European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1436

17.7.2025

CINNEADH (AE) 2025/1436 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Iúil 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann le cinneadh ó na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le rátaí úis a ghlacadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir leis na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’), a forbraíodh faoi chuimsiú na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), rinneadh iad a thrasuí de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus dá bhrí sin tá siad ceangailteach ó thaobh dlí de san Aontas.

(2)

I gcomhréir le hIarscríbhinn XII a ghabhann leis an Socrú, bunaítear Ráta Tagartha don Ús Tráchtála (‘CIRR’) le haghaidh airgeadra gach Rannpháirtí sa Socrú. Is éard atá i CIRR, ar íosráta seasta úis é is féidir a thairiscint mar chuid de chonradh maoinithe onnmhairiúcháin le taca rialtais, bonnráta agus corrlach.

(3)

D’úsáid na Rannpháirtithe sa Socrú (‘na Rannpháirtithe’) Ráta Tairgthe Idirbhainc Londan mar thagarmharc chun corrlach CIRR a ríomh. Tar éis deireadh a bheith curtha le Ráta Tairgthe Idirbhainc Londan in 2021, tháinig na Rannpháirtithe ar chomhaontú maidir le réitigh shealadacha chun corrlaigh CIRR a bhunú.

(4)

Tá na Rannpháirtithe le teacht ar chomhaontú trí nós imeachta i scríbhinn maidir le leasuithe ar fhorálacha an tSocraithe i ndáil le corrlaigh CIRR a bhunú.

(5)

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, is iomchuí é a bhunú i nós imeachta i scríbhinn na Rannpháirtithe, ós rud é go mbeidh cinneadh na Rannpháirtithe ina cheangal ar an Aontas agus go mbeidh sé in ann tionchar cinntitheach a bheith aige ar ábhar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i nós imeachta i scríbhinn Rannpháirtithe an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil, a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh maidir le leasuithe ar fhorálacha an tSocraithe sin i ndáil le rátaí úis, tacú le cinneadh bunaithe ar an dréacht-téacs atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. LOSE


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1233/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1436/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)