|
22.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 121/33 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/665 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Aibreán 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96 (1), agus go háirithe Airteagal 11(b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 liostaítear daoine nádúrtha agus dlítheanacha, comhlachtaí nó eintitis a bhaineann le réimeas an iar-Uachtaráin Saddam Hussein agus atá faoi réir reo sócmhainní. |
|
(2) |
An 18 Aibreán 2022, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe beirt nádúrtha agus aon eintiteas amháin a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag an reo sócmhainní maidir leo. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2022
Thar ceann an Choimisiúin
Thar ceann an Uachtaráin
An tArd-Stiúrthóir
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
IARSCRÍBHINN I
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle, scriostar an iontráil seo a leanas:
|
‘3. |
Rasheed Bank (ailias (a) Al-Rashid Bank, (b) Al Rashid Bank, (c) Al-Rasheed Bank); Bosca PO 7177, Sráid Haifa, Bagdad, an Iaráic, nó Sráid Al Masarif, Bagdad, an Iaráic.’ |
IARSCRÍBHINN II
In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:
|
‘72. |
Asil Sami Mohammad Madhi Tabrah (ailias Asil Tabra). Dáta breithe: an 6 Meitheamh 1964. Áit bhreithe: An Iaráic. Náisiúntacht: Iarácach’ |
|
‘75. |
Maki Mustafa Hamudat (ailias (a) Maki Hamudat, (b) Mackie Hmodat, (c) General Maki Al-Hamadat, (d) Macki Hamoudat Mustafa). Dáta breithe: thart ar 1934. Seoladh: Mosul, an Iaráic. Náisiúntacht: Iarácach’ |