European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6046

8.10.2024

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11745 - DIE SCHWEIZERISCHE POST / FENACO / POWERUP JV) Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/6046)

1.   

An 25 Meán Fómhair 2024 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

—

Die Schweizerische Post AG (‘Schweizerische Post’, an Eilvéis),

—

Fenaco Genossenschaft (‘Fenaco’, an Eilvéis).

Gheobhaidh Schweizerische Post agus Fenaco rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar PowerUp AG (‘PowerUp’, an Eilvéis).

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

—

Tá Schweizerische Post gníomhach den chuid is mó i bpost agus lasta ginearálta a iompar sa bhaile agus thar lear, i soláthar seirbhísí airgeadais, i soláthar seirbhísí réigiúnacha iompair do phaisinéirí agus i soláthar seirbhísí gaolmhara,

—

Tá Fenaco gníomhach den chuid is mó in ionchuir, earraí agus seirbhísí talmhaíochta a sholáthar d’earnáil na talmhaíochta agus d’earnálacha eile.

3.   

Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag an ngnóthas PowerUp:

—

Líonra mearluchtaithe poiblí ar fud na hEilvéise d’fheithiclí leictreacha a oibriú agus a mhargú.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11745 – DIE SCHWEIZERISCHE POST / FENACO / POWERUP JV

Is féidir barúlacha a chur chuig an gCoimisiún trí ríomhphost nó tríd an bpost ach úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála thíos:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6046/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)