|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/2382 |
3.11.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/2382 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Deireadh Fómhair 2026
lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1907/2006, (CE) Uimh. 1272/2008, (AE) Uimh. 528/2012, (AE) 2019/1021 agus (AE) 2021/697 a mhéid a bhaineann le hullmhacht cosanta agus lena n-éascaítear infheistíochtaí cosanta agus coinníollacha le haghaidh an tionscail cosanta
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, Airteagal 173(3), Airteagal 182(4), Airteagal 183, Airteagal 188, an dara mír, agus Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gComhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun infheistíochtaí i réimse na cosanta a dhéanann na Ballstáit a éascú, is gá deireadh a chur le hualach rialála agus riaracháin ar mhaithe le hullmhacht cosanta agus chun dlús a chur le nósanna imeachta formheasa agus údaraithe. Le héascú agus simpliú na n-infheistíochtaí sin tacófar le fás an tionscail cosanta agus beidh sé ina rannchuidiú le tacú le hullmhacht cosanta na mBallstát. Tá sé tábhachtach go leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit d’aghaidh a thabhairt ar na dúshláin phraiticiúla atá os comhair na dtionscal cosanta, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus i gcás inar gá, coigeartuithe a mheas, agus an chothromaíocht cheart á háirithiú i gcónaí idir ardleibhéal cosanta don tsláinte agus don chomhshaol, margadh inmheánach iomaíoch agus ullmhacht cosanta a choinneáil ar bun. |
|
(2) |
Cé go soláthraítear le roinnt ionstraimí i reachtaíocht an Aontais an tsolúbthacht is gá do na Ballstáit chun gníomhaíocht a dhéanamh chun borradh an tionscail cosanta a éascú, is minic a chuireann a gcur chun feidhme mar aon le reachtaíocht náisiúnta bac ar ullmhacht cosanta, mar shampla an chaoi a n-úsáideann na Ballstáit díolúintí ó Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) i gcás inar gá ar mhaithe le cosaint, lena n-áirítear ullmhacht cosanta. |
|
(3) |
An creat dlíthiúil a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ba cheart é a oiriúnú chun cuspóir na hullmhachta cosanta a chur san áireamh. Tá gá le solúbthacht agus lúfaireacht chun leasanna slándála náisiúnta a bhaineann le cosaint agus leasanna slándála an Aontais a bhaineann le cosaint a choimirciú, rud a léiríonn an staid gheopholaitiúil atá ag dul in olcas. An tráth céanna, tá sé bunriachtanach ardleibhéal cosanta a choinneáil ar bun don tsláinte agus don chomhshaol, agus don tsoiléireacht dhlíthiúil. Tá tásca ann lena dtugtar le fios nach gcuirtear san áireamh go hiomlán i gcur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i roinnt Ballstát an tsolúbthacht dá bhforáiltear leis an Rialachán sin. Is féidir feabhas a chur ar an díolúine cosanta reatha chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun gníomhaíochtaí níos tapúla a cheadú. Is iomchuí, dá bhrí sin, raon feidhme na ndíolúintí cosanta náisiúnta atá ann cheana a leathnú laistigh de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit díolúintí níos leithne a údarú ar mhaithe leis an gcosaint de réir mar is gá, agus an fhreagracht bhunúsach atá orthu a choinneáil ar bun an tráth céanna maidir le cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais chosanta agus slándála a bhaineann le cosaint, ar thaobh amháin, agus leibhéal ard cosanta don tsláinte agus don chomhshaol ar an taobh eile. |
|
(4) |
Ba cheart athruithe comhchosúla a dhéanamh ar ghníomhartha dlí eile a bhaineann le ceimiceáin lena ndéantar foráil maidir le díolúine náisiúnta choibhéiseach, mar atá, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), chun timpeallacht rialála chomhleanúnach le haghaidh ullmhacht cosanta a áirithiú. |
|
(5) |
Cé gur féidir le hearnáil na cosanta díolúintí áirithe ó Rialacháin (CE) Uimh. 1907/2006, (CE) Uimh. 1272/2008 agus (AE) Uimh. 528/2012 a éileamh chun cumas oibríochtúil agus ullmhacht cosanta a choinneáil ar bun, níor cheart díolúintí den sórt sin a cheadú ach amháin i gcás ina bhfuil údar cuí leo de réir mar is gá ar mhaithe leis an gcosaint. |
|
(6) |
Le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), cuirtear chun feidhme Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (‘an Coinbhinsiún’) agus an Prótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha. Ní féidir le páirtí díolúintí a dheonú nuair a ghlactar cinneadh faoin gCoinbhinsiún ceimiceán a liostú in Iarscríbhinn A, B nó C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seachas na díolúintí sin a dheonaítear faoin gCoinbhinsiún, ach amháin mura nglacann an páirtí leis an liostú sin. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar riachtanais ullmhachta cosanta, dá bhrí sin, i gcéimeanna ullmhúcháin san Aontas sula mbunófar toirmisc nó srianta ar an leibhéal idirnáisiúnta sa Choinbhinsiún. Ar an gcúis sin, tá sé tábhachtach go ndéanfar faisnéis ábhartha a bhailiú, a mheasúnú agus a chur isteach chun críoch chéim na meastóireachta ar bhainistiú riosca laistigh den phróiseas chun substaint a liostú laistigh den Choinbhinsiún, ós rud é gur ag an gcéim sin a mbeidh an Coiste Athbhreithnithe Truailleán Orgánach Marthanach in ann díolúintí ó bhearta rialaithe a d’fhéadfaí a thabhairt isteach le haghaidh na substainte sin a bhreithniú. |
|
(7) |
Ní féidir a chur as an áireamh go bhfuil faisnéis íogair nach mór a chosaint san fhaisnéis maidir le húsáid substaintí ceimiceacha. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit, agus aird chuí á tabhairt acu ar an dlí idirnáisiúnta, díolúintí a dheonú ó na ceanglais tuairiscithe dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1021 ar fhorais leasanna cosanta agus slándála an Aontais a bhaineann le cosaint nó leasanna cosanta agus slándála náisiúnta a bhaineann le cosaint a chosaint, chun faisnéis íogair a chosaint. |
|
(8) |
Ba cheart don Chiste Eorpach Cosanta (CEC), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), rannchuidiú le cur chun feidhme agus baint amach chuspóir na hullmhachta cosanta arna leagan amach ag an gComhairle Eorpach, agus ar an gcaoi sin uathriail straitéiseach agus athléimneacht an Aontais a threisiú i bhfianaise na ndúshlán slándála atá ag teacht chun cinn. Áirítear leis sin cumais chosanta na mBallstát a neartú chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar raon leathan bagairtí, lena n-áirítear bagairt na n-oibríochtaí hibrideacha agus riosca an fhogha armtha. |
|
(9) |
Le CEC, ba cheart athléimneacht Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (BTTCE) a neartú, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí agus sócmhainní a fhorbairt lena méadaítear éifeachtúlacht fuinnimh agus lena laghdaítear spleáchais ar sholáthróirí seachtracha le haghaidh amhábhair chriticiúla. |
|
(10) |
Faoi Rialachán (AE) 2025/2643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ba cheart don Aontas Tionscadail Eorpacha Leasa Choitinn i réimse na Cosanta (TELCCanna) a shainaithint ar a ndíreofar iarrachtaí agus acmhainní. Is éard a bheidh sna TELCCanna tionscadail thionsclaíocha chomhoibríocha arb é is aidhm dóibh iomaíochas BTTCE a threisiú ar fud an Aontais, agus, an tráth céanna, rannchuidiú le cumais mhíleata na mBallstát atá ríthábhachtach do leasanna slándála agus cosanta an Aontais a fhorbairt. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh CEC tacú le gníomhaíochtaí comhoibríocha taighde agus forbartha atá comhsheasmhach leis na gníomhaíochtaí is gá sa chomhthéacs sin. |
|
(11) |
Sa tuarascáil maidir leis an meastóireacht eatramhach ar CEC, deimhníodh éifeachtacht agus ábharthacht fhoriomlán an chiste, agus cuirtear i dtábhacht inti an gá le tuilleadh cuíchóiriú a dhéanamh ar nósanna imeachta agus ualach riaracháin a laghdú i gcás inar féidir agus soiléiriú, simpliú agus solúbthacht a thabhairt isteach i Rialachán (AE) 2021/697 chun cur chun feidhme CEC a éascú. Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán sin a leasú, agus an taithí a fuarthas ó 2021 i leith mar aon leis an aiseolas a fuarthas le linn na gcomhairliúchán a rinneadh i gcomhthéacs na meastóireachta eatramhaí ar CEC á gcur san áireamh. |
|
(12) |
Ba cheart an t-ualach riaracháin a bhaineann le rannpháirtíocht in CEC a laghdú tuilleadh, agus ba cheart nósanna imeachta a shimpliú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar FBManna trasteorann agus ar fhiontair bheaga mheánchaipitlithe chun rochtain chóir agus chothrom ar ghlaonna ar thograí ar fud an Aontais a áirithiú. Chun aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar riachtanais shonracha FBManna, is iomchuí na nósanna imeachta iarratais agus meastóireachta maidir le glaonna ar thograí a bhaineann le FBManna a ghiorrú agus a shimpliú go suntasach. Leis na coinníollacha sonracha maidir le tacaíocht phras den sórt sin a sholáthar, níor cheart an bonn a bhaint de chur chuige atá bunaithe ar bharr feabhais agus ba cheart iad a leagan síos sa chlár oibre. |
|
(13) |
Le CEC, ba cheart comhar a chur chun cinn atá comhsheasmhach leis na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta arna gcomhaontú go comhchoiteann ag na Ballstáit faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, go háirithe i gcomhthéacs na dTosaíochtaí Forbartha Cumas, agus rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar na réimsí tosaíochta cumais arna sainaithint ag an gComhairle Eorpach. |
|
(14) |
Leis an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair le haghaidh chur chun feidhme CEC, déantar úsáid na bainistíochta indírí a theorannú do chásanna eisceachtúla. Mar sin féin, chun timthriallta nuálaíochta níos tapúla agus níos barainní a éascú, lena bhféadfaí CEC freagairt ar bhealach níos éifeachtaí do riachtanais chosanta a thagann chun cinn agus do dhul chun cinn teicneolaíoch, agus an ciste sin a chur chun feidhme ar bhealach níos costéifeachtúla, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le húsáid níos solúbtha a bhaint as bainistíocht indíreach. Dá bhrí sin, is gá an fhéidearthacht a thabhairt isteach úsáid a bhaint as bainistíocht indíreach ar bhealach níos solúbtha agus, an tráth céanna, a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, na trédhearcachta agus na cuntasachta, agus go bhfuil úsáid na bainistíochta indírí faoi réir dianfhaireacháin agus dianmheastóireachta chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cistí an Aontais a ráthú. Déantar na nósanna imeachta meastóireachta agus dámhachtana i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/697, a leasaíodh leis an Rialachán seo, agus le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), beag beann ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar iad faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach. |
|
(15) |
Mar gheall ar an gcomhthéacs straitéiseach atá ag athrú go tapa, go háirithe mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá sé ríthábhachtach dlús a chur le claochlú teicneolaíoch chosaint na hEorpa. Tá sé léirithe go bhfuil éiceachóras cosanta na hÚcráine nuálach, athléimneach agus costéifeachtúil in go leor gnéithe ábhartha de na teicneolaíochtaí cosanta. Bheadh luach ar leith ag baint leis dá mbeadh BTTCE in ann tairbhe a bhaint as an taithí sin agus as an bhfios gnó sin agus dea-chleachtas a mhalartú chun feabhas a chur ar a chumas nuálaíochta. Tríd an gcomhar idir faighteoirí an Aontais agus eintitis na hÚcráine a neartú trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe, d’fhéadfaí rannchuidiú go mór leis an iarracht sin. Leis an gcomhar sin go háirithe, is féidir féidearthachtaí a sholáthar nach bhfuil ar fáil go héasca laistigh den Aontas, amhail torthaí a chuirtear ar fáil go tapa, tástáil 24 uair an chloig agus tástáil faoi dhálaí oibríochtúla réalaíocha. Is féidir leis freisin feabhas suntasach a chur ar fhorbairt agus ar bhailíochtú teicneolaíochtaí agus táirgí cosanta agus is féidir leis éascú a dhéanamh ar chásanna réalaíocha a ionchorprú i bhforbairt bhreise teicneolaíochtaí agus táirgí cosanta, agus ar an gcaoi sin buntáiste teicniúil agus straitéiseach a áirithiú do BTTCE. Trí chead a thabhairt costais na ngníomhaíochtaí tástála a dhéantar san Úcráin a bheith incháilithe do chistiú, bheifí in ann tacú le forbairt réiteach cosanta níos éifeachtaí agus níos nuálaí le CEC, rud a bheadh ina rannchuidiú sa deireadh le feabhas a chur ar chumais chosanta an Aontais. Níor cheart costais na ngníomhaíochtaí tástála sin a bheith incháilithe do chistiú ach amháin a mhéid is gá chun cuspóirí sonracha CEC a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2021/697 a bhaint amach. |
|
(16) |
Léiríodh sa mheastóireacht eatramhach ar CEC go bhfuil na critéir dhámhachtana atá ann faoi láthair chun meastóireacht a dhéanamh ar thograí faoi CEC sin róchasta, doiléir, agus go bhfuil sé deacair iad a chur i bhfeidhm sa chleachtas. Mar thoradh air sin, tá ualach riaracháin agus éiginnteachtaí neamhriachtanacha ann don Choimisiún agus do na hiarratasóirí, rud a chuireann bac ar chur chun feidhme éifeachtúil CEC sa deireadh. Is gá na critéir dhámhachtana a shimpliú agus níos mó solúbthachta a thabhairt isteach maidir lena gcur i bhfeidhm chun an mheastóireacht a dhéanamh níos éifeachtúla, níos trédhearcaí agus níos éifeachtaí. I gcomhréir le cur chuige atá bunaithe ar bharr feabhais i leith taighde agus forbairt i réimse na cosanta, ba cheart tograí a mheasúnú ar a laghad ar bhonn barr feabhais i réimse na cosanta agus ar bhonn na hacmhainneachta i ndáil leis an nuálaíocht, agus aird chuí á tabhairt ar ábharthacht oibríochtúil agus ar bhreisluach don Aontas, agus ar bhonn na meastóireachta ar cháilíocht agus éifeachtúlacht chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí. Leis an bhféidearthacht fothacar ábhartha de chritéir dhámhachtana a roghnú de réir chuspóirí sonracha na nglaonna ar thograí de réir an cháis, d’fhéadfaí meastóireacht shaincheaptha spriocdhírithe a dhéanamh, rud a d’fhágfadh go gcumasófaí ailíniú níos fearr le tosaíochtaí agus cuspóirí CEC. Chun ullmhú iarratas a éascú, ba cheart úsáid fhothacair na gcritéar agus a n-ualach faoi seach a shonrú go soiléir agus go trédhearcach i ngach glao ar thograí. Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart a áirithiú i ngach topaic ghlao faoi ghlao ar thograí an tsraith chéanna critéar dámhachtana a thaispeántar sa ghlao ar thograí sa chlár oibre bliantúil. |
|
(17) |
Tá bac á chur ar chur chun feidhme CEC mar gheall ar an gceanglas cláir oibre bhliantúla a ghlacadh, ar ceanglas é as a n-eascraíonn nósanna imeachta casta, rud a fhágann go bhfuil sé dúshlánach intuarthacht agus leanúnachas na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CEC a áirithiú. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus níos mó solúbthachta a sholáthar maidir le bainistiú CEC, is gá an fhéidearthacht a thabhairt isteach CEC a chur chun feidhme trí chláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla. Chuirfeadh sé sin ar a chumas don Choimisiún tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus forbartha i réimse na cosanta a phleanáil agus a chomhordú ar bhealach níos fearr agus, an tráth céanna, úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní agus sineirgí feabhsaithe idir tionscadail agus tionscnaimh éagsúla. Trí chláir oibre ilbhliantúla a cheadú, bheifí in ann tacú níos fearr le tionscadail fhadtéarmacha taighde agus forbartha le CEC, comhar i measc páirtithe leasmhara a chothú, agus rannchuidiú sa deireadh le feabhas a chur ar chumais chosanta an Aontais. Mar gheall ar an tírdhreach geopholaitiúil athraithe, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghníomhaíochtaí lena rannchuidítear le haghaidh a thabhairt ar riachtanais na mBallstát agus na dtíortha comhlachaithe is mó atá neamhchosanta ar ghnáthbhagairtí míleata. |
|
(18) |
Chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht CEC a fheabhsú tuilleadh, tá sé fíor-riachtanach an tsolúbthacht is gá a thabhairt don Choimisiún chun CEC a bhainistiú ar bhealach lena ndéantar úsáid acmhainní a bharrfheabhsú agus ualach riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, ba cheart na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Coimisiún go heisceachtúil dul ar iontaoibh dámhachtainí díreacha a shoiléiriú, rud a éascódh, in imthosca áirithe, nós imeachta níos cuíchóirithe agus níos brostaithe, ar imthosca iad atá soiléir agus a meastar iad a bheith iomchuí do chuspóir na topaice glao. Ba cheart leanúnachas na n-iarrachtaí agus cur chun feidhme éifeachtúil na dtionscadal taighde agus forbartha i réimse na cosanta a éascú, agus cur chuige atá bunaithe ar bharr feabhais agus prionsabail na trédhearcachta, na cothroime agus na córa comhionainne á n-urramú an tráth céanna. Ba cheart é a chur ar chumas don Choimisiún freagairt ar bhealach níos fearr do riachtanais athraitheacha na hearnála cosanta, ba cheart an comhar idir páirtithe leasmhara a chothú agus ba cheart forbairt réiteach cosanta atá nuálach agus éifeachtach a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin slándáil an Aontais agus cumais chosanta na mBallstát a fheabhsú. |
|
(19) |
Le CEC, d’fhéadfaí dlús a chur le forbairt teicneolaíochtaí agus réiteach cosanta nuálach trí sholáthar réamhthráchtála. Mar sin féin, tá an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair róchasta agus tá easpa soiléireachta ann maidir le coinníollacha le haghaidh soláthar réamhthráchtála faoi CEC, rud a chuireann bac ar a úsáid éifeachtach. Ní mór na coinníollacha le haghaidh soláthar réamhthráchtála a shimpliú agus a shoiléiriú, ós rud é, leis na forálacha atá ann faoi láthair, go gcuirtear chun cinn dámhachtain conarthaí iomadúla laistigh den nós imeachta céanna (ilfhoinsiú), rud nach n-oireann i gcónaí don earnáil cosanta. Trí dheireadh a chur leis an srian sin, meastar go ndéantar foráil maidir le creat soláthair réamhthráchtála níos soiléire agus níos éifeachtaí, rud a chuireann ar chumas CEC tacú ar bhealach níos fearr le forbairt réiteach nuálach, an bhearna idir taighde agus cur in úsáid ar an margadh a dhúnadh, agus dreasacht láidir a thabhairt do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus forbairt i réimse na cosanta. |
|
(20) |
Leis an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair le haghaidh CEC, níor cuireadh cearta rochtana leordhóthanacha ar fáil do na Ballstáit ar thorthaí tionscadal forbartha, go háirithe i gcás na mBallstát sin a chómhaoiníonn na tionscadail sin. Chun an t-ábhar imní sin a mhaolú agus cur chuige níos comhoibríche i leith taighde agus forbairt i réimse na cosanta a chur chun cinn, is gá an ceart a dheonú do na Ballstáit a chómhaoiníonn na tionscadail an ceart chun rochtain a fháil ar thorthaí tionscadal forbartha ar théarmaí cothroma. Ba cheart na cearta rochtana sin a theorannú go docht do chur ar chumas na n-údarás náisiúnta ábhartha measúnú a dhéanamh ar thorthaí na gníomhaíochta agus measúnú a dhéanamh ar an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint astu le haghaidh pleanáil cosanta poiblí agus forbairt cumais. Leis na cearta rochtana sin, níor cheart aon aistriú úinéireachta ar aon chearta maoine intleachtúla (CMInna) ná fios gnó a bheith i gceist agus ba cheart iad a bheith teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil cómhaoiniú deimhnithe ag na Ballstáit nó ag tíortha atá comhlachaithe le CEC d’ do roinnt eintiteas dlítheanach de chuibhreannas, ní chuireann aon ní i Rialachán (AE) 2021/697 cosc ar eintitis dhlítheanacha an chuibhreannais roghnaithe cearta a sholáthar do na Ballstáit sin nó do thíortha atá comhlachaithe le CEC na torthaí a ghintear le linn na gníomhaíochta a úsáid nó a bheith úsáidte, lena n-áirítear maidir le deimhniú, tástáil agus comhtháthú i gcórais náisiúnta agus chun críocha cosanta eile, ar cearta iad atá le comhaontú idir na Ballstáit nó tíortha atá comhlachaithe le CEC agus eintitis dhlítheanacha an chuibhreannais roghnaithe. Ba cheart na coinníollacha maidir le feidhmiú na gceart rochtana sin a shainiú sa chaidreamh conarthach idir na faighteoirí agus na húdaráis náisiúnta a bhfuil an ghníomhaíocht á cómhaoiniú acu. Is é is aidhm dó sin trédhearcacht a fheabhsú agus an próiseas caibidlíochta idir na Ballstáit agus an tionscal a éascú agus an próiseas cinnteoireachta a éascú. Mar thoradh air sin, meastar go gcuirfidh sé sin comhar níos cuíchóirithe chun cinn sa taighde agus san fhorbairt i réimse na cosanta. |
|
(21) |
Is féidir le hincháilitheacht na gcostas a bhaineann le gníomhaíochtaí tástála san Úcráin feabhas a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na dtionscadal arna maoiniú faoi CEC. Chun na tairbhí a bhaineann leis na leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/697 a uasmhéadú, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an leasú ar an Rialachán sin amhail ón 1 Eanáir 2025. |
|
(22) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon tacú le hullmhacht cosanta, infheistíochtaí sa chosaint a éascú agus coinníollacha a fheabhsú don tionscal cosanta, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(23) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1907/2006, (CE) Uimh. 1272/2008, (AE) Uimh. 528/2012, (AE) 2019/1021 agus (AE) 2021/697 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006
In Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ón Rialachán seo a cheadú i gcás substaintí, ina n-aonar, i meascán nó in earra, i gcás inar gá sin ar mhaithe le cosaint.’.
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008
In Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ón Rialachán seo a cheadú i gcás substaintí agus meascán, agus i gcás earraí dá dtagraítear i roinn 2.1 d’Iarscríbhinn I, i gcás inar gá sin ar mhaithe le cosaint.’.
Airteagal 3
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 528/2012
In Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
‘8. Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ón Rialachán seo a cheadú i gcás táirgí bithicídeacha áirithe, ina n-aonar nó in earra cóireáilte, i gcás inar gá sin ar mhaithe le cosaint.’.
Airteagal 4
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1021
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1021 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
(*1) Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/81/oj).’;" |
|
(2) |
in Airteagal 3, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘4a. Agus faisnéis a bhaineann le breithnithe socheacnamaíocha de bhun Iarscríbhinn F a ghabhann leis an gCoinbhinsiún á bailiú, á measúnú agus á cur isteach acu chun críoch na meastóireachta bainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagail 8(7) agus (8) den Choinbhinsiún, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit ullmhacht cosanta agus sainiúlachtaí na hearnála cosanta, lena n-áirítear tionchar ar shlabhraí soláthair táirgthe cosanta, a chur san áireamh go cuí.’ |
|
(3) |
in Airteagal 13(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: ‘I gcás inar gá, féadfaidh na Ballstáit díolúintí a dheonú ón airteagal seo ar fhorais leasanna cosanta an Aontais nó náisiúnta a chosaint, chun faisnéis íogair a chosaint ar choinníoll nach mbainfear an bonn de chomhlíontacht an Aontais nó na mBallstát, i gcás inarb ábhartha, lena n-oibleagáidí tuairiscithe faoin gCoinbhinsiún mar gheall ar na díolúintí sin.’. |
Airteagal 5
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/697
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/697 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘6. Féadfar na gealltanais bhuiséadacha a bhaineann leis an gCiste lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí a mhairfidh breis agus bliain airgeadais amháin a mhiondealú thar roinnt blianta ina dtráthchodanna bliantúla.’ |
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: ‘Airteagal 6 Tacaíocht do theicneolaíochtaí suaiteacha um chosaint agus do ghníomhaíochtaí taighde agus forbartha arna ndéanamh ag FBManna 1. Leis an gCiste, tacófar le gníomhaíochtaí atá fabhrach do theicneolaíochtaí suaiteacha um chosaint a fhorbairt agus gníomhaíochtaí taighde agus forbartha arna ndéanamh ag FBManna sna réimsí idirghabhála a shainítear sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 24. 2. Leagfar síos sna cláir oibre na modhanna cistiúcháin is iomchuí, na critéir agus na próisis roghnúcháin agus dhámhachtana, agus na modhanna cur chun feidhme is iomchuí le haghaidh teicneolaíochtaí suiteacha um chosaint agus gníomhaíochtaí taighde agus forbartha arna ndéanamh ag FBManna.’ |
|
(4) |
in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1), pointe (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh, i gcásanna ina bhfuil bunús cuí leo, faoi bhainistíocht indíreach, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa chlár oibre. (*2) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).’;" |
|
(5) |
in Airteagal 9(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír: ‘Ní bheidh costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin incháilithe chun tacaíocht a fháil ón gCiste. Mar sin féin, má chomhoibríonn na faighteoirí agus na fochonraitheoirí atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Úcráin, atá á rialú ag an Úcráin, nó atá á rialú ag eintiteas de chuid na hÚcráine, chun a mbonneagar, a saoráidí, a sócmhainní agus a n-acmhainní a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí tástála dá dtagraítear in Airteagal 10(3), pointe (f), agus chun na críche sin amháin, beidh na costais ghaolmhara incháilithe do thacaíocht ón gCiste ar choinníoll go dtéann na costais sin chun tairbhe don ghníomhaíocht mhaoinithe agus go bhfuil siad riachtanach chun iomaíochas, éifeachtúlacht agus cumas nuálaíochta BTTCE a neartú ar fud an Aontais, mar a leagtar síos in Airteagal 3.’ ; |
|
(6) |
in Airteagal 11(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘In imthosca áirithe cuí-réasúnaithe agus eisceachtúla, féadfar cistiú ón Aontas a dheonú freisin gan glao ar thograí i gcomhréir le hAirteagal 198 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, lena n-áirítear i gcásanna dá bhforáiltear sa chéad mhír, pointe (e), den Airteagal sin.’ ; |
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12: ‘Airteagal 12 Critéir dhámhachtana 1. I gcomhréir le hAirteagal 203 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, déanfar measúnú ar gach togra ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
2. I dteannta na gcritéar dá dtagraítear i mír 1, déanfar measúnú ar gach togra ar bhonn critéar amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas, mar a leagtar amach sa chlár oibre, ar bhonn glao ar ghlao:
3. Leagfar síos sa chlár oibre mionsonraí maidir leis na nósanna imeachta roghnúcháin, agus cur i bhfeidhm na gcritéar dámhachtana a liostaítear i mír 2, lena n-áirítear aon ualú ar na critéir, tairseacha scórála agus, i gcás inarb ábhartha, rialacha maidir le tograí ex aequo a láimhseáil, agus cuspóirí an ghlao ar thograí á gcur san áireamh.’ |
|
(8) |
leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
|
(9) |
in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. D’ainneoin Airteagal 201 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, ní fhíorófar ach acmhainn airgeadais comhordaitheora.’ |
|
(10) |
in Airteagal 17(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
; |
|
(11) |
scriostar Airteagal 22; |
|
(12) |
leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:
|
|
(13) |
in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Cuirfear an Ciste chun feidhme trí bhíthin cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 110(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.’. |
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 9(6), an tríú fomhír de Rialachán (AE) 2021/697, arna leasú leis an Rialachán seo, ón 1 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 21 Deireadh Fómhair 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. DOOLEY
(1) IO C, C/2026/30, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/30/oj.
(2) Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2026.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj).
(6) Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1021/oj).
(7) Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/697/oj).
(8) Rialachán (AE) 2025/2643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2025 lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú (‘Rialachán EDIP’) (IO L, 2025/2643, 29.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2643/oj).
(9) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/2382/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)