5.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/252


RÚN (AE) 2022/1744 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 4 Bealtaine 2022

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) don bhliain airgeadais 2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

—

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2020,

—

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta a ghabhann leo,

—

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0112/2022),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gur EUR 109 362 158 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, a léiríonn laghdú de 3,08 % i gcomparáid le 2019; de bhrí go n-eascraíonn thart ar 29,41 % de bhuiséad na Gníomhaireachta ó tháillí agus muirir agus go n-eascraíonn 67,48 % de ón Aontas agus tríú tíortha (39,51 % ó tháillí agus muirir agus 57,61 % ón Aontas agus tríú tíortha in 2019 ); de bhrí gurb 0,7 % a bhí sa ráta boilscithe san Aontas in 2020;

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (an “tuarascáil ón gCúirt”) gur soláthraíodh dearbhú réasúnach di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

á aithint go bhfuil laghdú substaintiúil tagtha, ón sprioc-am clárúcháin deiridh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) in 2018, ar ioncam táille na Gníomhaireachta, rud a fhágann go bhfuil méadú ag teacht, i gcaitheamh an ama, ar a spleáchas ar an Aontas lena hoibríochtaí a mhaoiniú;

2.

á thabhairt dá haire gur bhailigh an Ghníomhaireacht ioncam táille cothrom le EUR 32 292 704 (EUR 44 385 256 in 2019) in 2020, agus gurbh ionann an fóirdheontas ón Aontas agus EUR 73 795 512 (EUR 64 503 447 in 2019), lena n-áirítear ranníocaíochtaí ó thríú tíortha, arbh fhiú EUR 1 850 992 (EUR 1 615 032 in 2019);

3.

á chur i bhfáth an gá atá lena áirithiú go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann a sainordú a chomhlíonadh san fhadtéarma; á iarraidh, i ndáil leis sin, go dtabharfaí aghaidh ar easpa intuarthachta ioncam buiséid na Gníomhaireachta; agus na forbairtí dearfacha i struchtúr rialachais agus maoiniúcháin na Gníomhaireachta á n-aithint, ag cur sonrú sa treocht atá ag dul i laghad maidir le hioncam ó tháillí agus á chreidiúint gur cheart samhail nua mhaoiniúcháin chobhsaí a fhorbairt agus a thabhairt isteach gan mhoill; á thabhairt chun suntais gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht in 2020, in ainneoin barúlacha a thug an Pharlaimint agus an Chúirt Iniúchóirí roimhe seo, laghdú suntasach gan choinne de tuairim is EUR 7 000 000 ar ioncam ó tháillí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

4.

á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go mbeidh leibhéil foirne leordhóthanacha ag an nGníomhaireacht lena léireofar na riachtanais a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Straitéis Ceimiceán an Aontais um an Inbhuaine, an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus na huaillmhéine maidir le truailliú nialasach; ag cur sonrú san obair dhearfach a rinne an Ghníomhaireacht faoi Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le hiarrachtaí leanúnacha a dhéanamh chun samhail mhaoiniúcháin atá go hiomlán inbhuanaithe a bhunú;

5.

ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme buiséadach 98,48 %, a léiríonn laghdú an-bheag de 0,30% i gcomparáid le 2019 agus gur ráta forghníomhaithe 94,16 % a bhí an maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn méadú de 8,07 % i gcomparáid le 2019;

6.

ag tabhairt dá haire, san obair leantach ar na barúlacha a fuarthas sa nós imeachta um urscaoileadh in 2019, go bhfuil an Ghníomhaireacht ag leanúint dá hiarrachtaí an córas le haghaidh fíoruithe ex post a dhéanamh níos éifeachtúla, chun laghdú ar an aga moille idir tíolacadh sainchomhaid agus stádas iarratasóra ar fiontar beag nó meánmhéide (FBM) é a fhíorú; á chur in iúl gur geal léi gurbh ionann agus EUR 1 370 000 (i gcomparáid le EUR 700 000 in 2019) an t-ioncam breise ó tháillí clárúcháin arna ghiniúint ag an bpróiseas fíoraithe stádais mar FBM (san áireamh in ioncam REACH maidir le cláruithe agus uasdátuithe); á aithint gur tharla an méadú go príomha mar thoradh ar fheachtas éifeachtach i leith FBManna a d’iarr ar chuideachtaí féindearbhú cruinn a thabhairt maidir le méid a gcuideachta roimh thús phróiseas fíorúcháin na Gníomhaireachta, agus aon mhuirear riaracháin a d’éireodh murach sin as méid mícheart a bheith dearbhaithe roimhe sin á tharscaoileadh, agus trí thosaíocht a thabhairt do na cuideachtaí sin a raibh na laghduithe airgeadais is mó acu; ag tabhairt dá haire gur fíoraíodh 504 fhiontar san iomlán maidir le méid a gcuideachta in 2020 (i gcomparáid le 333 in 2019) agus, de bhreis ar na táillí clárúcháin breise, gur ghin an Ghníomhaireacht EUR 1 050 000 i muirir riaracháin (i gcomparáid le EUR 1 010 000 in 2019), ar muirir iad a tobhaíodh ar chuideachtaí nach raibh incháilithe do lacáiste a bhí faighte ag na cuideachtaí sin; á chur in iúl gur geal léi go leanfaidh an Ghníomhaireacht dá hiarrachtaí in 2021 agus go bhfuil sí ar an mbóthar ceart chun fíorú na n-éileamh a bhain le 2018 mar spriocdháta clárúcháin a chur i gcrích faoi dheireadh 2023;

7.

ag tabhairt faoi deara gurb í an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“ECHA”) an mórspreagadh i measc údaráis rialaithe chun reachtaíocht ceimiceán an Aontais a chur chun feidhme ar mhaithe le sláinte an duine agus leis an gcomhshaol mar aon le nuálaíocht agus iomaíochas; ag tabhairt dá haire go gcuireann an Ghníomhaireacht faisnéis ar fáil faoi cheimiceáin, go gcabhraíonn sí le cuideachtaí an reachtaíocht a chomhlíonadh agus go gcuireann sí úsáid shábháilte ceimiceán chun cinn; á chur i bhfios go láidir go sonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 gur cheart é sin a dhéanamh ar bhealach lena n-áirithítear nach mbeidh an tástáil ar ainmhithe ach ina rogha dheireanach agus go gcuirfear chun cinn modhanna nach modhanna ainmhithe iad;

8.

ag aithint gur lean an Ghníomhaireacht de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí an Aontais chun tástáil ainmhithe a laghdú agus a ionadú trí uirlisí nua a fhoilsiú agus rochtain ar fhaisnéis a leathnú, rud a éascaíonn an t-aistriú chuig roghanna malartacha nach mbaineann le tástáil ar ainmhithe;

9.

á chur i bhfáth gur riachtanach acmhainní buiséadacha a leithdháileadh ar an nGníomhaireacht chun comhar níos dlúithe a shaothrú chun bunachar sonraí uathúil ceimiceán de chuid an Aontais a chomhdhlúthú lena comhghníomhaireachtaí faoin bprionsabal “substaint amháin – measúnú amháin” (4) go háirithe trí iontrálacha faoi Mhodheolaíocht an Chuir Chuige Nua (NAM) a ionchorprú sa Bhunachar Sonraí Aonfhoirmeach Idirnáisiúnta d’Fhaisnéis faoi Cheimiceáin (5).

10.

ag cur béim ar an bhfíoras go leanfaidh cur chun feidhme na Straitéise Ceimiceán um an Inbhuaine (6) a ghlac an Coimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 de bheith ar cheann de phríomhchúraimí na Gníomhaireachta sa tréimhse atá romhainn;

Feidhmíocht

11.

ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht doiciméad clársceidealaithe le haghaidh 2020-2023 ina leagtar amach na cuspóirí don Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis an bplean straitéiseach don tréimhse ceithre bliana sin agus a bhfuil an phleanáil acmhainní go dtí 2023 agus a raibh clár oibre 2020 ag gabháil leis; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht 194 ghníomh agus aschur as 210 ngníomh agus aschur a leagan amach i gclár oibre 2020 a thabhairt i gcrích, agus gur de bharr phaindéim COVID-19 nár comhlíonadh na 16 ghníomh agus aschur;

12.

ag cur sonrú i gconclúidí na hanailíse a rinne an Ghníomhaireacht, an Coimisiún agus an Líonra Malartaithe maidir le Cásanna Nochta mar chuid den tríú hathbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ina luaitear go bhfuil gá le hiarrachtaí breise, go háirithe ó thaobh an tionscail de;

13.

ag tabhairt dá haire go leanann an Ghníomhaireacht dá comhoibriú leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde maidir leis na doiciméid tagartha teicneolaíochta is fearr is féidir a fhorbairt maidir le táirgí ceirmeacha, teicstílí, próiseáil miotal, agus teilgcheártaí faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7); ag tabhairt dá haire gur oibrigh an Ghníomhaireacht leis na Ballstáit, an Coimisiún agus an tionscal chun plean forbartha a bhunú le haghaidh Ghníomh Athbhreithnithe REACH 3, atá dírithe ar fheabhas a chur ar inoibritheacht agus cáilíocht bileoga sonraí sábháilteachta leathnaithe;

14.

ag tabhairt dá haire go gcomhoibríonn an Ghníomhaireacht go dlúth le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, amhail an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, trí bhíthin meabhráin tuisceana, chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise, chun comhthuiscint níos fearr a bhaint amach agus, i gcás inarb iomchuí, ar thionscadail chomhpháirteacha; ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le cur chuige den chineál sin maidir lena áirithiú go mbeidh obair gach gníomhaireachta comhsheasmhach le hobair na ngníomhaireachtaí eile agus go gcomhlíonfar ceanglais na bainistíochta fónta airgeadais; á chur in iúl gur geal léi comhroinnt seirbhísí amhail cumas iniúchóireachta inmheánaí na Gníomhaireachta le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, agus ag cur chun cinn an chomhair i measc ghníomhaireachtaí an Aontais i gcás inar féidir;

15.

ag tabhairt dá haire agus á chur in iúl gur díol sásaimh di go gcumhdaítear 258 substaint leis na 271 sheiceáil iomlán ar chomhlíonadh agus go ndearnadh 76 sheiceáil spriocdhírithe maidir le 44 shubstaint in 2020;

16.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta an próiseas a neartú, a shoiléiriú agus a bhrostú chun substaintí gníomhacha a bhfuil éifeacht bhithicídeach acu a fhormheas agus a athbhreithniú faoin bPlean Gníomhaíochta maidir le Substaintí Gníomhacha;

17.

á chur in iúl gur geal léi an anailís a rinne an Ghníomhaireacht ar an tsaincheist maidir le micreaphlaistigh agus iad á scaoileadh go neamhbheartaithe sa chomhshaol; á chur in iúl go bhfuil sí ar aon intinn leis an tátal gur cur chuige iomchuí chun an tsaincheist sin a réiteach é toirmeasc uile-Aontais faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ar tháirgí a bhfuil micreaphlaistigh curtha isteach iontu d’aon ghnó agus a scaoiltear isteach sa chomhshaol nuair a úsáidtear iad;

Beartas foirne

18.

ag tabhairt dá haire, ar an 31 Nollaig 2019, go raibh forghníomhú 97,41 % déanta maidir leis an bplean bunaíochta, go raibh ceapacháin déanta i gcás 451 ghníomhaire shealadacha as 463 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 461 phost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire go raibh 122 ghníomhaire ar conradh thairis sin agus 3 shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Ghníomhaireacht in 2020;

19.

á chur in iúl gurb oth léi go dtuairiscíonn an Ghníomhaireacht, maidir le poist shinsearacha agus mheánbhainistíochta, go bhfuil 23 (76,6 %) phost líonta ag fir agus 7 (23,3 %) bpost líonta ag mná, agus, maidir leis an mbord bainistíochta, go bhfuil 14 phost líonta ag fir (37,8 %) agus 23 ag mná (62,2 %); ag tabhairt dá haire go raibh an éagothroime inscne sin ann le fada an lá; ag tabhairt dá haire maidir leis an bhfoireann ar an iomlán go dtuairiscíonn an Ghníomhaireacht go bhfuil 266 fhear (46,7 %) agus 306 bhean (53,3 %) fosaithe aici; á iarraidh ar an nGníomhaireacht cothromaíocht inscne a áirithiú ar leibhéal na bainistíochta amach anseo; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go gcuirfear san áireamh an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú agus a gcuid comhaltaí á gceapadh acu ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta;

20.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas frithchiaptha agus treoirlínte gaolmhara curtha ar bun ag an nGníomhaireacht; á aithint go ndéanann an lucht bainistíochta na Gníomhaireachta iompar iomchuí a chur chun cinn trí chruinnithe idir an fhoireann agus comhairleoirí iontaoibhe a chur ar fáil;

21.

á chur i bhfios go láidir gur cheart a áirithiú leis an mbuiséad sonrach le haghaidh oiliúna go bhfuil oiliúint chuí curtha ar fhoireann na Gníomhaireachta faoi na NAManna is déanaí, chun gur féidir acmhainn inmheánach mhéadaithe a chruthú chun dul i ngleic le truailliú ceimiceach agus éifeachtaí díobhálacha an truaillithe sin i gceart, trí bhíthin na n-uirlisí (8) agus na gcoincheap is déanaí (9).

22.

á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinneadh i mbeartas foirne na Gníomhaireachta teilea-obair agus stíl shláintiúil mhaireachtála a chur chun cinn agus leanúint de spreagadh a thabhairt don Ghníomhaireacht creat beartais d’acmhainní daonna fadtéarmacha a fhorbairt lena dtugtar aghaidh ar chothromaíocht oibre is saoil, ar threoir fadsaoil agus ar fhorbairt ghairme, ar chothromaíocht inscne, ar theilea-obair, ar an gceart chun dícheangail agus urraim á tabhairt don chothromaíocht idir an saol gairmiúil agus an saol príobháideach, don chothromaíocht gheografach agus d’earcú agus do lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

23.

á chur in iúl gur geal léi go bhfoilsíonn an Ghníomhaireacht ar a suíomh gréasáin CVanna chomhaltaí uile an bhoird bainistíochta agus a cuid coistí uile, lena n-áirítear CVanna a cuid cathaoirleach ar baill foirne den Ghníomhaireacht iad, CV an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus CVanna chomhaltaí uile an bhoird achomhairc; á chur in iúl gur geal léi go gcumhdaítear ré fostaíochta iomlán na mball foirne faoi bheartais na Gníomhaireachta maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus, ar mhaithe leis an neamhspleáchas a choimirciú, go scagtear na saineolaithe seachtracha a bhíonn rannpháirteach sna coistí eolaíocha, sa bhord bainistíochta agus san fhóram um fhorghníomhú de réir sé chritéar incháilitheachta spriocdhírithe;

24.

ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh cás sceithireachta amháin in 2020, a bhain le ball foirne a líomhain frithbheart as neamhrialtachtaí maidir le nós imeachta soláthair a thabhairt chun suntais dá ordlathas agus gurbh é an frithbheart a líomhnaíodh gur moladh gan conradh fostaíochta an bhaill foirne sin a athnuachan bliain amháin ina dhiaidh sin; ag tabhairt dá haire go ndearnadh imscrúdú neamhspleách ar na líomhaintí maidir le neamhrialtachtaí sa nós imeachta soláthair agus gur urramaiodh anaithnideacht fhoinse na líomhaintí; ag tabhairt dá haire nár aimsigh an t-imscrúdú aon ghníomhaíochtaí a sháródh forálacha Rialachán Airgeadais na Gníomhaireachta ná Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10); ag tabhairt dá haire go meastar go bhfuil an cás dúnta;

Rialú Inmheánach

25.

ag tabhairt dá haire gur sheol Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin iniúchóireacht inmheánach dar teideal “Integrated regulatory strategy-screening, evaluation and regulatory management option analysis in 2020” agus gur sholáthair an iniúchóireacht trí mholadh thábhachtacha: feabhas a chur ar phleanáil, faireachán agus tuairisciú na straitéise rialála comhtháite, doiciméadú a dhéanamh ar na nósanna imeachta agus sreafaí oibre le haghaidh athbhreithniú agus formheas, na huirlisí chun barúlacha ó údaráis inniúla na mBallstát a bhainistiú a athbhreithniú, feabhas a chur orthu agus na próisis inmheánacha chuige sin a dhoiciméadú; ag tabhairt dá haire go bhfuil obair leantach ar siúl ag an nGníomhaireacht maidir leis na moltaí sin agus, thairis sin, go bhfuil sí á mheas mar a thabharfar aghaidh ar ghníomh oscailte amháin ón iniúchóireacht leantach maidir le bainistiú feidhmíochta arna seoladh in 2020, ar gníomh é a bhaineann le cur chuige a shainiú le haghaidh athaicmiú i gcásanna nuair nár comhlíonadh an critéar incháilitheachta maidir le tríú teanga;

26.

ag tabhairt dá haire gur sheol cumas iniúchóireachta inmheánaí na Gníomhaireachta iniúchóireacht chomhairleach maidir leis an ngníomhaíocht “aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe” agus gurbh iad na príomh-mholtaí athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá leis na seiceálacha a dhéantar ar shainchomhaid maidir le tograí aicmiúcháin agus ar fhócas, formáid agus doimhneacht na seiceálacha sin chun a chinneadh an bhfuil siad oiriúnach lena bpróiseáil, an t-ualach oibre i gcoitinne ar an gcoiste iomlánach um measúnú riosca a éadromú, trí bhreis úsáide a bhaint as meithleacha, mar shampla, agus an obair i ndáil le sainchomhaid um aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe (CLH) a anailísiú agus grinnscrúdú a dhéanamh, in éineacht leis na Ballstáit, ar na sásraí chun tionchar an phróisis CLH a mhéadú;

27.

ag tabhairt dá haire gur sheol cumas iniúchóireachta inmheánaí na Gníomhaireachta iniúchóireacht ar an ngníomhaíocht “iarratais ar údarú” agus lipéadú comhchuibhithe agus go ndearnadh sé mholadh thábhachtacha, eadhon modhanna oibre a fheabhsú, bainistiú agus comhsheasmhacht an eolais a fheabhsú, sásraí aiseolais a fheabhsú, acmhainní leordhóthanacha a áirithiú i gcomhair rúnaíocht agus coistí na Gníomhaireachta, róil agus freagrachtaí laistigh den Ghníomhaireacht a shoiléiriú agus simpliú próiseas agus gnóthachain éifeachtúlachta thairis sin a mheas;

An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó

28.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht aistriú réidh i dtreo teilea-oibriú ar an mórchóir le haghaidh na foirne, gur leanadh den chomhoibriú le geallsealbhóirí seachtracha agus gur bogadh oibriú chomhlachtaí uile na Gníomhaireachta ar líne tar éis thús na paindéime; ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Gníomhaireachta, gur cruthaíodh ualach oibre suntasach breise d’aonad slándála na Gníomhaireachta mar thoradh ar an aistriú sciobtha go teilea-oibriú fadtéarmach, ar mhórscála, go háirithe toisc nach raibh conraitheoirí uile na Gníomhaireachta ullamh don teilea-oibriú ar scála chomh mór sin agus gurbh éigean na socruithe gaolmhara a chur ar bun, faoi ardtosaíocht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na socruithe a cuireadh ar bun a mheas go cúramach, lena n-áirítear ó pheirspictíocht na cibearshlándála, agus rioscaí gaolmhara don leanúnachas gnó;

29.

ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di gur chomhoibrigh an Ghníomhaireacht leis an gCoimisiún chun cabhrú leis na Ballstáit agus le cuideachtaí a thuilleadh díghalrán a chur ar an margadh;

Barúlacha eile

30.

ag tabhairt dá haire gur athlonnaíodh an Ghníomhaireacht chuig áitreabh nua i dtús 2020 agus gur eagraíodh cúrsaí oiliúna sa tsábháilteacht ó dhóiteáin le Cumann Tarrthála Heilsincí, agus mar obair leantach go ndeachthas tríd an bpróiseas sábháilteachta ó dhóiteáin céim ar chéim go hinmheánach agus gur seoladh cleachtadh aslonnaithe i mí na Samhna 2020; á chur in iúl gur geal léi gur fhorbair an Ghníomhaireacht, ainneoin na dálaí teilea-oibre, plean éigeandála don fhoirgneamh nua, plean a cuireadh in iúl d’údaráis tarrthála Heilsincí, chun go bhféadfadh baill foirne filleadh ar an oifig ó pheirspictíocht na sábháilteachta de freisin;

31.

á chur in iúl gurb oth léi nár ghníomhaigh an Ghníomhaireacht go fóill de réir mholtaí an údaráis um urscaoileadh ina cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le buiséad na Gníomhaireachta a chur chun feidhme don bhliain airgeadais 2019 maidir le bearta réamhghníomhacha agus acmhainní a chur ar fáil chun dlús a chur le laghduithe ar líon na dtástálacha ar ainmhithe agus chun na laghduithe sin a fheabhsú agus a chainníochtú, agus chun na tástálacha sin a athsholáthar, chomh maith le foireann a bhunú laistigh den Ghníomhaireacht atá tiomnaithe go heisiach do chosaint ainmhithe agus do chur chun cinn modhanna tástála nach ndéantar ar ainmhithe;

32.

ag tabhairt dá haire go bhfuil meitheal ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach a phléann le cur i bhfeidhm ALM (Athsholáthar, Laghdú agus Mionleasú) ar Thástáil Rialála Táirgí Íocshláinte agus go n-áirítear ina straitéis le haghaidh 2025 obair shuntasach ar thástáil gan ainmhithe, agus go n-áiríonn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia faoi chuimsiú shainchúram a Oifige Staidéir Eolaíochta agus Aitheantais Tionscadal, treochlár a fhorbairt chun modhanna gan ainmhithe a úsáid chun dul i ngleic go rialta le bearnaí sonraí faoi 2027; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil tionscnaimh chomhchosúla ag an nGníomhaireacht a d’fhéadfadh cabhrú chun an sprioc a leagtar amach sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le pleananna agus gníomhaíochtaí a bhaint amach chun dlús a chur leis an aistriú chuig an nuálaíocht gan ainmhithe a úsáid sa taighde, sa tástáil rialála agus san oideachas (11);

33.

ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht plean oibre comhshaoil a ritheann ó 2020 go 2022; ag tabhairt dá haire gurb é tosaíocht an chláir astaíochtaí CO2 na Gníomhaireachta ó thaisteal agus fóntais a laghdú a thuilleadh, eadhon na hastaíochtaí CO2 ó fhoirgnimh a laghdú 20 %, astaíochtaí ó thaisteal (rannpháirtithe cruinnithe) a laghdú 75 % agus ó thaisteal (misin foirne) a laghdú 50 %;

34.

á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Gníomhaireachta a bheith aeráidneodrach i gcomhréir le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus uaillmhian na Gníomhaireachta deimhniú comhshaoil a leathnú chuig scéim an Aontais um éiceabhainistíocht agus um eiciniúchóireacht;

35.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an bunachar sonraí is mó maidir le ceimiceáin ag an nGníomhaireacht faoi láthair, rud a fhágann gur féidir faisnéis thrédhearcach a chur ar fáil maidir leis na ceimiceáin a úsáidtear laistigh den Aontas; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta trédhearcacht an bhunachair sonraí sin a mhéadú trí fhaisnéis níos mionsonraithe a chur ar fáil dá húsáideoirí agus don phobal i gcoitinne;

36.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht iarracht phoiblíochta ar leith leis na meáin phríomhshrutha agus ag éirí as gur méadaíodh ar a hinfheictheacht in asraoin meán a fhreastalaíonn ar an leas ginearálta; ag tabhairt dá haire gur lean an fhoireann de bheith ag comhroinnt ábhair go gníomhach trí bhíthin a gcainéal meán sóisialta féin, agus rochtain acu ar bheagnach 3 mhilliún duine in 2020;

37.

á chur in iúl gur geal léi comhar na Gníomhaireachta le cuideachtaí atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse a lean tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, rud a bhí ina chuidiú le suaitheadh suntasach i margadh an Aontais a chosc;

38.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de, ach freisin a thábhachtaí atá sé dlús a chur le digiteáil na nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint ar ais nó ar éigean; ag tarraingt aird ar an ngá atá leis na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a fhorbairt ar bhealach níos gasta, ionas gur féidir é a chur i gcrích roimh an 31 Eanáir 2023 agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis sin;

39.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (12) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

 


(1)   IO C 114, 31.3.2021, lch. 121.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(3)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(4)  https://echa.europa.eu/documents/10162/21877836/efsa-echa-position-paper-osoa_en.pdf/74b1ae31-290b-a608-85e9-05b340840 b34#:~:text=We%20propose%20that%20%E2%80%9Cone%20substance,built%20around%20three%20main%20principles%3A&text =%2D%20Better%20coordination%20on%20or%20distribution,uses%20of%20the%20same%20chemical

(5)  https://echa.europa.eu/documents/10162/29387629/annual_report_2020_en.pdf/09d078c5-ff40-6737-3e4c-41dea91a7738#:~:text=We%20note%20that%20the%20Agency's,final%20implementation%20rate%20of%2098.5%20%25, lch. 63.

(6)  COM(2020) 667.

(7)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(8)  https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/funding/funding-opportunities/funding-programmes-and-open-calls/horizon-europe/european-partnerships-horizon-europe/candidates-european-partnerships-health_ga

(9)  https://ec.europa.eu/jrc/en/science-update/next-generation-risk-assessment-cosmetics

(10)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(11)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(12)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.