|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1593 |
5.3.2024 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chiorclaíochta le haghaidh dearadh feithiclí agus maidir le bainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/858 agus 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoracha 2000/53/CE agus 2005/64/CE
(COM(2023) 451 final — 2023/0284 (COD))
(C/2024/1593)
|
Rapóirtéir: |
Bruno CHOIX |
|
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 19.10.2023 An Chomhairle, 21.11.2023 |
|
Bunús Dlí |
Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
An rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
22.11.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
14.12.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
583 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
163/0/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is mórthogra reachtach é an togra le haghaidh Rialachán maidir le feithiclí a thíolaic an Coimisiún Eorpach an 13 Iúil 2023 (1) chun inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht feithiclí a chuirtear ar mhargadh na hEorpa a fheabhsú. Is díol mór sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an téacs sin ach creideann sé go bhféadfaí a bheith níos uaillmhianaí fós maidir le bearta atá dírithe ar dhearadh feithiclí d’fhonn ciorclaíocht na bhfeithiclí a áirithiú. |
|
1.2. |
Maidir leis na ceanglais a bhaineann le hábhar athchúrsáilte, tacaíonn CESE go hiomlán leis an oibleagáid 25 % ar a laghad de phlaistigh athchúrsáilte a úsáid i ngach feithicil agus molann sé go gcuirfí bearta den chineál céanna ar bun lena spreagfaí athchúrsáil ábhar eile a úsáidtear i bhfeithiclí, ar ábhair iad nach mbaintear leas leordhóthanach astu ó thaobh an chomhshaoil de. |
|
1.3. |
Tacaíonn CESE go láidir leis na ceanglais maidir le dearadh feithiclí lena n-áirithítear go ndéanfar páirteanna gluaisteán a dheisiú, a chothabháil, a athsholáthar agus a athúsáid. Measann sé go bhfuil gá le coimircí breise chun a áirithiú go mbeidh rochtain shaor neamh-idirdhealaitheach ag saoráidí cóireála údaraithe ar pháirteanna agus ar chomhpháirteanna feithiclí, go háirithe ar cheallraí d’fheithiclí leictreacha. Molann CESE gur cheart toirmeasc a chur ar chlásail chonarthacha arb é is aidhm dóibh margú páirteanna agus ábhair a fhorchoimeád do mhonaróirí laistigh dá líonraí féin amháin. Molann CESE freisin go gceanglófaí ar mhonaróirí oiliúint a chur ar fáil d’oibreoirí maidir le ceallraí a bhaint, a athsholáthar agus a chur isteach arís. |
|
1.4. |
Tacaíonn CESE le bearta lena dtreiseofar soláthar faisnéise agus lipéadú i measc monaróirí agus molann sé a áirithiú go gcuirfear faisnéis ar fáil gan aon chostas breise d’oibreoirí neamhspleácha, go háirithe micrifhiontair, agus go ndéanfaidh monaróirí codanna díobh a shrathú ionas gur féidir iad a athchlárú agus a athshuiteáil i bhfeithiclí nua. |
|
1.5. |
Is díol sásaimh do CESE gur cheart ionadaíocht chothrom a dhéanamh amach anseo ar na saoráidí cóireála údaraithe laistigh de chomhlachtaí rialaithe na n-eagraíochtaí atá freagrach as Freagracht Leathnaithe Táirgeora (EPR) sna Ballstáit. D’fhonn iomaíocht chóir a áirithiú in earnáil na cóireála feithiclí, molann CESE go mbeadh na córais aonair agus na córais chomhchoiteanna chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi réir ráthaíochtaí éifeachtacha coibhéiseacha, agus go ndéanfaí na conarthaí le saoráidí cóireála údaraithe a rialáil, go háirithe maidir le faisnéis réamhchonarthach agus maidir le hualach oibleagáid an táirgeora a chur ar na saoráidí cóireála údaraithe a thoirmeasc. |
|
1.6. |
I bhfianaise a do-aimsithe agus atá feithiclí san Eoraip, is díol mór sásaimh do CESE na bearta chun inrianaitheacht agus bailiú feithiclí a fheabhsú, go háirithe trína cheangal nach mbeifear in ann feithicil a dhíchlárú ach amháin tar éis d’údaráis inniúla na mBallstát deimhniú scriosta na feithicle a chur ar fáil. |
|
1.7. |
Is díol mór sásaimh do CESE na hoibleagáidí a chuirtear ar na Ballstáit arb e is aidhm dóibh borradh a chur faoin margadh chun páirteanna feithiclí a bhfuil a ré caite a athúsáid, a athmhonarú agus a athchóiriú. Molann CESE bearta níos déine a ghlacadh faoin Rialachán agus a áirithiú nach féidir ach le saoráidí cóireála údaraithe na páirteanna a athdhíol. Chun a áirithiú go mbeidh úinéireacht ag na saoráidí cóireála údaraithe ar na hábhair, molann CESE freisin toirmeasc a chur ar chlásail chonarthacha idir monaróirí agus cuideachtaí lena gceanglaítear ar chuideachtaí páirteanna a thógtar ó fheithiclí a thabhairt ar ais don mhonaróir. |
|
1.8. |
Maidir leis na hoibleagáidí a bhaineann le díchóimeáil le haghaidh athchúrsála, molann CESE athmheasúnú a dhéanamh orthu i bhfianaise na gcostas eacnamaíoch agus na dtairbhí comhshaoil a bhaineann leo, sin agus prionsabal na neodrachta teicneolaíche chun cuspóirí comhshaoil a bhaint amach, go háirithe maidir le deaiseanna. Molann CESE freisin go bpléifí leis na Ballstáit na rátaí atá le socrú chun cuisneáin a aisghabháil ó chórais aerchóirithe na bhfeithiclí sin a bhfuil a ré caite. |
|
1.9. |
Agus béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá na rialacha maidir le cóireáil neamhdhleathach feithiclí a chomhrac, molann CESE a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla i ngach Ballstát den Aontas Eorpach feidhm formhaoirseachta mar is ceart. Ina theannta sin, tacaíonn CESE go láidir leis na rialacha onnmhairiúcháin, lena ndéantar idirdhealú níos soiléire idir feithiclí athláimhe agus feithiclí a bhfuil a ré caite. |
2. Barúlacha ginearálta
Réamhrá
|
2.1. |
An 13 Iúil 2023, tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh air, mhol an Coimisiún rialachán nua maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (ELVanna) agus é d’aidhm aige ciorclaíocht na bhfeithiclí a fheabhsú (2). I gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, tiocfaidh an togra seo le haghaidh rialachán maidir le feithiclí in ionad dhá threoir atá ann cheana agus cuirfear leo: Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite agus Treoir 2005/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hiad a athúsáid, a athchúrsáil agus a aisghabháil. Tá an tuairim seo ar aon dul leis na tuairimí gaolmhara ó CESE (5), go háirithe maidir leis an margadh d’amhábhair thánaisteacha a chur chun cinn trí bhíthin ceanglais dhlíthiúla (6). |
|
2.2. |
Tá earnáil mótarfheithiclí na hEorpa ar cheann de na tionscail is déine ó thaobh acmhainní de san Eoraip, agus is í is cúis le 19 % den éileamh ar thionscal cruach an Aontais, 10 % den tomhaltas plaisteach, sciar suntasach den éileamh ar alúmanam (42 % do threalamh iompair ar an iomlán), copar (6 % i gcás páirteanna gluaisteán), rubar (65 % de tháirgeadh earraí rubair) agus gloine (7). Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do CESE an togra seo le haghaidh rialacháin lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe lena gcumhdaítear saolré iomlán na feithicle d’fhonn ciorclaíocht na bhfeithiclí a fheabhsú, óna ndearadh agus óna gcur ar an margadh go dtí an chóireáil chríochnaitheach a dhéantar orthu. Chun cur chuige iomlánaíoch a áirithiú maidir le ciorclaíocht feithiclí, beidh sé fíorthábhachtach idirphlé leanúnach a áirithiú leis na geallsealbhóirí uile sa slabhra luacha, agus d’fhéadfadh sé sin a bheith bunaithe ar shamhail Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (8). Tá gá le córas rialachais atá cothrom agus cuimsitheach don slabhra soláthair. |
Ciorclaíocht feithiclí a áirithiú lena ndearadh
|
2.3. |
Is díol sásaimh do CESE go leathnaítear raon feidhme an rialacháin chuig catagóirí breise amhail busanna, feithiclí tromshaothair agus leantóirí (M2, M3, N2, N3, O) agus gluaisrothair (L3e go L7e), d’fhonn cóireáil deiridh rialáilte a áirithiú do na catagóirí feithiclí sin ag deireadh a saolré, lena n-áirítear ceanglais áirithe dá bhforáiltear maidir le feithiclí sainchuspóireacha. Trí bhearta ciorclaíochta a rolladh amach ar bhonn níos forleithne, ba cheart cur leis an modúlacht i dtionscal na bhfeithiclí. I gcomhthéacs ina dtagann athrú tapa ar na cineálacha éagsúla modhanna iompair, molann CESE go leathnófaí an raon feidhme chun feithiclí nuálacha nach liostaítear sa Rialachán a chumhdach (gan feithiclí slándála ná feithiclí éigeandála a áireamh). |
|
2.4. |
Tacaíonn CESE go hiomlán leis an oibleagáid 25 % ar a laghad de phlaistigh athchúrsáilte a úsáid i ngach feithicil ós rud é go mbaineann tairbhe shuntasach chomhshaoil le hathchúrsáil den chineál sin (9). Cuidíonn forbairt thionscal athchúrsála na bplaisteach le foinsí soláthair do mhonaróirí a éagsúlú agus le borradh a chur faoi thionscal athchúrsála plaisteach na hEorpa bunaithe ar theicneolaíocht iar-mhionghearrtha, agus cuireann sé go mór le poist a chruthú san Eoraip freisin. Tacaíonn CESE le bearta níos uaillmhianaí a thabhairt isteach, de réir a chéile, chun plaistigh a athchúrsáil, chomh maith le bearta den chineál céanna a chur ar bun lena spreagfaí athchúrsáil ábhar eile a úsáidtear i bhfeithiclí, ar ábhair iad nach mbaintear leas leordhóthanach astu ó thaobh an chomhshaoil de. |
|
2.5. |
Cuirtear d’oibleagáid ar mhonaróirí sna forálacha a chinntiú, agus feithicil á dearadh acu, go mbeifear in ann páirteanna agus comhpháirteanna áirithe den fheithicil a bhaint agus a athsholáthar ar bhealach simplí neamhscriosach, rud atá fíor-riachtanach chun borradh a chur faoin margadh le haghaidh athúsáid páirteanna agus comhpháirteanna feithiclí san Eoraip. Chun an méid sin a fhorbairt le linn chéimeanna úsáide agus diúscartha na bhfeithiclí, ní mór a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoráidí cóireála údaraithe agus oibreoirí deisiúcháin agus cothabhála ar pháirteanna agus comhpháirteanna feithiclí, lena n-áirítear ceallraí feithiclí leictreacha agus mótair ríomhthiomána. Molann CESE gur cheart toirmeasc a chur ar chlásail chonarthacha arb é is aidhm dóibh margú páirteanna in-athchúrsáilte agus athchúrsáilte d’fheithiclí a fhorchoimeád do mhonaróirí laistigh dá líonraí féin, go háirithe a mhéid a bhaineann le ceallraí. |
|
2.6. |
Is oth le CESE nach n-áirítear sa togra ón gCoimisiún ná sa mheasúnú tionchair airteagal maidir le huas-sciliú agus athsciliú oibrithe nó maidir le ról an idirphlé shóisialta. Cuirtear i bhfios go láidir i dtionscadal comhpháirteach de chuid chomhpháirtithe sóisialta an Aontais go mbíonn oibrithe a bhfuil cáilíochtaí níos airde acu ag teastáil de ghnáth chun an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach a bhaint amach (10). I bhfianaise na n-athruithe a eascraíonn as oibleagáidí ciorclaíochta le haghaidh feithiclí, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh an reachtóir measúnú ar na scileanna nua a bheidh de dhíth ar fhostaithe chun freagairt d’fhorbairt thionscal na ngluaisteán. Molann CESE go n-eagrófaí oiliúint i scileanna teicniúla, a mbeidh rochtain ag gach fostaí uirthi, le go dtiocfaidh feabhas ar a gcuid scileanna, agus lena gcuirfear sábháilteacht agus dea-bhail fostaithe chun cinn ag an obair. |
|
2.7. |
Molann CESE freisin go gceanglófaí ar mhonaróirí oiliúint a chur ar fáil d’oibreoirí ina bpléifí na sonraí teicniúla agus na modhanna deisiúcháin uile maidir le ceallraí a bhaint, a athsholáthar agus a chur isteach arís, rud a mhaolódh na rioscaí do shábháilteacht agus do shláinte na n-oibreoirí agus iad ag oibriú ar fheithiclí. |
Ciorclaíocht feithiclí le linn a saolré
|
2.8. |
Tacaíonn CESE leis na bearta lena ndéanfar soláthar faisnéise agus lipéadú a threisiú i measc monaróirí. Is den ríthábhacht go ndéanfar dearbhuithe éigeantacha maidir le hábhar athchúrsáilte i bhfeithiclí chun a áirithiú go mbeidh faisnéis chomhchuibhithe ar fáil maidir lena lorg carbóin, go gcuirfidh na monaróirí straitéis chiorclaíochta chun feidhme agus gur rogha eolasach a bheidh á déanamh ag tomhaltóirí maidir le cúrsaí ciorclaíochta. |
|
2.9. |
Tá comhroinnt faisnéise idir táirgeoirí agus oibreoirí ríthábhachtach chun a áirithiú gur geilleagar ciorclach dea-fheidhmiúil a bheidh ann. Má táthar chun deisiú, cothabháil, athsholáthar agus ath-lánpháirtiú páirteanna, comhpháirteanna agus ábhar feithiclí a áirithiú, ní mór rochtain shaor, chaighdeánaithe agus neamh-idirdhealaitheach a bheith ag oibreoirí bainistíochta dramhaíola agus ag oibreoirí deisiúcháin agus cothabhála ar an bhfaisnéis is gá chun na hoibríochtaí sin a dhéanamh. I gcomhréir le prionsabal na freagrachta leathnaithe táirgeora, agus na rioscaí a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte oibreoirí agus iad ag oibriú ar fheithiclí á gcur san áireamh, ba cheart a áirithiú go gcuirfear faisnéis ar fáil gan aon chostas breise d’oibreoirí neamhspleácha, go háirithe micrifhiontair, agus go ndéanfaidh monaróirí codanna díobh a shrathú ionas gur féidir iad a athchlárú agus a chur isteach i bhfeithiclí nua. |
Bailiú agus cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite
|
2.10. |
Tá sé á chur i bhfáth ag CESE gur fadhb mhór a bhaineann le cóireáil feithiclí is ea a do-aimsithe agus atá na feithiclí, ós rud é nach féidir 32 % de na feithiclí díchláraithe a aimsiú, i.e. thart ar 3,4 milliún feithicil in aghaidh na bliana (11), go háirithe mar gheall ar easpa faisnéise maidir le haistriú úinéireachta feithiclí agus toisc nach gcuirtear na rialacha atá ann cheana chun feidhme. D’fhéadfadh sé gur beart tacaíochta úsáideach don slabhra próiseála feithiclí a bheadh ann dá mbunófaí eagraíochtaí inniúla EPR i ngach Ballstát, go háirithe maidir le hoibríochtaí cóireála nach bhfuil inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de, ar choinníoll go mbeidh iomaíocht chóir ann i gcónaí. Ní mór foráil a dhéanamh, mar chuid de na córais EPR a bhunófar sna Ballstáit, maidir le hionadaíocht chothrom a dhéanamh ar oibreoirí cóireála feithiclí i gcomhlachtaí rialaithe na n-eagraíochtaí sin. A mhéid a bhaineann le hoibleagáidí EPR a dhéantar ar bhonn aonair, iarrann CESE go gcuirfí coimircí éifeachtacha i bhfeidhm a bheadh ar aon dul leis na cinn is infheidhme maidir leis an bhfreagracht chomhchoiteann, agus go háirithe maidir leis an bhfreagracht airgeadais. Molann sé, freisin, rialáil níos fearr a dhéanamh ar chonarthaí a thugtar i gcrích le hoibreoirí príobháideacha, go háirithe maidir le faisnéis réamhchonarthach agus maidir le toirmeasc a chur ar oibreoirí atá neamhspleách ar earnáil an deisithe, na hathúsáide agus na hathchúrsála oibleagáid an táirgeora a chomhlíonadh saor in aisce. |
|
2.11. |
I bhfianaise a do-aimsithe atá feithiclí san Eoraip faoi láthair, is díol mór sásaimh do CESE na bearta lena n-áirithítear go gcaithfidh oibreoirí údaraithe le feithiclí i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm, go háirithe an beart faoi nach féidir feithicil a dhíchlárú ach amháin tar éis d’údaráis inniúla na mBallstát deimhniú scriosta na feithicle a fháil. |
|
2.12. |
Maidir leis na hoibleagáidí díchóimeála le haghaidh athúsáide agus athchóirithe, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá cur chuige margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh chun inmharthanacht eacnamaíoch na n-oibríochtaí díchóimeála sin a áirithiú. Molann CESE rialacha níos déine a ghlacadh maidir leis na bearta atá le déanamh ag na Ballstáit chun margadh na hathúsáide, na hathmhonaraíochta agus an athchóirithe a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin cruthú post áitiúil san Eoraip a éascú. Sa chomhthéacs sin, caithfidh go mbeidh saoráidí cóireála feithiclí a bhfuil a ré caite in ann páirteanna ELVanna a athdhíol lena n-athúsáid. Molann CESE toirmeasc a chur ar chlásail chonarthacha idir monaróirí agus cuideachtaí lena gcuirfí d’oibleagáid ar chuideachtaí na páirteanna a thógtar ó fheithiclí a thabhairt ar ais don mhonaróir. |
|
2.13. |
Maidir leis na hoibleagáidí díchóimeála le haghaidh athchúrsála, tá sé á chur in iúl ag CESE, a bhuí leis an teicneolaíocht iar-mhionghearrtha Eorpach atá ann faoi láthair, gur féidir plaistigh athchúrsáilte a tháirgeadh d’fhonn iad a úsáid i bhfeithiclí nua. Molann CESE go ndéanfaí athmheasúnú ar na hoibleagáidí díchóimeála atá beartaithe i bhfianaise phrionsabal na neodrachta teicneolaíche, a úsáidí atá siad agus éifeachtúlacht eacnamaíoch sheanbhunaithe na bpróiseas atá ann cheana, amhail iar-mhionghearradh. Maidir le cuisneáin a aisghabháil ó chórais aerchóirithe na bhfeithiclí sin a bhfuil a ré caite, molann CESE go gcuirfí tús leis an bplé leis na Ballstáit d’fhonn rátaí réalaíocha a shocrú de réir na n-ábhar agus na n-earnálacha atá i bhfeidhm, ar choinníoll gurb iad na táirgeoirí a sheasfaidh costais an phróisis sin. |
|
2.14. |
Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá na rialacha maidir le cóireáil neamhdhleathach feithiclí a chomhrac. Ba dhochrach an rud é d’earnáil próiseála dlíthiúil na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite dá gcuirfí de chúram ar an earnáil phríobháideach na coinníollacha faoinar féidir an ghníomhaíocht seo a chur i gcrích a bhunú trí bhíthin conarthaí tráchtála arna dtabhairt i gcrích leis na monaróirí. Is riachtanach an t-údarú a eisíonn na húdaráis inniúla chun a fhíorú go bhfuil an cumas teicniúil, airgeadais agus eagraíochtúil is gá ag na hoibreoirí chun feithiclí a bhfuil a ré caite a chóireáil. Ba cheart a áirithiú leis an rialachán gurb iad na húdaráis inniúla i ngach Ballstát den Aontas Eorpach a dhéanfaidh an fheidhm fhaireacháin sin. Tacaíonn CESE leis na rialacha onnmhairiúcháin lena ndéantar idirdhealú níos soiléire idir feithiclí athláimhe agus feithiclí a bhfuil a ré caite. |
An Bhruiséil, an 14 Nollaig 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) COM(2023) 451 final.
(2) .COM(2023) 451 final.
(3) Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite.(IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).
(4) Treoir 2005/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena n-in-athúsáidteacht, lena n-athchúrsáilteacht agus lena n-in-aisghábháltacht agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle. (IO L 310, 25.11.2005, lch. 10).
(5) Tuairim ó CESE Athbhreithniú ar chaighdeáin astaíochtaí CO2 le haghaidh feithiclí tromshaothair, (IO C 349, 29.9.2023, lch. 134).
(6) Tuairim ó CESE Plean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach, (IO C 364, 28.10.2020, lch. 94).
(7) COM(2023)451 final.
(8) https://circulareconomy.europa.eu/platform/en
(9) An Coimisiún Eorpach — Towards recycled plastic content targets in new passenger cars and light commercial vehicles.
(10) European Social Partners Project on Circular Economy and the World of Work.
(11) Doiciméid Inmheánacha Oibre de chuid an Choimisiúin: SWD(2023) 256 final agus SWD(2021) 60 final.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1593/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)