|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2588 |
3.10.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2588 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Meán Fómhair 2024
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus le cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2024-2029)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (1) (‘an Comhaontú’), arna fhormheas trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 241/2008 ón gComhairle (2), i bhfeidhm an 15 Aibreán 2008. An Prótacal a ghabhann leis, ina socraítear na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú, chuaigh sin in éag an 14 Meitheamh 2024. |
|
(2) |
An 14 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh lena n-údaraítear an Coimisiún tús a chur le caibidlíocht le Guine Bissau chun an Prótacal nua lena gcuirtear an Comhaontú chun feidhm a thabhairt i gcrích. |
|
(3) |
Tá caibidil déanta ag an gCoimisiún ar Phrótacal nua lena gcuirtear an Comhaontú chun feidhme (‘an Prótacal’) thar ceann an Aontais. De thoradh na caibidlíochta sin, cuireadh inisealacha leis an Prótacal maidir le cur chun feidhme (2024-2029) a ghabhann leis an gComhaontú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2024-2029) (‘an Prótacal’) an 16 Bealtaine 2024. |
|
(4) |
Tá sé d’aidhm ag an bPrótacal ligean do shoithí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh i limistéar iascaireachta Ghuine Bissau agus ligean don Aontas agus do Ghuine Bissau comhoibriú go dlúth le chéile chun leanúint d’fhorbairt beartais iascaigh inbhuanaithe agus de shaothrú freagrach na hacmhainne iascaigh i limistéar iascaireachta Ghuine Bissau a chur chun cinn. Tacaíonn an comhar sin le dálaí oibre cuibhiúla a bhunú in earnáil an iascaigh freisin. |
|
(5) |
Ba cheart an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí. |
|
(6) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an bPrótacal a luaithe is féidir i bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta Ghuine Bissau agus an ghá atá ann an tréimhse ama a chuirfear isteach ar na gníomhaíochtaí sin a laghdú a oiread is féidir. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm shealadach a bheith ag an bPrótacal ó dháta a shínithe. |
|
(8) |
I gcomhréir leis na conarthaí, áiritheoidh an Coimisiún síniú an Phrótacáil, faoi réir a thabhairt i gcrích. |
|
(9) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus thug an Maoirseoir tuairim an 27 Lúnasa 2024, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2024-2029) (4) (‘an Prótacal’) a shíniú, thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Phrótacail.
Airteagal 2
Áiritheoidh an Coimisiún síniú an Phrótacail faoi réir a thabhairt i gcrích.
Airteagal 3
Cuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir lena Airteagal 19, ó dháta a shínithe, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO L 342, 27.12.2007, lch. 5.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 241/2008 ón gComhairle an 17 Márta 2008 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau a thabhairt i gcrích (IO L 75, 18.3.2008, lch. 49).
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(4) Foilsíodh téacs an Phrótacail in IO L, 2024/2589, 3.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2024/2589/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2588/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)