4.6.   Leigheasanna

4.6.1.

Tá CESE ag leagan béim ar an ngá atá ann an t-idirdhealú idir “oibrithe” agus “daoine a dhéanann obair ardáin” a shoiléiriú, go háirithe maidir le leigheasanna agus forfheidhmiú na Treorach. In Airteagal 18 tá rialacha comhchosúla maidir le cosaint ar dhífhostú don dá chatagóir oibrithe a d’fhéadfadh mearbhall agus easpa deimhneachta dlíthiúla a bheith mar thoradh orthu toisc go bhfuil leigheasanna breithiúnacha ar dhlí an tsaothair agus ar dhlí na gconarthaí sna Ballstáit bunaithe ar shraitheanna éagsúla reachtaíochta agus, dá bhrí sin, níl siad cosúil le chéile. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh iarmhairtí agus fadhbanna i gcórais bhreithiúnacha na mBallstát a bheith mar thoradh ar Airteagal 17 (Cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha) má tá feidhm ag na rialacha céanna maidir le caidrimh chonarthacha éagsúla.

4.7.   Gan dul siar, agus forálacha níos fabhraí

4.7.1.

D’fhonn dálaí oibre cothroma a chur chun cinn san ardán digiteach, leagann CESE béim ar ról an idirphlé shóisialta agus na gcomhaontuithe comhchoiteanna ar na leibhéil iomchuí agus laistigh de raon feidhme, sainordú agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta sna Ballstáit. Dá bhrí sin, tá amhras ar CESE faoi go bhfuil raon feidhme na gcomhaontuithe comhchoiteanna teoranta do chomhaontuithe atá níos fabhraí d’oibrithe ardáin (Airteagal 20) agus dóibh sin amháin. Cuireann an teorannú sin isteach ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta.

Cúis

Is éard atá sa téacs seo leasú arb é is aidhm dó seasamh a leagan amach atá éagsúil ar an mórgóir ó thuairim atá curtha in iúl ag rannóg agus, ar an gcúis sin, ní mór é a mheas mar fhrituairim. Leagtar amach ann cén fáth nach é an togra ón gCoimisiún an ionstraim cheart chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le obair ardáin dhigitigh agus cén fáth nach bhfuil sé ag teacht go leordhóthanach le dálaí iarbhír casta staideanna éagsúla i ndomhan mearathraitheach na n-ardán. Ina theannta sin, féachtar leis an bhfrituairim aird a tharraingt ar na lochtanna agus na dúshláin mhóra sa dréacht-Treoir, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an toimhde dhlíthiúil maidir le stádas fostaí agus bainistiú algartamach.

Toradh na vótála:

Ar son:

149

In aghaidh:

80

Staonadh:

17


(1)  Maidir le luas forbartha na sonraí arna mbailiú trí shuirbhéanna COLLEEM I agus II, baineadh de thátal astu go bhfuil feiniméan na hoibre ardáin ag méadú go cinnte más go mall féin é san Eoraip. Ar an dara dul síos, níl ach sciar beag de dhaoine ann — tuairim is 1,4 % den daonra in aois oibre — arb í an obair ardáin an príomhchineál fostaíochta atá ar bun acu. Ar a mhuin sin, de réir an staidéir dá dtagraítear sa Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin — Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair, d’fhéadfadh tuairim is 5,5 milliún oibrí ardáin as 28,8 milliún a bheith i mbaol mí-aicmiú stádais fostaíochta. Féach Stóras Foilseachán an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) — Platform Workers in Europe Evidence from the COLLEEM Survey (europa.eu) agus Stóras Foilseachán JRC — New evidence on platform workers in Europe (europa.eu); Féach Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin — Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair. Sa staidéar a choimisiúnaigh ardáin seachadta, deir an chuid is mó de theachtairí san Eoraip (72 %) gur gníomhaíocht chomhlántach í an obair ardáin agus deir 34 % díobh siúd gur go ndéanann siad í le linn dá gcuid staidéar agus deir an chuid eile acu (34 %) go ndéanann siad obair ardáin chun ioncam breise a thuilleamh sa bhreis ar an ioncam ó obair lánaimseartha nó pháirtaimseartha eile. I gcás dhá thrian de na freagróirí (67 %), is í an tsolúbthacht an phríomhchúis le bheith ag obair mar theachtaire. Is féidir leo obair sheachadta a dhéanamh sa bhreis ar obair eile nó staidéir nó, mar shampla, más gá dóibh cúram a thabhairt do bhaill teaghlaigh, agus is bealach é chun cur breis le hioncam eile. Is í an tsolúbthacht an buntáiste is mo atá ag baint le bheith ag obair mar teachtaire (dar le 58 % díobh).

(2)  Moladh ón gComhairle on access to social protection for workers and the self-employed agus Moladh ón gComhairle concerning the improvement of the protection of the health and safety at work of self-employed workers.

(3)  Treoir maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha.

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 agus COM(2021) 206 final.

(5)  COM(2021) 762 final, Meabhrán Míniúcháin lch. 1.

(6)  Áirítear orthu siúd: (1) togra le haghaidh Treoir maidir le dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin; (2) dréacht-Treoirlínte um chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir le comhaontuithe cómhargála i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair, lena gcumhdaítear iad siúd a oibríonn trí ardáin dhigiteacha saothair; (3) iarrtar go nglacfaí bearta nua, mar a leagtar amach thíos, maidir leis na húdaráis náisiúnta, na comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí ábhartha uile chun dálaí oibre níos fearr a bhaint amach dóibh siúd a oibríonn trí ardáin saothair dhigiteacha (Teachtaireacht — Better working conditions for a stronger social Europe: harnessing the full benefits of digitalisation for the future of work [Dálaí oibre níos fearr ar son Eoraip shóisialta níos láidre: Leas iomlán a bhaint as an digitiú ar mhaithe le todhchaí na hoibre]):

(7)  Idem (Teachtaireacht) lch. 2.

(8)  De réir an staidéir ón gCoimisiún, fiú dá gcuirfí deireadh leis na seirbhísí saoroibrithe uile a chuirtear ar fáil trí ardáin ar fud AE-27, d’fhéadfadh na gnólachtaí sin saoroibrithe a fhostú in áiteanna eile den domhan. Féach Study to support the impact assessment on improving working conditions in platform work.

(9)  Rialachán (AE) 2016/679.

(10)  COM(2021) 206 final.

(11)  COM(2021) 762 final, Meabhrán Míniúcháin lch. 13.

(12)  Treoir 2002/14/CE.