An Bhruiséil,11.8.2021

COM(2021) 469 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE maidir le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE,


maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse





(Fís Eorpach)


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE

Uimh. [...]

an [...]

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Maidir le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 1 , is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun é a chumhdach.

(2)Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (athmhúnlú) a chumhdach 2 .

(3)Maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE sna gníomhaíochtaí atá mar thoradh ar Rialacháin (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/819, is iomchuí go gcuirfear an rannpháirtíocht sin ar bun ón 1 Eanáir 2021, gan beann ar an tráth a ghlacfar an Cinneadh seo nó má thugtar fógra maidir le comhlíonadh na gceanglas bunreachtúil le haghaidh an Chinnidh seo, más ann dóibh, tar éis an 10 Iúil 2021. 

(4)Ba cheart d’eintitis a bunaíodh i Stáit CSTE a bheith i dteideal páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí lena gcuirfear tús roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí sin, a chuirfear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, féadfar iad a mheas a bheith incháilithe faoi na coinníollacha céanna is infheidhme maidir leis na costais a thabhaíonn eintitis a bunaíodh i mBallstáit an Aontais ar choinníoll go dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta lena mbaineann.

(5)I gComhaontú LEE agus go háirithe in Airteagal 81 de, leagtar amach na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE agus a n-institiúidí, a ngnóthas, a n‑eagraíochtaí agus a náisiúnach i gcláir an Aontais Eorpaigh.

(6)Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin chun go mbeifear in ann an comhar leathnaithe sin a chur ar siúl ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 1 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:

1.Cuirtear an méid seo a leanas le mír 5:

‘-32021 R 0695: Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí a chuirtear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, féadfar iad a mheas a bheith incháilithe amhail ó thúsdáta na gníomhaíochta a shocraítear sa chomhaontú deontais nó sa chinneadh deontais lena mbaineann, faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, ar choinníoll go dtiocfaidh Cinneadh Uimh. XX/2021 ó Chomhchoiste LEE an xx 2021 [an Cinneadh seo] i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta.

Díolmhófar Lichtinstéin ó bheith rannpháirteach sa chlár seo agus ón ranníocaíocht airgeadais a bhaineann leis.’

2.I mír 11(a), cuirtear na focail ‘Gníomhartha Comhphobail in ionad na bhfocal ‘Gníomh Comhphobail’, agus cuirtear an méid seo a leanas léi:

‘-32021 R 0819: Rialachán (AE) Uimh. 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (athmhúnlú) (IO L 189, 28.5.2008, lch. 61).

Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí a chuirtear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, féadfar iad a mheas a bheith incháilithe amhail ó thúsdáta na gníomhaíochta a shocraítear sa chomhaontú deontais nó sa chinneadh deontais lena mbaineann, faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, ar choinníoll go dtiocfaidh Cinneadh Uimh. XX/2021 ó Chomhchoiste LEE an xx 2021 [an Cinneadh seo] i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE 3*.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, de Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, […].

   Thar ceann Chomhchoiste LEE

   An tUachtarán

   […]

   

   Rúnaithe

   Chomhchoiste LEE

                       […]

(1)    IO L 170, 12.5.2021, lch. 1.
(2)    IO L 189, 28.5.2021, lch. 61.
(3) *    [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]