European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1259

30.4.2024

CINNEADH (AE) 2024/1259 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Aibreán 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a bhaineann le haontachas Phoblacht na Seineagáile don Choinbhinsiún Trádála Gráin, 1995

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas an Coinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh 96/88/CE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1995. Tugadh an Coinbhinsiún i gcrích le haghaidh tréimhse 3 bliana.

(2)

De bhun Airteagal 33 den Choinbhinsiún, is féidir leis an gComhairle Idirnáisiúnta Grán síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha nach rachaidh thar 2 bhliain gach uair. ó tugadh an Coinbhinsiún i gcrích, cuireadh síneadh leis go tráthrialta ar feadh tréimhsí breise 2 bhliain. Cuireadh síneadh leis an gCoinbhinsiún go deireanach le cinneadh ón gComhairle Idirnáisiúnta Grán an 14 Meitheamh 2023 (2) agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2025.

(3)

De bhun Airteagal 27(2) den Choinbhinsiún, is féidir le Rialtas na Stát uile cur isteach ar aontachas ar na coinníollacha sin, faoi mar is iomchuí leis an gComhairle Idirnáisiúnta Grán.

(4)

An 22 Nollaig 2023, rinne Poblacht na Seineagáile iarratas foirmiúil ar aontachas don Choinbhinsiún. Má fhormheastar an t-iarratas ar aontachas, beidh Poblacht na Seineagáile ina ball an 1 Bealtaine 2024.

(5)

Táirgeoir tábhachtach ríse agus grán garbh is ea an tSeineagáil. Mar sin féin, níl sí neamhthuilleamaíoch agus ní féidir léi freastal go hiomlán ar an éileamh intíre agus, dá bhrí sin, ní mór di cainníochtaí breise de ghránaigh éagsúla a allmhairiú.

(6)

Má dhéantar iarratas Phoblacht na Seineagáile ar aontachas don Choinbhinsiún a fhormheas, agus má bhíonn sí rannpháirteach sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán dá thoradh sin, beidh Poblacht na Seineagáile ina ball is allmhaireoir i gcomhréir le hAirteagal 12 den Choinbhinsiún. Ós ball is onnmhaireoir é an tAontas, ní bheidh tionchar ag aontachas Phoblacht na Seineagáile ar líon na vótaí a leithdháilfear ar an Aontas chun críoch vótála faoi Airteagal 12 den Choinbhinsiún. Ón mbliain airgeadais 2024-2025 ar aghaidh, d’fhéadfadh aontachas Phoblacht na Seineagáile, áfach, líon na vótaí a leithdháiltear ar an Aontas faoi Airteagal 11 den Choinbhinsiún, a úsáidtear chun ranníocaíocht airgeadais na mball a chinneadh, a laghdú beagán.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a bhunú agus aontachas Phoblacht na Seineagáile don Choinbhinsiún a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán aontachas Phoblacht na Seineagáile don Choinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 a fhormheas.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 22 Aibreán 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 96/88/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 1995 lenar fhormheas an Comhphobal Eorpach an Coinbhinsiún Trádála Gráin agus an Coinbhinsiún um Chúnamh Bia, lenar bunaíodh an Comhaontú Idirnáisiúnta Grán, 1995 (IO L 21, 27.1.1996, lch. 47).

(2)  Cinneadh (AE) 2023/991 ón gComhairle an 15 Bealtaine 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán maidir le síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (IO L 135, 23.5.2023, lch. 114).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1259/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)