27.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 380/20


CINNEADH (AE) 2021/1882 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2021

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an Ciste sin a mhaoiniú, a mhéid a bhaineann leis an tríú tráthchuid le haghaidh 2021

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú an chúnaimh ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le cionroinnt an chúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na Críocha Thar Lear lena mbaineann Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (2), agus go háirithe Airteagal 19(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 19 go 22 de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Coimisiún le togra a chur i láthair faoin 10 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar amach méid an tríú tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2021.

(2)

De bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) chun a mheastacháin nuashonraithe i ndáil le gealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a ndéanann sé bainistíocht orthu a sheoladh chuig an gCoimisiún.

(3)

De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, foráiltear go bhfuiltear chun na méideanna dá bhforáiltear i gCistí Eorpacha Forbraíochta (“CEFanna”) roimhe seo a ídiú ar dtús, agus glaonna á ndéanamh ar ranníocaíochtaí. Ba cheart glao ar chistí de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 a dhéanamh dá bhrí sin don Choimisiún agus do BEI.

(4)

De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an “Ríocht Aontaithe”) chun leanúint de bheith ina páirtí in CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. De bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, áfach, níltear chun sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF, nó faoi CEFanna roimhe sin a athúsáid, i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020.

(5)

Le Cinneadh (AE) 2020/1708 ón gComhairle (4), socraítear méid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2021 ag EUR 3 700 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 300 000 000 do BEI.

(6)

Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Íocfaidh na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta ranníocaíochtaí aonair CEF leis an gCoimisiún agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, mar an tríú tráthchuid le haghaidh 2021, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.

(2)   IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.

(3)   IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(4)  Cinneadh (AE) 2020/1708 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na Ballstáit chun an Ciste Eorpach Forbraíochta a mhaoiniú, lena n-áirítear an uasteorainn le haghaidh 2022, an méid bliantúil le haghaidh 2021, an chéad tráthchuid le haghaidh 2021 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024 (IO L 385, 17.11.2020, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

NA BALLSTÁIT AGUS AN RÍOCHT AONTAITHE

Scála 11ú CEF %

An tríú tráthchuid 2021 (EUR)

Iomlán

BEI 11ú CEF

An Coimisiún 11ú CEF

AN BHEILG

3,24927

3 249 270,00

29 243 430,00

32 492 700,00

AN BHULGÁIR

0,21853

218 530,00

1 966 770,00

2 185 300,00

AN tSEICIA

0,79745

797 450,00

7 177 050,00

7 974 500,00

AN DANMHAIRG

1,98045

1 980 450,00

17 824 050,00

19 804 500,00

AN GHEARMÁIN

20,57980

20 579 800,00

185 218 200,00

205 798 000,00

AN EASTÓIN

0,08635

86 350,00

777 150,00

863 500,00

ÉIRE

0,94006

940 060,00

8 460 540,00

9 400 600,00

AN GHRÉIG

1,50735

1 507 350,00

13 566 150,00

15 073 500,00

AN SPÁINN

7,93248

7 932 480,00

71 392 320,00

79 324 800,00

AN FHRAINC

17,81269

17 812 690,00

160 314 210,00

178 126 900,00

AN CHRÓIT

0,22518

225 180,00

2 026 620,00

2 251 800,00

AN IODÁIL

12,53009

12 530 090,00

112 770 810,00

125 300 900,00

AN CHIPIR

0,11162

111 620,00

1 004 580,00

1 116 200,00

AN LAITVIA

0,11612

116 120,00

1 045 080,00

1 161 200,00

AN LIOTUÁIN

0,18077

180 770,00

1 626 930,00

1 807 700,00

LUCSAMBURG

0,25509

255 090,00

2 295 810,00

2 550 900,00

AN UNGÁIR

0,61456

614 560,00

5 531 040,00

6 145 600,00

MÁLTA

0,03801

38 010,00

342 090,00

380 100,00

AN ÍSILTÍR

4,77678

4 776 780,00

42 991 020,00

47 767 800,00

AN OSTAIR

2,39757

2 397 570,00

21 578 130,00

23 975 700,00

AN PHOLAINN

2,00734

2 007 340,00

18 066 060,00

20 073 400,00

AN PHORTAINGÉIL

1,19679

1 196 790,00

10 771 110,00

11 967 900,00

AN RÓMÁIN

0,71815

718 150,00

6 463 350,00

7 181 500,00

AN tSLÓIVÉIN

0,22452

224 520,00

2 020 680,00

2 245 200,00

AN tSLÓVAIC

0,37616

376 160,00

3 385 440,00

3 761 600,00

AN FHIONLAINN

1,50909

1 509 090,00

13 581 810,00

15 090 900,00

AN tSUALAINN

2,93911

2 939 110,00

26 451 990,00

29 391 100,00

AN RÍOCHT AONTAITHE

14,67862

14 678 620,00

132 107 580,00

146 786 200,00

IOMLÁN AE-27 AGUS AN RÍOCHT AONTAITHE

100,00

100 000 000,00

900 000 000,00

1 000 000 000,00