|
12.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 361/48 |
CINNEADH (AE) 2021/1797 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Deireadh Fómhair 2021
maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, a mhéíd a bhaineann le Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide), Foscríbhinn XVII- 4 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) agus Foscríbhinn XVII- 5 (Rialacha is infheidhme maidir le hiompar muirí idirnáisiúnta) a ghabhann le hIarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú sin a leasú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) agus Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (“an Comhaontú”) i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, féadfaidh an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála cinneadh a dhéanamh forálacha na hIarscríbhinne sin a mhodhnú. |
|
(3) |
Glacfaidh an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála Cinneadh lena leasaítear Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide), Foscríbhinn XVII-4 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) agus Foscríbhinn XVII-5 (Rialacha is infheidhme maidir le hiompar muirí idirnáisiúnta) a ghabhann le hIarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagail 114, 124 agus 138 den Chomhaontú, aithníonn an tAontas agus an Úcráin a thábhachtaí atá sé reachtaíocht na hÚcráine atá ann cheana a chomhfhogasú do reachtaíocht an Aontais. Tá an Úcráin chun a áirithiú go ndéanfar a dlíthe atá ann cheana agus a reachtaíocht a bheidh ann amach anseo comhoiriúnach le acquis an Aontais de réir a chéile. |
|
(5) |
Ós rud é gur leasaíodh roinnt gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear i bhFoscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide), i bhFoscríbhinn XVII-4 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) agus i bhFoscríbhinn XVII-5 (Rialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta muirí) a ghabhann le hIarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú nó gur aisghaireadh iad ó rinneadh inisiliú ar théacs an Chomhaontaithe an 30 Márta 2012, is gá na Foscríbhinní sin a leasú agus spriocdhátaí áirithe a choigeartú chun an dul chun cinn atá déanta cheana ag an Úcráin i bpróiseas comhfhogasaithe a dlíthe do acquis an Aontais a chur san áireamh. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bhunú, toisc go mbeidh an Cinneadh lena leasaítear Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide), Foscríbhinn XVII-4 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) agus Foscríbhinn XVII-5 (Rialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta muirí) a ghabhann le hIarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú ina cheangal ar an Aontas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bhunaítear leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide), Foscríbhinn XVII-4 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) agus Foscríbhinn XVII-5 (Rialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta muirí) a ghabhann le hIarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, beidh sé bunaithe ar dhréacht-Chinneadh an Choiste sin (1).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 5 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. ŠIRCELJ
(1) Féachaigí doiciméad ST 11503/21 ar http://register.consilium.europa.eu.