|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1592 |
5.3.2024 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach
(COM(2023) 424 final – 2023/0250 (COD))
(C/2024/1592)
|
Rapóirtéir: |
Dovilė JUODKAITĖ |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 18.8.2023 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
An rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
21.11.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
14.12.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
583 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
206/1/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta (CESE) an t-athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach. Cúnamh a bheidh sa togra seo chun feabhas a chur ar chearta íospartach agus chun institiúidí breithiúnacha a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos costéifeachtaí san fhadtéarma. |
|
1.2. |
Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá na leasuithe chun feabhas a chur ar an measúnú aonair a dhéantar ar íospartaigh agus ar an tacaíocht a thugtar dóibh le linn an phróisis bhreithiúnaigh. Cé nár cheart aon ordlathas a bheith ann i measc íospartach ná i measc cineálacha coireanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh bearta breise tacaíochta agus cosanta de dhíth ar íospartaigh áirithe. Molann CESE don Choimisiún treoirlínte mionsonraithe a fhorbairt i gcomhar leis na Ballstáit maidir leis na húdaráis éagsúla atá chun an measúnú a dhéanamh. |
|
1.3. |
Ar a mhuin sin, molann CESE oibleagáidí níos láidre a chur ar fáil maidir le hoiliúint a sholáthar do ghairmithe i ndáil le cearta íospartach agus iarrann sé ar an gCoimisiún treoir agus caighdeáin cháilíochta a fhorbairt le haghaidh tacaíochta. Ba cheart malartú na ndea-chleachtas a chur chun cinn i measc na mBallstát a fhad a bhaineann le tacaíocht ardcháilíochta a chur ar fáil, lena n-áirítear maidir le hoiliúint a chur ar shíceolaithe agus gairmithe. |
|
1.4. |
Molann CESE freisin creat cuimsitheach cumarsáide a chruthú i ngach Ballstát d’fhonn rochtain ar fhaisnéis a fheabhsú. |
|
1.5. |
Is oth le CESE go luaitear ‘saincheisteanna meabhairshláinte’ i liosta na gcoireanna agus na n-iompar contúirteach a úsáidtear agus measúnú á dhéanamh ar an riosca a bhaineann leis an gciontóir i gcomhthéacs an mheasúnaithe aonair. Ba cheart an tagairt sin a bhaint den téacs. |
|
1.6. |
Is díol sásaimh do CESE an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí a dhéantar le linn imeachtaí cúirte, lena n-áirítear cinntí maidir le hateangaireacht le linn éisteachtaí cúirte; iarrann sé ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear íospartaigh ar an eolas go cuí maidir leis an gceart sin agus iarrann sé orthu bearta a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na hathbhreithnithe sin gan mhoill. |
|
1.7. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe feabhas a chur ar an rochtain atá ag íospartaigh ar chúiteamh. Molann CESE go roinnfeadh na Ballstáit le chéile a ndea-chleachtais maidir le scéimeanna láidre cúitimh a fhorbairt, agus tionchair airgeadais na scéimeanna sin á gcur san áireamh. |
|
1.8. |
Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaidh na Ballstáit cistiú leordhóthanach a leithdháileadh ar thrasuí agus cur chun feidhme na treorach agus go gcinnteoidh an Coimisiún go neartófar cistiú AE agus go mbainfear úsáid as sin chun an treoir a chur chun feidhme. |
|
1.9. |
Chun faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún tacú leis na Ballstáit chun sonraí a bhailiú, lena n-áirítear trí chaighdeáin choiteanna, dí-chomhiomlánú agus formáidí tuairiscithe a tharraingt suas. |
2. Cúlra na tuairime
|
2.1. |
Glacadh an Treoir maidir le Cearta Íospartach (1) in 2012 chun íoschaighdeáin a bhunú maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta ar fud an Aontais Eorpaigh (2). Cumhdaítear an bunús dlí maidir le híoschaighdeáin a leagan síos um chearta daoine aonair in imeachtaí coiriúla agus um chearta íospartach na coireachta araon in Airteagal 82(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
|
2.2. |
In 2020, rinne an Coimisiún Eorpach measúnú ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Cearta Íospartach, agus ghlac sé an tuarascáil mheastóireachta lena mbaineann an 11 Bealtaine 2020 (3). Léiríodh sa tuarascáil nár thrasuigh a lán Ballstát an treoir go hiomlán faoi spriocdháta an trasuí, mar atá an 16 Samhain 2015. Ar an iomlán, rinne an Coimisiún 26 imeacht um shárú a thionscnamh nuair a tharla nach ndearnadh an treoir a thrasuí ina hiomláine (4); tá formhór na n-imeachtaí sin tugtha chun críche ó shin. Ar na fadhbanna a tháinig chun léire sna himeachtaí sin, luadh gnéithe amhail: a laghad a comhlíonadh an sainmhíniú, nó neachtar acu nár comhlíonadh ar chor ar bith é, deacrachtaí maidir leis an rochtain ar fhaisnéis a thrasuí agus a chur chun feidhme, saincheisteanna maidir le cearta nós imeachta (5), agus maidir leis an íospairt thánaisteach a chosc le linn an imscrúdaithe choiriúil, measúnú aonair ar na híospartaigh, cosaint shonrach d’íospartaigh a bhfuil riachtanais speisialta acu, agus bailiú sonraí. |
|
2.3. |
Ar mhaithe le cur chun feidhme na treorach a fheabhsú agus cosaint níos fearr a chur ar fáil d’íospartaigh na gcoireanna uile san Aontas, ghlac an Coimisiún a chéad straitéis AE riamh maidir le cearta íospartach (2020-2025) an 24 Meitheamh 2020. Sa straitéis sin, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé measúnú ar ionstraimí an Aontais agus ar na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith orthu, agus, i gcás inar gá sin, go gcuirfeadh sé tograí reachtacha chun cinn faoi 2022 chun cearta íospartach a neartú a thuilleadh. |
|
2.4. |
Bhí próiseas comhairliúcháin cuimsitheach i gceist leis an athbhreithniú ar an treoir, lena n-áirítear comhairliúchán poiblí agus comhairliúchán spriocdhírithe le geallsealbhóirí an Ardáin um Chearta Íospartach. Is díol sásaimh do CESE an próiseas sin, agus tugann sé dá aire gur iarr eagraíochtaí um chearta íospartach agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta go bhfoilseofaí an togra (6). |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Is díol sásaimh do CESE an togra le haghaidh athbhreithniú ar an treoir, lena n-áirítear leasuithe chun feabhas a chur ar chearta íospartaigh na coireachta i réimsí éagsúla agus i bhforálacha éagsúla den reachtaíocht, rud is cúnamh chun cur le hathléimneacht na sochaithe agus le feidhmiú na n-institiúidí breithiúnacha. |
|
3.2. |
Tá an t-athbhreithniú ar an treoir comhsheasmhach le reachtaíocht agus beartais eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear leis an straitéis chun cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha a neartú san Aontas (7), agus le hiarrachtaí chun cearta agus luachanna an Aontais a dhéanamh níos inláimhsithe i réimsí éagsúla, cuir i gcás cearta íospartach agus rochtain ar cheartas, mar a thug CESE faoi deara ina tuairm maidir le cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha a neartú san Aontas (8). |
|
3.3. |
Molann CESE an Coimisiún as an digiteáil agus forbairt teicneolaíochtaí nua a chur san áireamh sa togra. Is féidir le húsáid modhanna leictreonacha cumarsáide faoi Airteagal 26(b) cuidiú le híospartaigh a thabhairt i ngaire don cheartas, rud atá i gcomhréir le beartas digiteála an Choimisiúin, lena n-áirítear digiteáil an cheartais. |
|
3.4. |
D’ainneoin na ngnéithe dearfacha sin, tugann CESE le fios gur cheart é a fhágáil faoi na híospartaigh i gcónaí cén úsáid a bhainfidh siad as na huirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha. D’fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt íospartach, lena n-áirítear daoine nach bhfuil litearthacht dhigiteach acu nó a bhfuil litearthacht dhigiteach theoranta acu, in ann na huirlisí agus na teicneolaíochtaí cumarsáide sin a úsáid. Ba chóir fáil a bheith ag íospartaigh na coireachta ar roghanna neamhdhigiteacha i gcónaí. |
|
3.5. |
Cé go bhfuil an treoir cothrománach agus go bhfuil feidhm aici maidir le híospartaigh uile na coireachta, tá sé tábhachtach a chur san áireamh gur mó is baol do ghrúpaí imeallaithe a bheith ina n-íospartaigh, lena n-áirítear i gcás na coireachta foréigní agus na fuathchoireachta, agus gur lú an seans go ndéanfaidh siad coireanna a thuairisciú, go bhfaighidh siad rochtain ar cheartas ná go bhfaighidh siad tacaíocht leordhóthanach. Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cearta, tacaíocht agus seirbhísí cuimsitheacha a chur ar fáil d’íospartaigh a chuirfidh i suim éagsúlacht na n-íospartach agus éagsúlacht na gcoireanna, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe. |
|
3.6. |
Tacaíonn CESE leis an gcinneadh ón gCoimisiún tuilleadh béime a chur ar íospartaigh leochaileacha, lena n-áirítear tríd an measúnú aonair ar riachtanais shonracha a neartú, trí chabhair shíceolaíoch in aisce a chur ar fáil, agus trí bhearta agus ceanglais shonracha a thabhairt isteach d’íospartaigh ar leanaí iad agus d’íospartaigh atá faoi mhíchumas. Is díol sásaimh do CESE freisin an cinneadh tuairisciú coireachta a éascú d’imircigh neamhrialta, lena gcuirtear toirmeasc ar aistriú sonraí pearsanta a bhaineann le stádas cónaithe an íospartaigh chuig na húdaráis imirce más rud é gur bailíodh na sonraí sin mar thoradh ar thuairisciú coireachta. |
|
3.7. |
Tugann CESE dá aire, cé go gceanglaítear ar na húdaráis sa togra a áirithiú go gcuirfear saintréithe pearsanta na n-íospartach san áireamh sna measúnuithe aonair, lena n-áirítear gnéas agus inscne, nach n-áirítear gné chuimsitheach inscne ann agus nach gcuirtear cur chuige inscnebhunaithe ar fáil leis ach amháin d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe. Is íospartaigh na coireachta iad na mná, dá éagsúla iad mar ghrúpa, ar a lán slite éagsúla seachas de thoradh foréigean inscnebhunaithe agus foréigean teaghlaigh amháin, agus dá bhrí sin ba cheart gné inscne a áireamh sna seirbhísí lena mbaineann agus in oiliúint gairmithe d’fhonn freastal ar a gcearta agus ar a riachtanais siúd. |
|
3.8. |
Is díol mór sásaimh do CESE Airteagal 26d maidir le leigheasanna, lena gcuirfear d’oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh leigheas éifeachtach ag íospartaigh faoin dlí náisiúnta i gcás sárú ar a gcearta faoin treoir. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun íospartaigh a chur ar an eolas faoina gceart chun leighis, agus chun a áirithiú go ndéanfar cinntí go pras agus go ndeonófar leigheasanna chomh pras céanna. |
4. Barúlacha sonracha maidir leis na cúig phríomhchatagóir de chearta íospartach
|
4.1. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil an t-athbhreithniú ar an treoir ag teacht le cuspóirí sonracha arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar na cúig chatagóir de chearta íospartaigh na coireachta, eadhon an ceart chun faisnéise, an ceart chun tacaíochta agus an ceart chun tacaíochta (dhá cheart atá bunaithe ar riachtanais aonair an íospartaigh), cearta nós imeachta, agus an ceart chun cinneadh a fháil maidir le cúiteamh. Tá tábhacht thar meán leis na cearta sin chun a áirithiú go gcosnófar cearta íospartach ón uair a tharlaíonn coir go dtí deireadh na n-imeachtaí dlíthiúla. |
|
4.2. |
Feabhsaítear an ceart chun faisnéise trí bhíthin roinnt forálacha. Sonraítear san Airteagal maidir le ‘Prótacail trí chomhordú agus comhar náisiúnta’ gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag prótacail shonracha an ceart chun faisnéise a áirithiú d’íospartaigh, lena n-áirítear íospartaigh atá faoi choinneáil. Ní foláir faisnéis a chur in oiriúint do riachtanais athraitheacha na n-íospartach, de bhrí ‘go mbeidh faisnéis den sórt sin simplí agus éasca le tuiscint, go soláthrófar í ar bhealach tráthúil’, arís agus arís eile in imeacht ama, ‘in iliomad formáidí, lena n-áirítear ó bhéal, i scríbhinn agus go digiteach’. Foráiltear sa togra freisin d’oibleagáidí nua maidir le modhanna leictreonacha cumarsáide a úsáid agus línte cabhrach agus suíomhanna gréasáin a chruthú chun rochtain ar fhaisnéis a fheabhsú. Ina theannta sin, déantar foráil ann maidir le hoibleagáid chun a áirithiú gur féidir le híospartaigh coireanna a thuairisciú ‘trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide atá inrochtana agus soláimhsithe’ ach níl an ráthaíocht ann maidir le ‘nósanna imeachta tuairiscithe sábháilte, rúnda’ mar a fhoráiltear in Airteagal 5a(4). Tagraíonn Airteagal 10a do chúnamh a sholáthar in áitreabh cúirte chun faisnéis a chur ar fáil d’íospartaigh. |
|
4.3. |
Tugann CESE le fios go bhfuil an ceart chun faisnéise bunriachtanach d’íospartaigh chun gur féidir dóibh a gcearta ina dhiaidh sin a fheidhmiú. Molann CESE creat cuimsitheach cumarsáide a chruthú i ngach Ballstát. Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun feasacht a ardú maidir leis an gceart chun faisnéise d’íospartaigh, go háirithe íospartaigh ar orthusan is deacra a bhíonn sé coir a shainaithint, faisnéis a fháil, agus a gcearta a fheidhmiú, cuir i gcás oibrithe imirceacha (9) nó grúpaí imeallaithe eile, mar shampla daoine faoi mhíchumas atá ina gcónaí in institiúidí, leanaí, agus daoine a bhfuil an iliomad bacainní rompu nó a mbíonn orthu cur suas leis an leithcheal, ós mó is baol dóibh an dúshaothrú, an foréigean agus an mhí-úsáid. |
|
4.4. |
Saincheist eile nach foláir d’íospartaigh coireanna aghaidh a thabhairt uirthi is ea nach bhfaigheann siad faisnéis leantach ar bith maidir lena gcás, nó nach bhfaigheann siad ach faisnéis theoranta ina leith. Cé go dtagraíonn an téacs atá beartaithe d’fhaisnéis in ‘ilfhormáidí’, níl aon oibleagáid dhocht ann maidir le teanga ná aistriúchán, ná níl aon oibleagáid fhollasach uileghabhálach ar na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil d’íospartaigh maidir le dul chun cinn a gcáis (10). Molann CESE go n-áireodh institiúidí an Aontais forálacha ní ba láidre chun a áirithiú gurbh fhéidir le gach íospartach faisnéis a fháil in am trátha, ó thús go deireadh an phróisis, faoina gcearta agus faoina gcás, i dteanga agus i bhformáid atá inrochtana agus sothuigthe dóibh. |
|
4.5. |
Is rud dearfach é go gceanglóidh an Coimisiún ar na Ballstáit measúnuithe tráthúla agus aonair a áirithiú, measúnuithe a thionscnófar nuair a bheidh an t-íospartach i dteagmháil den chéad uair leis na húdaráis inniúla. Sonraítear sa togra gnéithe nach mór a chur san áireamh le linn an mheasúnaithe aonair, lena n-áirítear an gaol leis an gciontóir agus saintréithe an chiontóra, agus áirítear ann an aird atá le tabhairt ar íospartaigh a thagann faoi níos mó ná catagóir amháin leochaileachta agus/nó coireachta. Ní follas do CESE, áfach, conas ba cheart do na húdaráis an measúnú a thabhairt cothrom le dáta ‘go tráthrialta’ (11). Molann CESE don Choimisiún treoirlínte mionsonraithe a fhorbairt i gcomhar leis na Ballstáit maidir leis na húdaráis éagsúla atá chun an measúnú a dhéanamh, chun tuilleadh soiléireachta a áirithiú maidir lena n-oibleagáidí, de réir mar is gá d’íospartaigh an fhoréigin agus d’íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh faoin treoir atá beartaithe maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (Airteagal 23). |
|
4.6. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfeabhsaítear leis an togra tacaíocht agus cosaint atá bunaithe ar riachtanais aonair na n-íospartach trí mheasúnú aonair feabhsaithe a dhéanamh ar íospartaigh chun a riachtanais shonracha tacaíochta agus cosanta a shainaithint agus trí mheán forálacha lena n-éascaítear rochtain ar shaintacaíocht d’íospartaigh leochaileacha. Léiríodh sa tuarascáil mheastóireachta nach raibh éifeacht le téacs na treorach a bhí ann roimhe seo i dtaca lena áirithiú go raibh tacaíocht éifeachtach á cur ar fáil do gach íospartach (12). Mura n-aithnítear riachtanais na n-íospartach, d’fhéadfadh sé nach gcuirfí dóthain tacaíochta ar fáil dóibh. |
|
4.7. |
Is díol sásaimh do CESE freisin na forálacha maidir le seirbhísí tacaíochta, go háirithe an ról réamhghníomhach nach foláir do na húdaráis a imirt chun a áirithiú go rachaidh na seirbhísí tacaíochta ábhartha ginearálta agus speisialaithe i dteagmháil le híospartaigh, agus an oibleagáid atá ann a áirithiú go leanfaidh na seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh de bheith oibríochtúil i rith géarchéime. Ina theannta sin, molann CESE go gcuirtear san áireamh forálacha maidir le tacaíocht níos fearr a áirithiú, mar shampla an ceart chun tacaíocht shíceolaíoch in aisce a fháil chomh fada agus is gá ach measúnú a dhéanamh air, an ceart chun tacaíocht spriocdhírithe ilghníomhaireachta d’íospartaigh ar leanaí iad agus cearta daoine faoi mhíchumas. |
|
4.8. |
Tugann CESE dá aire go bhfuil bearta cosanta san áireamh go hiomlán sa togra. Is cúis imní do CESE, áfach, go luaitear ‘saincheisteanna meabhairshláinte’ i liosta na gcoireanna agus na n-iompar contúirteach a úsáidtear agus measúnú á dhéanamh ar an riosca a bhaineann leis an gciontóir i gcomhthéacs an mheasúnaithe aonair. Tá an stiogma agus an leithcheal a bhaineann leis an meabhairshláinte fós forleathan agus ba cheart deireadh a chur leo, mar a tugadh faoi deara sa tuairim ón EESC maidir le ‘Bearta chun an mheabhairshláinte a fheabhsú’ (13). Tá CESE ag iarraidh go mbainfí den téacs an tagairt do stádas meabhairshláinte an chiontóra. Níor cheart ach tosca a bhaineann lena dhainséaraí atá an duine i gceist a chur san áireamh. |
|
4.9. |
Is oth le CESE nach bhfuil aon togra san áireamh maidir le hoiliúint a chur ar ghairmithe a bhíonn i dteagmháil le híospartaigh, lena n-áirítear maidir le measúnú, maidir le cearta íospartach a bhfuil riachtanais shonracha acu, agus maidir le conas faisnéis a chur ar fáil d’íospartaigh agus cumarsáid a dhéanamh leo. Molann CESE oibleagáidí níos láidre a chur ar fáil maidir le hoiliúint a sholáthar do ghairmithe agus iarrann sé ar an gCoimisiún treoirlínte sonracha a fhorbairt maidir le measúnuithe aonair a dhéanamh ar íospartaigh na coireachta agus maidir le caighdeáin cháilíochta a fhorbairt le haghaidh tacaíochta. Tugann CESE dá aire freisin a thábhachtaí atá sé cur leis an eolas atá ag síceolaithe ar an neamhord struis iarthrámaigh chun gur féidir dóibh freagairt do na riachtanais shonracha i ndáil leis sin, agus tá sé ag iarraidh go ndéanfar dea-chleachtais a mhalartú ar fud na hEorpa maidir le tacaíocht ardcháilíochta a chur ar fáil. |
|
4.10. |
Aithníonn CESE a thábhachtaí atá sé íospartaigh a thionlacan agus comhairle cheart a chur orthu le linn na n-imeachtaí. Tugann sé dá aire, áfach, go bhfágann téacs Airteagal 10a go mbeidh scóip leathan measúnaithe ag na húdaráis stáit maidir lenar féidir a thuiscint as ‘cúnamh ag áitreabh na cúirte’, rud ba shiocair i gcásanna áirithe le leibhéil éagsúla cáilíochta sa chúnamh a chuirfear ar fáil. Maidir le tionlacan na n-íospartach le linn na n-imeachtaí, ní foláir dó a bheith níos éifeachtúla chun a áirithiú gur féidir leis na híospartaigh tacaíocht leanúnach a fháil go dtí deireadh na n-imeachtaí. |
|
4.11. |
Is díol sásaimh do CESE an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí a rinneadh le linn imeachtaí cúirte, lena n-áirítear cinntí maidir le hateangaireacht le linn éisteachtaí cúirte agus maidir le bearta cosanta speisialta. Ionas gur féidir le híospartaigh a bheith rannpháirteach go gníomhach sa cheartas, is den fhíorthábhacht é a chur ar a gcumas agóid a dhéanamh i gcoinne na gcinntí sin beag beann ar a stádas sna himeachtaí coiriúla. Molann CESE do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear íospartaigh ar an eolas go cuí maidir leis an gceart atá acu ar athbhreithniú agus chun bearta a ghlacadh lena áirithiú go ndéanfar na hathbhreithnithe sin gan mhoill. |
|
4.12. |
Is díol sásaimh do CESE go neartófar cearta na n-íospartach atá ina gcónaí i mBallstát eile trí úsáid a bhaint as físchomhdháil agus glaonna comhdhála teileafóin. Cé go bhfágann an téacs gur rud roghnach atá ann, iarrann CESE ar na Ballstáit an méid sin a dhéanamh éigeantach, arna iarraidh sin do na híospartaigh, i dtreo is gur féidir dóibh siúd a bheith rannpháirteach sa triail. Bheadh an ceanglas sin i gcomhréir le teachtaireacht an Aontais maidir le digiteáil an cheartais (14) agus leis an rialachán atá beartaithe maidir le digiteáil an chomhair bhreithiúnaigh trasteorann (15). |
|
4.13. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe feabhas a chur ar an rochtain atá ag íospartaigh ar chúiteamh trí threise a chur le cearta íospartach chun cinneadh a fháil le linn an imeachta choiriúil maidir le cúiteamh agus trí iarracht a dhéanamh le go n-íocfar an cúiteamh sin don íospartach gan mhoill tar éis an bhreithiúnais. Cé go bhfhéadfadh an chuid sin den téacs ina ndéantar tagairt do ‘laistigh de thréimhse réasúnach ama’ agus do ‘gan moill mhíchuí’ difríochtaí a chruthú sa chaoi ina gcaitear le híospartaigh éagsúla sna Ballstáit féin, d’áiritheodh cúiteamh díreach gan moill mhíchuí go bhfaigheadh íospartaigh cúiteamh éifeachtach, agus sheachnófaí íospairt thánaisteach ar an mbealach sin freisin. Is eol do CESE go mbeidh tionchar airgeadais ann de dheasca na rogha atá ag an Stát cúiteamh a íoc le híospartach roimh dó an cúiteamh sin a fháil ón gciontóir. Ní dhearnadh an tionchar sin a mheas go leormhaith sa togra. Ba cheart do na Ballstáit a chomhroinnt le chéile na dea-chleachtais atá acu maidir le scéimeanna láidre cúitimh a fhorbairt, agus tionchair airgeadais na scéimeanna sin á gcur san áireamh. |
|
4.14. |
Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfí ionadaíocht dhlíthiúil inacmhainne ardcháilíochta ar fáil chun cuidiú le híospartaigh ceartas a rochtain agus éilimh a dhéanamh. |
5. Barúlacha sonracha maidir leis an treoir a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh uirthi
|
5.1. |
Tá sé tugtha dá aire ag CESE arís agus arís eile a laghad soiléireacht atá san athbhreithniú ar an treoir agus an lánrogha leathan a thugtar do na Ballstáit ann. Is ábhar imní do CESE go bhfágfaidh teanga dhoiléir go mbeidh sé deacair dóibh trasuí agus cur chun feidhme éifeachtach a áirithiú, rud a fhágfaidh go mbeidh leibhéil éagsúla cosanta ag íospartaigh maidir lena gcearta ar fud an Aontais. |
|
5.2. |
Cé go dtiocfaidh deireadh leis an Straitéis reatha um Chearta Íospartach in 2025, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún an chéad straitéis théarmach eile a ghlacadh agus leanúnachas obair an Ardáin um Chearta Íospartach a áirithiú, mar bhealach chun treoir agus cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus an treoir á trasuí agus á cur chun feidhme acu. |
|
5.3. |
Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit straitéisí nó cláir náisiúnta maidir le cearta íospartach a ghlacadh agus an comhordú agus an comhar a neartú i gcásanna trasteorann. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit cur chuige ildisciplíneach a ghlacadh agus gan dul i muinín cineálacha cur chuige oibre neamh-chomhtháite ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. |
|
5.4. |
Tá CESE á chur i bhfáth gur gá creataí agus sásraí comhordúcháin a chruthú ar an leibhéal náisiúnta chun cearta íospartach a áirithiú agus chun seachadadh seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh a ráthú go héifeachtúil ar fud chríoch gach Ballstáit. Is díol sásaimh do CESE an fhoráil lena gceanglaítear ar stáit prótacail shonracha a bhunú agus a chur chun feidhme maidir le heagrú seirbhísí agus gníomhaíochtaí faoin treoir. Mar sin féin, beidh sé ríthábhachtach don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht na bprótacal sin, agus modhanna a thabhairt chun cinn chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhísí. |
|
5.5. |
Tugadh faoi deara sa tuarascáil mheastóireachta saincheist an chistithe, nuair nach mbíonn ach fíorbheagán acmhainní ar fáil i gcomparáid leis an ngá atá ann íospartaigh a chosaint, go háirithe i gcás eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaidh na Ballstáit cistiú leordhóthanach a leithdháileadh ar thrasuí agus cur chun feidhme na treorach agus go gcinnteoidh an Coimisiún go neartófar cistiú AE agus go mbainfear úsáid as sin chun an treoir a chur chun feidhme. |
|
5.6. |
Tugann CESE dá aire, agus is díol sásaimh dó, an togra maidir le soláthar sonraí agus staidrimh. Chun bailiú sonraí inchomparáide a áirithiú, measann an CESE go mba thábhachtach go dtacódh an Coimisiún leis na Ballstáit chun sonraí a bhailiú, lena n-áirítear trí chaighdeáin choiteanna, dí-chomhiomlánú agus formáidí tuairiscithe a tharraingt suas. Molann CESE gur cheart suirbhéanna a bhaineann le híospartaigh sna Ballstáit a dhéanamh de réir na modheolaíochta aontaithe arna comhaontú chun fíorstaid na híospartha a nochtadh, agus de réir sonraí ó shuirbhéanna a áirítear sna formáidí tuairiscithe caighdeánaithe. Molann CESE don Choimisiún seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh agus eagraíochtaí ábhartha de chuid na sochaí sibhialta a chur san áireamh agus na caighdeáin choiteanna agus na formáidí tuairiscithe coiteanna á bhforbairt tríd an Ardán um Chearta Íospartach, agus é sin a dhéanamh i gcomhar leis an Líonra Eorpach maidir le Cearta Íospartach. Ina theannta sin, molann CESE go ndéanfaí sonraí a dhí-chomhiomlánú ar bhonn ní ba leithne, lena n-áirítear de réir míchumais, eitneachta agus gnéaschlaonta i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil agus ina nochtann na híospartaigh í. |
An Bhruiséil, an14 Nollaig 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) IO L 315, 14.11.2012, lch. 57.
(2) Tá feidhm ag an Treoir maidir le Ballstáit uile an Aontais, cé is moite den Danmhairg a roghnaigh gan bheith páirteach inti.
(3) COM(2020)188 final (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM:2020:188:FIN).
(4) https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_23_3724
(5) Go háirithe, easnaimh i dtaca le cur chun feidhme Airteagal 17(3) maidir lena áirithiú go dtarchuirfear an gearán gan mhoill chuig an Stát ina ndearnadh an cion coiriúil.
(6) https://victim-support.eu/news/joint-statement-for-european-day-for-victims-of-crime/
(7) IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.
(8) IO C 341, 24.8.2021, lch. 50.
(9) FRA, Underpinning victims' rights: support services, reporting and protection, (2023): léiríodh sa tuarascáil gur beag teagmháil a bhíonn ag oibrithe imirceacha le daoine lasmuigh dá n-ionad oibre agus nach mbíonn aon fhaisnéis acu faoin gcúnamh is féidir dóibh a fháil nuair a dhéantar dúshaothrú go géar orthu.
(10) Ní thagraíonn Airteagal 10(b) den treoir athbhreithnithe ach amháin d’fhaisnéis faoi chinntí a dhéantar in imeachtaí cúirte a dhéanann difear ‘go díreach’ d’íospartaigh.
(11) Leasú ar mhír 7 d’Airteagal 22.
(12) Thug eagraíochtaí tacaíochta d’íospartaigh rabhadh nach ndéantar measúnú ar riachtanais an duine aonair i gcónaí. Féach doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2022)179 final (Meastóireacht ar Threoir 2012/29/AE), (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52022SC0179); lch. 70; Thug FRA dá aire gur mhinic a theipeann ar na póilíní an measúnú a dhéanamh go córasach agus go rialta. FRA, Underpinning victims’ rights: support services, reporting and protection, (2023), lch. 40.
(13) IO C 349, 29.9.2023, lch. 100.
(14) COM(2020) 710 final (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:52020DC0710).
(15) COM(2021) 759 final (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=CELEX:52021PC0759).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1592/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)