European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/643

28.3.2025

CINNEADH (AE) 2025/643 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Márta 2025

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Phrótacal (2024-2029) maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) agus le hAirteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2024/2152 ón gComhairle (2) , síníodh Prótacal (2024-2029) maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (‘an Prótacal’) an 23 Iúil 2024, faoi réir a thabhairt i gcrích dáta is faide anonn.

(2)

Tá sé d’aidhm ag an bPrótacal soithí an Aontais a cheadú a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh i limistéar iascaireachta Cabo Verde agus cead a thabhairt don Aontas agus do Cabo Verde comhoibriú go dlúth le chéile chun leanúint d’fhorbairt beartais iascaigh inbhuanaithe agus do shaothrú freagrach na hacmhainne iascaigh i limistéar iascaireachta Cabo Verde agus san Aigéan Indiach a chur chun cinn. Tacaítear leis an gcomhar sin le dálaí oibre cuibhiúla a bhunú in earnáil an iascaigh freisin.

(3)

Ba cheart an Prótacal a fhormheas thar ceann an Aontais.

(4)

I gcomhréir leis na Conarthaí, ba cheart don Choimisiún na fógraí dá bhforáiltear in Airteagal 18 den Phrótacal.

(5)

Le hAirteagal 9 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (3) (‘an Comhaontú’), bunaítear Comhchoiste atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus an Phrótacail. Tá sé de chumhacht ag an gComhchoiste sin leasuithe áirithe ar an bPrótacal a fhormheas. Ionas go n-éascófaí formheas na leasuithe sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún, faoi réir coinníollacha substainteacha agus nóis imeachta, iad a fhormheas thar ceann an Aontais de réir nós imeachta simplithe.

(6)

Ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais a bhunú maidir leis na leasuithe ar an bPrótacal atá beartaithe. Ba cheart na leasuithe atá beartaithe a fhormheas mura rud é go ndéanann mionlach blocála de na Ballstáit agóid in aghaidh na leasuithe i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(7)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug sé uaidh tuairim an 5 Iúil 2024,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar Prótacal (2024-2029) maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh (5).

Airteagal 2

Rachaidh an Coimisiún ar aghaidh, thar ceann an Aontais, chun an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 18 den Phrótacal a dhéanamh, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an bPrótacal a chur in iúl (6).

Airteagal 3

I gcomhréir leis na forálacha agus na coinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, údaraítear an Coimisiún leis seo leasuithe ar an bPrótacal arna nglacadh ag an gComhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 9 den Chomhaontú a fhormheas, thar ceann an Aontais.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Márta 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. SIEKIERSKI


(1)  Toiliú ón 11 Feabhra 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2024/2152 ón gComhairle an 15 Iúil 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus le cur i bhfeidhm sealadach Phrótacal (2024-2029) maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (IO L, 2024/2152, 21.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2152/oj).

(3)  Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (IO L 414, 30.12.2006, lch. 3).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(5)  Foilsíodh téacs an Phrótacail an IO L, 2024/2152, 21.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2024/2151/oj.

(6)  Foilseofar dáta theacht i bhfeidhm an Phrótacail in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ag Ardrúnaíocht na Comhairle.


IARSCRÍBHINN

AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE FORMHEAS A DHÉANAMH AR NA LEASUITHE AR AN bPRÓTACAL ATÁ LE GLACADH AG AN gCOMHCHOISTE

I gcás ina n-iarrfar ar an gComhchoiste leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 den Chomhaontú agus le hAirteagail 6 agus 9 den Phrótacal, údarófar don Choimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(1)

Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún:

(a)

go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh;

(b)

go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann an comhbhainistiú a dhéanann Stáit chósta;

(c)

go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí arna tarchur chuig an gCoimisiún.

(2)

Sula ndéanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh chruinniú ábhartha an Chomhchoiste.

(3)

Déanfaidh an Chomhairle measúnú féachaint an gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i bpointe 1 leis na leasuithe atá beartaithe.

(4)

Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid in aghaidh na leasuithe atá beartaithe, líon is comhionann le mionlach blocála na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún iad, thar ceann an Aontais. I gcás ina bhfuil mionlach blocála den sórt sin ann, diúltóidh an Coimisiún do na leasuithe atá beartaithe thar ceann an Aontais.

(5)

Más rud é, le linn cruinnithe den Chomhchoiste a thionólfar ina dhiaidh sin, nach féidir teacht ar chomhaontú, lena n-áirítear comhaontú ar an láthair, cuirfear an cheist ar ais chuig an gComhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 2 go 4, chun go gcuirfear tosca nua san áireamh i seasamh an Aontais.

(6)

Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, chun obair leantach a dhéanamh ar chinneadh an Chomhchoiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra is gá a chur in iúl chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme.

A mhéid a bhaineann le hábhair eile nach mbaineann le leasuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagal 9 den Chomhaontú agus le hAirteagail 6 go 9 den Phrótacal, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/643/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)