24.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 224/18


CINNEADH (AE) 2021/1023 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2021

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón bhFionlainn – EGF/2020/007 FI/Finnair

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (2), agus go háirithe pointe 9 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála ar fud an domhain de thoradh an domhandaithe, nó de bhrí gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch eile, agus cabhrú le hath-imeascadh na n-oibrithe sin sa mhargadh saothair

(2)

Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (praghsanna 2018) faoi mar a leagtar síos in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3).

(3)

An 30 Nollaig 2020, chuir an Fhionlainn iarratas isteach chun CED a shlógadh, i leith iomarcaíochtaí in Finnair Oyj agus i bhfochonraitheoir amháin san Fhionlainn. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais chun ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 1 752 360 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Fhionlainn isteach.

(5)

Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an bhfad ama a thógfaidh sé CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ón dáta a ghlacfar é,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2021, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun méid EUR 1 752 360 a sholáthar ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ina leithreasuithe íocaíochta.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 8 Meitheamh 2021.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 8 Meitheamh 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.

(2)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).