11.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 167/74


P9_TA(2022)0390

Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – Keit Pentus-Rosimannus

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2022 maidir le hainmniúchán Keit Pentus-Rosimannus mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0316/2022 – 2022/0808(NLE))

(Comhairliúchán)

(2023/C 167/20)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0316/2022),

—

ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0272/2022),

A.

de bhrí, i litir ón 20 Meán Fómhair 2022, go ndeachaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le hainmniúchán Keit Pentus-Rosimannus mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

B.

de bhrí go ndearna Coiste um Rialú Buiséadach Pharlaimint na hEorpa meastóireacht ansin ar dhintiúir Keit Pentus-Rosimannus, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ó Keit Pentus-Rosimannus, chomh maith leis na freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a seoladh chuici;

C.

de bhrí go raibh éisteacht ag an gcoiste ina dhiaidh sin le Keit Pentus-Rosimannus, an 8 Samhain 2022, éisteacht inar thug sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna a chuir comhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

1.

ag tabhairt tuairim fhabhrach maidir le hainmniú Keit Pentus-Rosimannus ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar eolas, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.