12008E210

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A CÚIG: GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS - TEIDEAL III: COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS CABHAIR DHAONNÚIL - Caibidil 1: Comhar um fhorbairt - Airteagal 210 (sean-Airteagal 180 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0142 - 0142


Airteagal 210

(sean-Airteagal 180 CCE)

1. D'fhonn comhlántacht agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochta a chur chun cinn, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit comhordú ar a mbeartais maidir le comhar um fhorbairt agus comhbheartóidh siad le chéile a gcláir chabhrach, go fiú in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Féadfaidh siad gníomhaíochtaí comhpháirteacha a ghabháil ar láimh. Rannchuideoidh na Ballstáit, más gá, le cur chun feidhme chláir chabhrach an Aontais.

2. Féadfaidh an Coimisiún aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh.

--------------------------------------------------