|
18.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 139/133 |
CINNEADH (AE) 2022/771 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Aibreán 2022
maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Eastóin isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse thagartha
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2292)
(Is é an téacs san Eastóinis amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), an chéad fhomhír, de,
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair (2), agus go háirithe Airteagal 14(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
BREITHNITHE GINEARÁLTA
|
(1) |
De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tá scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta le bunú. Thairis sin, de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, i leith gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta. Ní mór na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna uile-Aontais arna nglacadh ag an gCoimisiún i leith na tréimhse tagartha lena mbaineann. Is é an Coimisiún atá freagrach as measúnú a dhéanamh an bhfuil na spriocanna feidhmíochta molta atá sna dréachtphleananna arna dtarraingt suas ag na Ballstáit comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, agus na critéir mheasúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 á úsáid aige. |
|
(2) |
Ón gcéad ráithe de bhliain féilire 2020, bhí tionchar mór ag ráig phaindéim COVID-19 ar an earnáil aeriompair agus d’fhág sé gur tháinig laghdú suntasach ar an méid aerthráchta i gcomparáid leis na leibhéil roimh an bpaindéim, de bharr na mbeart a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun srian a choinneáil ar an bpaindéim. |
|
(3) |
Leagadh spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse thagartha (“TT3”) síos i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Maidir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin agus na dréachtphleananna feidhmíochta i leith TT3 a chuir na Ballstáit isteach ina ndiaidh siúd, ós rud é gur tarraingíodh suas iad sular tharla ráig phaindéim COVID-19, ní fhéadfaí an t-athrú suntasach a tháinig ar na dálaí aeriompair de dheasca na paindéime a chur san áireamh iontu. |
|
(4) |
Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar na seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla i leith an tríú tréimhse thagartha, de mhaolú ar Rialachán (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). De bhun Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627, ghlac an Coimisiún, an 2 Meitheamh 2021, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 (5) lena leagtar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais amach i leith TT3. |
|
(5) |
Tugann an Coimisiún dá aire gurb é a thuartar le réamhaisnéis tráchta bhonnlíne Sheirbhís Staidrimh agus Réamhaisnéise Eurocontrol (“STATFOR”) ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go sroichfidh an t-aerthrácht ar an leibhéal uile-Aontais na leibhéil ar a raibh sé roimh an bpaindéim le linn 2023 agus go sáróidh sé na leibhéil sin in 2024. Mar sin féin, tá leibhéal ard éiginnteachta fós ag baint le forbairt an tráchta mar gheall ar na rioscaí a bhaineann le forbairt staid eipidéimeolaíoch COVID-19. Tugann an Coimisiún dá aire, freisin, go meastar go dtiocfaidh téarnamh míchothrom ar an aerthrácht sna Ballstáit éagsúla. |
|
(6) |
Tá dréachtphleananna feidhmíochta, agus spriocanna áitiúla feidhmíochta iontu i leith TT3, forbartha agus glactha ag na Ballstáit uile, agus cuireadh faoi bhráid an Choimisiún iad lena measúnú faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Tar éis a fhíorú don Choimisiún gurbh iomlán do na dréachtphleananna feidhmíochta sin, d’iarr sé ar Bhallstáit dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe a chur faoina bhráid faoin 17 Samhain 2021. An measúnú ón gCoimisiún a chuirtear i láthair sa Chinneadh seo, is ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Eastóin isteach atá sé bunaithe. |
|
(7) |
Tá tuarascáil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, agus sa tuarascáil sin ón gcomhlacht tá comhairle maidir leis an measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith TT3. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta a mholann an Eastóin, ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus na himthosca áitiúla á gcur san áireamh aige. Chomhlánaigh an Coimisiún an measúnú, i leith gach príomhréimse feidhmíochta agus na spriocanna feidhmíochta a bhaineann leis, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith na n-eilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta
|
(9) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Eastóin faoina bhráid maidir lena éifeachtaí a dhéanann soláthraithe na seirbhísí aerloingseoireachta bainistíocht ar an tsábháilteacht, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus an measúnú sin á dhéanamh, agus comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na bearta atá beartaithe chun na spriocanna sábháilteachta a bhaint amach i leith na n-eilimintí a leagtar amach i bpointe 2.1.(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(10) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta a mholann an Eastóin i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta agus arna sloinneadh mar leibhéil cur chun feidhme:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(11) |
Tá sé suite ag an gCoimisiún gurb ionann na dréachtspriocanna sábháilteachta a mholann an Eastóin le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta (EANS) agus na spriocanna sábháilteachta uile-Aontais i leith gach bliana féilire ó 2021 go 2024. |
|
(12) |
Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Eastóin isteach bearta lena ndéanamh ag EANS chun na spriocanna áitiúla sábháilteachta a bhaint amach, amhail gníomhaíochtaí i gcomhréir le Clár Sábháilteachta an Stáit, an rannpháirtíocht i staidéar Eurocontrol/CANSO ar chaighdeán an fheabhais maidir le haibíocht na sábháilteachta, agus gníomhaíochtaí eile a dhéanfar i gcreat straitéis sábháilteachta EANS. |
|
(13) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithris (11) agus aithris (12), agus de bhrí nach mór na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta uile-Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 a bhaint amach faoi bhliain dheireanach TT3, eadhon 2024, ba cheart a mheasúnú, maidir leis na dréachtspriocanna atá i ndréachtphlean feidhmíochta na hEastóine, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta. |
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil
|
(14) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Eastóin isteach maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar sa dréachtphlean feidhmíochta i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach na heitilte faoi bhealach a leagtar amach i bplean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus an measúnú sin á dhéanamh, agus comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na bearta atá beartaithe chun na spriocanna comhshaoil a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(15) |
I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta comhshaoil leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024. |
|
(16) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil a mholann an Eastóin, mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i leith TT3 ó phlean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa, agus iad sloinnte mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír:
|
|
(17) |
Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna comhshaoil a mholann an Eastóin agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire ó 2021 go 2024. |
|
(18) |
Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil bearta curtha i láthair ag an Eastóin ina dréachtphlean feidhmíochta chun na spriocanna áitiúla comhshaoil a bhaint amach, lena n-áirítear plean aistrithe le haghaidh na loingseoireachta feidhmíochtbhunaithe agus comhar trasteorann leanúnach leis an bhFionlainn laistigh de thionscnamh FINEST. |
|
(19) |
Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil an t-aerspás saorbhealaigh curtha chun feidhme ag an Eastóin cheana idir leibhéal eitilte 95 agus leibhéal eitilte 660. |
|
(20) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (17) go (19), ba cheart a mheasúnú go bhfuil na dréachtspriocanna atá i ndréachtphlean feidhmíochta na hEastóine comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil. |
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta
|
(21) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Eastóin isteach maidir leis an meánmhoill i mbainistiú na sreibhe aerthráchta (“ATFM”) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na hEastóine i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochta Gréasáin a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus an measúnú sin á dhéanamh, agus comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na bearta atá beartaithe chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(22) |
I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta acmhainneachta leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024. |
|
(23) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach a mholann an Eastóin i leith TT3, arna sloinneadh mar nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochta Gréasáin:
|
|
(24) |
Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna acmhainneachta a mholann an Eastóin agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire ó 2021 go 2024. |
|
(25) |
Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil bearta curtha i láthair ag an Eastóin ina dréachtphlean feidhmíochta chun na spriocanna acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach a bhaint amach, go háirithe comhar trasteorann leanúnach leis an bhFionlainn laistigh de thionscnamh FINEST lenar féidir limistéarú dinimiciúil trasteorann a dhéanamh. |
|
(26) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithris (24) agus aithris (25), ba cheart a mheasúnú go bhfuil ar na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na hEastóine comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta. |
Athbhreithniú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt
|
(27) |
Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach le hathbhreithniú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Ní bhfuarthas ábhar imní sna dréachtspriocanna sin i gcás na hEastóine. |
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta
|
(28) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Eastóin isteach maidir leis na costais aonaid arna suíomh (“CAAS”) le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach, ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Is iad na critéir sin treocht an chostais aonaid arna shuíomh le linn TT3, an treocht fhadtéarmach CAAS le linn an dara tréimhse thagartha (TT2) agus TT3 (2015-2024), agus luach bonnlíne CAAS ar leibhéil an limistéir muirearaithe i gcomparáid le meánluach na limistéar muirearaithe a bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta iontu. |
|
(29) |
Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar na spriocanna costéifeachtúlachta i leith eitiltí faoi bhealach. Comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na príomhfhachtóirí agus na príomhpharaiméadair is bunús leis na spriocanna sin, mar a shonraítear i bpointe 2.1(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(30) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta i leith eitiltí faoi bhealach a mholann an Eastóin i leith TT3:
|
|
(31) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur fearr treocht CAAS faoi bhealach na hEastóine ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT3, mar atá, – 1,7 %, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, + 1,0 %. |
|
(32) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht fhadtéarmach CAAS faoi bhealach na hEastóine le linn TT2 agus TT3 ar leibhéal an limistéir muirearaithe, mar atá, + 2,0 %, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, – 1,3 %. |
|
(33) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne CAAS na Eastóine, mar atá, EUR 32,13 i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (“EUR2017”), 19,8 % níos airde ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, mar atá, EUR 26,81 in EUR2017. Is fearr, áfach, an fheidhmíocht CAAS ag an Eastóin ná ag an ngrúpa comparáide le linn na tréimhse tagartha, agus is amhlaidh a bhaintear leibhéal amach i leith 2024 atá 3,0 % níos ísle ná meán an ghrúpa comparáide. |
|
(34) |
Scrúdaigh an Coimisiún a thuilleadh an féidir a mheas gur gá agus gur comhréireach, faoi phointe 1.4(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, na diallais a thugtar faoi deara in aithris (32) agus aithris (33), ar an gcoinníoll gur i ngeall ar chostais bhreise arna suíomh a bhaineann le bearta is gá chun na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, nó i ngeall ar bhearta athstruchtúraithe de réir bhrí Airteagal 2(18) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus i ngeall orthu siúd amháin, atá an diallas ón treocht fhadtéarmach uile-Aontais CAAS a thugtar faoi deara. |
|
(35) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, níor aimsigh an Coimisiún aon fhaisnéis i ndréachtphlean feidhmíochta na hEastóine a thabharfadh le fios gur i ngeall ar chostais bhreise arna suíomh a bhaineann le bearta is gá chun na spriocanna áitiúla feidhmíochta maidir leis an acmhainneacht a bhaint amach, agus i ngeall orthu siúd amháin, atá an diallas ón treocht fhadtéarmach uile-Aontais CAAS dá dtagraítear in aithris (32). Dá bhrí sin, an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, ní chomhlíontar é i gcás na hEastóine. |
|
(36) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos faoi phointe 1.4(d)(ii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, d’agair an Eastóin ina dréachtphlean feidhmíochta, ar an mbonn gur chostais athstruchtúraithe iad, na costais a bhaineann le tionscnamh FINEST, tionscnamh a cuireadh i gcrích mar thionscnamh comhair dhéthaobhaigh idir soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta na hEastóine agus na Fionlainne chun seirbhísí aerthráchta dinimiciúla trasteorann a chur chun feidhme. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé d’aidhm ag tionscnamh FINEST timpeallacht aerspáis saorbhealaigh gan teorainneacha a chruthú ar fud aerspás na hEastóine agus na Fionlainne, limistéarú dinimiciúil trasteorann an aerspáis a chur ar fáil, agus sineirgí a sholáthar trí úsáid chomhpháirteach na n-acmhainní agus pleanáil chomhpháirteach dóibh. Tá raon leathan céimeanna ullmhúcháin curtha chun feidhme cheana féin i dtionscnamh FINEST d’fhonn soláthar na seirbhísí trasteorann a thosú faoi dheireadh 2022. |
|
(37) |
Tuairiscíonn an Eastóin, maidir le tionscnamh FINEST, go n-eascraíonn costais as a bhaineann leis an bhfoireann, le gníomhaíochtaí oiliúna, leis an taisteal le haghaidh chur chun feidhme an tionscnamh, agus le bogearraí agus córais nua. Cuireann an Eastóin i dtábhacht gur réamhchoinníoll iad le haghaidh chomhar FINEST infheistíochtaí i gcrua-earraí agus i mbogearraí an chórais BAT i rith TT3, óir cuimsíonn an tionscnamh córas BAT aontaithe a chur chun feidhme san Eastóin agus san Fhionlainn. |
|
(38) |
Aithníonn an Coimisiún go bhfuil coinne leis go soláthrófar tairbhí móra le tionscnamh FINEST ó thaobh sholúbthacht, éifeachtúlacht agus cháilíocht na seirbhísí de, agus moilleanna i mbainistíocht na sreibhe aerthráchta á n-íoslaghdú an tráth céanna. Mar chuid de mheasúnú costais is tairbhe, rinne an Eastóin cainníochtú ar na gnóthachain airgeadais a d’eascródh as an tionscnamh, agus ar a bhonn sin measann an Eastóin go ngnóthóidh úsáideoirí an aerspáis glantairbhe airgeadais ach a bhfillfidh an trácht ar na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim. |
|
(39) |
Ar bhonn na hanailíse mionsonraithe a rinne an comhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht ar na bearta a thuairiscigh an Eastóin i leith thionscnamh FINEST, measann an Coimisiún go bhfuil na costais a bhaineann leis an tionscnamh incháilithe ina gcostais athstruchtúraithe de réir bhrí Airteagal 2(18) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, toisc go soláthraíonn an tionscnamh samhail ghnó agus nósanna imeachta chun seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar ar bhealach comhtháite agus ar bhonn trasteorann. Thairis sin, ag féachaint don mheastóireacht arna déanamh ag an gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht, tá sé suite ag an gCoimisiún, maidir leis an diallas ón treocht fhadtéarmach uile-Aontais CAAS dá dtagraítear in aithris (32), gur féidir é a chur i leith na gcostas athstruchtúraithe a thuairiscigh an Eastóin i leith thionscnamh FINEST. |
|
(40) |
I bhfianaise na mbreithnithe in aithrisí (36) go (39), suíonn an Coimisiún go gcomhlíontar, i leith na hEastóine, an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii). |
|
(41) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (28) go (40), ba cheart a mheasúnú go bhfuil na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na hEastóine comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta. |
Athbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt
|
(42) |
Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta i leith eitiltí faoi bhealach le hathbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Ní bhfuarthas ábhar imní sna dréachtspriocanna sin i gcás na hEastóine. |
Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar chomhlánú ar mheasúnú an Choimisiúin ar na dréachtspriocanna acmhainneachta
|
(43) |
I gcomhréir le pointe 2.1(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, maidir leis na dréachtspriocanna acmhainneachta, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú le hathbhreithniú ar na dréachtscéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I ndáil leis sin, scrúdaigh an Coimisiún an gcomhlíonann na dréachtscéimeanna dreasachtaí na ceanglais shubstainteacha a leagtar amach in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Fuarthas ábhar imní sna dréachtscéimeanna atá i ndréachtphlean feidhmíochta na hEastóine. |
|
(44) |
Tugann an Coimisiún faoi deara, maidir leis an scéim dreasachtaí le haghaidh acmhainneacht faoi bhealach a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na hEastóine agus leis an scéim dreasachtaí le haghaidh acmhainneacht chríochfoirt a mholtar ann araon, go gcuimsíonn siad uas-mhíbhuntáiste airgeadais is ionann agus 0,5 % de na costais arna suíomh agus uasbhuntáiste airgeadais is ionann agus 0,0 % de na costais arna suíomh. |
|
(45) |
Maidir leis na scéimeanna dreasachtaí sin, tá an Coimisiún go mór in amhras, ar bhonn comhairle shaineolach a sholáthair an comhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht, an imreodh an t-uas-mhíbhuntáiste airgeadais a mholtar, arb ionann é agus 0,5 % de na costais arna suíomh, aon tionchar ábhartha ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 11(3), pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(46) |
Ba cheart don Eastóin, dá bhrí sin, i dtaca le glacadh a phlean feidhmíochta chríochnaithigh i gcomhréir le hAirteagal 16(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, athbhreithniú a dhéanamh ar a scéimeanna dreasachtaí chun na spriocanna acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach agus acmhainneachta críochfoirt a bhaint amach sa chaoi go socrófar na huas-mhíbhuntáistí de bhun na scéimeanna dreasachtaí sin ar leibhéal a imreoidh tionchar ábhartha ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear go sonrach faoi Airteagal 11(3), pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus is é tuairim an Choimisiúin gur cheart go socrófaí, mar thoradh air sin, an t-uas-mhíbhuntáiste airgeadais ar leibhéal is ionann agus 1 % de na costais arna suíomh nó níos airde ná sin. |
CONCLÚIDÍ
|
(47) |
Ar bhonn an mheasúnaithe a leagtar amach in aithrisí (10) go (46), tá sé suite ag an gCoimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá sna dréachtphleananna feidhmíochta a chuir an Eastóin isteach comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. |
|
(48) |
Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé tugtha le fios ag roinnt Ballstát go bhfuil sé i gceist acu ítimí costais a bhaineann le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt a chur lena mbonn costais i leith TT3. Ní raibh an Coimisiún in ann a shuí go beacht, ar bhonn na n-eilimintí atá sna dréachtphleananna feidhmíochta, cé mhéad a chuir na Ballstáit costais shuite den chineál sin lena mbonn costais i leith TT3, ná, i gcásanna inar chuir, cé mhéad a thabhaítear iad i ndáil le soláthar na seirbhísí aerloingseoireachta, rud a d’fhágfadh gurbh fhéidir a mheas gur costais incháilithe iad faoin scéim feidhmíochta agus muirearaithe. Tá iarraidh ad hoc ar fhaisnéis curtha ag seirbhísí an Choimisiún chuig na Ballstáit uile chun faisnéis ábhartha a bhailiú, agus déanfaidh siad tuilleadh scrúdaithe ar na costais a thuairiscítear maidir le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt i gcomhthéacs comhlíontacht na rátaí aonaid a fhíorú. Tá an Cinneadh seo gan dochar do thorthaí ná do chonclúidí an Choimisiúin maidir le costais braite na ladrann. |
|
(49) |
Mar fhreagairt ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, tá bearta sriantacha glactha ag an Aontas lena gcuirtear toirmeasc ar aeriompróirí Rúiseacha, ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis agus ar aon aerárthach nach bhfuil cláraithe sa Rúis ach atá faoi úinéireacht, ar chairtfhostú, nó faoi rialú ar shlí eile ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag aon eintiteas nó comhlacht Rúiseach tuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi, nó eitilt thairsti. Tá laghdú ag teacht ar an aerthrácht san aerspás os cionn chríoch an Aontais i ngeall ar na bearta sin. Níor cheart, ámh, go mbeadh an tionchar ar an leibhéal uile-Aontais inchomparáide leis an laghdú ar an aerthrácht de dheasca ráig phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020. Dá bhrí sin, is iomchuí na bearta agus na próisis atá ann faoi láthair le haghaidh chur chun feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe le linn TT3 a choinneáil ar bun, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Eastóin isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse thagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na hEastóine.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Adina VĂLEAN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).
IARSCRÍBHINN
Na spriocanna feidhmíochta atá san áireamh sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Eastóin isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a fuarthas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha.
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA SÁBHÁILTEACHTA
Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta
|
an Eastóin |
Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme, ó leibhéal EASA A go D |
||||
|
An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann |
Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
EANS |
Beartas agus cuspóirí sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
Bainistíocht riosca sábháilteachta |
D |
D |
D |
D |
|
|
Dearbhú sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
|
Cur chun cinn na sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
|
Cultúr sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL
Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír
|
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Dréacht de spriocanna comhshaoil faoi bhealachna hEastóine, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír |
1,22 % |
1,22 % |
1,22 % |
1,22 % |
|
Luachanna tagartha don Eastóin |
1,22 % |
1,22 % |
1,22 % |
1,22 % |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA ACMHAINNEACHTA
Meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach i nóiméid in aghaidh na heitilte
|
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Dréacht de spriocanna acmhainneachta faoi bhealach na hEastóin, i nóiméid ar mhoill ATFM in aghaidh na heitilte |
0,01 |
0,03 |
0,03 |
0,03 |
|
Luachanna tagartha don Eastóin |
0,01 |
0,03 |
0,03 |
0,03 |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA COSTÉIFEACHTÚLACHTA
Costas aonaid arna shuíomh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach
|
Limistéar muirearaithe faoi bhealach na hEastóine |
Luach bonnlíne 2014 |
Luach bonnlíne 2019 |
2020 -2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Dréacht de spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017) |
EUR 25,16 |
EUR 32,13 |
EUR 60,19 |
EUR 34,80 |
EUR 30,57 |
EUR 29,97 |