|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/195 |
4.2.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/195 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Feabhra 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh feanbúconasóil agus peanconasóil i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1)(a) agus Airteagal 49(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcás na substaintí gníomhacha feanbúconasól agus peanconasól, socraíodh uasleibhéil iarmhar (‘MRLanna’) in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(2) |
In 2017 agus 2018, faoi seach, chuir an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia tuairimí réasúnaithe (2) (3) isteach maidir leis an athbhreithniú ar na MRLanna atá ann cheana le haghaidh peanconasóil agus feanbúconasóil i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Shainaithin an tÚdarás roinnt faisnéise faoi tháirgí áirithe mar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil. An fhaisnéis a bhí ar fáil, bhí sí leordhóthanach don Údarás chun MRLanna atá sábháilte do thomhaltóirí a mholadh. |
|
(3) |
In 2019 shocraigh an Coimisiún MRLanna nua le haghaidh feanbúconasóil agus peanconasóil in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, trí na MRLanna sin a choinneáil ar bun ar an leibhéal atá ann cheana nó trí iad a leagan síos ag an leibhéal arna shainaithint ag an Údarás. Luadh bearnaí sonraí in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin ina sonraítear an dáta faoina raibh an fhaisnéis a bhí in easnamh le cur faoi bhráid an Údaráis chun tacú leis na MRLanna atá beartaithe. |
|
(4) |
Ós rud é nach bhformheastar feanbúconasól san Aontas a thuilleadh, chuir an t-iarratasóir faisnéis thrialach bhreise isteach lena dtugtar aghaidh ar bhearna sonraí maidir le Meitibilítí Trí-asól-díorthaithe (MTDanna) a shainaithin an tÚdarás (4) agus a mheasúnaigh Comhchruinniú shaineolaithe EDS/FAO maidir le hiarmhair lotnaidicídí lena dtacaítear leis na huasteorainneacha iarmhar Codex (‘CXLanna’) (5) atá ann cheana freisin. Níor tugadh aghaidh ar an mbearna sonraí i gcás trialacha a cuireadh isteach ar dtús chun na MRLanna sealadacha atá ann cheana a bhunú, MRLanna a bhí níos airde ná an CXL, i gcás barra áirithe. Sna trialacha a cuireadh isteach chun tacú leis na CXLanna, tugadh aghaidh ar an mbearna sonraí maidir le MTDanna i ndáil le trialacha i gcás seadóg, oráistí, líomóidí, líomaí, torthaí póma, silíní, péitseog agus fraochán. Tugadh aghaidh ar an mbearna sonraí maidir le MTDanna trí shonraí faoi iarmhair maidir le líomóidí a eachtarshuí. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart na MRLanna atá ann cheana a ísliú go dtí leibhéal na CXLanna le haghaidh seadóg, oráistí agus péitseog agus ba cheart é a choinneáil ar bun ag leibhéal na MRLanna atá ann cheana (MRLanna atá ar leibhéal na CXLanna cheana féin) le haghaidh líomóidí, líomaí, mandairíní, torthaí póma, silíní agus fraochán. |
|
(6) |
Níor tugadh aghaidh ar an mbearna sonraí maidir le teacht chun cinn na MTDanna le haghaidh feanbúconasóil i gcás cnónna crann, fíonchaora boird agus fíona, mónóg, bananaí, piobar, síolta lus na gréine, piseanna talún, síolta ráibe, eorna, seagail agus cruithneachta. Dá bhrí sin, na MRLanna a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 le haghaidh na dtáirgí sin, ba cheart iad a ísliú go dtí an teorainn chinnidh, seachas i gcás cnónna crann atá ag an teorainn chinnidh cheana féin. |
|
(7) |
Níor cuireadh isteach sonraí maidir le trialacha agus teacht chun cinn MTDanna i gcás feanbúconasóil le haghaidh aibreog, plumaí agus guird a bhfuil craiceann inite agus do-ite acu. Dá bhrí sin, na MRLanna a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 le haghaidh na dtáirgí sin, ba cheart iad a ísliú go dtí an teorainn chinnidh. |
|
(8) |
Maidir le feanbúconasól, i gcás táirgí ainmhithe, léiríodh leis an ualach cothaithe beostoic ríofa nár sáraíodh an tairseach agus iarmhair MTD trí phrabhait úll agus prabhait torthaí citris thriomaithe á gcur san áireamh. Rinne an tÚdarás measúnú ar an bhfaisnéis nua a soláthraíodh agus níor shainaithin sé aon ábhar imní maidir le hiontógáil an tomhaltóra. Dá bhrí sin, MRLanna le haghaidh ae, duán agus scairteach inite ó mhucra, ó chaoirigh, ó ghabhair, ó eachainmhithe agus ó ainmhithe talún feirme eile, ba cheart iad a choinneáil ar bun. Maidir le bainne, ar bhonn an mheasúnaithe a rinne Saotharlann tagartha AE, an teorainn chinnidh de 0,05 mg/kg a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, ba cheart í a ísliú go dtí 0,01 mg/kg. |
|
(9) |
Maidir le peanconasól, an fhaisnéis a bhí in easnamh maidir le staidéar ionadaíoch ar mheitibileacht na mbarr príomhúil, trialacha breise ar iarmhair, agus cobhsaíocht stórála na meitibilítí ábhartha, cuireadh isteach an fhaisnéis sin i gcás sméara dubha agus sútha craobh. Tugadh aghaidh ar na bearnaí sonraí sin agus léirítear leis na trialacha nua ar iarmhair gur gá MRL níos airde a bheith ann. Dheimhnigh an tÚdarás (6) go bhfuil an MRL níos airde sábháilte do thomhaltóirí, agus dá bhrí sin ba cheart an MRL atá ann cheana a ardú. |
|
(10) |
Tugadh aghaidh freisin ar bhearna sonraí le haghaidh peanconasóil i gcás puimcíní agus mealbhacáin uisce, rud a dheimhnigh an MRL atá ann cheana agus ar cheart é a choinneáil ar bun. |
|
(11) |
Cuireadh isteach sonraí trialach maidir le peanconasól le haghaidh torthaí póma agus plumaí óna bhféadfaí MRLanna níos airde a dhíorthú i bprionsabal. Cé nár soláthraíodh na sonraí a bhí in easnamh maidir le trialacha ar iarmhair ina ndearnadh anailís go comhuaineach ar na sainmhínithe ar iarmhair le haghaidh faireacháin agus measúnú riosca, bhí an tÚdarás in ann fachtóir coinbhéartachta a úsáid chun an difríocht idir na sainmhínithe ar iarmhair a chur san áireamh. Ós rud é nár luaigh an tÚdarás go raibh riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart na MRLanna a ardú ar bhonn na sonraí nua. |
|
(12) |
Maidir le peanconasól, cuireadh isteach sonraí trialach leordhóthanacha le haghaidh aibreog, péitseog agus fíonchaora boird agus fíona ónar féidir MRLanna níos ísle a dhíorthú, agus le haghaidh silíní, spíonán, trátaí agus ubhthorthaí chun tacú leis na MRLanna atá ann cheana. Cé nár soláthraíodh na trialacha ar iarmhair a bhí in easnamh, trialacha ina ndearnadh anailís go comhuaineach ar na sainmhínithe ar iarmhair le haghaidh faireacháin agus measúnú riosca, bhí an tÚdarás in ann fachtóir coinbhéartachta a úsáid chun an difríocht idir na sainmhínithe ar iarmhair a chur san áireamh. Ós rud é nár luaigh an tÚdarás go raibh riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart, dá bhrí sin, na MRLanna a ísliú go leibhéil a shainaithníonn an tÚdarás le haghaidh aibreog, péitseog agus fíonchaora boird agus fíona, agus ba cheart na MRLanna atá ann cheana le haghaidh silíní, spíonán, trátaí agus ubhthorthaí a choinneáil ar bun. |
|
(13) |
Gach fonóta lena gceanglaítear faisnéis bhreise a chur isteach, ba cheart é a scriosadh ó Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 le haghaidh feanbúconasóil agus peanconasóil. |
|
(14) |
Ina theannta sin, an 6 Feabhra 2023 (7) ghlac an Coimisiún Codex Alimentarius CXL nua le haghaidh feanbúconasóil i dtae glas agus dubh (é coipthe agus triomaithe). |
|
(15) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), i gcás inarb ann do chaighdeáin idirnáisiúnta nó i gcás ina gcuirfear i gcrích iad go luath, cuirfear san áireamh iad i bhforbairt nó in oiriúnú dhlí bia an Aontais, ach amháin i gcás ina mbeadh na caighdeáin sin nó codanna ábhartha díobh ina modh neamhéifeachtach nó míchuí chun cuspóirí dlisteanacha dhlí an bhia a chomhlíonadh nó i gcás ina mbeadh údar eolaíoch ann, nó ina dtiocfadh leibhéal cosanta astu a bheadh éagsúil leis an leibhéal a chinntear a bheith iomchuí san Aontas. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 13, pointe (e), den Rialachán sin, tá an tAontas chun comhsheasmhacht idir caighdeáin theicniúla idirnáisiúnta agus dlí bia an Aontais a chur chun cinn agus a áirithiú an tráth céanna nach laghdófar an t-ardleibhéal cosanta a ghlactar san Aontas. |
|
(16) |
Rinne an tÚdarás measúnú ar na rioscaí atá ag gabháil le CXL do thomhaltóirí agus d’fhoilsigh sé tuarascáil eolaíoch (9). I gcásanna nár shainaithin an tÚdarás aon riosca do thomhaltóirí san Aontas ina leith, agus dá bhrí sin nár chuir an tAontas ábhar imní (10) faoi bhráid an Choiste Codex um Iarmhair Lotnaidicídí, is féidir a mheas go bhfuil na CXLanna sábháilte. Is amhlaidh atá i gcás an CXL le haghaidh feanbúconasóil i dtae glas agus dubh (é coipthe agus triomaithe), agus dá bhrí sin ba cheart é a áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(17) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha AE maidir leis an ngá teorainneacha cinnidh áirithe a oiriúnú. Tháinig na saotharlanna sin ar an gconclúid go gceadaítear teorainneacha cinnidh níos ísle a shocrú le forbairtí teicniúla i gcás táirgí áirithe. |
|
(18) |
Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir leis na MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh a mbarúlacha san áireamh. |
|
(19) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
|
(20) |
Chun go mbeifear in ann margú, próiseáil agus tomhaltas táirgí a dhéanamh ar an ngnáthshlí, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le táirgí atá curtha ar an margadh san Aontas sula mbeidh na MRLanna nua infheidhme agus ar ina leith a choinnítear leibhéal ard cosanta tomhaltóirí ar bun. |
|
(21) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna modhnaithe ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a oiriúnú do na ceanglais nua a thagann as an modhnú ar na MRLanna. |
|
(22) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a bhí sé sular leasaíodh é leis an Rialachán seo, beidh feidhm aige go fóill maidir leis na táirgí a cuireadh ar mhargadh an Aontais roimh an 24 Lúnasa 2025.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 24 Lúnasa 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj.
(2) EFSA 2017. Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh peanconasóil de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Iris EFSA 2017;15(6):4853, lch. 56 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2017.4853.
(3) EFSA 2018. Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh feanbúconasóil de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Iris EFSA 2018;16(8):5399, lch. 51 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2018.5399.
(4) EFSA 2023. Meastóireacht ar shonraí daingniúcháin tar éis athbhreithniú MRL Airteagal 12 le haghaidh feanbúconasóil. Iris EFSA, 21(8), lgh. 1-44. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8205.
(5) Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), 2016. Submission and evaluation of pesticide residues data for the estimation of Maximum Residue Levels in food and feed. Pesticide Residues. 3rd Edition. FAO Plant Production and Protection Paper 225, lch. 298.
(6) EFSA 2023. Tuairim réasúnaithe maidir leis an meastóireacht ar shonraí deimhniúcháin tar éis athbhreithniú MRL Airteagal 12 le haghaidh peanconasóil. Iris EFSA 2023;21(3):7889, lch. 52 , https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.7889.
(7) Clár comhpháirteach FAO/EDS um Chaighdeáin Bhia/EDS um Chaighdeáin Bhia, an Coimisiún Codex Alimentarius. An Cúigiú Seisiún is Ceathracha. Ceanncheathrú FAO, An Róimh, An Iodáil. An 21–25 Samhain 2022, an 12–13 Nollaig 2022 agus an 19 Nollaig 2022 — an 6 Feabhra 2023. fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FMeetings%252FCX-701-45%252FFinal%2BReport%2BCAC45%252FCompiled%2BREP22_CAC.pdf.
(8) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos na prionsabail agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1), LI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/178/oj).
(9) EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2022. Tacaíocht eolaíoch chun seasamh an Aontais a ullmhú sa 53ú Seisiún den Choiste Codex maidir le hIarmhair Lotnaidicídí (CCPR). Iris EFSA 2022;20(9):7521, lch. 310 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7521.
(10) https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FMeetings%252FCX-718-53%252FCRDs%252Fpr53_crd13revx.pdf.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na gcolún le haghaidh feanbúconasóil agus peanconasóil:
‘ Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
Códuimhir |
Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo (1) |
Feanbúconasól (an tsuim d’eanantaiméirí comhábhartha) |
Peanconasól (an tsuim d’isiméirí comhábhartha) (F) |
||
|
(1) |
(2) |
(3) |
(4) |
||
|
0100000 |
TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN |
|
|
||
|
0110000 |
Torthaí citris |
|
0,01 (*1) |
||
|
0110010 |
Seadóga |
0,5 |
|
||
|
0110020 |
Oráistí |
0,5 |
|
||
|
0110030 |
Líomóidí |
1 |
|
||
|
0110040 |
Líomaí |
1 |
|
||
|
0110050 |
Mandairíní |
0,5 |
|
||
|
0110990 |
Eile (2) |
0,5 |
|
||
|
0120000 |
Cnónna crann |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0120010 |
Almóinní |
|
|
||
|
0120020 |
Cnónna Brasaíleacha |
|
|
||
|
0120030 |
Cnónna caisiú |
|
|
||
|
0120040 |
Castáin |
|
|
||
|
0120050 |
Cnónna cócó |
|
|
||
|
0120060 |
Cnónna coill |
|
|
||
|
0120070 |
Macadaimia |
|
|
||
|
0120080 |
Cnónna peacáin |
|
|
||
|
0120090 |
Eithní cnónna péine |
|
|
||
|
0120100 |
Cnónna pistéise |
|
|
||
|
0120110 |
Gallchnónna |
|
|
||
|
0120990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0130000 |
Torthaí póma |
0,5 |
0,3 |
||
|
0130010 |
Úlla |
|
0,3 |
||
|
0130020 |
Piorraí |
|
0,3 |
||
|
0130030 |
Cainchí |
|
0,3 |
||
|
0130040 |
Torthaí ón meispeal Gearmánach |
|
0,3 |
||
|
0130050 |
Locuatanna |
|
0,3 |
||
|
0130990 |
Eile (2) |
|
0,3 |
||
|
0140000 |
Torthaí cloiche |
|
|
||
|
0140010 |
Aibreoga |
0,01 (*1) |
0,07 |
||
|
0140020 |
Silíní (iad milis) |
1 |
0,15 |
||
|
0140030 |
Péitseoga |
0,5 |
0,07 |
||
|
0140040 |
Plumaí |
0,01 (*1) |
0,15 |
||
|
0140990 |
Eile (2) |
0,6 |
0,01 (*1) |
||
|
0150000 |
Caora agus torthaí beaga |
|
|
||
|
0151000 |
|
0,01 (*1) |
0,4 |
||
|
0151010 |
Fíonchaora boird |
|
|
||
|
0151020 |
Fíniúnacha coiteanna |
|
|
||
|
0152000 |
|
0,01 (*1) |
0,5 |
||
|
0153000 |
|
0,01 (*1) |
|
||
|
0153010 |
Sméara dubha |
|
0,4 |
||
|
0153020 |
Eithreoga |
|
0,01 (*1) |
||
|
0153030 |
Sútha craobh (iad dearg agus buí) |
|
0,4 |
||
|
0153990 |
Eile (2) |
|
0,01 (*1) |
||
|
0154000 |
|
|
|
||
|
0154010 |
Fraocháin |
0,5 |
0,01 (*1) |
||
|
0154020 |
Mónóga |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0154030 |
Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán) |
0,01 (*1) |
2 |
||
|
0154040 |
Spíonáin (iad glas, dearg agus buí) |
0,01 (*1) |
0,1 |
||
|
0154050 |
Mogóirí róis |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0154060 |
Maoildearga (iad dubh agus bán) |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0154070 |
Torthaí ón sceach gheal asaróil |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0154080 |
Caora troim |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0154990 |
Eile (2) |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0160000 |
Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0161000 |
|
|
|
||
|
0161010 |
Dátaí |
|
|
||
|
0161020 |
Figí |
|
|
||
|
0161030 |
Ológa boird |
|
|
||
|
0161040 |
Cumcuait |
|
|
||
|
0161050 |
Torthaí réaltúla |
|
|
||
|
0161060 |
Dátphlumaí Seapánacha |
|
|
||
|
0161070 |
Plumaí láva |
|
|
||
|
0161990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0162000 |
|
|
|
||
|
0162010 |
Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí) |
|
|
||
|
0162020 |
Lítsíonna |
|
|
||
|
0162030 |
Páiseoga |
|
|
||
|
0162040 |
Piorraí deilgneacha |
|
|
||
|
0162050 |
Réalt-úlla |
|
|
||
|
0162060 |
Dátphlumaí Meiriceánacha |
|
|
||
|
0162990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0163000 |
|
|
|
||
|
0163010 |
Abhacáid |
|
|
||
|
0163020 |
Bananaí |
|
|
||
|
0163030 |
Mangónna |
|
|
||
|
0163040 |
Papánna |
|
|
||
|
0163050 |
Pomagránaití |
|
|
||
|
0163060 |
Céiriomoighe |
|
|
||
|
0163070 |
Guábhaí |
|
|
||
|
0163080 |
Anainn |
|
|
||
|
0163090 |
Torthaí aráin |
|
|
||
|
0163100 |
Duraígh |
|
|
||
|
0163110 |
Úlla deilgneacha |
|
|
||
|
0163990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0200000 |
GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE |
|
|
||
|
0210000 |
Glasraí fréimhe agus tiúbair |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0211000 |
|
|
|
||
|
0212000 |
|
|
|
||
|
0212010 |
Casabhaigh |
|
|
||
|
0212020 |
Prátaí milse |
|
|
||
|
0212030 |
Ionaim |
|
|
||
|
0212040 |
Ararút |
|
|
||
|
0212990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0213000 |
|
|
|
||
|
0213010 |
Meacain bhiatais |
|
|
||
|
0213020 |
Meacain dhearga |
|
|
||
|
0213030 |
Soiliriac/soilire tornapa |
|
|
||
|
0213040 |
Meacain ragaim |
|
|
||
|
0213050 |
Bliosáin ghréine |
|
|
||
|
0213060 |
Meacain bhána |
|
|
||
|
0213070 |
Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg |
|
|
||
|
0213080 |
Raidisí |
|
|
||
|
0213090 |
Salsabh |
|
|
||
|
0213100 |
Svaeideanna |
|
|
||
|
0213110 |
Tornapaí |
|
|
||
|
0213990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0220000 |
Glasraí bleibíní |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0220010 |
Gairleog |
|
|
||
|
0220020 |
Oinniúin |
|
|
||
|
0220030 |
Seallóidí |
|
|
||
|
0220040 |
Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil |
|
|
||
|
0220990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0230000 |
Glasraí a thugann torthaí |
0,01 (*1) |
|
||
|
0231000 |
|
|
|
||
|
0231010 |
Trátaí |
|
0,1 |
||
|
0231020 |
Piobair |
|
0,2 |
||
|
0231030 |
Ubhthorthaí |
|
0,1 |
||
|
0231040 |
Ocra |
|
0,01 (*1) |
||
|
0231990 |
Eile (2) |
|
0,01 (*1) |
||
|
0232000 |
|
|
0,06 |
||
|
0232010 |
Cúcamair |
|
|
||
|
0232020 |
Gircíní |
|
|
||
|
0232030 |
Cúirséid |
|
|
||
|
0232990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0233000 |
|
|
0,15 |
||
|
0233010 |
Mealbhacáin |
|
|
||
|
0233020 |
Puimcíní |
|
|
||
|
0233030 |
Mealbhacáin uisce |
|
|
||
|
0233990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0234000 |
|
|
0,01 (*1) |
||
|
0239000 |
|
|
0,01 (*1) |
||
|
0240000 |
Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí) |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0241000 |
|
|
|
||
|
0241010 |
Brocailí |
|
|
||
|
0241020 |
Cóilis |
|
|
||
|
0241990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0242000 |
|
|
|
||
|
0242010 |
Bachlóga Bruiséile |
|
|
||
|
0242020 |
Cabáistí cinn |
|
|
||
|
0242990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0243000 |
|
|
|
||
|
0243010 |
Cabáistí Síneacha |
|
|
||
|
0243020 |
Cáil |
|
|
||
|
0243990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0244000 |
|
|
|
||
|
0250000 |
Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite |
|
|
||
|
0251000 |
|
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0251010 |
Ceathrúna uain |
|
|
||
|
0251020 |
Leitísí |
|
|
||
|
0251030 |
Searbháin muc |
|
|
||
|
0251040 |
Biolair agus eascróga agus peacáin eile |
|
|
||
|
0251050 |
Biolair thalún |
|
|
||
|
0251060 |
Roicéad Rómánach/rucola |
|
|
||
|
0251070 |
Mustard dearg |
|
|
||
|
0251080 |
Barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí) |
|
|
||
|
0251990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0252000 |
|
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0252010 |
Spionáistí |
|
|
||
|
0252020 |
Puirsleáin |
|
|
||
|
0252030 |
Seardas/duilleoga biatais |
|
|
||
|
0252990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0253000 |
|
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0254000 |
|
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0255000 |
|
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0256000 |
|
0,02 (*1) |
0,02 (*1) |
||
|
0256010 |
Costóg |
|
|
||
|
0256020 |
Síobhas |
|
|
||
|
0256030 |
Duilleoga soilire |
|
|
||
|
0256040 |
Peirsil |
|
|
||
|
0256050 |
Sáiste |
|
|
||
|
0256060 |
Marós |
|
|
||
|
0256070 |
Tím |
|
|
||
|
0256080 |
Basal agus bláthanna inite |
|
|
||
|
0256090 |
Duilleog labhrais |
|
|
||
|
0256100 |
Dragan |
|
|
||
|
0256990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0260000 |
Léagúim |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0260010 |
Pónairí (a bhfuil faighneoga orthu) |
|
|
||
|
0260020 |
Pónairí (gan faighneoga orthu) |
|
|
||
|
0260030 |
Piseanna (a bhfuil faighneoga orthu) |
|
|
||
|
0260040 |
Piseanna (gan faighneoga orthu) |
|
|
||
|
0260050 |
Lintilí |
|
|
||
|
0260990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0270000 |
Glasraí gais |
0,01 (*1) |
|
||
|
0270010 |
Lus súgach |
|
0,01 (*1) |
||
|
0270020 |
Cardúin |
|
0,01 (*1) |
||
|
0270030 |
Soilirí |
|
0,01 (*1) |
||
|
0270040 |
Finéal Fhlórans |
|
0,01 (*1) |
||
|
0270050 |
Bliosáin chruinne |
|
0,06 |
||
|
0270060 |
Cainneanna |
|
0,01 (*1) |
||
|
0270070 |
Biabhóg |
|
0,01 (*1) |
||
|
0270080 |
Péacáin bhambú |
|
0,01 (*1) |
||
|
0270090 |
Croíthe pailme |
|
0,01 (*1) |
||
|
0270990 |
Eile (2) |
|
0,01 (*1) |
||
|
0280000 |
Fungais, caonaigh agus léicin |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0280010 |
Fungais shaothraithe |
|
|
||
|
0280020 |
Fungais fhiáine |
|
|
||
|
0280990 |
Caonaigh agus léicin |
|
|
||
|
0290000 |
Algaí agus orgánaigh phrócaróit |
0,01 (*1) |
|
||
|
0300000 |
PISEÁNAIGH |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0300010 |
Pónairí |
|
|
||
|
0300020 |
Lintilí |
|
|
||
|
0300030 |
Piseanna |
|
|
||
|
0300040 |
Lúipíní/pónairí lúipíní |
|
|
||
|
0300990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0400000 |
OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0401000 |
Olashíolta |
|
|
||
|
0401010 |
Ros lín |
|
|
||
|
0401020 |
Piseanna talún |
|
|
||
|
0401030 |
Síolta poipín |
|
|
||
|
0401040 |
Síolta seasamain |
|
|
||
|
0401050 |
Síolta lus na gréine |
|
|
||
|
0401060 |
Síolta ráibe |
|
|
||
|
0401070 |
Pónairí soighe |
|
|
||
|
0401080 |
Síolta mustaird |
|
|
||
|
0401090 |
Síolta cadáis |
|
|
||
|
0401100 |
Síolta puimcín |
|
|
||
|
0401110 |
Síolta cróch bréige |
|
|
||
|
0401120 |
Síolta borráiste |
|
|
||
|
0401130 |
Caimilín |
|
|
||
|
0401140 |
Síolta cnáibe |
|
|
||
|
0401150 |
Pónairí ricne |
|
|
||
|
0401990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0402000 |
Olathorthaí |
|
|
||
|
0402010 |
Ológa le haghaidh táirgeadh ola |
|
|
||
|
0402020 |
Eithní pailme ola |
|
|
||
|
0402030 |
Torthaí pailme oila |
|
|
||
|
0402040 |
Capac |
|
|
||
|
0402990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0500000 |
GRÁNAIGH |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0500010 |
Eorna |
|
|
||
|
0500020 |
Ruán agus bréag-ghránaigh eile |
|
|
||
|
0500030 |
Arbhar Indiach/arbhar |
|
|
||
|
0500040 |
Muiléad coiteann |
|
|
||
|
0500050 |
Coirce |
|
|
||
|
0500060 |
Rís |
|
|
||
|
0500070 |
Seagal |
|
|
||
|
0500080 |
Sorgam |
|
|
||
|
0500090 |
Cruithneacht |
|
|
||
|
0500990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0600000 |
TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB |
|
0,05 (*1) |
||
|
0610000 |
Taenna |
30 |
|
||
|
0620000 |
Pónairí caife |
0,05 (*1) |
|
||
|
0630000 |
Insiltí luibhe ó |
0,05 (*1) |
|
||
|
0631000 |
|
|
|
||
|
0631010 |
Camán meall |
|
|
||
|
0631020 |
Roiseog |
|
|
||
|
0631030 |
Rós |
|
|
||
|
0631040 |
Seasmain |
|
|
||
|
0631050 |
Teile |
|
|
||
|
0631990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0632000 |
|
|
|
||
|
0632010 |
Sú talún |
|
|
||
|
0632020 |
Rooibos |
|
|
||
|
0632030 |
Maité |
|
|
||
|
0632990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0633000 |
|
|
|
||
|
0633010 |
Caorthann corraigh |
|
|
||
|
0633020 |
Ginsing |
|
|
||
|
0633990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0639000 |
|
|
|
||
|
0640000 |
Pónairí cócó |
0,05 (*1) |
|
||
|
0650000 |
Carúib |
0,05 (*1) |
|
||
|
0700000 |
LEANNLUSANNA |
0,05 (*1) |
0,05 (*1) |
||
|
0800000 |
SPÍOSRAÍ |
|
|
||
|
0810000 |
Spíosraí ó shíolta |
0,05 (*1) |
0,05 (*1) |
||
|
0810010 |
Ainís |
|
|
||
|
0810020 |
Calaindí |
|
|
||
|
0810030 |
Soilire |
|
|
||
|
0810040 |
Lus an choire |
|
|
||
|
0810050 |
Cuimín |
|
|
||
|
0810060 |
Lus mín |
|
|
||
|
0810070 |
Finéal |
|
|
||
|
0810080 |
Feinigréag |
|
|
||
|
0810090 |
Noitmig |
|
|
||
|
0810990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0820000 |
Spíosraí ó thorthaí |
0,05 (*1) |
0,05 (*1) |
||
|
0820010 |
Ilspíosra/pimeantó |
|
|
||
|
0820020 |
Piobar Szechuan |
|
|
||
|
0820030 |
Cearbhas |
|
|
||
|
0820040 |
Cardamam |
|
|
||
|
0820050 |
Caor aitil |
|
|
||
|
0820060 |
Piobarchaor (í dubh, glas agus bán) |
|
|
||
|
0820070 |
Fanaile |
|
|
||
|
0820080 |
Tamarain |
|
|
||
|
0820990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0830000 |
Spíosraí ó choirt |
0,05 (*1) |
0,05 (*1) |
||
|
0830010 |
Cainéal |
|
|
||
|
0830990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0840000 |
Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm |
|
|
||
|
0840010 |
Liocras |
0,05 (*1) |
0,05 (*1) |
||
|
0840020 |
Sinséar (10) |
|
|
||
|
0840030 |
Tuirmiric/curcuma |
0,05 (*1) |
0,05 (*1) |
||
|
0840040 |
Meacain ragaim (11) |
|
|
||
|
0840990 |
Eile (2) |
0,05 (*1) |
0,05 (*1) |
||
|
0850000 |
Spíosraí ón mbachlóg |
0,05 (*1) |
0,05 (*1) |
||
|
0850010 |
Clóibh |
|
|
||
|
0850020 |
Caprais |
|
|
||
|
0850990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0860000 |
Spíosraí ó phistil bláthanna |
0,05 (*1) |
0,05 (*1) |
||
|
0860010 |
Cróch |
|
|
||
|
0860990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0870000 |
Spíosraí arail |
0,05 (*1) |
0,05 (*1) |
||
|
0870010 |
Maicis |
|
|
||
|
0870990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
0900000 |
PLANDAÍ SIÚCRA |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
0900010 |
Fréamhacha biatas siúcra |
|
|
||
|
0900020 |
Cánaí siúcra |
|
|
||
|
0900030 |
Fréamhacha siocaire |
|
|
||
|
0900990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
1000000 |
TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN |
|
|
||
|
1010000 |
Tráchtearraí ó |
|
|
||
|
1011000 |
|
|
0,05 |
||
|
1011010 |
Matán |
0,05 (*1) |
|
||
|
1011020 |
Saill |
0,05 (*1) |
|
||
|
1011030 |
An t-ae |
0,1 |
|
||
|
1011040 |
An duán |
0,1 |
|
||
|
1011050 |
Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán) |
0,1 |
|
||
|
1011990 |
Eile (2) |
0,05 (*1) |
|
||
|
1012000 |
|
|
0,05 |
||
|
1012010 |
Matán |
0,05 (*1) |
|
||
|
1012020 |
Saill |
0,05 (*1) |
|
||
|
1012030 |
An t-ae |
0,1 |
|
||
|
1012040 |
An duán |
0,1 |
|
||
|
1012050 |
Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán) |
0,1 |
|
||
|
1012990 |
Eile (2) |
0,05 (*1) |
|
||
|
1013000 |
|
|
0,05 |
||
|
1013010 |
Matán |
0,05 (*1) |
|
||
|
1013020 |
Saill |
0,05 (*1) |
|
||
|
1013030 |
An t-ae |
0,1 |
|
||
|
1013040 |
An duán |
0,1 |
|
||
|
1013050 |
Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán) |
0,1 |
|
||
|
1013990 |
Eile (2) |
0,05 (*1) |
|
||
|
1014000 |
|
|
0,05 |
||
|
1014010 |
Matán |
0,05 (*1) |
|
||
|
1014020 |
Saill |
0,05 (*1) |
|
||
|
1014030 |
An t-ae |
0,1 |
|
||
|
1014040 |
An duán |
0,1 |
|
||
|
1014050 |
Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán) |
0,1 |
|
||
|
1014990 |
Eile (2) |
0,05 (*1) |
|
||
|
1015000 |
|
|
0,05 |
||
|
1015010 |
Matán |
0,05 (*1) |
|
||
|
1015020 |
Saill |
0,05 (*1) |
|
||
|
1015030 |
An t-ae |
0,1 |
|
||
|
1015040 |
An duán |
0,1 |
|
||
|
1015050 |
Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán) |
0,1 |
|
||
|
1015990 |
Eile (2) |
0,05 (*1) |
|
||
|
1016000 |
|
0,05 (*1) |
|
||
|
1016010 |
Matán |
|
0,05 |
||
|
1016020 |
Saill |
|
0,01 (*1) |
||
|
1016030 |
An t-ae |
|
0,05 |
||
|
1016040 |
An duán |
|
0,05 |
||
|
1016050 |
Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán) |
|
0,05 |
||
|
1016990 |
Eile (2) |
|
0,01 (*1) |
||
|
1017000 |
|
|
0,05 |
||
|
1017010 |
Matán |
0,05 (*1) |
|
||
|
1017020 |
Saill |
0,05 (*1) |
|
||
|
1017030 |
An t-ae |
0,1 |
|
||
|
1017040 |
An duán |
0,1 |
|
||
|
1017050 |
Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán) |
0,1 |
|
||
|
1017990 |
Eile (2) |
0,05 (*1) |
|
||
|
1020000 |
Bainne |
0,01 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
1020010 |
Eallach |
|
|
||
|
1020020 |
Caoirigh |
|
|
||
|
1020030 |
Gabhar |
|
|
||
|
1020040 |
Capall |
|
|
||
|
1020990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
1030000 |
Uibheacha éan |
0,05 (*1) |
0,05 |
||
|
1030010 |
An chearc |
|
|
||
|
1030020 |
Lacha |
|
|
||
|
1030030 |
Géanna |
|
|
||
|
1030040 |
Gearg |
|
|
||
|
1030990 |
Eile (2) |
|
|
||
|
1040000 |
Mil agus táirgí beachaireacht eile (7) |
0,05 (*1) |
0,05 (*1) |
||
|
1050000 |
Débheathaigh agus Reiptílí |
0,05 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
1060000 |
Ainmhithe inveirteabracha talún |
0,05 (*1) |
0,01 (*1) |
||
|
1070000 |
Ainmhithe veirteabracha talún fiáine |
0,05 (*1) |
0,05 |
||
|
1100000 |
TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE ILE (8) |
|
|
||
|
1200000 |
TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8) |
|
|
||
|
1300000 |
TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9) |
|
|
||
Peanconasól (an tsuim d’isiméirí comhábhartha) (F) (F) Intuaslagtha i saill’ |
|||||
(*1) Léiríonn an íosteorainn an chinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí ar de bhunadh ainmhíoch agus plandaí iad a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart Iarscríbhinn I a cheadú
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/195/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)