9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 288/18


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2182 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Lúnasa 2022

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le lipidí agus maidir le maignéisiam i leith ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798 ón gCoimisiún (2) leagtar síos, inter alia, ceanglais shonracha chomhdhéanaimh maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú ar ceanglais iad atá bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is déanaí (3) ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ar an ábhar.

(2)

Maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, is éard a fhoráiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798 go mbeidh ar a laghad 11 g d’aigéad líonoiléach agus 1,4 g d’alfa-aigéad líonoiléach sa chiondáil laethúil iomlán agus nach mbeidh níos mó ná 250 mg maignéisiam inti, faoi mar a leagtar amach i bpointí 4.1, 4.2 agus 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

An 7 Samhain 2019, fuair an Coimisiún iarraidh, mar aon le liosta nua faisnéise eolaíche, ó Total Diet & Meal Replacements Europe go ndéanfaí athbhreithniú ar na ceanglais chomhdhéanaimh maidir le haigéad líonoiléach, aigéad alfa-líonoiléach agus maignéisiam i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798. An 10 Márta 2020, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis eolaíoch a cuireadh isteach agus ar aon fhaisnéis ábhartha eolaíoch eile a bhí ar fáil agus, dá mbeadh gá leis, conclúidí na tuairime eolaíche is déanaí uaidh (4) a thabhairt cothrom le dáta a mhéid a bhaineann leis na híosleibhéil aigéid líonoiléach agus aigéid alfa-líonoiléach san ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, mar aon leis an uasleibhéal maignéisiam.

(4)

Sa ráiteas uaidh an 15 Aibreán 2021 maidir leis an bhfaisnéis eolaíoch breise i ndáil le comhdhéanamh fíor-riachtanach an ionadaigh ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú (5), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil gá aigéad líonoiléach a chur leis an ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, toisc, le linn don duine a bheith ag cailleadh meáchain agus é ag tógáil an ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, gur leor an méid aigéad líonoiléach a scaoiltear ón bhfíochán sailleach chun an riachtanas i leith aigéad líonoiléach a chomhlíonadh. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, cé go bhféadfaí thart ar 40 % d’iontógáil leordhóthanach aigéid alfa-líonoiléach a sholáthar ón méid a scaoilfí ón bhfíochán sailleach le linn do dhaoine róthroma nó murtallacha a bheith ag cailleadh meáchain agus iad ag tógáil ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, gur gá 0,8 g/lá ar a laghad de a sholáthar tríd an ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú chun an iontógáil leordhóthanach a chomhlíonadh i leith aigéad alfa-líonoiléach. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach ábhar imní é an cion maignéisiam a mhéadú go 350 mg/lá san ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú. Cé gur féidir le buinneach a bheith mar thoradh ar maignéisiam is beag an dóchúlacht go spreagfadh maignéisiam buinneach chomh dona sin go mbeadh sí ina cúis imní i gcás daoine róthroma nó murtallacha a bhfuil ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú á thógáil acu, ós rud é go mbíonn iatacht ar na daoine sin níos minice ná buinneach.

(5)

Ar bhonn chonclúidí an Údaráis, agus d’fhonn an dul chun cinn eolaíoch a chur san áireamh, is iomchuí deireadh a chur leis an íoscheanglas maidir le haigéad líonoiléach atá i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798, an t-íoschion aigéid alfa-líonoiléach a cheanglaítear faoin Rialachán Tarmligthe sin a laghdú agus an t-uaschion maignéisiam a cheadaítear i leith na dtáirgí sin a mhéadú.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 181, 29.6.2013, lch. 35.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais shonracha comhdhéanaimh agus faisnéise maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú. (IO L 259, 7.10.2017, lch. 2).

(3)  Painéal NDA EFSA (Painéal EFSA ar Tháirgí Diaitéiteacha, Cothú agus Ailléirgí), 2015. Scientific Opinion on the essential composition of total diet replacement for weight control [Tuairim Eolaíoch maidir le comhdhéanamh fíor-riachtanach an ionadaigh ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú], EFSA Journal [Iris EFSA] 2015;13(1):3957 agus Painéal NDA EFSA (Painéal EFSA ar Tháirgí Diaitéiteacha, Cothú agus Ailléirgí), 2016. Tuairim Eolaíoch maidir leis na Luachanna Tagartha Cothúcháin le haghaidh coilín, EFSA Journal [Iris EFSA] 2016;14(8):4484.

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2016;14(8):4484.

(5)  Painéal NDA EFSA (Painéal EFSA ar Chothú, Bianna Núíosacha agus Ailléirginí Bia), 2021. Statement on additional scientific evidence in relation to the essential composition of total diet replacement for weight control [Ráiteas maidir le faisnéis eolaíoch bhreise i ndáil le comhdhéanamh fíor-riachtanach an ionadaigh ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(4):6494.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798 mar a leanas:

(1)

scriostar pointe 4.1;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2:

“Ní bheidh an méid aigéid alfa-líonoiléach i dtáirgí ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú níos lú ná 0,8 g i leith na ciondála laethúla iomláine.”;

(3)

i bpointe 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara míre:

“Ní bheidh níos mó ná 350 mg maignéisiam i dtáirgí ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú i leith na ciondála laethúla iomláine.”